{"id":467,"date":"2016-11-30T08:58:27","date_gmt":"2016-11-30T08:58:27","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=467"},"modified":"2016-11-30T08:58:27","modified_gmt":"2016-11-30T08:58:27","slug":"4-nollaig-2016-a-dara-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=467","title":{"rendered":"4 Nollaig 2016 (A) Dara Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">4 Nollaig 2016 (A) Dara Domhnach den Aidbhint<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSCh<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae. <em>An Aidbhint agus gairm chun athr&uacute; crutha san Eaglais.<\/em><\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (&Iacute;se&aacute;ia 11:1-10). <em>Tugann s&eacute; breithi&uacute;nas cothram i leith na ndear&oacute;ile.<\/em> Bh&iacute; cead isteach &eacute;asca ag an an bhf&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia den ocht&uacute; aois roimh Chr&iacute;ost ar r&iacute;theaghlach Dh&aacute;iv&iacute;. Thug s&eacute; comhairle don r&iacute; &Aacute;chaz le linn g&eacute;irch&eacute;ime agus ch&aacute;in s&eacute; go g&eacute;ar &eacute; toisc gur thug s&eacute; an t-eiteachas do bhriathar D&eacute;. Ba &eacute; sin an tr&aacute;th inar thug s&eacute; an tairngreacht iomr&aacute;iteach &Iacute;me&aacute;n&uacute;&eacute;il faoi bhreith Shl&aacute;naitheora don r&iacute;theaghlach.Tharaingir s&eacute; chomh maith go ngearrfa&iacute; pion&oacute;s trom ar Iar&uacute;sail&eacute;im, ar an r&iacute;theaghlach agus ar an bpobal de bharr a neamart sa conradh le Dia. Ach chuir s&eacute; b&eacute;im chomh maith i nd&iacute;lse D&eacute; don chonradh le D&aacute;<\/span><span style=\"color: black;\">ibhi agus t&aacute; roinnt tairngreachta&iacute; iomr&aacute;iteacha sa leabhar ar na laethanata gl&oacute;rmhara le teacht le breith an ts&aacute;r-oidhre do ritheaghlach Dh&aacute;iv&iacute;. Ceann d&iacute;obh sin n&aacute; an l&eacute;acht ar bhreith an linbh in Aifreann na Gine. Ceangla&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu an breith sin le f&iacute;s n&iacute;os leithne ar theacht r&eacute; na c&oacute;ra agus an ionracais, agus ar athbhun&uacute; c&uacute;rsai mar a bh&iacute; siad i nG&aacute;irdin Parthas. Sin uile de bharr eolais forleathain ar an dTiarna agus beatha d&aacute; r&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ba athair do Dh&aacute;iv&iacute; Iese. B&rsquo;eisean an stoc&aacute;n as ar eascair r&iacute;theaghlach, crann, Dh&aacute;iv&iacute;. F&eacute;achann &uacute;dar an t&eacute;acs seo ar an gcrann sin ag filleadh ar an staid ina raibh s&eacute;, n&oacute; bh&rsquo;fh&eacute;idir ar an r&iacute;theaghlach bascaithe agus gan f&aacute;gtha den chrann sin ach an stoc&aacute;n. Ar aon chuma &oacute;n bhun crainn sin beidh bachl&oacute;g agus gas ag teacht, is &eacute; sin le r&aacute; oidhre nua ar Iese do theaghlach Dh&aacute;iv&iacute;. Beidh misean le d&eacute;anamh aige agus beidh s&eacute; curtha in oiri&uacute;int don mhisean sin le s&eacute; buanna an Spioraid. I stair an Bh&iacute;obla bh&iacute; &aacute;it th&aacute;bhachtach ag Spiorad D&eacute; a tugadh do dhaoine tofa do ghn&oacute; faoi leith. Thug an Spiorad an chumhacht d&oacute;ibh an gn&iacute;omh a chur i gcr&iacute;ch. Bh&iacute; na buanna saibhre ag mac seo Dh&aacute;iv&iacute;, an Meisias, leis an r&eacute; nua a thabhairt isteach. Bh&iacute; na s&eacute; buanna at&aacute; &aacute;irithe sa t&eacute;acs seo le f&aacute;il sa t&eacute;acs Eabhaise. Chuir na haistri&uacute;ch&aacute;in Gr&eacute;igise agus Laidine ceann eile leo seo, an chr&aacute;ifeacht, agus t&aacute; na seacht gcinn sin linn i gc&oacute;na&iacute; mar na Seacht dTiolachtha&iacute; an Spioraid Naoimh, ag cur phobal D&eacute; in