{"id":484,"date":"2017-01-27T17:14:20","date_gmt":"2017-01-27T17:14:20","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=484"},"modified":"2017-01-27T17:14:20","modified_gmt":"2017-01-27T17:14:20","slug":"29-eanair-2017-a-an-ceathru-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=484","title":{"rendered":"29 Ean\u00e1ir 2017 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">29 Ean&aacute;ir 2017 (A) An Ceathr&uacute; Domhnach Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/b><i>Na Bi&aacute;ide agus &aacute;r nGairm chun na Beannaitheachta<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(S&oacute;fania 2:3; 3:12-13). <i>F&aacute;gfaidh m&eacute; pobal bocht uir&iacute;seal i do l&aacute;r. <\/i>D&rsquo;fh&oacute;gair an f&aacute;idh S&oacute;fania teachtaireacht D&eacute; sa seacht&uacute; c&eacute;ad roimh Chr&iacute;ost i gcoinne naimhde Iosrael agus chomh maith sin in &eacute;adan urch&oacute;ideacht Iar&uacute;sail&eacute;im. Ach chomh maith leis sin t&aacute; f&iacute;s aige faoi na n&aacute;isi&uacute;in phag&aacute;nacha a bheith tiontaithe chun D&eacute; agus cuireann s&eacute; cr&iacute;och lena theachaireacht le duan &aacute;thais do Iar&uacute;sail&eacute;im, a fheiceann s&eacute; a gcuid peaca&iacute; a bheith maite d&iacute;obh. Do phag&aacute;naigh agus don phobal Gi&uacute;dach leagann s&eacute; b&eacute;im ar shl&aacute;n&uacute; do phobal bocht agus uir&iacute;seal. Is &eacute; an popal tofa iad sin a dh&eacute;anann toil D&eacute;, a chomhl&iacute;onann a reacht. Briathra tosaigh l&eacute;achta an lae inniu: &ldquo;Lorgaig&iacute; an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uir&iacute;sle na tire&rdquo; t&aacute; siad d&iacute;rithe ar naimhde pag&aacute;nacha Iosrael, f&oacute;s le tiont&uacute; chun D&eacute;. An mh&iacute;r dheiridh &ldquo;F&aacute;gfaidh m&eacute; pobal bocht uir&iacute;seal in do l&aacute;r&rdquo;, t&aacute; s&iacute; d&iacute;rithe ar Iosrael id&eacute;alach den r&eacute; le teacht, ach Iosrael a bheidh ann d&aacute;ir&iacute;re. Seo &iacute; an aigne, na seintimint&iacute;, a l&eacute;irigh &Iacute;osa sna Bi&aacute;ide a l&eacute;itear i Soisc&eacute;al an lae inniu, agus a bhfuil an l&eacute;acht seo roghnaithe chun dul leis.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 145[146]). <i>Is m&eacute;aner d&oacute;ibh seo at&aacute; bocht &oacute; spiorad, &oacute;ir is leo r&iacute;ocht na bhflaitheas.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coraintigh 1:26-31). <i>Thogh Dia nithe laga an tsaoil. <\/i>A bhfuil le r&aacute; ag P&oacute;l faoi l&aacute;rionad &ldquo;bhaois&rdquo; na croise agus an toradh f&oacute;nta a ghabhann le f&oacute;gairt na teachtaireachta seo, tuigtear n&iacute;os fearr &eacute; nuair a dh&eacute;antar &eacute; a shu&iacute;omh in eisp&eacute;aras Ph&oacute;il f&eacute;in agus an caidreamh a bh&iacute; aige le aos l&eacute;annta na hAithne agus chomh maith c&eacute;anna le eaglais Choraint, cosmhuintir, &iacute;sealaicme, den chuid is m&oacute; de. D&eacute;anfar seo a ch&iacute;oradh sna n&oacute;tai ar 1 Corantaigh 2:1-5 i l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh seo chugainn. &Oacute; l&aacute;rionad l&eacute;inn chathair na hAithne ghluais P&oacute;l ar aghaidh go Coraint agus i dtosach b&aacute;ire n&iacute; raibh toradh f&oacute;nta ar a chuid misin&eacute;ireachta, Ach labhair an Tiarna leis in aisling o&iacute;che