{"id":471,"date":"2016-12-13T19:11:43","date_gmt":"2016-12-13T19:11:43","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=471"},"modified":"2016-12-13T19:11:43","modified_gmt":"2016-12-13T19:11:43","slug":"18-nollaig-2016-a-ceathru-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=471","title":{"rendered":"18 Nollaig 2016 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">18 Nollaig 2016 (A) Ceathr&uacute; Domhnach den Aidbhint<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: black;\"> <i>Emmanu&eacute;l: T&aacute; Dia (agus Cr&iacute;ost) linn de sh&iacute;or.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (&Iacute;se&aacute;ia 7:10-14). <i>T&aacute; an &oacute;gbhean ag iompar. <\/i>T&aacute; an sliocht seo tofa le dul le soisc&eacute;al an Domhnaigh seo faoi bhreith &Iacute;osa &oacute;n Mhaighdean Mhuire, &aacute;it ina bhfuil an fh&aacute;istine luaite. T&aacute; c&uacute;lra an tsleachta, agus na f&aacute;istine t&aacute;bhachta&iacute; seo tugtha i leabhar an fh&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia f&eacute;in agus is fi&uacute; &eacute; a mheabhr&uacute;. T&aacute;imid in Iar&uacute;sail&eacute;im, i r&iacute;ocht I&uacute;da, thart ar an mbliain 735 roimh Chr&iacute;ost. T&aacute; impireacht na hAsa&iacute;re (le l&aacute;rionad in Ninive, l&aacute;imh le Mosul an lae inniu) ag br&uacute; siar le mion-st&aacute;it na Pailist&iacute;ne agus an cheantair m&aacute;guaird a chur den fh&oacute;d agus a shlogadh isteach san impireacht mh&oacute;r. Ceann de na st&aacute;it sin St&aacute;t Iosrael an Tuaiscirt. Bh&iacute; comhghuaill&iacute;ocht bunaithe idir Iosrael, an Damaisc agus st&aacute;it eile le seasamh in gcoinne na hAsa&iacute;re agus bh&iacute; iarracht &aacute; d&eacute;anamh acu R&iacute;ocht Dh&aacute;iv&iacute; (I&uacute;da) a thabhairt isteach leo, agus d&aacute; mba g&aacute; leis sin, an r&iacute; reatha Achaz a chuir d&aacute; r&iacute;chathaoir agus r&iacute; soip a chur ina ionad. Is ansin a d&uacute;irt Dia leis an bhf&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia dul chuig Achaz lena r&aacute; leis fan&uacute;int glan amach &oacute;n gcomhghuaill&iacute;ocht. Bh&iacute; conradh faoi leith idir teaghlach Dh&aacute;iv&iacute; agus Dia. Tabharfadh Dia comhartha d&aacute; rogha do Achaz lena dheimhni&uacute; d&oacute; go raibh coimirce D&eacute; aige. Thug Achaz, an R&iacute; D&aacute;iv&iacute;och, an t-eiteachas do thairiscint an fh&aacute;idh, agus mar fhreagra ar sin rinne &Iacute;se&aacute;ia an fh&aacute;istine seo. In ionad an chomhartha d&aacute;r dhi&uacute;ltaigh comharba Dh&aacute;ivi Achaz tabharfaidh Dia f&eacute;in comhartha. T&aacute; &oacute;gbhean &eacute;igin torrach, ag iompar clainne, agus saol&oacute;far mac di agus tabharfaidh s&iacute; Emmanu&eacute;l, is &eacute; sin le r&aacute; (as Eabhrais) &ldquo;T&aacute; Dia linn&rdquo;, mar ainm air. Beidh an leanbh seo ina chomhartha go bhfuil, agus go mbeadh, sliocht agus comharbacht Dh&aacute;iv&iacute; sl&aacute;n. Comhartha do Achaz sa ch&eacute;ad dul s&iacute;os an m&eacute;id sin, agus dealra&iacute;onn s&eacute; gurb bhean ch&eacute;ile le Achaz r&iacute; an &oacute;gbhean. Ach f&aacute;istine shol&uacute;nta faoi theaghlach Dh&aacute;iv&iacute; agus a thodhcha&iacute; a bh&iacute; ann, nach raibh teoranta do n&oacute;im&eacute;ad sin na staire, agus amhail na tairngreachta&iacute; eile a bhain le teaghlach Dh&aacute;iv&iacute; d&eacute;anfa&iacute; an ceann seo a chomhl&iacute;onadh ag Dia ina am tr&aacute;th f&eacute;in. D&rsquo;aistrigh an t&eacute;acs Gr&eacute;igise an focal Eabhraise ar &ldquo;&oacute;gbhean&rdquo; mar &ldquo;maighdean&rdquo;, &ldquo;ogh&rdquo;, agus comhl&iacute;onadh an fh&aacute;istine nuair a gineadh &Iacute;osa i mbroin Mhuire Maighdean, mar a d&eacute;arfar i soisceal an lae inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Salm 23[24]). <i>Tagadh an Tiarna isteach! Is &eacute; R&iacute; na gl&oacute;ire &eacute;.