oiri&uacute;int don mhisean at&aacute; acu le fianaise a thabhairt sa r&eacute; nua at&aacute; linn cheana f&eacute;in. Ach le filleadh ar Mhac Dh&aacute;iv&iacute;, an Meisias: &eacute; curtha in oiri&uacute;int leis na buanna sin aige, beidh a r&eacute;imeas mar a mheastar, le b&eacute;im ar ch&uacute;ram do na dealbha agus i leith dear&oacute;ile na t&iacute;re. Tr&eacute;ithe suntasacha d&aacute; r&eacute;imeas an t-ionracas agus an d&iacute;lse. T&eacute;ann f&iacute;s na l&eacute;achta seo thar c&uacute;rsa&iacute; r&eacute;imeas an Mheisias. R&eacute; nua a bheidh ann don d&uacute;lra f&eacute;in, &eacute; le filleadh ar an st&aacute;das mar a bh&iacute; i dtosach b&aacute;ire in aigne D&eacute; le s&iacute;och&aacute;in idir na hainmhithe agus an duine &ndash; &eacute; seo go l&eacute;ir ag eascair &oacute; &ldquo;eolas&rdquo; forleathan ar an dTiarna. Ionann eolas ar Dhia sa Bh&iacute;obla agus aithne air agus beatha de r&eacute;ir a thola. Cr&iacute;ochna&iacute;onn an l&eacute;acht le l&iacute;nte tosaigh d&aacute;na ar fhilleadh Iosrael &oacute;n deora&iacute;ocht. Ansin, sa r&eacute; nua seo, agus an D&aacute;iv&iacute; nua seo, fr&eacute;amh Iese, glanta &oacute;na pheaca&iacute; agus &oacute;na mh&aacute;cail, seasfaidh s&eacute; mar chomhartha, thar I&uacute;da agus Iar&uacute;sail&eacute;im amach, comhartha do na ciniocha pag&aacute;nachale go leigf&iacute; deoraithe Iosrael thar nais, agus de r&eacute;ir an teacs Eabhraise,faoin chomhartha seo, fr&eacute;amh Iese,&ldquo;beidh na cin&iacute;ocha &aacute; lorg&rdquo;, (ag lorg mac Iese?), a aistr&iacute;otar go Gr&eacute;igis mar: &ldquo;Is ann a chuirfidh na n&aacute;isi&uacute;in a muin&iacute;n&rdquo;, t&eacute;acs a luann P&oacute;l d&iacute;reach roimh dara l&eacute;acht an lae inniu. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 71[72]). <em>Blath&oacute;<\/em>idh <em>s&iacute;och&aacute;in agus f&iacute;r&eacute;antacht lena linn n&oacute; go meathfaidh an ghealach.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 15:4-9).<em>Sl&aacute;na&iacute;onn Cr&iacute;ost gach aon duine<\/em>. Cuireann P&oacute;l cr&iacute;och lena litir chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh le haitheasc tr&eacute;adach ar an mbeatha nua i gCr&iacute;ost a bhfuil glaoch ag na Cr&iacute;osta&iacute;the chuici.Tosa&iacute;onn an t-aitheasc mar seo (R&oacute;mh&aacute;naigh 12:1-2): &ldquo;Ar an &aacute;bhar sin, a bhr&aacute;ithre, t&aacute;im &aacute; iarraidh oraibh as ucht tr&oacute;caire D&eacute;, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-&iacute;obairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin &eacute; bhur n-adhhradh spiorad&aacute;lta. N&aacute; leanaig&iacute; patr&uacute;n an tsaoil seo ach cuirig&iacute; malairt meoin oraibh f&eacute;in tr&iacute; athnuachan aigne ar shl&iacute; go n-aithneodh sibh cad &eacute; is toil le Dia, cad &eacute; at&aacute; maith agus taitneamhach agus foirfe&rdquo;. T&aacute; l&aacute;rionad ag foighid agus fadfhulaingt le beatha mar seo a chaitheamh, agus filleann P&oacute;l ar sin i l&eacute;acht an lae inniu, agus le sampla faoi sin a thabhairt luann s&eacute; a rinne Cr&iacute;ost: &ldquo;N&iacute; ar mhaithe leis f&eacute;in a bh&iacute; Cr&iacute;ost ach mar at&aacute; scr&iacute;ofa: &lsquo;Is ormsa a thit aithis&iacute; na ndaoine a bh&iacute; do d&rsquo;aithisi&uacute;&rsquo;&rdquo; (Salm 69:9). <\/span><span style=\"color: black;\">B&rsquo;fh&eacute;idir go dtugann an t&eacute;acs a leanann seo l&eacute;argus d&uacute;inn ar cad a bh&iacute; in a aigne ag P&oacute;l: Rinneadh seirbh&iacute;seach timpeallgearrtha de Chr&iacute;ost do na Ghi&uacute;daigh chun na gealltanais a tugadh do na patrarca&iacute; a chomhl&iacute;onadh, Ach an