{"id":477,"date":"2016-12-20T12:48:28","date_gmt":"2016-12-20T12:48:28","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=477"},"modified":"2016-12-20T12:48:28","modified_gmt":"2016-12-20T12:48:28","slug":"8-eanair-2017-a-feile-bhaiste-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=477","title":{"rendered":"8 Ean\u00e1ir 2017 (A) F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">8 Ean&aacute;ir 2017 (A) F&eacute;ile Bhaiste &Aacute;r dTiarna<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>An Baisteadh agus an Spiorad&aacute;ltacht Chr&iacute;osta&iacute;. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte<\/i><\/span>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(<\/span><span style=\"color: black;\">&Iacute;se&aacute;ia 42:1-4, 6-7). <i>Seo &eacute; mo shearbh&oacute;nta a bhfuil p&aacute;irt mo chl&eacute;ibhe ann. <\/i>Seo &eacute; an ch&eacute;ad cheann de cheithre amhr&aacute;in &ldquo;Ghiolla an Tiarna&rdquo;. (Is iad na cinn eile n&aacute; 49:1-6; 50:4-9, n&oacute; 4-11; 52:13-53:12.) Labhra&iacute;onn an t&eacute;acs seo faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an f&aacute;idh searbh&oacute;nta (giolla), giolla ar ion&uacute;in le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire b&iacute;obalta t&aacute; cumhacht Spiorad D&eacute; faighte aige. Labhra&iacute;onn an t&eacute;acs faoi n&aacute;d&uacute;r an ghiolla. T&aacute; s&eacute; s&eacute;imh, ach d&iacute;lis don mhisean at&aacute; faighte aige go dt&iacute; go mbeidh toradh air. Taca&iacute;onn Dia leis leis an misean at&aacute; aige a thabhairt chun cr&iacute;che. Cheap Dia &eacute; mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhr&uacute; d&oacute;ibh. Ach beidh s&eacute; mar sholas do na cin&iacute;oca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. D&eacute;anfaidh s&eacute; na cim&iacute; a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibeal&oacute;in at&aacute; amhail is a bheith sa dorchadas. Ceist a eascra&iacute;onn go h&eacute;asca as seo n&aacute; c&eacute;rb &eacute; an searbh&oacute;nta, an giolla, in aigne an fh&aacute;idh a chum an t&eacute;acs &aacute;lainn seo a ch&eacute;aduair. T&aacute; &eacute;agsulacht tuairm&iacute; ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael id&eacute;alach, duine eigin den Seantiomna ann roimh n&oacute; i ndiaidh aimsir fh&aacute;idh\/&uacute;dar an t&eacute;acs seo, n&oacute; fi&uacute; an f&aacute;idh\/&uacute;dar an t&eacute;acs &eacute; f&eacute;in. F&aacute;gtar an giolla, an searbh&oacute;nta, gan ainm, le haithne a chur air &oacute;n phearsantacht faoi leith at&aacute; aige, &oacute;na mhisean, &oacute; faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta &eacute;, &oacute;n ghaol faoi leith at&aacute; aige le Dia. D&rsquo;fh&eacute;adfadh an giolla, a phearsa agus an misean at&aacute; aige seasamh mar eiseaml&aacute;ir do Iosrael, pobal tofa D&eacute; le misean domhanda, n&oacute; seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhl&iacute;onfar an fh&aacute;istine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dh&eacute;anamh, agus rinneadh sin tr&iacute; Mhac D&eacute;, &Iacute;osa Cr&iacute;ost, mar is l&eacute;ir &oacute; Bhaisteadh &Iacute;osa nuair a ungadh &eacute; leis an Spiorad, agus nuair a th&aacute;inig an guth &oacute;na flaithis le t&eacute;acs &Iacute;se&aacute;ia (ach ag labhairt ar &ldquo;Mhac&rdquo; seachas &ldquo;ghiolla&rdquo;) ag f&oacute;gairt go raibh f&aacute;istine &Iacute;se&aacute;ia comhl&iacute;onta in &Iacute;osa.<\/span><i><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 28[29]). <i>Beann&oacute;idh an Tiarna a phobal le s&iacute;och&aacute;in.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Gn&iacute;omhthartha na nAspal 10:34-38). <i>Rinne Dia &eacute; a ungadh leis an Spiorad Naomh.