{"id":475,"date":"2016-12-20T12:46:38","date_gmt":"2016-12-20T12:46:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=475"},"modified":"2016-12-20T12:46:38","modified_gmt":"2016-12-20T12:46:38","slug":"1-eanair-2017-a-solluntas-mhuire-beannaithe-mathair-de","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=475","title":{"rendered":"1 Ean\u00e1ir 2017 (A). Soll\u00fantas Mhuire Beannaithe M\u00e1thair D\u00e9"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">1 Ean&aacute;ir 2017 (A). Soll&uacute;ntas Mhuire Beannaithe M&aacute;thair D&eacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">L&aacute; Domhanda don tS&iacute;och&aacute;in<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. <b><i>An B&iacute;obla: Machnamh. <\/i><\/b><i>Maith and Bhean &iacute; Muire Mh&oacute;r<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha Chr&iacute;osta&iacute; (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Leabhar na nUimhreacha 6:22-27). <i>Gairmid&iacute;s m&rsquo;ainm ar chlann Iosrael, agus cuirfidh m&eacute; mo bheannacht orthu. <\/i>Tugtar &ldquo;An Bheannacht Shagart&uacute;il&rdquo; ar an dt&eacute;acs seo, an mh&iacute;r den leabhar seo ar a bhfuil an t-eolas is m&oacute; uirthi. Beannacht &iacute; a raibh na sagairt, clannmhac &Aacute;r&oacute;n, le gairm ar phobal Iosrael. I Leabhar na nUimhreacha, d&aacute;ir&iacute;re, t&aacute; an mh&iacute;r gan chomhth&eacute;acs, agus da bharr sin oireann s&iacute; do &oacute;c&aacute;id&iacute; iomad&uacute;la. T&aacute; an mh&iacute;r cumtha go heala&iacute;onta. Sa bhunt&eacute;acs Eabhraise t&aacute; gach line, a bhfuil Dia mar ainmn&iacute; ann, n&iacute;os faide n&aacute; an line roimhe (le tr&iacute;, c&uacute;ig, seacht bhfocail Eabhraise). T&aacute; beannachta&iacute; d&aacute; leith&eacute;id le f&aacute;il in &aacute;iteanna eile sa Bh&iacute;obla, mar shampla Salm 66(67), an Salm le Freagra inniu, agus Salm 120(121):7-8. Is fianaise na s&eacute; bhriathar san urna&iacute; do ghn&iacute;omha&iacute;ocht chaoin D&eacute; i leith a phobail, agus sin i modhanna &eacute;ags&uacute;la. An t&eacute;arma &ldquo;Beannacht&rdquo; sa mh&iacute;r seo agus in &aacute;iteanna eile sa Bh&iacute;obla, t&aacute; s&eacute; trom le br&iacute;, go bun&uacute;sach ag cur in i&uacute;l saothar D&eacute; mar Chruthaitheoir i leith a phobail agus taobh amuigh de, ag cur an bh&eacute;im ar choimirce D&eacute; ar gach uile olc. T&aacute; tagairt ann do ghn&uacute;is D&eacute;, focal at&aacute; com&oacute;nta sa tSeantiomna, go h&aacute;irthe sna Sailm. Ionann lonradh, nochtadh, taitneamh, gn&uacute;ise D&eacute; agus Dia a bheith caoin, fabhrach; a mhalairt ar fad a ghn&uacute;is a cheilt, a choimirce a tharraingt siar. T&aacute; tagairt sa bh&uacute;nt&eacute;acs chomh maith ar &ldquo;a ghn&uacute;is a th&oacute;gaint, a ard&uacute;&rdquo; (&ldquo;a nochtadh&rdquo; i roinnt mhaith aistri&uacute;ch&aacute;n ), ionann sin agus gabh&aacute;il fabhrach i leith duine, agus sa t&eacute;acs seo ag bronnadh s&iacute;och&aacute;na, leis an mbri shaibhir at&aacute; ag an focal Eabhrach sin, <i>seal&oacute;m, <\/i>rath agus l&aacute;ine na beatha sa saol seo, agus sin de r&eacute;ir thoil D&eacute;. Ainm D&eacute; at&aacute; le gairm ar chlann Iosrael, ionann sin agus Dia f&eacute;in, tobar le gach beannacht agus rath.