fanacht ann, &aacute; r&aacute; leis: &ldquo;N&aacute; b&iacute;odh aon eagla ort. Lean ort ag seanm&oacute;ireacht agus n&aacute; cuirtear t&uacute; i do thost mar t&aacute;imse leat &hellip; mar t&aacute; pobal m&oacute;r agamsa sa chathair seo&rdquo; (Gn&iacute;omhartha 18:9-11). Mar a luadh thuas sna n&oacute;ta&iacute; ar an dara l&eacute;acht don Dara Domhnach den bhliain seo, ba scl&aacute;bhaithe thart ar dh&aacute; dtrian de phobal Choraint, agus is d&oacute;cha gur &oacute;n &iacute;sealaicme sin an l&iacute;on ba mh&oacute; de phobal na heaglaise ansin, b&iacute;odh go raibh daoine &eacute;irimi&uacute;la agus de lucht an l&eacute;inn mar bhaill den phobal Cr&iacute;osta&iacute; sin chomh maith. Cuireann P&oacute;l na f&iacute;ric&iacute; sin os comhair an phobail anseo chun bua na Croise, agus bua D&eacute; tr&iacute; laige agus bhaois na croise a dh&eacute;anamh soil&eacute;ir, lena l&eacute;iri&uacute; go bhfuil an bua ag an Chr&iacute;osta&iacute;ocht tr&iacute;d an ghr&aacute;sta agus tr&iacute; chumhacht D&eacute; amh&aacute;in. Tr&iacute; a chaithr&eacute;im ar an gcrois is &eacute; &Iacute;osa &ldquo;&aacute;r n-eagna, &aacute;r bhf&iacute;r&eacute;antacht, &aacute;r naofacht agus &aacute;r bhfuascailt, &aacute;r saoirse&rdquo;, a thugannn c&uacute;is mh&oacute;rtais d&uacute;inn, ach m&oacute;rtas as an Tiarna amh&aacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 5:1-12). <i>Is m&eacute;aner d&oacute;ibh seo at&aacute; bocht &oacute; spiorad. <\/i>An l&eacute;acht i Soisc&eacute;al an lae inniu leis na Bi&aacute;ide cuireann s&iacute; t&uacute;s le Seanm&oacute;ir fada ar an Sliabh d e r&eacute;ir Mhatha (Matha 5:1-7:21), agus d&eacute;anfar m&iacute;reanna de a l&eacute;amh san Aifreann go dt&iacute; an Nao&uacute; Domhnach Saor. Cuirtear &Iacute;osa in&aacute;r l&aacute;thair ag f&eacute;achaint ar na sluaite. Is Dara Maois &eacute;, agus mar a oireann do mh&uacute;inteoir t&aacute; s&eacute; ina shu&iacute;. Amharcann na Bi&aacute;ide agus an Seanm&oacute;ir siar agus chun tosaigh, siar ar na blianta fada a bh&iacute; ag Iosrael ag feitheamh le teacht na r&iacute;ochta agus ar aghaidh do r&eacute; le teacht tr&iacute;na a dheisceabail f&eacute;in agus a lucht lean&uacute;na, salann agus solas don chine daonna, iad d&iacute;lis do theagasc Chr&iacute;ost. Tugann s&eacute; athmh&iacute;ni&uacute; ar an Dl&iacute; agus na F&aacute;ithe do r&eacute; nua, ag cur b&eacute;ime ar an fhearg a mhaol&uacute; agus meas a bheith ar dhaoine eile, le tagairt&iacute; imeallacha do adhaltranas agus colscaradh. T&eacute;ann s&eacute; thar an Dl&iacute; agus na F&aacute;ithe nuair a mh&uacute;ineann s&eacute; gan aire a thabhairt don nath agus don mheon &ldquo;S&uacute;il ar sh&uacute;il agus fiacail ar fhiacail&rdquo; ach a mhalairt, gr&aacute; a thaispe&aacute;int don namhaid. Tgugnn s&eacute; m&iacute;ni&uacute; nua ar chleachtais chr&aacute;ifeacha na nGi&uacute;dach maidir le d&eacute;irc. urna&iacute; (le sampla an &Aacute;r nAthair) agus troscadh, agus ag cur b&eacute;ime ar ghlaine chro&iacute;, agus ag moladh bheith ag iarraidh dul isteach an geata c&uacute;ng sin ag deireadh aistir. Cuirtear clabhs&uacute;r leis an Seanm&oacute;ir le rabhadh i gcoinne f&eacute;inmhealladh, ach briathra Chr&iacute;ost a chluistin agus a dh&eacute;anamh, seachas iad a chluistin amh&aacute;in, agus mar sin do dhuine a bheatha spiorad&aacute;lta