{"id":469,"date":"2016-12-06T15:10:10","date_gmt":"2016-12-06T15:10:10","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=469"},"modified":"2016-12-06T15:10:10","modified_gmt":"2016-12-06T15:10:10","slug":"11-nollaig-2016-a-triu-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=469","title":{"rendered":"11 Nollaig 2016 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">11 Nollaig 2016 (A) Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Aidbhint<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: black;\"> <em>Cr&iacute;ost c&uacute;is &aacute;r n-&aacute;thais<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (&Iacute;se&aacute;ia 35:1-6, 10). <em>Is &eacute; Dia fein at&aacute; ag teacht do bhur sl&aacute;n&uacute;. <\/em>Leabhar toirti&uacute;il &eacute; leabhar an fh&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia le s&eacute; chaibidil is seasca. De ghn&aacute;th anois meastar go bhfuil tr&iacute; roinn ann, cumtha n&oacute; curtha le ch&eacute;ile i dtr&aacute;thanna &eacute;ags&uacute;la, mar seo: 1-39; 40-55; 56-66. Is sa ch&eacute;ad roinn, 1-39, a bheadh p&eacute; eolas at&aacute; le f&aacute;il faoin bhf&aacute;idh f&eacute;in, a bh&iacute; gn&iacute;omhach 740-700 roimh Chr&iacute;ost. &ldquo;Leabhar an tS&oacute;l&aacute;is&rdquo;, n&oacute; an Dara &Iacute;se&aacute;ia, a thugtar ar chaibidil 40-55, ina bhfuil f&aacute;idh agus file ag tabhairt uchta agus s&oacute;l&aacute;is do na deoraithe sa Bheabal&oacute;in, ag tuar filleadh ar a dt&iacute;r dhuchais agus r&eacute; nua ghl&oacute;rmhar d&oacute;ibh agus don d&uacute;lra f&eacute;in chomh maith. Ach t&aacute;thar d&rsquo;aon tuairim anois gur cuireadh an leabhar ioml&aacute;n seo i dtoll a ch&eacute;ile thar achar fada, agus go bhfuil codanna de roinn a haon n&iacute;os &oacute;ige n&aacute; r&eacute; an fh&aacute;idh f&eacute;in. Is f&iacute;or &eacute; seo ach go h&aacute;irithe faoi chaibideal 35, as a bhfuiil l&eacute;acht an lae inniu t&oacute;gtha. Baineann an c&uacute;lra agus na h-&iacute;omh&aacute;nna le r&eacute; an Dara &Iacute;se&aacute;ia agus filleadh na ndeoraithe go Iar&uacute;sail&eacute;im agus I&uacute;da. Ach cuid de na tairgngreachta&iacute; a bh&iacute; d&iacute;rithe ar na deoraithe de ch&eacute;aduair d&rsquo;fh&eacute;adfadh an tuar teacht f&uacute;thu n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le filleadh anois ar an dt&eacute;acs f&eacute;in: i dtosach b&aacute;ire tugtar cuireadh d&rsquo;&aacute;iteanna neamhthorth&uacute;la (d&iacute;treabh, f&aacute;sach, gaini&uacute;lach) rim&eacute;ad a bheith orthu, mar go bhfuilid le bheith faoi bhl&aacute;th, maise le bheith acu mar reigi&uacute;in go raibh ainm na h-&aacute;illeachta in airde acu (Lioban&oacute;n, Carmel, S&aacute;r&oacute;n). Ansin tugtar moladh uchtach a thabhairt do dhaoine faonlaga (na deoraithe ar an gc&eacute;ad dul s&iacute;os). T&aacute; a nDia ag teacht le hiad a shaoradh, a shl&aacute;n&uacute;. T&aacute; s&eacute; ag teacht lena naimhde a chlo&iacute;gh. Baintear &uacute;s&aacute;id anseo as na t&eacute;arma&iacute; &ldquo;d&iacute;oltas&rdquo; agus &ldquo;c&uacute;iteamh&rdquo; , ach anseo n&iacute; cos ar bolg at&aacute; i gceist. Ionann na t&eacute;arma&iacute; sin anseo agus &ldquo;sl&aacute;n&uacute;&rdquo; do phobal I&uacute;da sa deora&iacute;ocht.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina dhiaidh sin leanann na mior&uacute;ilt&iacute; a bheidh le teacht i r&eacute; nua seo an tsl&aacute;naithe: do na daoine dalla, bodhra, bacacha, balbha. D&rsquo;fh&eacute;adfadh siad sin seasamh do ch&eacute;ad l&eacute;itheoir&iacute; an t&eacute;acs mar fhigi&uacute;ir do na deoraithe sa Bheabal&oacute;in, a bheadh ag filleadh ar Shi&oacute;n, Iar&uacute;sail&eacute;im, faoi &aacute;thas, l&uacute;ch&aacute;ir, agus gairdeas.