{"id":485,"date":"2017-02-04T11:02:13","date_gmt":"2017-02-04T11:02:13","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=485"},"modified":"2017-02-04T11:02:13","modified_gmt":"2017-02-04T11:02:13","slug":"5-feabhra-2017-a-cuigiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=485","title":{"rendered":"5 Feabhra 2017 (A) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">5 Feabhra 2017 (A) C&uacute;igi&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">Cr&iacute;ostaithe solas and domhain; l&aacute;rionad na croise.<\/span><\/i><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 58:7-10).<\/span><i><span style=\"color: black;\"> Gealfaidh do sholas mar an maidneachan. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Roghna&iacute;odh<i> <\/i>an sliocht seo le dul leis an l&eacute;acht sa soisc&eacute;al a bhfuil mar l&aacute;rth&eacute;ama aici Cr&iacute;ostaithe a bheith mar sholas an domhain. T&aacute; dh&aacute; thagairt chaoi faoi seo sa sliocht tosaigh seo: &ldquo;Gealfaidh do sholas mar an maidneachan&rdquo;, agus &ldquo;&Eacute;ireoidh do sholas sa dorchadas&rdquo;. Ina shu&iacute;omh i leabhar &Iacute;se&aacute;ia t&aacute; briathra seo D&eacute; tr&iacute;d an fh&aacute;idh d&iacute;rithe ar phobal in Iosrael tar &eacute;is na deora&iacute;ochta, ag d&eacute;anamh soil&eacute;ir nach bhfuil an troscadh at&aacute; &aacute; dh&eacute;anamh acu inghlactha aige. N&iacute; raibh ach l&aacute; troscaidh amh&aacute;in go hoifigi&uacute;l in Iosrael, troscadh L&aacute; an Leorghn&iacute;mh, ach i ndiadh na deora&iacute;ochta th&aacute;inig laethanta troscaidh eile isteach agus bh&iacute; gr&uacute;panna &aacute;irithe a mheas go bhf&eacute;adfaidis br&uacute; n&oacute; iachall a chur ar Dhia le troscadh &eacute;isteacht a thabhairt d&oacute;ibh. Sin a tharla sa ch&aacute;s seo, b&iacute;odh nach raibh a ngn&iacute;omhartha ag teacht leis an troscadh &ndash; iad ag troma&iacute;ocht ar a n-oibrithe, ag bru&iacute;on agus ag troid, ag bualadh dorn ar a cheile le binib. Freagra&iacute;onn Dia nach &eacute; sin an troscadh is &aacute;il leis, ach a mhalairt de chleachtadh: geimhleacha na h&eacute;ag&oacute;ra a scaoileadh, an uile chuing a bhriseadh, agus na dea-ghn&iacute;omhartha eile at&aacute; &aacute;irithe sa l&eacute;acht seo a dh&eacute;anamh, ina measc gan faill&iacute; a dh&eacute;anamh sa dualgas i leith a mhuintire f&eacute;in. Le go mbeadh beatha na gcreidmheach in nDia mar fhianaise d&oacute; n&iacute; fol&aacute;ir don ghn&iacute;omh seachtarach bheith ag teacht leis an mbeatha inmhe&aacute;nach, iad araon at tabhairt om&oacute;s don chonradh. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 111 [112]). <i>Lonra&iacute;onn an dea-dhuine sa dorchacht do dhaoine cneasta<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Corantaigh 2:1-5). <i>Fad a bh&iacute; m&eacute; in bhur measc nior aithin m&eacute; ach &Iacute;osa Cr&iacute;ost agus a ch&eacute;asadh ar an gcrois. <\/i>Is fi&uacute; a bhfuil r&aacute;ite sa chur s&iacute;os ar an sliocht as an litir seo a l&eacute;adh sa Tr&iacute;&uacute; Domhnach den bhliain a l&eacute;amh ar&iacute;s. Bh&iacute; P&oacute;l ag cur sios ansin ar r&uacute;ndiamhair chrois Chr&iacute;ost agus beidh s&eacute; ag lean&uacute;int leis sin inniu. Mar ch&uacute;lra d&aacute; ndeireann P&oacute;l sa l&eacute;acht seo n&iacute; miste a bhfuil scr&iacute;ofa i nGn&iacute;omhartha na nAspal faoina tharla d&oacute; san Aithin a mheabhr&uacute;. L&aacute;rionad