{"id":461,"date":"2016-11-09T09:47:39","date_gmt":"2016-11-09T09:47:39","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=461"},"modified":"2016-11-09T09:47:39","modified_gmt":"2016-11-09T09:47:39","slug":"13-samhain-2016-c-triu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=461","title":{"rendered":"13 Samhain 2016 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">13 Samhain 2016 (C) Tr&iacute;&uacute; Domhnach Tr&iacute;ochad Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>S&uacute;il le cr&iacute;och; buanseasmhacht go deireadh.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Malaic&iacute; 3:19-20). <em>Soilseoidh grian na f&iacute;r&eacute;antachta oraibh.<\/em> Seo &eacute; an Domhnach roimh an gceann deireanach den bhliain liot&uacute;irgeach agus t&aacute; na l&eacute;achta&iacute; tofa leis na cr&iacute;ocha d&eacute;anacha a mheabhr&uacute; d&uacute;inn. Is &iacute; teachtaireacht na l&eacute;achta seo n&aacute; go ngearrfar pion&oacute;s ar lucht d&eacute;anta an oilc sa deireadh thiar agus go mbeidh luach saothair ag na f&iacute;r&eacute;in. Tuigfear an l&eacute;acht n&iacute;os fearr m&aacute; dh&eacute;antar &iacute; a shu&iacute;omh ina comhth&eacute;acs i leabhar Malaic&iacute;. Is &iacute; is br&iacute; le Malaic&iacute;, ainm an leabhair, san Eabhrais n&aacute; &ldquo;mo theachtaire&rdquo;, agus i 3:1 deir Dia: &ldquo;T&aacute; mo theachtaire (<em>malaci<\/em>) &aacute; chur amach agam chun an b&oacute;thar a r&eacute;iteach romham.&rdquo; B&rsquo;fh&eacute;idir gur as sin a thagann teideal an leabhair, agus nach fios d&uacute;inn ainm an &uacute;dair. N&iacute; deimhin ach oiread an d&aacute;ta a chur leis an leabhar; uair &eacute;igin i rith an ch&uacute;igi&uacute; c&eacute;ad roimh Chr&iacute;ost b&rsquo;fh&eacute;idir. T&aacute; leagan amach n&eacute;ata sa leabhar: s&eacute; shleachta agus an crot c&eacute;anna i ngach ceann acu, ina dh&eacute;anann Dia aitheasc n&oacute; r&aacute;iteas, a chuirtear ina choinne ag sagairt n&oacute; ag an bpobal. Ina dhiaidh sin b&iacute;onn aitheasc ann ina a mb&iacute;onn bagairt agus gealltanas sl&aacute;naithe tugtha taobh le taobh. Is &eacute; an s&eacute;&uacute; ceann d&iacute;obh sin agus an ceann deiridh n&aacute; 2:17-3:21 ina chuireann an pobal tuirse ar an dTiarna leis an ghear&aacute;n seo: &ldquo;Cib&eacute; ar bith duine a dh&eacute;anann an t-olc, is dea-dhuine i s&uacute;ile an Tiarna agus is orthu at&aacute; gean agus gnaoi aige&rdquo;. Agus ar&iacute;s: &ldquo;C&aacute; bhfuil Dia na c&oacute;ra?&rdquo; N&iacute; searbhas n&oacute; ciniceas at&aacute; i gceist ach scairt chr&aacute; cro&iacute; &oacute; dhaoine ar mhaith leo maireacht&aacute;il in &aacute;it mar a bhfuil an mhaith seachas an t-olc faoi r&eacute;im. Tugann Dia freagra go bhfuil s&eacute; chun gn&iacute;omh&uacute;. T&aacute; s&eacute; chun teachtaire a sheoladh a dh&eacute;anfaidh an tsagartacht agus an Teampall a ghlanadh. Tugann s&eacute; aird don ghear&aacute;n a rinneadar agus t&aacute; s&eacute; le ainmneacha a fhir&eacute;an a scr&iacute;obh s&iacute;os i leabhar meabhr&aacute;n. Beidh an bua acu si&uacute;d at&aacute; ionraic i L&aacute; an Tiarna, nuair a bheidh s&eacute; soil&eacute;ir an difr&iacute;ocht at&aacute; idir an dea-dhuine agus an drochdhuine.