bhun&uacute; ar charraig seachas ar ghainneamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le casadh uaidh sin go l&eacute;acht an lae inniu, na Bi&aacute;ide: ionann bi&aacute;id lena d&eacute;antar duine su&aacute;ilceach, sona, beannaithe agus bronntanas &oacute; Dhia. Ar bheola &Iacute;osa d&rsquo;oirfeadh na bi&aacute;ide don mhisean a bh&iacute; ag &Iacute;osa an d&oacute;chas a bh&iacute; ag Iosrael tr&iacute;d na haoiseanna a chomhl&iacute;onadh. Ar ghr&uacute;pa amh&aacute;in d&iacute;obh sin a bh&iacute; ag feitheamh, tugadh &ldquo;na boicht&rdquo;, na boicht &oacute; spiorad i leagan Mhatha, bocht ina gcro&iacute; istigh, agus mar sin le cro&iacute; ar leathadh do theacht r&iacute;ocht D&eacute;, n&oacute; i leagan Mhatha &ldquo;r&iacute;ocht na bhflaitheas&rdquo;. An bhi&aacute;id f&uacute;thu si&uacute; at&aacute; ceansa, ionann &eacute;, a bheag n&oacute; a mh&oacute;r, agus an ch&eacute;ad cheann. Ainmn&iacute;onn s&eacute; aicme soisialta seachas meon anama. An &ldquo;talamh&rdquo; at&aacute; le glacdh mar oidhreacht, sa chomhth&eacute;acs seo ionann &eacute;, a bheag n&oacute; a mh&oacute;r, agus r&iacute;ocht na bhflaitheas. Beidh an teacht i seilbh air, cos&uacute;il le r&iacute;ocht na bhflaitheas, anseo ar talamh agus sa ts&iacute;ora&iacute;ocht, ar neamh. Maidir le lucht an dubr&oacute;in de, sa t&eacute;acs seo, n&iacute; hiad sin at&aacute; dubhach, gruama n&aacute; &iacute;obartaigh fhoir&eacute;igin iad ach ag teachtb le traidisi&uacute;n an Bh&iacute;obla iad sin at&aacute; faoi bhr&oacute;n n&aacute;r th&aacute;inig comhl&oacute;nadh na ngealltanas go f&oacute;ill. An fh&iacute;r&eacute;antacht ar a bhfuil ocras agus tart chuici ag na naoimh, n&iacute; f&iacute;r&eacute;antacht anseo ar talamh at&aacute; i gceist n&aacute; c&uacute;iteamh eascaiteola&iacute;och a gcearta ach an dea-iompar anseo ar talamh ar toil le Dia, &ldquo;ocras agus tart ar son an chirt&rdquo; mar a chuireann aistri&uacute;chan eile Gaeilege comhaimsire &eacute;. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; (Matha 18:33) leagfaith &Iacute;osa f&eacute;in b&eacute;im ar c&eacute; chomh t&aacute;bhachtach is at&aacute; s&eacute; bheith tr&oacute;caireach. N&iacute; f&eacute;idir le aoinne ar talamh Dia a fheice&aacute;il, ach is f&eacute;idir a bhraistint &eacute; bheith i l&aacute;thair ina Mhac &Iacute;osa agus sa d&uacute;lra. Feiceann na f&iacute;r&eacute;in ar neamh a aghaidh. T&aacute; dh&aacute; bhi&aacute;id ann ar an ng&eacute;arlean&uacute;int. Ceann ginear&aacute;lta an chead cheann d&iacute;obh sin a imr&iacute;otar g&eacute;arlean&uacute;int orthu ar son an chirt (&ldquo;mar gheall ar an bhf&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;). Baineann an dara ceann i modh ginear&aacute;lta le deisceabail &Iacute;osa (n&iacute;or roghna&iacute;odh an D&aacute;r&eacute;ag go f&oacute;ill). Feiceann &Iacute;osa roimh r&eacute; go nd&eacute;anfar g&eacute;arlean&uacute;int, cl&uacute;mhilleadh agus aithis orthu. Iarrann &Iacute;osa orthu &aacute;thas agus gairdeas a bheith orthu faoi seo, mar is m&oacute;r a dtuarastal ar neamh.Tugann g&eacute;arlean&uacute;int an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; isteach i dtraidisi&uacute;n Fhaithe an tSeantiomna.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><i>B.