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (R&oacute;mh&aacute;naigh 1:1-7). <i>&Iacute;osa Cr&iacute;ost, de shliocht Dh&aacute;iv&iacute;, Mac D&eacute;. <\/i>Is &iacute; an litir chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh an ceann is d&eacute;ana&iacute; de litreacha Phoil at&aacute; againn. Litreacha eile Ph&oacute;il is chuig eaglais&iacute; a bhunaigh s&eacute; f&eacute;in iad. N&iacute; raibh aon bhaint ag P&oacute;l le bun&uacute; na hEaglaise sa Roimh, a thosaigh go luath, is d&oacute;cha, ag Cr&iacute;ostaithe agus misin&eacute;ir&iacute; a th&aacute;inig &oacute;n Phailistin agus &oacute; Ant&iacute;oc. Le teacht chun deiridh a shaothair san Oirthear chinn P&oacute;l a aghaidh a thabhairt ar an R&oacute;imh agus an Iarthar, agus b&iacute;odh go mbeadh aithne air cheana tr&iacute; chlostr&aacute;cht, insint bh&eacute;il, cuireann s&eacute; &eacute; f&eacute;in in aithne d&oacute;ibh anois ag t&uacute;s na litreach seo. R&eacute;amhr&aacute; sol&uacute;nta at&aacute; ann ina bhfuil roinnt luath-chr&eacute;anna creidimh. Cuireann P&oacute;l &eacute; f&eacute;in in aithne mar aspal glaoite go speisialta ag Dia leis an Dea-sc&eacute;al a fhogairt do ch&aacute;ch. Agus in Eaglais na R&oacute;imhe bh&iacute; idir Gi&uacute;daigh agus neamh-Ghi&uacute;daigh. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar an Dea-Sc&eacute;al seo, tuartha roimh r&eacute; ag na f&aacute;ithe. Is faoi Mhac D&eacute;, an Tiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost, an Dea-Sc&eacute;al sin. Bh&iacute; &Iacute;osa ina Mhac D&eacute; le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dh&aacute;iv&iacute;, agus ina Mhac D&eacute; le cumhacht ag a ais&eacute;ir&iacute;, agus le spiorad na naofachta. Is &oacute;n &Iacute;osa gl&oacute;rmhar sin a fuair P&oacute;l gr&aacute;sta an aspail le &ldquo;g&eacute;illsine an chreidimh&rdquo; a leathadh i measc na n&aacute;isi&uacute;n uile, is &eacute; sin le r&aacute; tabhairt ar chreidmhigh a mbeatha go l&eacute;ir a thiomn&uacute; do Dhia agus maireacht&aacute;il de r&eacute;ir thoil D&eacute; mar a leir&iacute;tear sa Dea-Sc&eacute;al, sa Soisc&eacute;al. Ionann an gh&eacute;illsine seo agus bheith i bpairt le h&Iacute;osa Cr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Matha 1:18-25). <i>Rugadh &Iacute;osa &oacute; Mhuire a bh&iacute; luaite le Iosaef, mac Dh&aacute;iv&iacute;. <\/i>Is &iacute; is aidhm don l&eacute;acht seo i shoisc&eacute;al Mhatha n&aacute; a l&eacute;iri&uacute; go raibh gini&uacute;int mhaighdean&uacute;il ag &Iacute;osa. N&iacute;orbh &eacute; I&oacute;saef a athair; n&iacute; raibh aon athair saolta aige. Sa l&eacute;acht seo tugtar i dtosach b&aacute;ire an c&uacute;lra do l&eacute;iri&uacute; na r&uacute;ndiamhaire. Bh&iacute; Muire geallta, luaite i gcleamhnas, le I&oacute;saef. B&rsquo;ionann sin agus an p&oacute;sadh fein nach bhf&eacute;adfa&iacute; a scaoileadh ach le colscaradh foirme&aacute;lta. B&rsquo;ionann gabh&aacute;il gine ann n&aacute;rbh &oacute;n fhear ch&eacute;ile agus adhaltrannas, leis an pion&oacute;s a ghabh leis sin. Mar sin tuigtear c&aacute;s I&oacute;saef. Mar dhuine c&oacute;ir, ionraic, f&iacute;r&eacute;anta n&iacute; fh&eacute;adfadh s&eacute; glacadh le leanbh narbh uaidh &eacute;. Ach thabharfadh colscaradh poibl&iacute; m&iacute;chl&uacute; ar Mhuire. Is ansin a th&aacute;inig an teachtaireacht &oacute; neamh isteach sa sc&eacute;al. Labhra&iacute;onn an t-aingeal le Iosaef mar &ldquo;Mhac Dhaivi&rdquo;. Mac Dh&aacute;iv&iacute; a bheidh i mac Mhuire chomh maith, le &ldquo;&Iacute;osa&rdquo; mar ainm air. Ionann an t-ainm sin &Iacute;osa agus &ldquo;Sl&aacute;naitheoir&rdquo;. Bh&iacute; Gi&uacute;daigh eile ag feitheamh le mac Dh&aacute;iv&iacute; mar shl&aacute;naitheoir m&iacute;leata n&oacute; mar mh&uacute;inteoir ar Dhl&iacute; Mhaois. Ach sl&aacute;naitheoir &oacute; pheaca&iacute; an phobail a bheadh in &Iacute;osa, agus ag f&iacute;or&uacute; na f&aacute;istine go mbeadh Emmanu&eacute;l mar ainm air, sin le r&aacute; &ldquo;T&aacute;-Dia-linn&rdquo;. Ag a ghini&uacute;int