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Labhra&iacute;onna l&eacute;acht ghairid an lae inniu faoi theacht l&aacute; seo an Tiarna nuair a loiscfear na ciontaigh agus nuair a bheidh luach saothair ann d&oacute;ibh si&uacute;d ar a bhfuil eagla d&rsquo;ainm an Tiarna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; L&eacute;acht ghairid seo an lae inniu, agus an c&uacute;lra sa Bh&iacute;obla a ghabhann lei, t&aacute; cur sios inti ar fhadhb at&aacute; ann leis na cianta cairbeacha faoi rath a bhionn ar dhrochdhaoine in gc&uacute;rsa&iacute; saolta. Is fios sin do Dhia a deir go mbeidh an bua sa deireadh thiar ag an ionracas. Maidir le bua D&eacute; ar an olc i gc&uacute;rsa&iacute; an tsaoil seo, i sl&iacute; amh&aacute;in is tr&iacute; l&aacute;mha san chine dhaonna a fheidhm&iacute;onn s&eacute;. I rith na staire beidh ar gach gl&uacute;in feidhmi&uacute; agus gu&iacute; go mbeidh an bua ag an mhaith ar an olc. Is &eacute; sin a chuireann an saol poilit&iacute;ochta roimhe a dh&eacute;anamh. Ba ch&oacute;ir d&uacute;inn saothr&uacute; agus gu&iacute; go mbeidh toradh f&oacute;nta ag na togra&iacute; a chuireann siad rompu sin a chur in gcr&iacute;ch &ndash; an l&aacute;mh in uachtar a fh&aacute;il ar fhoir&eacute;igean, coirpeacht eagraithe, mangair&iacute; druga&iacute; agus eile. M&aacute; t&aacute;imid ag s&uacute;il de r&eacute;ir an ghealltanais le sp&eacute;artha nua agus le domhan nua mar a lonn&oacute;idh an fh&iacute;rantacht, b&iacute;odh sin mar inspior&aacute;id againn saothr&uacute; le sin a thabhairt i gcr&iacute;ch cheana f&eacute;in sa mh&eacute;id is f&eacute;idir len&aacute;r mbeo f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"margin-left: 60px; text-align: justify; text-indent: -72pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 97[98]). <em>T&aacute; an Tiarna ag teacht a rial&uacute; na n&aacute;isi&uacute;n go cothrom.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Teasal&oacute;inigh 3:7-12). <em>An t&eacute; nach bhfuil fonn oibre air, n&aacute; caitheadh s&eacute; bia ach oiread. <\/em>Is s&eacute;imh na briathra sin &ldquo;fonn oibre&rdquo;. T&aacute; leagan n&iacute;os d&eacute;ine air sna gn&aacute;th-leagain Bh&eacute;arla, agus fi&uacute; i leagain Ghaeilge eile: &ldquo;Mura toil le duine oibri&uacute;, n&aacute; b&iacute;odh cead ite aige&rdquo; (Cosslett &Oacute; Cuinn); &ldquo;Munab &aacute;il le h-aoinneach obair a dh&eacute;anamh, n&aacute;r itheadh s&eacute;&rdquo; (De Si&uacute;nta). D&rsquo;fh&eacute;adfadh na briathra sin, as Gaeilge n&oacute; as B&eacute;arla &ldquo;Muna toil le duine obair a dh&eacute;anamh, n&aacute; itheadh s&eacute;&rdquo; dul am&uacute; a chur orainn muna dh&eacute;antar iad a l&eacute;amh ina gcomhth&eacute;acs sa Bh&iacute;obla. T&aacute; an comhth&eacute;acs sin soil&eacute;ir &oacute;n v&eacute;arsa d&iacute;reach roimh sliocht an lae inniu: &ldquo;T&aacute;im ag tabhairt fol&aacute;ireamh daoibh, a