tuiscint a bh&iacute; ag Cr&iacute;ost ar na gealltanais sin, chuaigh s&eacute; i bhfad thar s&uacute;ile roinnt mhaith de na Gi&uacute;daigh agus d&aacute; bharr sin thit a gcuid masla agus aithisi ar &Iacute;osa. Bheadh ar Chr&iacute;ostaithe bheith r&eacute;idh d&aacute; leith&eacute;id chomh maith ar son Criost &oacute; na pag&aacute;naigh. Leanann l&eacute;acht an lae inniu an r&eacute;amhr&aacute; seo &oacute; Ph&oacute;l. Tugann s&eacute; chun cuimhne d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; an creideamh agus an d&oacute;chas a bh&iacute; ag na gl&uacute;nta Gi&uacute;dacha, mar at&aacute; le l&eacute;amh sa Bh&iacute;obla, agus meabhra&iacute;onn s&eacute; go raibh seo uile scr&iacute;ofa le go mbeadh d&oacute;chas acu, is &eacute; sin le r&aacute; buanseasmhacht sa chreideamh agus bheith r&eacute;idh glacadh lena a ch&eacute;ile san eaglais, faoi mar a ghlaoigh Cr&iacute;ost isteach san eaglais gach aoinne, Gi&uacute;dach agus neamh-Ghi&uacute;dach. Rinne Cr&iacute;ost gach a rinne s&eacute; chun gl&oacute;ir sa thabhart do Dhia, agus t&aacute; gairm ag creidmhigh i gCr&iacute;ost an fhianaise ch&eacute;anna a thabhairt le bheith aontaithe le ch&eacute;ile gan tr&aacute;cht ar chine, agus mar sin gl&oacute;ir a thabhairt do Dhia.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Matha 3:1-12). <em>D&eacute;anaig&iacute; aithr&iacute; mar t&aacute; r&iacute;ocht na bhflaitheas in achmaireacht. <\/em>Mar r&eacute;amhtheachtaire do theacht, aidbhint, Chr&iacute;ost t&aacute; &aacute;it shuntasach ag Eoin Baiste i liot&uacute;irge na hAidbhinte. Is faoi at&aacute; l&eacute;achta&iacute; an tsoisc&eacute;il sa Dara Domhnach inniu agus ar&iacute;s sa Tr&iacute;&uacute; Domhnach, agus is sp&eacute;isi&uacute;il an codarsnacht at&aacute; eatorthu. Tosa&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu leis na briathra &ldquo;sna laethanta sin&rdquo;. Modh cainte at&aacute; ann, gan br&iacute; bheacht aige, leis an mh&iacute;r nua seo a nascadh le sc&eacute;al na&iacute;onacht Chr&iacute;ost a chuaigh roimhe (Matha 1-2). Tosa&iacute;onn an cur sios ar bheatha phoibl&iacute; &Iacute;osa, ar a bh&aacute;s agus aiseir&iacute;, dair&iacute;re le seanm&oacute;ireacht Eoin. Is leis seo a thosaigh c&eacute;ad chraobhscaoileadh an Dea-Sc&eacute;il. N&iacute;l aon na&iacute;onsc&eacute;al ag Marcas. Thosaigh r&eacute; nua f&aacute;idhead&oacute;ireachta le Eoin Baiste, agus l&eacute;ir&iacute;onn a chuid &eacute;adaigh agus bia &eacute; seo. Thainig s&eacute; i spiorad &Eacute;ilias, an ch&eacute;ad mh&oacute;r-fh&aacute;idh in Iosrael agus bh&iacute; Eoin feistithe cos&uacute;il leis. Aithn&iacute;odh &Eacute;ilias &oacute;na &eacute;adach, mar a deir an B&iacute;obla (2 R&iacute;the 1:8): &ldquo;Bh&iacute; fallaing r&oacute;in &aacute; caitheamh aige agus crios leathair ar a choim&rdquo;. Cuirtear Eoin Baiste i l&aacute;thair mar chomhl&iacute;onadh m&oacute;r-thairgngreacht na r&eacute; nua i leabhar &Iacute;se&aacute;ia f&aacute;idh. Glacadh mar fh&aacute;idh leis agus th&aacute;inig na sluaite chuige &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im agus I&uacute;da. N&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; go ndeachaigh s&eacute; bhfeidhm go m&oacute;r ar dhaoine, toisc go bhfuil a chuid seanm&oacute;ireachta agus an toradh a bh&iacute; leis luaite ag an stara&iacute; Gi&uacute;dach Iosefus. L&aacute;r-phointe teachtaireacht Eoin n&aacute; glaoch chun aithr&iacute; toisc go raibh r&iacute;ocht na bhflaitheas (ionann sinis r&iacute;ocht D&eacute;) in achmaireacht. Ina measc si&uacute;d a th&aacute;inig chuige bh&iacute; daoine &oacute;na gr&uacute;pai ba mh&oacute; aitheantais in Iosrael, na Fairis&iacute;nigh le oideas b&eacute;il nach