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Oireann an l&eacute;acht seo do fh&eacute;ile an lae inniu go h&aacute;lainn. Chuir Dia a bheannacht ar a phobal, agus rinne a ghn&uacute;is a lonradh orthu tr&iacute;na Mhac &Iacute;osa, agus i Muire Mathair D&eacute;. Oireanan s&eacute; chomh maith do urna&iacute; do L&aacute; Domhanda don s&iacute;och&aacute;in, ag t&uacute;s seo na bliana, nuair is fada uathu an ts&iacute;och&aacute;in do a l&aacute;n &aacute;iteanna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black; text-transform: uppercase;\">A<\/span><\/i><i><span style=\"color: black;\">n Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Galataigh 4:4-7). <i>Sheol Dia ar an saol a Mhac a rugadh &oacute; bhean. <\/i>Glactar leis ag scol&aacute;ir&iacute; an Bh&iacute;obla go bhfuil againn sa t&eacute;acs seo ceann de na r&aacute;itis is saibhre &oacute; Ph&oacute;l ar an tuiscint faoi Chr&iacute;ost. Seans gur m&iacute;r r&eacute;amh-Phol&iacute;neach &eacute; a mh&uacute;nlaigh P&oacute;l da aidhmeanna f&eacute;in. Sa litir seo chuig na Galataigh t&aacute; roinnt ruda&iacute; di&uacute;ltacha r&aacute;ite ag P&oacute;l faoi Dhl&iacute; Mhaois. Saghas c&oacute;dfhocal a bh&iacute; sna t&eacute;arma&iacute; sin do ch&oacute;ras beatha agus dli Mhaois ar chuir Cr&iacute;ost agus teacht an Spioraid Naoimh cr&iacute;och leis. Bh&iacute; an c&oacute;ras sin i r&eacute;im go dt&iacute; &ldquo;an uair a bh&iacute; ceaptha&rdquo; ag Dia, an t-am a raibh an comhl&iacute;onadh le teacht de r&eacute;ir an phlean a bh&iacute; ceaptha ag Dia. Mar ullmh&uacute;ch&aacute;n d&oacute; sin, bh&iacute; a chuid f&aacute;ithe seolta amach ag Dia ar a phobal Iosrael. Ag teacht leis an bplean sin, anois &ldquo;ag an am caoi&rdquo; sheol s&eacute; a Mhac f&eacute;in, in ioml&aacute;ine a dhaonnachta, a rugadh &oacute; bhean, a rugadh faoi Dhl&iacute; Mhaois, a bh&iacute; f&oacute;s i r&eacute;im. Ag an mbuaicphointe seo i stair an tsl&aacute;naithe, i l&aacute;r baill t&aacute; an bhean Muire, m&aacute;thair an tSl&aacute;naitheora, rud a l&eacute;ir&iacute;onn an gradam at&aacute; aici. Rugadh &Iacute;osa faoin Dl&iacute;, agus ag teacht le for&aacute;lacha an Dl&iacute; timpeallghearradh &eacute; ar an ocht&uacute; l&aacute; tar &eacute;is a bhreithe, agus tugadh &Iacute;osa mar ainm air. D&eacute;anann sin an l&eacute;acht seo oiri&uacute;nach do fh&eacute;ile seo ocht&aacute;ibh na Nollag, ocht&aacute;ibh Bhreith Chr&iacute;ost. Tugann deireadh na l&eacute;achta le fios d&uacute;inn an f&aacute;th ar rugadh &Iacute;osa faoin Dl&iacute; mar Mhac, mar leanbh an Dl&iacute;. Is &iacute; an aidhm a bhi leis n&aacute; dispeans&aacute;id, r&eacute;, nua a thabhairt isteach, chun an sl&aacute;n&uacute; a shol&aacute;thair d&oacute;ibh sin faoin Dl&iacute; (Gi&uacute;daigh) agus iad sin taobh amuigh, do chach leis an gradam a thabhairt doibh bheith ina gclann mhac agus clann in&iacute;onacha D&eacute;. D&eacute;antar sin d&iacute;obh, agus dinn gi l&eacute;ir, le bronntanas an Spioraid Naoimh ina gcro&iacute;the le hiad a dh&eacute;anamh feasach gur clann D&eacute; iad agus d&aacute; bharr sin glaoch ar Dhia mar athair d&iacute;reach mar a rinne &Iacute;osa f&eacute;in ar talamh d&oacute;, leis na briathra &ldquo;Abba a Athair&rdquo;, <i>Abba <\/i>an focal Aramaise ar athair, t&eacute;arma ar bhain &Iacute;osa f&eacute;in &uacute;s&aacute;id as. Agus mar chlann D&eacute; is oidhr&iacute; tr&iacute; altramacht don bheatha sh&iacute;ora&iacute; chreidmhigh, comhoidhr&iacute; le Cr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Soisc&eacute;al<\/span><span style=\"color: black;\"> <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s :16-21). <i>Fuaireadar Muire agus I&oacute;saef agus an nao&iacute;n&aacute;n &hellip; Nuair a bh&iacute; ocht l&aacute; caite tugadh &Iacute;osa mar ainm air.