{"id":479,"date":"2017-01-12T09:56:10","date_gmt":"2017-01-12T09:56:10","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=479"},"modified":"2017-01-12T09:56:10","modified_gmt":"2017-01-12T09:56:10","slug":"15-eanair-2017-a-an-dara-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=479","title":{"rendered":"15 Eanair 2017 (A) An Dara Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">15 Eanair 2017 (A) An Dara Domhnach Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 49:3 5-6). <i>Ceapfaidh m&eacute; th&uacute; i do sholas do na cin&iacute;ocha, chun go dt&eacute; mo shl&aacute;n&uacute; go cr&iacute;ocha na tal&uacute;n. <\/i><\/span><span style=\"color: black;\">Seo &eacute; an dara ceann de cheithre amhr&aacute;in &ldquo;Ghiolla an Tiarna&rdquo;.(Is iad na cinn eile n&aacute; 42:1-4, 6-7; 50:4-9, n&oacute; 4-11; 52:13-53:12.) Rinneadh an ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh a l&eacute;amh mar ch&eacute;ad l&eacute;acht san Aifreann an Domhnach seo caite, agus is fi&uacute; an m&eacute;id a scr&iacute;obhadh ann a thabhairt anseo ar&iacute;s de bhr&iacute; go bhfuil baint ag an d&aacute; l&eacute;acht le ch&eacute;ile. Labhra&iacute;onn t&eacute;acs an Domhnaigh seo caite faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an f&aacute;idh searbh&oacute;nta (giolla), giolla ar ion&uacute;in le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire b&iacute;obalta t&aacute; cumhacht Spiorad D&eacute; faighte aige. Labhra&iacute;onn an t&eacute;acs faoi n&aacute;d&uacute;r an ghiolla. T&aacute; s&eacute; s&eacute;imh, ach d&iacute;lis don misean at&aacute; faighte aige go dt&iacute; go mbeidh toradh air. Taca&iacute;onn Dia leis leis an misean at&aacute; aige a thabhairt chun cr&iacute;che. Cheap Dia &eacute; mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhr&uacute; d&oacute;ibh. Ach beidh s&eacute; mar sholas do na cin&iacute;oca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. D&eacute;anfaidh s&eacute; na cim&iacute; a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibeal&oacute;in at&aacute; amhail is a bheith sa dorchadas. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Ceist a eascra&iacute;onn go h&eacute;asca as seo n&aacute; c&eacute;rb &eacute; an searbh&oacute;nta, an giolla, in aigne an fh&aacute;idh a chum an t&eacute;acs &aacute;lainn seo a ch&eacute;aduair. T&aacute; &eacute;ags&uacute;lacht tuairm&iacute; ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael id&eacute;alach, duine eigin den Seantiomna ann roimh n&oacute; i ndiaidh aimsir fh&aacute;idh\/&uacute;dar an t&eacute;acs seo, n&oacute; fi&uacute; f&aacute;idh\/&uacute;dar an t&eacute;acs &eacute; f&eacute;in. F&aacute;gtar an giolla, an searbh&oacute;nta, gan ainm, le haithne a chur air &oacute;n phearsantacht faoi leith at&aacute; aige, &oacute;na mhisean, &oacute; faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta &eacute;, &oacute;n ghaol faoi leith at&aacute; aige le Dia. D&rsquo;fh&eacute;adfadh an giolla, a phearsa agus an misean at&aacute; aige seasamh mar eiseaml&aacute;ir do Iosrael, pobal tofa D&eacute; le misean