sha&iacute;ochta agus eagna na Gr&eacute;ige an Aithne. Thug P&oacute;l cuairt ar an chathair tar &eacute;is teacht &oacute; Teasalonic&eacute; d&oacute;. Bh&iacute;odh s&eacute; ag f&oacute;gairt an tSoisc&eacute;il ansin. Th&aacute;inig cuid de na fealsaimh Eipici&uacute;racha agus St&oacute;chacha ag pl&eacute; leis chomh maith. Ag labhairt d&oacute; faoin Soisc&eacute;al agus Ais&eacute;ir&iacute; (<i>anastasis <\/i>sa Ghr&eacute;igis) mheasadar gur d&eacute;ithe iasachta a bh&iacute; &aacute; bhf&oacute;gairt aige. Tugadh go dt&iacute; an Air&eacute;apagas (ardchomhairle na cathrach, b&rsquo;fh&eacute;idir) &eacute;, &aacute;it a thug s&eacute; aitheasc l&eacute;annta, a raibh tagairt do ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost &oacute; mhairbh. C&uacute;is gh&aacute;ire agus mhagaidh d&oacute;ibh an tagairt don ais&eacute;ir&iacute;. Teip ghlan a bh&iacute; san iarracht seo do Ph&oacute;l san Aithne, agus chuaigh s&eacute; ar aghaidh go an Choraint ina dhiaidh. Mar a deir s&eacute; sa l&eacute;acht seo, bh&iacute; s&eacute; lagbhr&iacute;och ag teacht chuig na Coraintigh agus &eacute; l&aacute;n d&rsquo;uamhan agus d&rsquo;eagla. Ach in aisling d&uacute;irt an Tiarna leis lean&uacute;int leis ag seanm&oacute;ireacht mar go raibh pobal m&oacute;r ag Dia sa chathair sin. Le filleadh anois ar an l&eacute;acht f&eacute;in: Tosa&iacute;onn P&oacute;l lena mheabhr&uacute; d&oacute;ibh gur th&aacute;inig s&eacute; chucu i gCoraint &ldquo;ag f&oacute;gairt r&uacute;ndiamhair D&eacute;&rdquo;. F&iacute;rinne agus r&eacute;altacht &iacute; r&uacute;ndiamhair at&aacute; folaithe i nDia agus nach faightear eolas n&oacute; aithne uirthi go nochtar, go bhfoils&iacute;tear, &iacute; ag Dia. Plean sl&aacute;naithe D&eacute; a bh&iacute; sa r&uacute;ndiamhair seo, plean a th&aacute;inig chun foirfeachta tr&iacute; bheatha, bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Foils&iacute;odh, nochtadh, &iacute; tr&iacute; Chr&iacute;ost agus an Eaglais, i seanm&oacute;ireach Ph&oacute;il ina measc. Do Ph&oacute;l, n&iacute;l aon &aacute;it ag an bhfeals&uacute;nacht, ag an eagna dhaonna, i nochtadh na r&uacute;ndiamhaire seo, agus rinne P&oacute;l deimhin de go mbeadh Cr&iacute;ost, agus &eacute; c&eacute;asta ar an gcrois, mar chro&iacute;l&aacute;r d&aacute; chuid seanm&oacute;ireachta d&oacute;ibh. An toradh a bh&iacute; ar a sheanm&oacute;ireacht, a aitheasc, ar ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, san Aithne n&aacute; magadh agus c&uacute;is gh&aacute;ire. An toradh sa Choraint n&aacute; &ldquo;foilsi&uacute; an Spioraid agus a chumhachta&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; an Spiorad Naomh a lonraigh i gcro&iacute;the na gcreidmheach gur f&iacute;or a fh&oacute;gair P&oacute;l faoi &Iacute;osa Cr&iacute;ost agus a ch&eacute;asadh ar na gcrois. Tr&iacute; chumhacht an Spioraid Naoimh a th&aacute;inig sin, n&iacute; tr&iacute; eagna dhaonna. Mar sin t&aacute; an creideamh i rundiamhair seo D&eacute; bunaithe ar chumhacht D&eacute;, seachas ar eagna dhaonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 5:13-16). <i>Is sibhse solas an domhain.