<\/i> An su&iacute;omh don sliocht seo i nGn&iacute;omhthartha na nAspal n&aacute; an &oacute;c&aacute;id ina d&uacute;irt an Spiorad Naomh le Peadar dul go teach Coirn&eacute;ilias, taoiseach c&eacute;ad pag&aacute;nach, agus an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gairt d&oacute;. Go dt&iacute; sin ba de bhunadh Gi&uacute;dach ar fad baill na hEaglaise. De bharr ad&uacute;irt an Spiorad Naomh leis, thuig Peadar gur do gach aoinne Gi&uacute;dach agus pag&aacute;nach an Dea-Sc&eacute;al agus leagann s&eacute; b&eacute;im ar seo ina aitheasc don taoiseach c&eacute;ad Coirn&eacute;ilias agus a theaghlach. Tugann Peadar achoimre de theachtaireacht an tSoisc&eacute;il, ag cur t&uacute;s leis, mar ba ghn&aacute;thach i luath-sheanm&oacute;ireacht na hEaglaise, le saothar agus Baisteadh Eoin Baiste. B&iacute;odh nach d&eacute;anann s&eacute; baisteadh &Iacute;osa a lua go dearfa, t&aacute; s&eacute; iontuigthe &oacute;na deir s&eacute; faoi ungadh Chr&iacute;ost leis an Spiorad Naofa agus le cumhacht. Is sa chumhacht sin a lean &Iacute;osa ar aghaidh lena mhisean sl&aacute;naithe.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 3:13-17). <i>An t&uacute;isce a baisteadh &Iacute;osa chonaic s&eacute; Spiorad D&eacute; ag tuirlingt air f&eacute;in.<\/i> Inniu d&eacute;anaimid F&eacute;ile Bhaiste &Aacute;r Tiarna a cheili&uacute;radh. Go traidisi&uacute;nta sa liot&uacute;irge, agus fi&uacute; i mb&eacute;aloideas na h&Eacute;ireann, d&eacute;antar tr&iacute; ghn&eacute; de fhoilsi&uacute; &Iacute;osa don domhan a chom&oacute;radh i bhF&eacute;ile na hEipeaf&aacute;ine, sin le r&aacute; nochtadh &Iacute;osa do na pag&aacute;naigh ag na saoithe &oacute;n Oirthear (Eipeaf&aacute;ine), foilsi&uacute; &Iacute;osa ag an Athair ag a Bhaisteadh (inniu), agus mar a thaispe&aacute;in &Iacute;osa a ghl&oacute;ir ag athr&uacute; an uisce go f&iacute;on ag Cana. Sa sean-liot&uacute;irge l&eacute;adh an sliocht sin de shoisc&eacute;al faoin bhainis i gCana san Aifreann an Domhnach tar &eacute;is f&eacute;ile Bhaiste &Iacute;osa. Sa ch&uacute;rsa tr&iacute; bhliana at&aacute; anois ann d&eacute;antar &eacute; a l&eacute;amh ar an tr&iacute;&uacute; bliain (C) den ch&uacute;rsa, ach an Domhnach tar &eacute;is f&eacute;ile Bhaiste &Iacute;osa t&aacute; gn&eacute;ithe eile de l&eacute;iri&uacute;, fhoilsi&uacute;, eipif&aacute;ine, &Iacute;osa le l&eacute;amh as caibidil tosaigh shoisc&eacute;al Eoin. Maidir le l&eacute;acht an lae inniu t&aacute; idir stair agus creideamh ag baint leis. Ba phearsa t&aacute;bhachtach sa stair &eacute; Eoin Baiste. T&aacute; cur s&iacute;os ar a shaothar agus ar a bh&aacute;s ag Iosefus, stara&iacute; Gi&uacute;dach den ch&eacute;ad tosaigh, faoi mar at&aacute; ag Matha sna v&eacute;arsai d&iacute;reach roimh an sliocht seo &ndash; v&eacute;arsa&iacute; a bhfuil cur s&iacute;os orthu sna n&oacute;ta&iacute; don Dara Domhnach den Aidbhint sa su&iacute;omh idirl&iacute;n seo. Tosa&iacute;onn beatha phoibl&iacute; &Iacute;osa i gceart lena bhaisteadh. Th&aacute;inig s&eacute; &oacute;n Ghail&iacute;l go Eoin d&rsquo;aon turas le go mbaistf&iacute; &eacute;. Nuair a chuir Eoin, a bh&iacute; ag baisteadh do mhaithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;, ina choinne, n&iacute;or gh&eacute;ill &Iacute;osa d&oacute;. N&iacute;orbh fhol&aacute;ir d&oacute;ibh beirt &ldquo;an fh&iacute;r&eacute;antacht a chur i gcr&iacute;ch go hioml&aacute;n&rdquo;, toil D&eacute; a dh&eacute;anamh, agus do Chr&iacute;ost si&uacute;l i measc na bpeacach. Ag teacht an&iacute;os as an uisce d&rsquo;&Iacute;osa, oscla&iacute;odh na flaithis d&oacute; agus chonaic s&eacute; Spiorad D&eacute; ag teacht anuas air mar a bheadh colm. Ag cruth&uacute; an domhain bh&iacute; an spiorad ag foluain os cionn na n-uisc&iacute;. Sa chruth&uacute; nua seo thuirling an Spiorad ar &Iacute;osa, agus le cumhacht Spiorad D&eacute; tagann r&iacute;ocht D&eacute; ar talamh tr&iacute; &Iacute;osa. T&aacute; stair agus r&uacute;ndiamhair ann i mBaisteadh seo <\/span><span style=\"color: black;\">&Iacute;osa. Tar &eacute;is deascabh&aacute;la d&oacute; seolfaidh &Iacute;osa a Spiorad, an Spiorad Naomh, ar an eaglais chun a shaothar sl&aacute;naithe a bhuan&uacute;. F&oacute;gra&iacute;onn guth (an Athar) &oacute; neamh gur Mac muirneach leis an Athair &eacute; &Iacute;osa. Oscla&iacute;odh na flaithis lena mheabhr&uacute; do ch&aacute;ch go bhfuil anois teagmh&aacute;il agus caidreamh idir Dia agus daoine. Meabhra&iacute;tear sin ag gach baisteadh i rith na staire,<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae. <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">An Baisteadh agus an Spiorad&aacute;ltacht Chr&iacute;osta&iacute;. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">Macnamh. An Baisteadh agus an Spiorad&aacute;ltacht Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> Ceili&uacute;radh seo bhaiste &Iacute;osa, n&iacute; eachtra i mbeatha &Iacute;osa amh&aacute;in at&aacute; ann n&oacute; t&uacute;s lena bheatha phoibl&iacute;. Leagann t&eacute;acsanna uile an Tiomna b&eacute;im ar seo gur ungadh &Iacute;osa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh s&eacute; thart ag d&eacute;anamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Sh&aacute;tain. &Oacute; th&uacute;s a staire d&rsquo;fh&eacute;ach an Eaglais ar an mbaisteadh Cr&iacute;osta&iacute; mar cheangal dl&uacute;th le h&Iacute;osa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. D&eacute;anann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann D&eacute; sinn, clann mhac agus clann in&iacute;onacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spiorad&aacute;lta a thugann muin&iacute;n d&uacute;inn sa chreideamh i gCr&iacute;ost agus san eaglais. Feidhm&iacute;onn an Spiorad go ci&uacute;in san anam ag cabhr&uacute; le creidmhigh an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; a mhaireacht&aacute;il de r&eacute;ir spiorad an tsoisc&eacute;il. &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Inniu d&eacute;antar roinnt mhaith cainte faoin spiorad&aacute;ltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spiorad&aacute;ltach n&aacute; an reiligi&uacute;n, gur meas&uacute;la n&aacute; an creideamh &iacute;. Agus c&uacute;rsa&iacute; mar at&aacute; n&iacute; dochar ar bith a mheabhr&uacute; go mbaintear feidhm as br&iacute;onna &eacute;ags&uacute;la leis an t&eacute;arma &ldquo;spiorad&aacute;ltacht&rdquo;. D&rsquo;fh&eacute;adfadh daonnachtaithe, ar bheag&aacute;n n&oacute; ar dada creidimh i nDia n&oacute; sa domhan eile, &uacute;s&aacute;id a bhaint as. Ionann spiorad&aacute;ltacht d&oacute;ibh si&uacute;d agus tr&eacute;ith n&oacute; feidhmi&uacute; an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spiorad&aacute;ltacht agus beatha an ghrasta, faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den t&eacute;arma t&aacute; spiorad&aacute;ltacht ag gach creidmheach, bocht n&oacute; saibhir, &oacute;g agus aosta, l&eacute;anta n&oacute; a mhalairt, d&iacute;reach mar at&aacute; an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas D&eacute; sa bhaisteadh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">Creideamh sna flaithis oscailte. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">T&aacute; tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh &Iacute;osa i ngach ceann de na soisc&eacute;il. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhail seo, domhan eile nach bhfuil d&uacute;nta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh leis an domhan seo, i dteagmh&aacute;il d&iacute;reach, phearsanta. Admh&aacute;il chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus n&iacute;l ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar nd&oacute;igh n&iacute; chreideann aindiachaithe n&oacute; daonnachtaithe sa saol eile seo, n&oacute; teagmh&aacute;il idir saol eile m&aacute;s ann d&oacute;, agus an saol seo. An ch&eacute;im dheiridh acu si&uacute;d n&aacute; gan na p&aacute;ist&iacute; a bhaisteadh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cotha&iacute;tear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmh&aacute;il leis na sacraimint&iacute;. Seo ceann de na teachtaireachta&iacute; at&aacute; ag f&eacute;ile seo Bhaiste &Aacute;r dTiarna<\/span><span style=\"color: black;\"> d&uacute;inn.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>8 Ean&aacute;ir 2017 (A) F&eacute;ile Bhaiste &Aacute;r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-477","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/477","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=477"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/477\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1957,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/477\/revisions\/1957"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=477"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=477"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=477"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}