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach tiocfadh f&iacute;or&uacute; ceart na tairngreachta seo sa r&eacute; nua le h&Iacute;osa Cr&iacute;ost, a dh&eacute;anann tagairt neamhdh&iacute;reach don t&eacute;acs seo, i soisc&eacute;al an lae inniu, do na toscair&iacute; &oacute; Eoin Baiste.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 145[146]). <em>Tar, a Thiarna, d&aacute;r slan&uacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&eacute;amas 5:7-10). <em>N&aacute; b&iacute;odh drochmhisneach oraibh; is gearr go dtaga an Tiarna<\/em>. T&aacute; &eacute;ags&uacute;lacht mh&oacute;r &aacute;bhair i litir Sh&eacute;amais, le teagasc agus comharla&iacute; &eacute;ags&uacute;la.Tugann s&eacute; l&eacute;asadh teanga d&oacute;ibh si&uacute;d a fh&aacute;gann a gcuid oibrithe gan tuarastal. Bh&iacute; na daoine a scr&iacute;obhann s&eacute; chucu faoi bhr&uacute;nna &eacute;ags&uacute;la. Ag teacht go deireadh na litreach sa l&eacute;acht seo tugann s&eacute; comhairle a oirfeadh do bheagnach tr&aacute;th n&oacute; ch&uacute;inse ar bith de shaol an Chr&iacute;osta&iacute;: bheith foighneach, buanseasmhach. Labhra&iacute;onn s&eacute; faoi theacht an Tiarna, ach n&iacute;l s&eacute; soil&eacute;ir amach is amach an &eacute; Dia n&oacute; ateacht, T&eacute;arnamh, Chr&iacute;ost at&aacute; i gceist. Is d&oacute;cha go bhfuil na creidmhigh a scr&iacute;obhann s&eacute; chucu ag feithamh le ateacht Chr&iacute;ost. Tugann s&eacute; sampla a bheadh le f&aacute;il sna soisc&eacute;il faoi fheirmeoir. Comhairle eile a thugann s&eacute; n&aacute; gan bheth ag casaoid, ag troma&iacute;ocht, ar a ch&eacute;ile, ag tabhairt breithe ar a ch&eacute;ile &ndash; teagasc a bh&iacute; ag &Iacute;osa sna soisc&eacute;il chomh maith. Tugann s&eacute; sampla na bhf&aacute;ithe d&oacute;ibh faoi bheith foighneach, ach n&iacute; deireann s&eacute; go beacht cad t&aacute; i gceist aige. De r&eacute;ir traidisi&uacute;n na nGi&iacute;udach d&rsquo;fhulaing na f&aacute;ithe go l&eacute;ir g&eacute;arlean&uacute;int, ach seans gur foighne de shaghas eile at&aacute; in a aigne aige. Bh&iacute; na f&aacute;ithe ag s&uacute;il le f&iacute;oradh a dtairngreachta&iacute;, rud n&aacute;r tharla ina saol f&eacute;in. Bh&iacute; orthu foighne, creideamh, buanseasmhacht a bheith acu, tr&eacute;ith Chr&iacute;osta&iacute; ar a leagann an litir chuig na hEabhraigh b&eacute;im.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Matha 11:2-11). <em>An t&uacute; an t&eacute; at&aacute; le teacht n&oacute; an ceart d&uacute;inn bheith ag s&uacute;il le duine eile? <\/em>T&eacute;ann an l&eacute;acht seo go h&aacute;lainn mar chodarsnacht do shoisc&eacute;al an Domhnaigh se caite. Sa sliocht sin den soisc&eacute;al t&aacute; Eoin, r&eacute;amhtheachtaire an T&eacute; a bh&iacute; le teacht, ag f&oacute;gairt go mbeadh d&iacute;oltas ar pheacaigh &aacute; imirt le teacht an T&eacute; sin. A mhalairt ar fad maidir le h&Iacute;osa de, cara d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; san imeall agus ar fh&eacute;achadh orthu mar pheacaigh. Toisc gur ch&aacute;in Eoin Hear&oacute;d Antipas, teatrarc na Gail&iacute;le, cuireadh i bprios&uacute;n &eacute;&cedil; ach bh&iacute; deisceabail f&oacute;s aige. Ar chlos do ghn&iacute;omhartha &Iacute;osa d&oacute; th&aacute;inig amhras ar Eoin faoi &Iacute;osa, agus ba shin f&aacute;th na toscaireachta. Mar fhreagra thug &Iacute;osa sampla&iacute; d&aacute; ghn&iacute;omhartha f&eacute;in, ceann i ndiaidh a ch&eacute;ile, ar chomhl&iacute;onadh iad ar thairngreachta&iacute;, go m&oacute;r m&oacute;r iad sin an &Iacute;se&aacute;ia 35, a l&eacute;adh mar ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu, mar aon le h&aacute;iteana eile i leabhar &Iacute;se&aacute;ia chomh maith (26:19, na mairbh; 29:18, bodhr&aacute;in; 61:1, dea-sc&eacute;al do bhochta). Mhol &Iacute;osa