{"id":463,"date":"2016-11-15T09:47:15","date_gmt":"2016-11-15T09:47:15","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=463"},"modified":"2016-11-15T09:47:15","modified_gmt":"2016-11-15T09:47:15","slug":"20-samhain-2016-c-solluntas-chriost-ri-na-nuile","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=463","title":{"rendered":"20 Samhain 2016 (C) Soll\u00fantas Chr\u00edost R\u00ed na nUile"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">20 Samhain 2016 (C) Soll&uacute;ntas Chr&iacute;ost R&iacute; na nUile <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>Roinnt mhachnaimh ar r&iacute;ocht D&eacute;<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">R&eacute;amhr&aacute; do Fh&eacute;ile Chr&iacute;ost Ri<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Bhunaigh an P&aacute;pa Pius XI F&eacute;ile Chr&iacute;ost Ri sa bhliain 1925 mar fhreagra ar n&aacute;isi&uacute;nachas agus d&iacute;-eaglaiseachas a bh&iacute; ag dul i dtreise san am, agus ceili&uacute;radh &eacute; ar an Domhnach deiridh de mhi Dheireadh F&oacute;mhair. Sa bhliain 1969 thug an P&aacute;pa P&oacute;l VI teideal nua don cheili&uacute;radh: (Sol&uacute;ntas) &Aacute;r dTiarna &Iacute;osa Criost R&iacute; na nUile. Thug s&eacute; d&aacute;ta nua d&iacute; chomh maith: an Domhnach deiridh den bhliain liot&uacute;irgeach, tr&aacute;th bliana ina oireann machnamh ar R&iacute;ocht D&eacute; agus Chr&iacute;ost ar talamh agus ar chomhl&iacute;onadh phlean D&eacute; don chine daonna ag cr&iacute;och ama. Is ullmh&uacute; caoi chomh maith an ceili&uacute;radh seo don bhliain nua liot&uacute;irgeach a thosa&iacute;onn leis an Aidbhint. T&aacute; glactha leis an cheili&uacute;radh seo ag Anglac&aacute;naigh, Li&uacute;taraigh, agus m&oacute;r&aacute;n Protast&uacute;nach eile mar aon leis an <em>Leicsean&aacute;r Athch&oacute;irithe Nua, <\/em>chomh maith leis an Eaglais Cheartchreidmheach R&uacute;iseach taobh amuigh den R&uacute;is. T&aacute; c&uacute;lra saibhir b&iacute;obalta ag an Fh&eacute;ile, le t&eacute;acsanna ina bhfuil gn&eacute;ithe &eacute;agsula den teagasc at&aacute; taobh thiar di. T&aacute; siad sin curtha os &aacute;r gcomhair i l&eacute;achta&iacute; an Leicsean&aacute;ir san Aifreann i rith an ch&uacute;rsa tr&iacute; bliana.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;act<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 Samu&eacute;l 5:1-3). <em>Rinne siad D&aacute;iv&iacute; a ungadh ina r&iacute; ar Iosrael.<\/em> Ionann Cr&iacute;ost R&iacute; mar is l&eacute;ir &oacute;n dteideal ar an gcrois: &ldquo;&Iacute;osa R&iacute; na nGi&uacute;dach&rdquo; agus &Iacute;osa mac Dh&aacute;iv&iacute;. Thosaigh an teideal seo le ungadh Dh&aacute;iv&iacute; ina r&iacute; thart ar mh&iacute;le bliain roimh bhreith &Iacute;osa mac Dh&aacute;iv&iacute;, &Iacute;osa go nd&uacute;irt an t-aingeal lena mh&aacute;thair Muire go dtabharfadh Dia d&oacute; r&iacute;chathaoir Dh&aacute;iv&iacute; a athair agus go mbeadh s&eacute; ina R&iacute; ar theaghlach Iac&oacute;ib go br&aacute;ch (L&uacute;c&aacute;s 1:32-33). Cuireann c&eacute;ad l&eacute;acht seo an lae inniu s&iacute;os ar ungadh Dh&aacute;iv&iacute; mar r&iacute;. Sna c&eacute;adta tosaigh tar &eacute;is d&oacute;ibh seilbh a ghlacadh ar th&iacute;r Can&aacute;n mhair treibheanna Iosrael gan r&iacute;, agus sin i dh&aacute; mh&oacute;r-ghr&uacute;pa, ceann sa tuaisceart (a bheadh mar r&iacute;ocht Iosrael n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;) agus treibh I&uacute;da sa deisceart. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; th&aacute;inig fonn orthu r&iacute; a bheith i gceannas orthu mar a bh&iacute; ag na n&aacute;isi&uacute;in m&aacute;guaird. Bh&iacute; doicheall ar roinnt &aacute;irithe glacadh leis seo mar mheasadar go raibh baol ann go gcuirfeadh seo as don urraim a bh&iacute; acu ar Dhia mar an tAon R&iacute; ar Iosrael. In am tr&aacute;th ghlacadar le r&iacute;, &oacute; threibheanna an Tuaiscirt. Tar &eacute;is bh&aacute;s Sh&oacute;l rinne treibheanna Iosrael D&aacute;iv&iacute; a ungadh mar r&iacute; ar Iosrael uile. Ach n&iacute; raibh anseo ach an t&uacute;s. Gheall Dia do Dh&aacute;ivi go ndaingneofa&iacute; a r&iacute;chathaoir go deo ( 2 <\/span><span style=\"color: black;\">Samuel 7:16). Ach n&iacute;or lean r&iacute;chathaoir n&oacute; teaghlach Dh&aacute;iv&iacute; sa stair. Th&aacute;inig deireadh leo nuair a threascair na Baibeal&oacute;inigh Iar&uacute;sail&eacute;im sa bhliain 587(586), agus n&iacute;orb ann d&oacute;ibh a thuilleadh sa stair. Bhi I&uacute;da gan ri faoi r&eacute;imeas na Baibeal&oacute;&iacute;ne, na nGr&eacute;igeach agus na R&oacute;imhe, ach mhair an d&oacute;chas go mbeadh comharba ag D&aacute;iv&iacute;, ag cur t&uacute;s le meisiasachas na nGi&uacute;dach, agus ag r&eacute;iteach na sl&iacute; d&rsquo;&Iacute;osa mar chomhl&iacute;onadh ar an ghealltannas a tugadh do Dh&aacute;iv&iacute;, agus don fhor&aacute;s a th&aacute;inig sa Tiomna Nua agus san Eaglais luath ar an dteagasc saibhir faoi Chr&iacute;ost mar Ri na nUuile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 122[123]). <em>Rinne m&eacute; gairdeas nuair a d&uacute;radh liom<\/em>: <em>&ldquo;T&eacute;imis i dteach an Tiarna&rdquo;.<\/em> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Colosaigh 1:12-20). <em>Thug s&eacute; isteach sinn i r&iacute;ocht a Mhic ion&uacute;in. <\/em>Deir an sliocht seo go raibh &aacute;it cruthaithe ag Dia do na creidmhigh i r&iacute;ocht an Mhic a thugann Dia gean d&oacute;; mar sin is l&eacute;acht &eacute; a oireann don fh&eacute;ile seo. De bharr a naofa is at&aacute; an oidhreacht Chr&iacute;ostai, tosa&iacute;onn P&oacute;l le urnai bhu&iacute;ochais leis an Athair &ldquo;a dheonaigh do chreidmhigh a bheith p&aacute;irteach in oidhreacht na naomh sa solas&rdquo;. Do mhanaigh Ghi&uacute;dacha Qumran b&rsquo;ionann a n-oidhreacht si&uacute;d agus a gcomhluadar ar talamh bheith i bp&aacute;irt leis an comhluadar ar neamh, &ldquo;le p&aacute;irt na naomh, clannmhac neimhe&rdquo;. Is d&oacute;cha gur na haingil at&aacute; i gceist leis &ldquo;na naoimh, clannmhac D&eacute;&rdquo; sa t&eacute;acs Gi&uacute;dach seo. Sa t&eacute;acs seo againne d&rsquo;fh&eacute;adfaidh s&eacute; bheith gurb iad na haingil at&aacute; i gceist leis &ldquo;na naoimh&rdquo; chomh maith, c&eacute; gur d&oacute;cha&iacute; gur baill naofa r&iacute;ocht Chr&iacute;ost ar talamh iad. Seo &iacute; r&iacute;ocht an tsolais; solas an domhain &eacute; Cr&iacute;ost. Cialla&iacute;onn r&iacute;ocht D&eacute; naofacht, sl&aacute;n&uacute; agus maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. Macalla