bhr&aacute;ithre, in ainm an Tiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost fanacht amach &oacute; bhr&aacute;thair ar bith a chaitheann a shaol d&iacute;omh&aacute;oin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uaimse&rdquo;. Labhair P&oacute;l cheana faoi dhaoine d&iacute;omhaoine, fals&oacute;ir&iacute;, sa ch&eacute;ad litir chuig na Teasal&oacute;inigh (5:14; 4:11-12). Gr&uacute;pa beag, is d&oacute;cha, a bh&iacute; iontu taobh istigh den tion&oacute;l Cr&iacute;osta&iacute; b&iacute;deach sa chathair mh&oacute;r phag&aacute;nach sin. Is dealramhach go raibh baint leis an feitheamh d&rsquo;ateacht Chr&iacute;ost agus go raibh L&aacute; an Tiarna buailte leo leis an easpa foinn tabhairt faoi obair a dh&eacute;anamh. Caithfear a deirtear faoi seo a mheas sa chomhth&eacute;acs sin. N&iacute; f&eacute;idir &uacute;s&aacute;id a bhaint as le neamhaird a thabhairt orthu si&uacute;d nach bhfuil ag obair, n&oacute; nach f&eacute;idir leo obair a dh&eacute;anamh ar ch&uacute;iseanna iomad&uacute;la (gan aon obair ar f&aacute;il, m&iacute;chumas coirp n&oacute; aigne).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">B&iacute;odh sin mar at&aacute;, t&aacute; s&eacute; r&iacute;-shoil&eacute;ir &oacute;n sliocht seo go gcuireann P&oacute;l &eacute; f&eacute;in chun tosaigh mar eiseaml&aacute;ir do na daoine i gceist gur g&aacute; bheith ag obair lena mbeatha a shaothr&uacute;. Ni fios go beacht na c&uacute;ins&iacute; at&aacute; taobh thiar den m&eacute;id adeir P&oacute;l sa litir seo, ach de r&eacute;ir dealraimh bh&iacute; baint ag feitheamh le L&aacute; an Tiarna, le Ateacht, T&eacute;arnamh Chr&iacute;ost, todhcha&iacute; ghl&oacute;mhar, le tabhairt ar chuid acu staonadh &oacute;n obair. Is &iacute; teachtaireacht shoil&eacute;ir Ph&oacute;il nach gceada&iacute;onn aon ts&uacute;il&iacute;ocht, n&oacute; d&oacute;chas, d&aacute; leith&eacute;id staonadh &oacute;na ndualgais&iacute; do ch&uacute;rsa&iacute; an phobail. T&aacute; teachtaireacht anseo d&uacute;inn d&aacute;r linn f&eacute;in. B&iacute;odh go ndeireann &aacute;r gcreideamh linn bheith ag s&uacute;il le todhcha&iacute; ina mbeidh f&iacute;r&eacute;antacht i r&eacute;im don chine daonna, sa tr&aacute;th is toil le Dia sin a chur i gcr&iacute;ch, idir an d&aacute; linn n&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn &aacute;r gcion f&eacute;in a dh&eacute;anamh sa &ldquo;turgnamh&rdquo; daonna an domhan seo a fheabhs&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 21:5-19). <em>Is le bhur mbuanseasamh a ghn&oacute;th&oacute;idh sibh bhur n-anamacha. <\/em>T&aacute; &Iacute;osa ag labhairt sa Teampall, agus bh&iacute; cuid den lucht &eacute;isteachta ag breathn&uacute; go taitneamhach ar an bhfoirgneamh agus ag cur a meas air in i&uacute;l, ar a chlocha greanta agus a chuid &iacute;obairt&iacute;. Agus an l&aacute;n-cheart acu chuige an tr&aacute;th sin, sa bhliain 30 n&oacute; 33 d&aacute;r r&eacute; f&eacute;in. Scriosadh an ch&eacute;ad Teampall, teampall Sholaimh, ag arm na Beabal&oacute;ine i 587 n&oacute; 586. Cuireadh cr&iacute;och le Teampall eile ina &aacute;it