<\/i> T&aacute; &aacute;bhar machnaimh saibhir againn sa l&eacute;acht ghairid seo. Tagann s&eacute; d&iacute;reach i ndiaidh na <\/span><span style=\"color: black;\">Bi&aacute;ide. R&aacute;itis ghinear&aacute;lta iad na Bi&aacute;ide ar luachanna na R&iacute;ochta, agus mar chlabhs&uacute;r orthu meabhra&iacute;tear do lucht lean&uacute;na &Iacute;osa bheith r&eacute;idh don gh&eacute;arlean&uacute;int a fh&eacute;adfadh teacht as d&iacute;lse d&rsquo;&Iacute;osa agus don soisc&eacute;al. Sa t&eacute;acs seo againne inniu labhra&iacute;onn &Iacute;osa leis na deisceabail a bh&iacute; aige nuair a ch&eacute;ad thug s&eacute; an Seanm&oacute;ir ar an Sliabh agus chomh maith le sin leis an lucht lean&uacute;na a bheidh aige i rith na staire. Labhra&iacute;onn s&eacute; leo go d&iacute;reach le teachtaireacht at&aacute; beagnach dochreidte: Salann na tal&uacute;n agus solas an domhain iad. T&aacute; s&eacute; ag cainnt le comhluadar Gi&uacute;dach, ach is l&eacute;ir go bhfuil misean na nAspal agus na hEaglaise don domhan m&oacute;r i raon radhairc cheana. N&iacute; salann agus solas iad do theaghlach amh&aacute;in, n&oacute; do bhaile beag n&oacute; bhaile m&oacute;r amhain, n&oacute; fi&uacute; do phobal Iosrael, ach don domhan m&oacute;r ioml&aacute;n. L&eacute;ir&iacute;onn na h&iacute;omh&aacute;nna a mbaintear &uacute;s&aacute;id astu aidhm an mhisin a bheidh acu. Blast&aacute;n don bhia salann; tugann s&eacute; blas agus cosna&iacute;onn s&eacute; &oacute; mheath agus &oacute; thruailli&uacute;. Tugann solas &eacute;ifeacht do dhuine a threoir a aimsi&uacute;. L&eacute;ir&iacute;onn na h&iacute;omh&aacute;nna an aidhm agus an misean at&aacute; ag lucht lean&uacute;na uile Chr&iacute;ost sa saol, sa domhan. Mar a chuir scr&iacute;bhne&oacute;ir san &oacute;g-eaglais &eacute; (sa dara n&oacute; sa tr&iacute;&uacute; aois), agus an phag&aacute;ntacht f&oacute;s faoi r&eacute;im: &ldquo;Ionann an t-anam don chorp agus Cr&iacute;ostaithe sa domhan&rdquo;, anam an domhain iad. In aimsir Chr&iacute;ost i dteach sa Phailist&iacute;n bhi na lampa&iacute; le solas a thabhairt beag agus cuireadh ar bharr mhios&uacute;r buis&eacute;il (&ldquo;in airde ar gcrann solais&rdquo;) iad. Baintear feidhm as lampa le solas a thabhairt, agus meabhra&iacute;onn &Iacute;osa d&aacute; dheisceabail go bhfuil misean acu sa saol agus don domhan. Thuig an eaglais &oacute;g sin go maith agus leagann litreacha Ph&oacute;il agus Pheadair b&eacute;im ar seo: na Cr&iacute;ostaithe mar l&oacute;chrann don domhan lena mbeatha Chr&iacute;osta&iacute;, lena ndea-oibreacha. Gairm thar a bheith uasal &iacute; seo, ach de bharr laige an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna thar a bheith baolach &oacute; thaobh an duine aonair agus tion&oacute;il an chreidimh. T&aacute; an ghairm ag Cr&iacute;osta&iacute;the a ndea-ghn&iacute;omhartha a bheith le feice&aacute;il os comhair daoine, le go dtabharfa&iacute; gl&oacute;ir don Athair ar neamh. Ach is r&oacute;-&eacute;asca do dhuine a ghl&oacute;ir f&eacute;in, seachas gl&oacute;ir an Athar ar neamh, a chuardach, rud a ch&aacute;ineann &Iacute;osa go g&eacute;ar. Ba mh&oacute;r, agus is m&oacute;r, don Eaglais agus don teaghlach an dea-shampla agus an cl&uacute;, agus as sin leanann go bhf&eacute;adfa&iacute; br&uacute; r&oacute;-mh&oacute;r a chur ar dhuine faoi seo, d&aacute; mh&iacute;-thairbhe f&eacute;in, n&oacute; go nd&eacute;anfa&iacute; droch-ghn&iacute;omhartha a cheilt le meas an phobail a choime&aacute;d. Is eol d&uacute;inn go l&eacute;ir go dtarla&iacute;onn seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mheasfadh duine gur dodh&eacute;anta an ghairm seo a mhaireacht&aacute;il. Ach mar a d&uacute;irt &Iacute;osa i gcomhth&eacute;acs eile, n&iacute; hamhlaidh sin i s&uacute;ile