an t&eacute;acs seo ar a d&uacute;irt Cr&iacute;ost le P&oacute;l ar an mb&oacute;thar chun na Damaisce: &ldquo;Is chuig (na Gintlithe)<em> <\/em>at&aacute;im do do chur chun a s&uacute;ile a oscailt le go n-iomp&oacute;idis &oacute;n dorchadas chun an tsolais agus &oacute; chumhacht Sh&aacute;tain chun D&eacute;, ar shl&iacute; go bhfaighidis maithi&uacute;nas &oacute;na bpeaca&iacute; agus ionad (cinni&uacute;int) ina measc si&uacute;d at&aacute; naomhaithe tr&iacute;na gcreideamh ionamsa&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh na mbriathra sin ar r&iacute;ocht D&eacute;, agus ar an Mac is ion&uacute;in le Dia, leanann an teacs ar aghaidh le hiomann &aacute;lainn ar ghradam, ar ardcheannas Chr&iacute;ost, n&oacute; ar r&uacute;ndiamhair ardcheannas Chr&iacute;ost. Ansin leanann an t-iomann ar aghaidh ar ghradam Chr&iacute;ost sa saol cruthaithe agus san eaglais, iomann a bhaineann &uacute;s&aacute;id as &iacute;omh&aacute;nna na heagna pearsantaithe sa Seantiomna (go h&aacute;irithe Seanfhocail caibideal 8). Mar &iacute;omh&aacute; de Dhia, foils&iacute;onn Cr&iacute;ost an Dia dofheicthe d&uacute;inn go foirfe. Mar c&eacute;adghin t&aacute; t&uacute;s &aacute;ite agus ardcheannas aige ar gach d&uacute;il chruthaithe. Is tr&iacute;d agus is d&oacute; a crutha&iacute;odh gach rud cruthaithe, ar neamh agus ar talamh (na gr&aacute;danna &eacute;ags&uacute;la de na haingil san &aacute;ireamh, Tr&oacute;in agus eile). Mar a deirtear in &aacute;it eile sa Tiomna Nua (Eabhraigh 1:3) is tr&iacute; Chr&iacute;ost a choinn&iacute;otar gach n&iacute; dl&uacute;ite le ch&eacute;ile, coincheap de chuid fheals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige, at&aacute; le f&aacute;il chomh maith sa Seantiomna (Eagna 1:3; Leabhar Sh&iacute;orach 43:26). Mar a luaitear in &aacute;it eile (Eifisigh 1:22-23; 4:15) is ceann na hEaglaise &eacute; Cr&iacute;ost, is &iacute; an Eaglais a chorp. Is &eacute; an t&uacute;s &eacute; Cr&iacute;ost, agus lena ais&eacute;ir&iacute; is &eacute; an ch&eacute;adghin &oacute; na mairbh &eacute;, ag tabhairt r&eacute; nua isteach agus ag neart&uacute; an chreidimh in ais&eacute;ir&iacute; &aacute;r gcolainne. Ansin leanann v&eacute;arsa a bheadh le tiont&uacute; de r&eacute;ir na litre mar seo: &ldquo;&Oacute;ir ba thoil leis (is &eacute; sin &ldquo;le Dia&rdquo;) an ioml&aacute;ine (sa Gr&eacute;igis: <em>pleroma<\/em>) ar fad c&oacute;na&iacute; ann&rdquo;. (Aistri&uacute; eile: &ldquo;&Oacute;ir. ba ghnaoi le Dia an n&aacute;d&uacute;r diaga a dhul a ch&oacute;na&iacute; ann ina ioml&aacute;n&rdquo;.) Is f&eacute;idir an t&eacute;acs a thuiscint tr&iacute; Colosaigh 2:9: &ldquo;Mar is ann (is &eacute; sin i gCr&iacute;ost) at&aacute; ioml&aacute;ine D&eacute; ina ch&oacute;na&iacute; go corportha&rdquo;, is sin le r&aacute; is d&oacute;cha, is &eacute; is ioml&aacute;ine D&eacute; ann n&aacute; gach rud is mian le Dia a l&eacute;iri&uacute; faoi f&eacute;in i gCr&iacute;ost, le go gcuirfimis aithne ar Chr&iacute;ost agus go nd&eacute;anfa&iacute; foirfe sinn ann. De r&eacute;ir scol&aacute;ir&iacute; &aacute;irithe t&aacute; seo an-chongarach do ghn&iacute;omha&iacute;ocht an Spioraid Naoimh. Is &iacute; is aidhm do l&aacute;ithreacht seo uilechumhachtach D&eacute; i gCr&iacute;ost n&aacute; athmhuintearas agus s&iacute;och&aacute;in a bhun&uacute; agus a shnaidhmadh idir gach d&uacute;il ar neamh agus ar talamh, muintearas agus s&iacute;och&aacute;in at&aacute; bunaithe ar fhuil, ar bh&aacute;s, Chriost ar an gCrois.