domhanda, n&oacute; seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhl&iacute;onfar an fh&aacute;istine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dh&eacute;anamh, agus rinneadh sin tr&iacute; Mhac D&eacute;, &Iacute;osa Cr&iacute;ost, mar is l&eacute;ir &oacute; Bhaisteadh &Iacute;osa nuair a ungadh &eacute; leis an Spiorad, agus nuair a th&aacute;inig an guth &oacute;na flaithis le t&eacute;acs &Iacute;se&aacute;ia (ach ag labhairt ar &ldquo;Mhac&rdquo; seachas &ldquo;ghiolla&rdquo;) ag f&oacute;gairt go raibh f&aacute;istine &Iacute;se&aacute;ia comhl&iacute;onta in &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Ag teacht go l&eacute;acht an lae inniu braithimid an teannas idir an ch&eacute;ad chuid agus an dara cuid. Sa ch&eacute;ad chuid t&aacute; Dia ag labhairt lena shearbh&oacute;nta, giolla an Tiarna, agus deirtear gurb &eacute; Iosrael an searbh&oacute;nta sin, ach sa dara cuid t&aacute; misean ag an searbh&oacute;nta do Iosrael, amhail is gur duine aonair &eacute;. An Iosrael at&aacute; i gceist sa ch&eacute;ad chuid is Iosrael id&eacute;alach &eacute;, an pobal tofa le misean &oacute; Dhia bheith mar &aacute;bhar gl&oacute;ire d&oacute;. I v&eacute;arsa (vearsa 4) at&aacute; f&aacute;gtha ar l&aacute;r i l&eacute;acht an lae inniu cuireann an searbh&oacute;nta (duine aonair) in i&uacute;l go raibh amhras air faoi &eacute;ifeacht a chuid oibre: &ldquo;Agus bh&iacute; mise &aacute; r&aacute; liom f&eacute;in: &lsquo;T&aacute; mo shaothar in aisce agam, t&aacute; mo neart caite agam gan &eacute;ifeacht&rsquo;&rdquo;. Ach tuigeann s&eacute; go bhfuil taca&iacute;ocht &oacute; Dhia aige. T&aacute; maise air i s&uacute;ile an Tiarna. Labhra&iacute;onn an Tiarna go soll&uacute;nta leis: T&aacute; s&eacute; tofa &oacute;n bhroinn ag Dia do mhisean, n&iacute; hamh&aacute;in do Iosrael lena shaoradh, ach do mhisean i bhfad n&iacute;os m&oacute; n&aacute; sin: ina sholas do na cin&iacute;ocha (pag&aacute;nacha), le sl&aacute;n&uacute; D&eacute; a thabhairt go cr&iacute;ocha an domhain.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(39[40]). <i>F&eacute;ach, t&aacute;im ag teacht, a Thiarna, chun do thoi a dh&eacute;anamh.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coirintigh 1:1-30). <i>Gr&aacute;sta chugaibh agus s&iacute;och&aacute;in &oacute; Dhia &aacute;r nAthair agus &oacute;n Tiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost.<\/i> Leis an l&eacute;acht seo cuirtear t&uacute;s le l&eacute;itheoireacht ch&eacute;ad litir Ph&oacute;il go dt&iacute; an eaglais &oacute;g i gCoirint, agus leanfar leis (go caibideal 4) go dt&iacute; an t-ocht&uacute; Domhnach Saor, agus as codanna eile de n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Litir &iacute; a thugann al&aacute;n eolais d&uacute;inn faoi bheatha inmhe&aacute;nach eaglaise &oacute;ige, na fadhbanna a bhain leis agus c&uacute;ram an aspail P&oacute;l d&oacute;ibh. Scr&iacute;obh Pol an litir seo sa bhliain 56 iar-Chr&iacute;ost, n&oacute; gar di, do eaglais a bhunaigh s&eacute; f&eacute;in c&uacute;ig bhliain roimhe sin, sa bhlian 51 iar-Chr&iacute;ost. Cathair mh&oacute;r calaphoirt a bh&iacute; sa Coirint, le measc&aacute;n