raibh sa Bh&iacute;obla agus na Sad&uacute;is&iacute;nigh (a raibh baint acu den chuid is m&oacute; leis an sagartacht) n&aacute;r ghlac le traidisiun na bhFairis&iacute;neach. Labhair Eoin go soil&eacute;ir agus go l&aacute;idir leo faoi riachtanas aithr&iacute; fh&iacute;reannach, ar lean dea-oibreacha aisti. N&iacute;or l&eacute;or bheith i do Ghi&uacute;dach n&oacute; de sh&iacute;ol Abr&aacute;h&aacute;m don sl&aacute;n&uacute;. Baisteadh chun aithr&iacute; baisteadh Eoin, leis an b&oacute;thar a dh&eacute;anamh r&eacute;idh don T&eacute; a bh&iacute; le teacht, an Meisias, an Cr&iacute;ost, a mheas Eoin a fhearfadh pion&oacute;s g&eacute;ar ar lucht d&eacute;anta an oilc. Bh&iacute; dul am&uacute; ar Eoin faoi seo. A mhalairt ar fad a tharla le Cr&iacute;ost agus a chairdeas leis na peacaigh, agus sa phrios&uacute;n d&oacute; th&aacute;inig amhras ar Eoin arb &eacute; Iosa d&aacute;ir&iacute;re an T&eacute; a bh&iacute; le teacht, mar a luaigh s&eacute; ina sheanm&oacute;ireacht, ag r&eacute;iteach na sli d&oacute;. D&rsquo;fhreagair &Iacute;osa go raibh a mhodhanna caoine, s&eacute;imhe f&eacute;in tuartha sa scriopt&uacute;r chomh maith. B&rsquo;shin cuid de r&uacute;ndiamhair &Iacute;osa a bh&iacute; le foghlaim ag Eoin. Teachtaireacht as seo d&uacute;inn inniu, ag teacht le b&eacute;im a leagann an P&aacute;pa Proinsias ar mhisean na heaglaise, bheith tugtha do mhachnamh ar chneastacht agus chine&aacute;ltacht &Iacute;osa agus an &iacute;omh&aacute; sin de a l&eacute;iri&uacute; don domhan.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: black;\">:<em>An Aidbhint agus gairm chun athr&uacute; crutha san Eaglais,<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; l&eacute;achta&iacute; an lae inniu ag teacht le gairm an Ph&aacute;pa Proinsias do athnuachan, athr&uacute; crutha mar a d&eacute;arf&aacute;, san eaglais. T&eacute;ann an ch&eacute;ad l&eacute;acht agus an l&eacute;acht sa soisc&eacute;al thar an tuiscint a bh&iacute; ann ina laethanta f&eacute;in faoin todhcha&iacute;. T&aacute; seo soil&eacute;ir &oacute;n ch&eacute;ad l&eacute;acht. Bh&iacute; Eoin Baiste ag glaoch ar dhaoine a bheith r&eacute;idh, le aithr&iacute;, toisc go raibh r&iacute;ocht na bhflaitheas, r&iacute;ocht D&eacute;, buailte leo, le teacht an T&eacute; a bh&iacute; le teacht ina dhiaidh. Chuaigh a d&uacute;irt agus a rinne &Iacute;osa i bhfad thar a mheas Eoin. Is &iacute; teachtairteacht Ph&oacute;il n&aacute; gur athr&uacute; crutha &iacute; an Chr&iacute;osta&iacute;ocht &ldquo;N&aacute; glacaig&iacute; le cruth an tsaoil seo, ach b&iacute;odh athr&uacute; crutha oraibh tr&iacute; athnuathan bhur n-intinne&rdquo;, athnuachan tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;, aontacht le Cr&iacute;ost, leis an eaglais agus a sacraimint&iacute;, ionas go mbeadh ar &aacute;r gcuma toil D&eacute; a aithint &ndash; sin go l&eacute;ir i gc&uacute;rsa&iacute; shaol na linne seo ina mhairimid, ag saothr&uacute; agus ag gu&iacute; ar son na heaglaise, go mbeadh si &aacute; h-athnuachan leis an l&uacute;ch&aacute;ir Chr&iacute;ostai agus gr&aacute; &Iacute;osa don domhan a chraobhscaoileadh.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4 Nollaig 2016 (A) Dara Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSCh A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-467","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/467","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=467"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/467\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=467"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=467"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=467"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}