D&eacute;. Maireann gairm uasal sin na gCr&iacute;ostaithe bheith mar shalann agus sholas don domhan in aon r&eacute;, &aacute;r r&eacute; f&eacute;in san &aacute;ireamh. T&aacute; g&aacute; ag domhan an lae inniu le solas Chr&iacute;ost. Agus n&iacute;or ch&oacute;ir go gcuirfeadh aithis, g&eacute;arlean&uacute;int n&oacute; l&iacute;omhaint&iacute; br&eacute;ige cosc orainn. D&uacute;irt &Iacute;osa linn bheith r&eacute;idh d&aacute; leith&eacute;id&iacute;. De r&eacute;ir an tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh t&aacute; siad sin ceangailte leis na Bi&aacute;ide!!<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">Cr&iacute;ostaithe solas an domhain; l&aacute;rionad na croise.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Machnamh. Cr&iacute;ostaithe solas an domhain. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Maidir leis seo. is leor a bhfuil r&aacute;ite faoin chur sios ar an Soisc&eacute;al mar &aacute;bhar saibhir machnaimh d&uacute;inn inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Agallamh le Ceisteanna an Lae. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">&Oacute; ghluaiseacht fheals&uacute;nachta an ocht&uacute; c&eacute;ad d&eacute;ag anall ar a dtugtar an &ldquo;Eagna&iacute;ocht&rdquo;&cedil; an Soilsi&uacute;, an <i>Erkl&auml;rung<\/i>, the Enlighenment, t&aacute; tuiscint eile ar an solas is dual don chine daonna seachas solas an tSoisc&eacute;il. B&iacute;odh go bhfuil &eacute;ags&uacute;lacht mh&oacute;r idir saoithe na gluaiseachta sin, is com&oacute;nta an tuiscint acu gur leor an aigne dhaonna agus na c&eacute;adfa&iacute; mar threoir don chine daonna gan aon chur isteach &oacute; neamh n&oacute; &oacute; shaol eile. N&iacute; bheadh a leith&eacute;id de threoir inghlactha. Is cuid den saol ina mhairimid &eacute; sin. Ar an dtaobh eile de, l&aacute;r-fh&iacute;rinne &oacute; Ph&oacute;l anall &eacute; nach leor an eagna dhaonna, maidir le eolas ar thoil D&eacute;. T&aacute; an m&eacute;id a deir P&oacute;l faoi r&uacute;ndiamhair D&eacute; agus na croise mar bhunphrionsabal d&aacute;r gcreideamh f&iacute;or i gc&oacute;na&iacute;. B&iacute;odh go bhfuil glactha le saol an lae inniu le m&oacute;r&aacute;n de thuiscint agus de theagasc na m<\/span><span style=\"color: black;\">Bi&aacute;ide agus den tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh, t&aacute; gn&eacute;ithe den &ldquo;Eagna&iacute;ocht&rdquo;, den Enlightenment, nach f&eacute;idir glacadh leo. Ach t&aacute; an &ldquo;chumhacht&rdquo; sin a thug an creideamh i gCr&iacute;ost agus a Chrois c&eacute;aduair ag feidhmi&uacute; i gc&oacute;na&iacute;, agus n&iacute; m&oacute;r do chreidmhigh bheith nascaithe le Cr&iacute;ost agus an Spiorad Naomh tr&iacute; urna&iacute; agus dheabh&oacute;id.<\/span><i><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5 Feabhra 2017 (A) C&uacute;igi&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC B.An B&iacute;obla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cr&iacute;ostaithe &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-485","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/485","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=485"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/485\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=485"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=485"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=485"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}