sa bhliain 515, ach bh&iacute; s&eacute; i bhfad &oacute; &aacute;illeacht Theampall Solaimh. B&iacute;odh nach den chreideamah Gi&uacute;dach an R&iacute; H&eacute;ar&oacute;d M&oacute;r, chuir s&eacute; roimhe an Teampall a mhaisi&uacute; le go mbeadh s&eacute; inchurtha le foirgneamh ar bith de impireacht an R&oacute;imhe. Thosaigh s&eacute; an maisi&uacute;ch&aacute;n sa bhliain 19 roimh Chr&iacute;ost agus bh&iacute; cl&uacute; agus c&aacute;il ar an Teampall de bharr a mhaoirseascht chloiche. Thuar &Iacute;osa go scriosfa&iacute; &eacute;, nach bhf&aacute;gfa&iacute; cloch ar mhuin cloiche de. Ba shin sa bhlain 30 n&oacute; 33, agus th&aacute;inig an tuar faoin tairngreacht sa bhliain 70 ag arm na R&oacute;imhe. Cuireann na deisceabail ceist air faoi dh&aacute;ta na heachtra seo agus faoi na comharthai a bheadh le fesicint roimh an l&eacute;irscrios.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">An freagra a thug &Iacute;osa is ar an chr&iacute;och dheiridh, filleadh Mhac an Duine, at&aacute; s&eacute; seachas treascairt an Teampaill. Ach d&rsquo;fh&eacute;adfadh roinnt de na comhartha&iacute; a luann s&eacute; bheith ag tagairt do r&eacute;anna &eacute;ags&uacute;la, mar shampla na Meisiasanna br&eacute;ige ag f&oacute;gairt sl&aacute;n&uacute; agus teacht L&aacute; an Tiarna, Th&eacute;arnaimh &Iacute;osa. Tharla cuid de na comharthai seo roimh laethanta deiridh Iar&uacute;sail&eacute;im. Is &iacute; is aidhm don roinn seo n&aacute; fol&aacute;ireamh a thabhairt do na deiscesabail gan ligint d&oacute;ibh f&eacute;in bheith curtha ar strae ag na comhartha&iacute; seo. T&aacute; an sliocht f&eacute;in agus an t-&iacute;omh&aacute;ineachas at&aacute; ann ag teacht le traidisiun litr&iacute;ocht apacailipteach na nGi&uacute;dach.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Baineann an ch&eacute;ad roinn eile, ar gh&eacute;arlean&uacute;int, leis an eaglais ar a hoilithreacht ar talamh, seachas ar na cr&iacute;ocha d&eacute;anacha. N&iacute; m&oacute;r do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost bheith r&eacute;idh don gh&eacute;arlean&uacute;int ar son a gcreidimh in &Iacute;osa. Fi&uacute; a seasamh os comhair breithi&uacute;na agus gobharn&oacute;ir&iacute; is deis &eacute; fianaise a thabhairt d&rsquo;Iosa (&ldquo;mar gheall ar m&rsquo;ainmse&rdquo;). I dt&eacute;ascanna eile den Tiomna Nua is &eacute; an Spiorad Naomh a bheidh mar chabhair acu. Anseo deir &Iacute;osa gurb &eacute; f&eacute;in a bh&eacute;arfaidh urlabhra agus eagna d&oacute;ibh. Tagann chun chuimhne f&iacute;s St&iacute;of&aacute;in de Mhac an Duine ina sheasamh ag dheis D&eacute; (Gn&iacute;omhartha na nAspal 7:55) nuair a bhi s&eacute; &aacute; chur chun b&aacute;is. Amhail an s&iacute;ol sa talamh torth&uacute;il (L&uacute;c&aacute;s 8:15) is &eacute; a mbuanseasamh, a nd&iacute;lseacht bhuan do Chr&iacute;ost, a bh&eacute;arfaidh an bua d&oacute;ibh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">S&uacute;il le cr&iacute;och; buanseasmhacht go deireadh.