{"id":488,"date":"2017-02-13T12:21:33","date_gmt":"2017-02-13T12:21:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=488"},"modified":"2017-02-13T12:21:33","modified_gmt":"2017-02-13T12:21:33","slug":"12-feabhra-2017-a-seu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=488","title":{"rendered":"12 Feabhra 2017 (A) S\u00e9\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">12 Feabhra 2017 (A) S&eacute;&uacute; Domhnach Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>An f&eacute;idir foirfeacht an tSoisc&eacute;il a mhaireacht&aacute;il?<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Sirach 15:15-20). <i>N&iacute;or ordaigh s&eacute; d&rsquo;aon duine riamh bheith aindiaga. <\/i>T&aacute; an sliocht 15:11-20 ag cur s&iacute;os ar shaorthoil an duine agus ar an bhfreagracht i leith an pheaca. Sa tr&aacute;th in ar scr&iacute;obhadh an leabhar seo (thart ar 180 roimh<i> <\/i>Chr&iacute;ost) bh&iacute; pl&eacute; in Iosrael faoi cad ba ch&uacute;is leis an peaca a bheith ann. Teoric amh&aacute;in a bh&iacute; ann n&aacute; gurb iad na haingil a pheacaigh in &eacute;adan D&eacute; agus le daoine daonna a thug isteach &eacute;. F&oacute;rsa ann f&eacute;in a bheadh sa pheaca. Teoric eile n&aacute; go raibh dh&aacute; fh&oacute;rsa ag feidhmi&uacute; sa duine daonna, f&oacute;rsa chun na maithe agus f&oacute;rsa chun an oilc. Tugann S&iacute;orach freagra soil&eacute;ir, ag teacht le teagasc leabhar Genesis agus an tSeantionma. Chruthaigh Dia an duine le saorthoil, agus t&aacute; s&eacute; freagrach as a dh&eacute;anann s&eacute;. N&iacute; scl&aacute;bha&iacute; do aon fhorsa ceilte &eacute;. Sna v&eacute;arsa&iacute; d&iacute;reach roimh an sliocht seo deir an t-&uacute;dar: &ldquo;N&aacute; habair: &lsquo;S&eacute; an Tiarna faoi dear m&eacute; a dhul ar seachr&aacute;n&rsquo;, mar n&iacute; dh&eacute;anann s&eacute; an n&iacute; is fuath leis. &#8230; Eisean a chruthaigh an duine i dtosach b&aacute;ire, agus d&rsquo;fh&aacute;g s&eacute; &eacute; faoi sti&uacute;ir a chomhairle f&eacute;in&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; le saorthoil. As sin tosa&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu: &ldquo;M&aacute;s toil leat is f&eacute;idir leat na haitheanta a choime&aacute;d agus toil an Tiarna a dh&eacute;anamh le barr d&iacute;lseachta&rdquo;, <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra iSalm 118[119]). Is aoibhinn d&oacute;ibh si&uacute;d a chomhl&iacute;onann dl&iacute; an Tiarna.<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coirintigh 2:6-10). <i>Cheap Dia an eagna roimh th&uacute;s aimsire chun gl&oacute;ir a thabhairt d&uacute;inn. <\/i>Sa l&eacute;acht seo leanann P&oacute;l ar aghaidh ag cur an eagna Chr&iacute;osta&iacute; i gcompar&aacute;id le eagna dhaonna n&aacute;r thuig plean sl&aacute;naithe D&eacute; in &Iacute;osa Cr&iacute;ost. Deir s&eacute; go labhra&iacute;onn, go m&uacute;ineann, s&eacute;, agus m&uacute;inteoir&iacute; eile Cr&iacute;osta&iacute;, eagna &ldquo;d&oacute;ibh sin at&aacute; tagtha in inmhe&rdquo;, do Chr&iacute;osta&iacute;the a bhfuil tuiscint thar na bunphrionsabail acu. Eagna faoi leith &iacute; seo a thagann &oacute; shu&aacute;ilce an chreidimh, eagna nach raibh ag &ldquo;lucht ceannais an tsaoil seo&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; is d&oacute;cha f&oacute;rsa&iacute; osn&aacute;d&uacute;rtha an oilc agus cumhachta&iacute; daonna a gh&eacute;ill d&oacute;ibh agus a sheas in &eacute;adan Chr&iacute;ost agus an tSoisc&eacute;il. Is &iacute; an eagna r&uacute;nda i gceist n&aacute; r&uacute;ndiamhair shl&aacute;naithe D&eacute; a bh&iacute; folaithe go dt&iacute; gur foils&iacute;odh &iacute; tr&iacute; Chr&iacute;ost, ina bheatha, ina bh&aacute;s ar an gCrois agus ina ais&eacute;ir&iacute;, agus