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 23:35-43). <em>A Thiarna, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh t&uacute; faoi r&eacute;im do r&iacute;ochta. <\/em>Cuireann an sliocht &aacute;lainn seo s&iacute;os ar Chr&iacute;ost R&iacute; agus a r&iacute;ocht. Thug an teideal os cionn na croise aitheantas d&rsquo;&Iacute;osa mar r&iacute;: &ldquo;Seo &eacute; R&iacute; na nGi&uacute;dach&rdquo;. Rinne cinnir&iacute; na nGi&uacute;dach, na saighdi&uacute;ir&iacute; agus duine amh&aacute;in de na coirpigh fon&oacute;id faoi &Iacute;osa. Deireadh na saighdi&uacute;ir&iacute;: &ldquo;M&aacute;s t&uacute; R&iacute; na nGi&uacute;dach, saor th&uacute; f&eacute;in&rdquo;. Tugann an coirpeach eile aitheantas d&rsquo;Iosa mar r&iacute;: &ldquo;A &Iacute;osa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh t&uacute; faoi r&eacute;im do r&iacute;ochta&rdquo;. N&iacute; deirtear linn conas a thuig s&eacute; r&eacute;im r&iacute;ochta seo &Iacute;osa. Do L&uacute;c&aacute;s agus an Tiomna Nua bheadh &Iacute;osa i r&eacute;im a r&iacute;ochta leis an ais&eacute;ir&iacute; agus an deascabh&aacute;il. D&rsquo;fhreagair &Iacute;osa go mbeadh an coirpeach an l&aacute; sin f&eacute;in in &eacute;ineacht leis i bparthas. Do ghr&uacute;pa amh&aacute;in i measc na nGi&uacute;daach b&rsquo;ionann Parthas agus an &aacute;it ina mbeadh anamacha na bhf&iacute;r&eacute;an roimh ais&eacute;iri na colainne. Teachtaireacht l&aacute;rnach na l&eacute;achta seo n&aacute; go bhfuil baint ag b&aacute;s &Iacute;osa ar an gcrois le tusicint &Iacute;osa mar R&iacute; na nUile. N&iacute; R&iacute; &eacute; ar ghn&aacute;th-bhri an fhocail sin, ach R&iacute; a fhulaing fon&oacute;id le gr&aacute; D&eacute; don domhan a l&eacute;iri&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>Roinnt mhachnaimh ar r&iacute;ocht D&eacute;<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Is n&oacute;s le roinnt scol&aacute;ir&iacute; agus daoine eile ar gheal leo deighilt a chruth&uacute; idir Chr&iacute;ost (&ldquo;&Iacute;osa na staire&rdquo;) agus an Eaglais a mhao&iacute;mh gur fh&oacute;gair &Iacute;osa an r&iacute;ocht agus is &eacute; a eascair as n&aacute; an eaglais, amhail is d&aacute; mba sh&eacute;anadh ar shaothar agus theachtaireacht &Iacute;osa an eaglais. Is f&iacute;or, ar nd&oacute;igh, go bhfuil tagairt do r&iacute;ocht D&eacute; le f&aacute;il i bhfad n&iacute;os minic&iacute; a mbriathra &Iacute;osa sna soisc&eacute;il n&aacute; mar at&aacute; i scribhinn&iacute; eile an Tiomna Nua. &Oacute; th&uacute;s a chuid oibre bh&iacute; &Iacute;osa ag seanm&oacute;ireacht agus ag r&aacute;: &ldquo;D&eacute;anaig&iacute; aithr&iacute;, mar t&aacute; r&iacute;ocht na bhflaitheas in achmaireacht&rdquo; (Matha 4:17). Bh&iacute; r&iacute;ocht D&eacute; i l&aacute;thair cheana ina chuid mhior&uacute;ilti, a rinne s&eacute; tr&iacute; Spiorad D&eacute;. Ach rinne &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in l&aacute;rnach do fh&oacute;gairt shoisc&eacute;al na r&iacute;ochta. &ldquo;An t&eacute; arb ansa leis athair