{"id":481,"date":"2017-01-20T16:45:49","date_gmt":"2017-01-20T16:45:49","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=481"},"modified":"2017-01-20T16:45:49","modified_gmt":"2017-01-20T16:45:49","slug":"eanair-22-2017-a-an-triu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=481","title":{"rendered":"Ean\u00e1ir 22 2017 (A) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ean&aacute;ir 22 2017 (A) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>T&uacute;s maith. Aithr&iacute;, Athr&uacute;, Creideamh sa Soisc&eacute;al agus san Eaglais<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 8:23-9:3). <i>I nGail&iacute;l na ngintlithe chonnaic an pobal solas m&oacute;r.<\/i> <\/span><span style=\"color: black;\">An f&aacute;idh a chum an l&eacute;acht seo bh&iacute; s&eacute; ag f&eacute;achaint siar agus ar aghaidh &ndash; siar ar an slad a rinneadh ar an Ghail&iacute;l, ag f&oacute;rsa&iacute; na hAsa&iacute;re, is d&oacute;cha sa bhliain 732 roimh Chr&iacute;ost. Dorchadas a bh&iacute; ann nuair a cuireadh d&eacute;ithe br&eacute;ige in ionad Dhia Iosrael. Ansin f&eacute;achann s&eacute; ar aghaidh nuair a heidh an bua ar an dorchadas sin. T&aacute; cur s&iacute;os ar an rim&eacute;ad a bheidh ann an l&aacute; sin, bua mar a bh&iacute; ag Iosrael ar a naimhde ar na Midian&iacute;tigh, creachad&oacute;ir&iacute;, in aimsir na mBreithi&uacute;na. T&aacute; an t&eacute;acs gairid seo de fh&aacute;istine an fh&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia roghnaithe don l&aacute; inniu toisc go mbaineann an soisc&eacute;ala&iacute; Matha &uacute;s&aacute;id aisti i dt&eacute;acs an tsoisc&eacute;il a l&eacute;itear inniu. D&eacute;antar sliocht n&iacute;os faide den fh&aacute;istine a l&eacute;amh in Aifreann na Gine, O&iacute;che Nollag. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 26[27]). <i>Is &eacute; an Tiarna mo sholas agus mo shl&aacute;n&uacute;.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coirintigh 1:10-13, 17). <i>Imp&iacute;m oraibh sibh go l&eacute;ir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosma&iacute; a bheith eadraibh. <\/i>L&eacute;adh brollach na litreach seo an Domhnach seo caite, t&eacute;acs ina labhra&iacute;onn P&oacute;l ar na buanna m&oacute;ra at&aacute; bronnta ag Dia ar chreidmhigh na hEaglaise &oacute;ige i Coirint, pobal tofa, naofa, ar a ghu&iacute;onn s&eacute; gr&aacute;sta agus s&iacute;och&aacute;in &oacute; Dhia &aacute;r nAthair agus &oacute;n Tiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost. Motha&iacute;onn s&eacute; anois go bhfuil beatha Chr&iacute;osta&iacute; na heaglaise sin i mbaol de bharr cultas pearsantachta ann. Bh&iacute; an baol ann go gcoth&oacute;dh an t-easaontas seo agus an cultas seo m&iacute;thuiscint ar n&aacute;d&uacute;r ceart eaglais Chr&iacute;ost. Sa litir seo beidh P&oacute;l ag pl&eacute; leis an cheist seo san ceithre chaibideal tosaigh a bheidh &aacute; l&eacute;amh san Domhnacha&iacute; amach romhainn. Bh&iacute; P&oacute;l ag craobhscaoileadh an tsoisc&eacute;il ar an dtaobh thoir den Mhuir Adriad, in Eifeasas is d&oacute;cha, nuair a th&aacute;inig eolas faoin easaontas seo i Coirint chuige &oacute; &ldquo;mhuintir Chl&oacute;&eacute;&rdquo;, scl&aacute;bhaithe n&oacute; toscair&iacute; &oacute; ghn&oacute;lacht Chl&oacute;&eacute; i Coirint de r&eacute;ir dealraimh. Bh&iacute;odar roinnte i ghr&uacute;pa&iacute; le d&iacute;lseacht do &ldquo;eaglaisigh&rdquo; faoi