agus &eacute; ag f&aacute;gaint sl&aacute;n ag a chuid deisceabal f&oacute;gra&iacute;tear &Iacute;osa mar Ime&aacute;n&uacute;&eacute;il: &ldquo;Agus f&eacute;ach, t&aacute;im in e&iacute;neacht libh i gc&oacute;na&iacute; go deireadh an tsaoil&rdquo; . Thug I&oacute;saef a bhean ch&eacute;ile Muire in aont&iacute;os leis, agus deir Matha nach raibh caidreamh colla&iacute; aige lei (&ldquo;n&iacute; raibh cuid aige di&rdquo;) go rug s&iacute; mac. N&iacute; hionann sin is a r&aacute; go raibh ina dhiaidh sin. Cuid de theagasc na hEaglaise Caitlic&iacute; n&aacute; maighdeanas s&iacute;ora&iacute; Mhuire &ndash; roimh bhreith Chr&iacute;ost agus ina diaidh.<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b><i>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/i><\/b><i>Ime&aacute;n&uacute;&eacute;il: T&aacute; Dia (agus Cr&iacute;ost) linn de sh&iacute;or.<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&Aacute;bhar domhainmhachnaimh d&uacute;inn an teideal sin a tugadh do Mhac Dh&aacute;iv&iacute; i bhf&aacute;istine &Iacute;se&aacute;ia, agus a luaitear aris ag Matha nuair a gineadh &Iacute;osa: &ldquo;Bh&eacute;arfar Ime&aacute;n&uacute;&eacute;il mar ainm air&rdquo;. Mheabhraigh &Iacute;osa gur mar sin a bheadh ar feadh na staire ag a lucht lean&uacute;na: &ldquo;Beidh m&eacute; in &eacute;ineacht libh i gc&oacute;nai go deireadh an tsaoil&rdquo;. D&uacute;irt &Iacute;osa an rud c&eacute;anna lena dheisceabail le linn d&oacute; bheith leo, go m&oacute;r m&oacute;r le Peadar &ndash; i Muir na Gail&iacute;le, ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach nuair a d&uacute;irt &Iacute;osa go raibh S&aacute;tan ag iarraidh deis a fh&aacute;il na deisceabail a chriathradh mar an arbhair, ach go raibh &Iacute;osa f&eacute;in ag gu&iacute; ar son Pheadair nach gcliseadh a chreideamh agus go nd&eacute;anfadh s&eacute; daingean a bhr&aacute;ithre.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; bheith &ldquo;in &eacute;ineacht&rdquo; de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la ann, faoi mar at&aacute; deacrachta&iacute; agus cathaithe de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la ann. Ina aitheasc sl&aacute;in sa Suip&eacute;ar D&eacute;anach leag &Iacute;osa b&eacute;im ar na deacrachta&iacute; a bheadh ag na deisceabail tar &eacute;is imeachta d&oacute; i domhan a bheadh naimhdeach do gach ar sheas s&eacute; d&oacute;. Nuair a bh&iacute; s&eacute; lena chuid ar talamh bh&iacute; s&eacute; mar pharacl&eacute;id, mar abhcoide, mar chosant&oacute;ir, acu ag daingni&uacute; a r&uacute;in bheith d&iacute;lis d&oacute;. D&uacute;irt s&eacute; go raibh s&eacute; le paracl&eacute;id eile a sheoladh chucu tar &eacute;is imeachta d&oacute;, an Spiorad Naomh, a dh&eacute;anfadh deimhin iad go raibh an bua ag &Iacute;osa tr&iacute;na bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; ar na naimhne sin, agus tr&iacute; ghr&aacute;sta agus chabhair an Spioraid Naoim i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an go mbeadh an bua leo go deo. Seo l&aacute;ithreacht bhuan Chriost linn. T&aacute; s&eacute; linn mar Ime&aacute;n&uacute;&eacute;il i sl&iacute;te eile chomh maith &ndash; sna sacraimint&iacute; agus gach uair a l&eacute;itear sliocht as an Scriopt&uacute;r sa liot&uacute;irge. Tuigeann &aacute;r muintir br&iacute; an fhocail sin &ldquo;Ime&aacute;n&uacute;&eacute;il&rdquo; nuair a deireann siad: &ldquo;Is gaire cabhair D&eacute; n&aacute; an doras&rdquo;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>18 Nollaig 2016 (A) Ceathr&uacute; Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-471","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/471","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=471"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/471\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=471"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=471"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=471"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}