n&oacute; m&aacute;thair n&aacute; m&eacute;, n&iacute;l s&eacute; diongbh&aacute;lta dom&rdquo; (Matha 10:17). Agus cuid l&aacute;rnach d&aacute; theagasc is ea a bhfuil sa Seanm&oacute;ir ar an Sliabh agus &aacute;iteanna eile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir leis an cheist faoin r&iacute;ocht agus an eaglais t&aacute; dh&aacute; thaobh leis an sc&eacute;al: &Iacute;osa agus an eaglais maidir le r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe, agus iad sin maidir le c&uacute;rsa&iacute; na staire. Maidir le r&uacute;ndiamhair De, ba chuid de phlean shl&aacute;naithe D&eacute; saothar, teagasc, b&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa. Ag a bhaisteadh ungadh &eacute; ag an Spiorad Naomh, agus is tr&iacute;d an Spiorad, m&eacute;ar D&eacute;, a rinne s&eacute; a chuid mhior&uacute;ilt&iacute;. Ba chuid den r&uacute;ndiamhair ch&eacute;anna sin gur th&oacute;g Dia &oacute;na mairbh &eacute;, agus gur seoladh an Spiorad Naomh ar an eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le ceist na staire de, is f&iacute;or nach luaitear na briathra r&iacute;ocht D&eacute; ach go hannamh i scribhinn&iacute; Phoil. Ach t&aacute; s&eacute; ann, agus gan na briathra t&aacute; teagasc &Iacute;osa agus na r&iacute;ochta ann. &ldquo;N&iacute; c&uacute;rsa&iacute; ite agus &oacute;il &eacute; r&iacute;ocht D&eacute; ach f&iacute;r&eacute;antacht agus s&iacute;och&aacute;in agus l&uacute;ch&aacute;ir sa Spiorad Naomh&rdquo; (R&oacute;mh&aacute;naigh 14:17). Agus do na Corantaigh (1 Cor 4:20) a bh&iacute; tugtha don diosp&oacute;ireacht agus do chultas an duine aonair: &ldquo;N&iacute; sa chaint at&aacute; r&iacute;ocht D&eacute; suite ach san &eacute;ifeacht&rdquo;. Agus gan na briathra, t&aacute; pearsa &Iacute;osa l&aacute;rnach do Ph&oacute;l agus scr&iacute;bhneoir&iacute; eile an Tiomna Nua. Bh&iacute; &Iacute;osa umhal don Athair go b&aacute;s fi&uacute; na croise, agus d&rsquo;&aacute;rdaigh an tAthair &eacute;, ionas go gcromfadh gach gl&uacute;in d&oacute; (Filipigh 2:8-11). Ionann bheith i do Chr&iacute;osta&iacute; agus bheith umhal i gcro&iacute; agus aigne do Chr&iacute;ost agus a shoisc&eacute;al. Fuair P&oacute;l gr&aacute;sta mar aspal chun g&eacute;illsine an chreidimh a leathadh ar son ainm &Iacute;osa (Romh 1:5-6; 15:18), leis na n&aacute;isi&uacute;in uile a thabhairt chun g&eacute;illsine an chreidimh (R&oacute;mh 16:26). D&eacute;antar na creidmhigh a naomh&uacute; tr&iacute; gh&eacute;illsine, umhl&uacute;, don fh&iacute;rinne (1 Peadar 2,22).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; &aacute;bhar machnaimh saibhir sa mh&eacute;id seo d&uacute;inn i Sol&uacute;ntas seo Chr&iacute;ost, R&iacute; na nUile.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>20 Samhain 2016 (C) Soll&uacute;ntas Chr&iacute;ost R&iacute; na nUile Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-463","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/463","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=463"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/463\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=463"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=463"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=463"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}