Eoin Baiste go hard na sp&eacute;ire, f&aacute;idh a bh&iacute; tuartha i leabhar Malac&iacute; f&aacute;idh 3:1, ach d&eacute;anann s&eacute; idirdheal&uacute; glan idir an Seantiomna agus an Tiomna Nua, an r&eacute; nua. Sheas Eoin ag tairseach na r&eacute; nua, an Tiomna Nua. T&aacute; briseadh bun&uacute;sach idir r&eacute; Eoin agus an r&eacute; nua a thagann le h&Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><strong><em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:<\/em><\/strong><em> Cr&iacute;ost c&uacute;is &aacute;r n-&aacute;thais<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Go traidisi&uacute;nta tugadh Domhnach na l&uacute;ch&aacute;ire&rdquo;, Domhnach <em>Gaudete<\/em>, ar an tr&iacute;&uacute; Domhnach seo den Aidbhint toisc briathra tosaigh na Loinneoige don Iontr&oacute;id: &ldquo;B&iacute;g&iacute; l&uacute;ch&aacute;ireach i gc&oacute;na&iacute;; b&iacute;odh l&uacute;chair oraibh mar n&iacute; fada uainn an Tiarna&rdquo; (&ldquo;at&aacute; an Tighearna i gcomhgar&rdquo;; De Si&uacute;nta), Bun&uacute;s don l&uacute;ch&aacute;ir, don &aacute;thas, i sli is ea c&oacute;ngaracht, gaireacht, an Tiarna. Measann daoine &aacute;irithe gur c&oacute;ngaracht ateachta, T&eacute;arnaimh, Chr&iacute;ost sa <em>parousia<\/em> at&aacute; i gceist ag P&oacute;l anseo, c&eacute; nach gcreidim gurb&rsquo;ea. Ar aon chuma n&iacute; ar ateacht, filleadh, Chr&iacute;ost at&aacute; an l&uacute;ch&aacute;ir, an t-&aacute;thas, Cr&iacute;osta&iacute; bunaithe. Is bronntanas &oacute; Chr&iacute;ost &iacute;, maraon leis an ts&iacute;och&aacute;in. Bronntanas an l&uacute;ch&aacute;ir, an t-&aacute;thas seo nach f&eacute;idir le haoinne t&oacute;gaint &oacute; Chr&iacute;ostaithe (Eoin 16:22). Ba thoil le Cr&iacute;ost go mbeadh a l&uacute;ch&aacute;ir f&eacute;in go hioml&aacute;n iontu (Eoin 17:13). Mhol Cr&iacute;ost l&uacute;chair a bheith ar a lucht lean&uacute;na in am g&eacute;arlean&uacute;na ar a shon, agus b&rsquo;amhlaidh a bh&iacute; ag P&oacute;l agus Cr&iacute;ostaithe eile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;fh&eacute;adfadh sin bheith r&oacute;-theoirici&uacute;il agus gan baint le c&uacute;rsa&iacute; an lae inniu, ach n&iacute; mar sin at&aacute;. M&aacute;s bronntanas &oacute; Dhia an l&uacute;ch&aacute;ir agus an t-&aacute;thas sin, beidh siad ag feidhmi&uacute; i ghn&aacute;th-shaol an chreidmhigh. T&aacute; scannail agus laig&iacute; san eaglais, ach leigheasfar iad tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;. An t&eacute; nach bhfuil l&uacute;ch&aacute;ireach agus &aacute;thasach, sona, t&aacute; s&eacute; n&oacute; s&iacute; gruama. B&iacute;onn daoine l&uacute;ch&aacute;ireach ag tabhairt taca&iacute;ochta d&aacute; bhf&oacute;ireann i gcluich&iacute;, agus m&aacute; cailleann an fhoireann n&iacute; bh&iacute;onn siad naimhdeach don fhreas&uacute;ra, le tusicint nach bhfuil ann ach cluiche. Sin bua na l&uacute;ch&aacute;ire agus na s&iacute;och&aacute;na. B&iacute;onn l&uacute;ch&aacute;ir, sonas, ann i gcraic agus gceol. Agus fi&uacute; in am na hainnise agus triobl&oacute;ide b&iacute;onn d&oacute;chas i nDia, mar gur gaire cabhair D&eacute; n&aacute; an doras. Sin ceacht an Domhnaigh seo: B&iacute;odh l&uacute;ch&aacute;ir oraibh, mar n&iacute; fada uainn an Tiarna.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>11 Nollaig 2016 (A) Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-469","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/469","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=469"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/469\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=469"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=469"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=469"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}