cin&iacute;ocha, religi&uacute;n, feals&uacute;nachta agus eile. Chaith P&oacute;l bliain go leith ann agus bhi s&eacute; i gcaidreamh leo &oacute; Eifeasas, trasna Mhuir Adriad. Ba scl&aacute;bhaithe thart ar dh&aacute; dtrian de mhuintir Choirint, agus is d&oacute;cha&iacute; gur scl&aacute;bhaithe, n&oacute; den mhion-aicme, an chuid ba mh&oacute; de lucht na heaglaise chomh maith, b&iacute;odh go raibh daoine &eacute;irimi&uacute;la ann chomh leis. Ach is l&eacute;ir &oacute; litreacha Ph&oacute;il chucu gurb bheo aib&iacute; a n-intinn, ag machnamh faoi conas maireacht&aacute;il de r&eacute;ir a gcreidimh i gCriost i dtimpeallacht phag&aacute;nach. Ach chomh maith leis sin bh&iacute;odar tugtha don diosp&oacute;ireacht eatorthu f&eacute;in, agus ag tabhairt meas r&oacute;-mh&oacute;r do daoine faoi leith. Sa litir seo beidh P&oacute;l ag pl&eacute; le ceisteanna agus fadhbanna iomad&uacute;la. Ach beidh seo &aacute; dh&eacute;anamh aige mar chreidmheach, agus ag t&uacute;s na litreach a le&iacute;tear inniu leagann s&eacute; b&eacute;im ar na f&iacute;rinn&iacute; bun&uacute;sacha: eaglais Choirint mar phobal naofa, tofa ag Dia, coisrichte ag &Iacute;osa Cr&iacute;ost. Mar is dual, mar sin, gu&iacute;onn s&eacute; gr&aacute;sta agus s&iacute;och&aacute;in &oacute; Dhia orthu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 1:29-34). <i>Seo &eacute; Uan D&eacute; a th&oacute;gann peaca an domhain.<\/i> Is &eacute; seo an dara Domhnach Saor i gc&uacute;rsa liot&uacute;irgeach na bliana, bliain 1 (A) den ch&uacute;rsa ina mbeidh Soisc&eacute;al Marcas &aacute; l&eacute;amh. Ach n&iacute; thosn&oacute;idh sin go dt&iacute; an Domhnach seo chugainn. Inniu t&aacute;imid f&oacute;s faoin thionchar an phrionsabail go bhfuil tr&iacute; fhoilsi&uacute; &aacute; gcom&oacute;radh sa tr&eacute;imhse seo na hEipeaf&aacute;ine: foilsi&uacute;, nochtadh, Chr&iacute;ost do na saoithe (6 Ean&aacute;ir), foilsi&uacute; &Iacute;osa ag an Athair sa Bhaisteadh agus (Dara Doimhnach Saor) foilsi&uacute; a ghl&oacute;ire ag &Iacute;osa i Cana na Gail&iacute;le (Bliain C), n&oacute; tar &eacute;is Bhaisteadh &oacute; Eoin (inniu). Inniu t&aacute;imid ag an Iord&aacute;in le Eoin Baiste. Fianaise Eoin Bhaiste faoi &Iacute;osa at&aacute; i gceist. N&iacute;l aon cur s&iacute;os ar Bhaisteadh &Iacute;osa ag Eoin i Soisc&eacute;al Eoin faoi mar at&aacute; sna tr&iacute; shoisc&eacute;al eile, ach t&aacute; cur s&iacute;os anseo ar a tharla ann. N&iacute; deirtear linn c&eacute; hiad lena bhfuil Eoin Baiste ag tabhairt na fianaise seo, ach is don eaglais go l&eacute;ir &eacute;. Tugann s&eacute; Uan D&eacute; a th&oacute;gann peaca an domhain ar &Iacute;osa: mar an tUan a tugadh chun a bh&aacute;is in &Iacute;se&aacute;ia (53:7) agus mar Uan na C&aacute;sca a ofr&aacute;ileadh gach C&aacute;isc. Lena bh&aacute;s th&oacute;gfadh s&eacute; air f&eacute;in peaca an domhain, amhail is go mba peaca m&oacute;r amh&aacute;in a bh&iacute; ann. Nocht, d&rsquo;fhoilsigh, Eoin &Iacute;osa don domhan, agus tr&eacute;ithe bhaisteadh &Iacute;osa chomh maith: an Spiorad ag tuirlingt air mar cholm agus ag fanacht air go buan. Leagann Eoin Baiste b&eacute;im air seo, &aacute; insint faoi dh&oacute;, faoi mar at&aacute; b&eacute;im air sna soisc&eacute;il eile agus i Gn&iacute;omthartha na nAspal. Beidh an Spiorad Naomh c&eacute;anna san Eaglais mar bhrontannas &oacute; &Iacute;osa. Seo fianaise Eoin ag foilsi&uacute;, ag nochtadh, &Iacute;osa don saol d&oacute;.