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ag deireadh bhliain seo an liot&uacute;irge, ina liot&uacute;irge tugann an eaglais cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar eachtra&iacute; agus firinn&iacute; a bhaineann leis na cr&iacute;ocha d&eacute;anacha: cr&iacute;och na staire agus ateacht Mhac an Duine, cr&iacute;och len&aacute;r mbeatha phearsanta, cr&iacute;och le l&aacute;mh in uachtar ag an olc ar an mhaitheas, teacht le neamha n&oacute; sp&eacute;artha nua agus talamh nua ina mbeidh an t-ionracas agus an fh&iacute;r&eacute;antacht i r&eacute;im. T&aacute; tagairt&iacute; d&oacute;ibh sin a l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. Is creideamh, f&iacute;s, s&uacute;il&iacute;ocht iad sin, agus t&aacute; f&iacute;rinne eile a dtugann na l&eacute;achta&iacute; cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh uirthi i dteannta na gceann eile. Is &iacute; an fh&iacute;rinne seo n&aacute; an g&aacute; at&aacute; le buanseasmhacht m&aacute; t&aacute; &aacute;r gcreideamh, &aacute;r gcion ar phearsa agus saothar Chr&iacute;ost, le teacht sl&aacute;n ar na fadhbanna, agus an leamthuirse a bhaineann le c&uacute;rsai an tsaoil seo, agus c&uacute;rsa&iacute; an chreidimh. Seo pointe amh&aacute;in de theagasc Chr&iacute;ost a chuireann L&uacute;c&aacute;s os &aacute;r gcomhair: &ldquo;Is le bhur mbuanseasamh a gn&oacute;th&oacute;idh sibh bhur n-anamacha&rdquo;, faoi mar a rinne s&eacute; ag deireadh an mh&iacute;ni&uacute; a thug s&eacute; ar pharabal an tS&iacute;olad&oacute;ra. Ionann an talamh mhaith agus na daoine a choinn&iacute;onn an s&iacute;ol agus a thugann toradh uathu tr&iacute;na mbuanseasamh (L&uacute;c&aacute;s 8:15). N&iacute; rud di&uacute;ltach an buanseasmhacht seo, amhail glacadh le rud nach bhfuil leigheas air, ach cuid den chreideamh a dh&eacute;anann ceangailt idir sinn agus Dia agus Cr&iacute;ost. Is cuid de r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe &eacute;. Is &eacute; Dia Sl&aacute;naitheoir an chine dhaonna, agus toisc saorthoil an duine n&iacute;l leigheas &eacute;asca ar al&aacute;n ceisteanna. Bh&iacute; Dia p&aacute;irteach leis an chine daonna &oacute; th&uacute;s, &oacute;n &ldquo;phl&eacute;asc m&oacute;r&rdquo; m&aacute;s mian linn, na trilli&uacute;n de bhlianta &oacute; shoin. Leagann an Litir chuig na hEabhraigh b&eacute;im ar a riachtana&iacute; is at&aacute; an bhuanseasmhacht seo, i gcaibideal 20 agus &aacute;iteanna eile, t&eacute;acsanna a l&eacute;adh mar dhara l&eacute;acht ar Dhomhnach 19 go 22 i mbliana. Is fi&uacute; iad a l&eacute;amh ar&iacute;s, mar aon leis na n&oacute;tai a ghabhann leo.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>13 Samhain 2016 (C) Tr&iacute;&uacute; Domhnach Tr&iacute;ochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-461","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/461","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=461"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/461\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=461"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=461"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=461"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}