leith&rsquo;: P&oacute;l, Apoll&oacute;s, C&eacute;afas (Peadar), agus fi&uacute; Cr&iacute;ost. Gi&uacute;dach &eacute;irimi&uacute;il, l&eacute;anta, dea-labhartha, &oacute; Chathair Alasdair ab ea Apoll&oacute;s, s&aacute;roilte ar na Scriopt&uacute;ir. Bh&iacute;odh s&eacute; ag tabhairt teagaisc chruinn faoi &Iacute;osa b&iacute;odh n&aacute;rb eol d&oacute; ach baisteadh Eoin. In Eifeasas thug Priscille agus Acula, cairde Ph&oacute;il, eolas n&iacute;os cruinne d&oacute; ar Chr&iacute;ost agus moladh d&oacute; dul go Coirint le cabhr&uacute; don eaglais &oacute;g ansin. N&iacute; raibh aon bhaint ag Apoll&oacute;s leis an easaontas sin. D&rsquo;fh&aacute;g s&eacute; Coirint, agus n&iacute;or fhill. Bheadh eolas ag an eaglais uile ar st&aacute;das Pheadair (C&eacute;afas) i measc na nAspal, ach n&iacute; d&oacute;cha gur thug s&eacute; cuairt ar Choirint. N&iacute;orbh duine i measc ceathrar Cr&iacute;ost. I gCr&iacute;ost amh&aacute;in a bhaisteadh na creidmhigh, i gCr&iacute;ost c&eacute;asta, agus is tr&iacute; chrois Chr&iacute;ost amh&aacute;in a thuigtear creideamh Chr&iacute;ost. Bh&iacute; baint ag an d&uacute;il san eagna dhaonna san easaontas sin i gCoirint. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar an chrois mar chro&iacute;l&aacute;r an chreidimh. N&iacute;or &eacute;irigh leis an saol tr&iacute;na chuid eagna aithne a chur ar Dhia, ach shl&aacute;naigh Dia an domhan tr&iacute; dhith c&eacute;ille na croise. Mar adeir P&oacute;l: &ldquo;Is cr&iacute;onna d&iacute;th c&eacute;ille De n&aacute; eagna dhaoine agus is treise laige D&eacute; n&aacute; na duine&rdquo;. T&eacute;ann s&eacute; ar aghaidh leis an pointe sin a l&eacute;iri&uacute;. N&iacute;l in aoinne eile, aspail n&oacute; eile, ach comhoibrithe D&eacute;. Ansin leagann s&eacute; b&eacute;im ar a ionad f&eacute;in mar aspal, lena mheabhr&uacute; don eaglais agus lucht an easaontais go bhfuil air mar aspal na bunpriondabail seo a l&eacute;iri&uacute; gan sc&aacute;th gan eagla.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 4:12-23) <i>Chuir s&eacute; faoi i Cafarn&aacute;um chun go gcomhl&iacute;onfa&iacute; a nd&uacute;radh tr&iacute; &Iacute;se&aacute;ia. <\/i>Sa sliocht seo cuireann an soisc&eacute;ala&iacute; Matha t&uacute;s le beatha phoibl&iacute;<\/span><span style=\"color: black;\"> &Iacute;osa, le b&eacute;im gur tharla s&eacute; sa Ghail&iacute;l. D&rsquo;fh&aacute;g &Iacute;osa Nazarat agus chuir s&eacute; faoi i gCafarn&aacute;um, agus meabhra&iacute;onn Matha d&uacute;inn go raibh an &aacute;it sin i sean-chr&iacute;ocha Zab&uacute;lun agus Naft&aacute;ilim. Mar is n&oacute;s le Matha, tugann s&eacute; le fios gur chomhl&iacute;on sin f&aacute;istine an fh&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia a bh&iacute; againn inniu mar ch&eacute;ad l&eacute;acht. D&rsquo;fh&oacute;gair &Iacute;osa go raibh r&eacute; nua tagaithe, le glacadh le aithr&iacute;, athr&uacute; meoin, agus creideamh sa Soisc&eacute;al. Ghlaoigh &Iacute;osa chomh maith ar a ch&eacute;ad dheisceabail, Siom&oacute;n (Peadar) agus a dhearth&aacute;ir Aindrias, agus S&eacute;amus agus a dhearth&aacute;ir Eoin, agus deirtear linn gur leanadar &Iacute;osa l&aacute;ithreach. Sa soisc&eacute;al is eiseaml&aacute;ir iad seo do ghairm D&eacute; chun na Cr&iacute;osta&iacute;ochta agus an ghairm do Chr&iacute;osta&iacute;the don ministreacht san eaglais. N&iacute; g&aacute; ionadh a bheith orainn gur leanadar &Iacute;osa chomh tapa sin. Is eol d&uacute;inn &oacute; shoisc&eacute;al Eoin go raibh aithne acu ar &Iacute;osa cheana nuair a bhuail s&eacute; leo ag an Iord&aacute;in mar a raibh Eoin Baiste ag baisteadh.