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\"> Eipeaf&aacute;ine, &eacute;ac&uacute;im&eacute;ineachas, an Spiorad Naomh, peaca an domhain.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">An Domhnach seo sa Liot&uacute;irge t&aacute;imid i spiorad na Eipeaf&aacute;ine go f&oacute;ill, agus an &eacute;ac&uacute;im&eacute;ineachais chomh maith, ag druidim le F&eacute;ile iomp&uacute; Ph&oacute;il (25 Ean&aacute;ir) agus an N&oacute;ibh&eacute;ine do Aontacht na hEaglaise a ghabhann leis. Ionadaithe do phobal neamh-Ghi&uacute;dach a bh&iacute; sna saoithe a th&aacute;inig le hom&oacute;s a thabhairt don Leanbh &Iacute;osa, a rugadh mar R&iacute; na nGi&uacute;dach, pobal a bh&iacute; ag feitheamh, n&oacute; ag tn&uacute;th le sl&aacute;n&uacute; &oacute; Dhia. Tugadh freagra &oacute; Dhia d&oacute;ibh tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. T&aacute; eaglais&iacute; easaontaithe &aacute;r linne ag iarraidh teacht chun n&iacute;os m&oacute; aontachta. Mheas an Eaglais Chaitliceach i dtosach gur s&oacute;rt leathmheasarthachta i dtaobh f&iacute;rinne chreidimh a bh&iacute; anseo agus d&rsquo;fhan glan amach uaidh, gur l&eacute;ir&iacute;odh di gurb faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh &eacute;, agus t&aacute; s&iacute; anois l&aacute;n-ghafa ann. Tr&iacute;d an Spiorad t&aacute; &Iacute;osa &aacute; fhoilsi&uacute;, &aacute; nochtadh, f&eacute;in n&iacute;os m&oacute; i gc&oacute;na&iacute;. T&aacute; diosc&uacute;rsa br&iacute;omhar ann idir an saol tuata agus an eaglais, agus an Eaglais &aacute; c&aacute;ineadh nach mbaineann s&iacute; le mianta n&oacute; le meon an tsaoil at&aacute; ann. Rud nach luaitear, agus m&aacute; luaitear is ar &eacute;igin, &oacute;n taobh tuata de n&aacute; peaca. D&eacute;antar c&aacute;ineadh ar ghn&aacute;sanna agus ar chleachta&iacute; na hEaglaise, agus tagairt&iacute; iomad&uacute;la do Chr&iacute;ost, ag f&aacute;gaint ar l&aacute;r an bhaint inmhe&aacute;nach idir Chr&iacute;ost agus an peaca, an tUan a nochtann agus a th&oacute;gann peaca agus peaca&iacute; an domhain. San agallamh idir an Eaglais agus ceisteanna comhaimsire n&iacute; m&oacute;r teachtaireachta&iacute; uile na hEipeaf&aacute;ine agus Bhaisteadh &Iacute;osa a choime&aacute;d san &aacute;ireamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>15 Eanair 2017 (A) An Dara Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-479","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/479","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=479"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/479\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=479"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=479"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=479"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}