<\/i> Leis an l&eacute;acht seo t&aacute;imid f&oacute;s in atmasfaer na Nollag. T&aacute; an teaghlach Naofa againn, a fhaigheann na haoir&iacute;, agus ionadh orthu, agus t&eacute;ann siad amach le bheith ina misin&eacute;ir&iacute; don Dea-sc&eacute;al do dhaoine eile, ar ch&uacute;is mh&oacute;r-&aacute;thais d&oacute;ibh &eacute;. Cuirtear os &aacute;r gc&oacute;mhair Muire a thaisc ina a croi na nithe sin uile faoi r&uacute;ndiamhair bhreith a Mic, mar a dh&eacute;anfaidh s&iacute; ar&iacute;s sa Teampall, nuair a theip uirthi f&eacute;in agus ar Iosaef briathra &Iacute;osa a thuiscint gur ch&oacute;ir d&oacute; a bheith ag tabhairt aire do ghn&oacute; a Athar (L&uacute;c&aacute;s 2:50-51). N&iacute; raibh Muire tagaithe go f&oacute;ill ar thuiscint ioml&aacute;n ar r&uacute;ndiamhair a Mic &Iacute;osa agus ar lean as. Luigh a m&oacute;rgacht sa mh&eacute;id seo, gur ghlac s&iacute; go humhal leis an &aacute;it a bh&iacute; aici i bhfoilsi&uacute; na r&uacute;ndiamhaire a bh&iacute; ina Mac Iosa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. <b><i>An B&iacute;obla: <\/i><\/b><i>Machnamh<b>. Maith and Bhean &iacute; Muire Mh&oacute;r<\/b><\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">I rith tr&aacute;th na Nollag bh&iacute; an bh&eacute;im go l&eacute;ir in &Iacute;osa, a bhreith agus l&uacute;ch&aacute;ir na h&oacute;c&aacute;ide sin a fh&oacute;gair na haingil. I soll&uacute;ntas an lae inniu, ocht&aacute;ibh na Nollag, d&iacute;r&iacute;onn an Eaglais &aacute;r n-aire ar Muire, m&aacute;thair &Iacute;osa, Naomh-Mh&aacute;thair D&eacute;. Rinne Muire f&eacute;in a umhla&iacute;ocht a chur in i&uacute;l. Mh&oacute;raigh s&iacute; an Tiarna a dhearc le fabhar ar &iacute;sle a bhanoglaigh. Dhearbhaigh a bhean ghaoil Eiliosaibeit go raibh s&iacute; beannaithe thar mn&aacute; toisc gur chreid s&iacute;. Agus labhair bean as l&aacute;r an tslua agus d&uacute;irt faoi &Iacute;osa agus a mh&aacute;thair: &ldquo;Is m&eacute;aner don bhroinn a rinne th&uacute; a iompar&rdquo;. Bh&iacute; Muire beannaithe ag teachtaireacht an aingil agus ag breith shl&aacute;naitheoir an chine dhaonna, a rugadh &oacute; bhean, mar a d&uacute;irt P&oacute;l. Thaisc s&iacute; ina croi na ruda&iacute; a d&uacute;radh lei maidir lena Mac, agus na briathra a d&uacute;irt a Mac lei n&aacute;r thuig s&iacute; i gceart. Mhair s&iacute;, d&rsquo;fhulaing s&iacute; agus bh&iacute; l&uacute;ch&aacute;ir uirthi toisc an dl&uacute;thbhaint a bhi aici leis an r&uacute;ndiamhair arb &eacute; a Mac f&eacute;in &iacute;. Is eiseaml&aacute;ir &iacute; den deisceabal d&iacute;lis agus eisesaml&aacute;ir do gach creidhmheach.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>1 Ean&aacute;ir 2017 (A). Soll&uacute;ntas Mhuire Beannaithe M&aacute;thair D&eacute; L&aacute; Domhanda don tS&iacute;och&aacute;in Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-475","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/475","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=475"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/475\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=475"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=475"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=475"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}