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><i>C.<\/i><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Machnamh agus Agallamh: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">T&uacute;s maith. Aithr&iacute;, Athr&uacute;, Creideamh sa Soisc&eacute;al agus san Eaglais<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Machnamh. T&uacute;s maith. Aithr&iacute;, Athr&uacute;, Creideamh sa Soisc&eacute;al. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Taimid i dt&uacute;s thr&aacute;th shaor na bliana i liot&uacute;irge an Domhnaigh. &Aacute;bhar machnaimh d&uacute;inn inniu mar ar chuir &Iacute;osa t&uacute;s lena a chuid misin&eacute;ireachta. Bh&iacute; r&eacute; nua tagaithe agus r&iacute;ocht D&eacute; buailte leo. Cuirtear b&eacute;im ar dh&aacute; thr&eacute;ith anama agus aigne at&aacute; riachtanach: aithr&iacute; agus creideamh. Ionann i sl&iacute; an d&aacute; rud. Ionann aithr&iacute; sa chomhth&eacute;acs seo agus athr&uacute; meoin, ar gh&aacute; d&oacute;ibh si&uacute;d chomh maith narbh fheasach d&oacute;ibh peaca&iacute; a bheith acu. Ionann &iacute; agus athr&uacute; meoin, meon agus beatha a bh&iacute; ag dul i dtreo amh&aacute;in ach anois le dul i dtreo eile. Beidh treoir don sl&iacute; nua seo le f&aacute;il sa Soisc&eacute;al, i bpearsa &Iacute;osa agus ina theagasc, faoi sti&uacute;ir a Spioraid Naoimh. N&iacute; oiri&uacute;nacht pholaiti&uacute;il n&oacute; chine at&aacute; i gceist, ach creideamh i nDia at&aacute; ag labhairt lena phobal Iosrael agus an domhan tr&iacute;na Mhac &Iacute;osa at&aacute; ungtha ag a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Agallamh le saol an lae inniu. Eagna dhaonna agus eagna D&eacute;. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">I saol poilit&iacute;ochta an lae inniu t&aacute; meas m&oacute;r ar &Iacute;osa agus an c&uacute;ram a bh&iacute; aige do na boicht agus d&oacute;ibh a bhi faoi leatrom agus ar an imeall. Is maith sin. Baineann s&eacute; i sl&iacute; leis an tuiscint at&aacute; ag roinnt mhaith den chine daonna air f&eacute;in, go m&oacute;r m&oacute;r san Eoraip, &oacute;n ghluaisesacht feals&uacute;nachta, an Eagna&iacute;ocht, an Soilsi&uacute;, anall: dul chun cinn don chine daonna gan tagairt do Dhia n&aacute; do &Iacute;osa. Is eagna dhaonna &eacute;. Ach, mar a mheabhraigh P&oacute;l d&uacute;&iacute;nn inniu agus mar a dh&eacute;anfaidh s&eacute; na Domhnacha&iacute; seo romhainn, n&iacute; thuigtear an soisc&eacute;al tr&iacute; eagna dhaonna ach le creideamh i gCr&iacute;ost c&eacute;asta. N&iacute; m&oacute;r don Chrois bheith i gcro&iacute;l&aacute;r na hEaglaise. F&iacute;rinne bhunusach i seo ar fi&uacute; cuimhneamh uirthi in agallamh le saol an lae inniu.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Ean&aacute;ir 22 2017 (A) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-481","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/481","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=481"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/481\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=481"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=481"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=481"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}