<\/i><b><span style=\"color: black;\">Macnamh agus An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/b><i><span style=\"color: black;\">Na Bi&aacute;ide agus &aacute;r nGairm chun na Beannaitheachta<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Measann <i>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/i>go bhfuil na Bi&aacute;ide chomh t&aacute;bhachtach sin go dtiomna&iacute;onn s&eacute; roinn ioml&aacute;n (uimhreacha 1716-1720) d&oacute;ibh agus an bhaint at&aacute; acu leis an teagasc Cr&iacute;osta&iacute; agus leis an mbeatha Chr&iacute;osta&iacute;. Scr&iacute;obhtar ann: &ldquo;Is iad na bi&aacute;ide cro&iacute;l&aacute;r do sheanm&oacute;ireacht &Iacute;osa. &Aacute; bhf&oacute;gairt d&oacute;, d&eacute;anann siad athgabh&aacute;il ar na geall&uacute;int&iacute; a rinneadh don phobal tofa &oacute; Aimsir &Aacute;brah&aacute;m i leith. D&eacute;anann siad comhl&iacute;onadh orthu sa mh&eacute;id go dtreora&iacute;onn siad iad, n&iacute; chuig seilbh tire agus tal&uacute;n ach chun R&iacute;ocht na bhflaitheas&rdquo;. Tugtar t&eacute;acs na mBi&aacute;ide ansin agus ina dhiaidh leanann an cur s&iacute;os ar aghaidh. &ldquo;Dr&eacute;achtann na bi&aacute;ide &eacute;agasc (comhartha&iacute; s&oacute;irt) &Iacute;osa Cr&iacute;ost d&uacute;inn agus tugann tuairisc ar a charthanacht. Friotal at&aacute; iontu ar ghairm na bhf&iacute;r&eacute;an agus iad comhiata (p&aacute;irteach) le gl&oacute;ir a ph&aacute;ise agus a Ais&eacute;ir&iacute;. Tugann siad l&eacute;argas d&uacute;inn ar na gn&iacute;omhartha agus na mana&iacute; at&aacute; ina sainair&iacute;onna den bheatha chr&oacute;sta&iacute;. Geall&uacute;int&iacute; paradocs&uacute;la is ea iad a chuireann bun faoin d&oacute;chas in am na treabhlaide. F&oacute;gra&iacute;onn siad na beannachta&iacute; agus an c&uacute;iteamh at&aacute; i nd&aacute;n do na deisceabail m&aacute;s go doil&eacute;ir f&eacute;in &eacute;. D&eacute;antar an ch&eacute;ad l&eacute;iri&uacute; orthu i saol na Maighdine Beannaithe agus na naomh go l&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&eacute;ann an <i>Caitiosiosma<\/i> ar aghaidh le labhairt ar mhian an n&aacute;d&uacute;ir ionainn chun an tsonais agus faoi mar a fhreagra&iacute;onn na bi&aacute;ide don d&uacute;il sin. Is &oacute; Dhia &iacute;. Is amhlaidh at&aacute; glaoite ag Dia orainn chun na beannaitheachta at&aacute; aige f&eacute;in. T&aacute; s&eacute; suite sa chro&iacute; daonna le daoine a tharraingt chuig an tAon T&eacute; amh&aacute;in ar f&eacute;idir leis an mhian sin a sh&aacute;samh. Mar a mheabhra&iacute;onn an <i>Citiciosma, <\/i>&uacute;s&aacute;ideann an Tiomna Nua an iliomad leagan cainte chun cur s&iacute;os ar an bheannachtacht a nglaonn Dia an duine chuici: teacht R&iacute;ocht D&eacute;, fis D&eacute;: &ldquo;Is meaner d&oacute;ibh seo at&aacute; glan &oacute; chro&iacute;, &oacute;ir feicfidh siad Dia&rdquo;; dul isteach in aoibhneas an Tiarna, agus a thuilleadh f&oacute;s.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>29 Ean&aacute;ir 2017 (A) An Ceathr&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-484","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/484","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=484"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/484\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=484"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=484"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=484"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}