san eaglais. Tr&iacute; bhrontannas an chreidimh t&aacute; an eagna sin ag lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost, b&iacute;odh nach ghlacann an &ldquo;saol&rdquo;, gan an eagna sin, leo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 5:17-37). <i>Sin mar a d&uacute;radh leis na sinsir: ach is &eacute; seo a deirimse libh. <\/i>Sa l&eacute;acht seo t&aacute; &Iacute;osa ag cur a theagasc f&eacute;in agus an bheatha a leanann as i gcom&oacute;rtas le teagasc agus saol phobal Iosrael (&ldquo;an sinsear&rdquo;) roimhe sin. Ionann i sl&iacute; &ldquo;an dli agus na f&aacute;ithe&rdquo; agus an teagasc agus an saol sin. N&iacute;or th&aacute;inig &Iacute;osa chun &ldquo;an dl&iacute; agus na f&aacute;ithe&rdquo; sin a chur ar ceal, ach lena gcur i gcr&iacute;ch. Ionann &ldquo;cur i gcr&iacute;ch&rdquo; anseo agus iad a thabhairt chun foirfeachta, agus mar sin gach a sheasann an sean-ord, dl&iacute; agus f&aacute;ithe, a choml&iacute;onadh. Bh&iacute; &eacute;ags&uacute;lacht &aacute;irithe san &oacute;g-eaglais faoi sheasamh dhl&iacute; Mhaois i measc na bhf&iacute;r&eacute;an. Sa mh&eacute;id gur cleachtadh maidir le feini&uacute;lacht chine, n&iacute; raibh &aacute;it ann ag P&oacute;l san eaglais taobh amuigh de Gh&iacute;udaigh. Lean Cr&iacute;osta&iacute;the Gi&uacute;dacha &aacute; chleachtadh. Is cuma i sl&iacute; faoi sheasamh &Iacute;osa faoin gceist seo; sa l&eacute;acht seo tugann s&eacute; ioml&aacute;n&uacute; nua ar aitheanta D&eacute; a tugadh i Sinai tr&iacute; Mhaois, agus d&eacute;anann s&eacute; sin go h&uacute;dar&aacute;sach. Maidir leis an aithne &ldquo;N&aacute; d&eacute;an mar&uacute;&rdquo;, diamhasla ab ea an mar&uacute;, a scrios &iacute;omh&aacute; D&eacute; sa duine. T&eacute;ann &Iacute;osa thar sin. N&iacute; di&uacute;ltach (&ldquo;N&aacute; d&eacute;an&rdquo;) amh&aacute;in an aithne, ach dearfach chomh maith: om&oacute;s a thabhairt do &iacute;omh&aacute; D&eacute; seachas masla; maithi&uacute;nas agus athmhuintearas; cosc ar fhearg agus leasainmneacha mar &ldquo;ceann baoth&rdquo;, &ldquo;amad&aacute;n&rdquo;. (N&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; go raibh an Airimis taobh thiar d&iacute;obh sin thar a bheith maslach, mar t&aacute; pion&oacute;s trom ag gabh&aacute;il leo.) T&eacute;ann s&eacute; thar adhaltranas go hainmhianta na colla agus dr&uacute;is; thar cead do colscaradh go cosc ar cholscaradh; thar gan mionn a sh&aacute;r&uacute; go comhairle gan mionn a dh&eacute;anamh in aon chor, ach a bheith simpl&iacute; agus gur leor focal gan aon mhionn. An bhr&iacute; at&aacute; leis sin n&aacute; aidhm &Iacute;osa d&aacute; lucht lean&uacute;na: Bheith foirfe faoi mar at&aacute; an tAthair ar neamh foirfe, mar a deir s&eacute; ag deireadh an aithisc, a l&eacute;afar an Domhnach seo chugainn.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>An f&eacute;idir foirfeacht an tSoisc&eacute;il a mhaireacht&aacute;il?<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">In aimsir Sh&iacute;orach cuireadh an cheist: An f&eacute;idir na haitheata a choime&aacute;d? Arda&iacute;odh ceist d&aacute; leith&eacute;id faoi chuid de shoisc&eacute;al an lae inniu, go h&aacute;irirthe faoin sliocht &ldquo;N&aacute; d&eacute;an mar&uacute;&rdquo; agus a leanann as go dt&iacute;: &rdquo;N&aacute; d&eacute;an adhaltranas. Duine ar bith a bhreathna&iacute;onn ar bhean le d&uacute;il inti, t&aacute; adhaltranas d&eacute;anta aige cheana f&eacute;in lei ina chro&iacute;&rdquo;. Mar a deir Ard-C&uacute;isti&uacute;na&iacute; Dostoevsky: &ldquo;Bh&iacute; meas r&oacute;-ard ag &Iacute;osa ar an chine daonna, mar rugadh &eacute; i bhfad n&iacute;os laige agus n&iacute;os isle n&aacute; mar a mheas Cr&iacute;ost&rdquo;. Faoi seo is f&eacute;idir linn a r&aacute; nach c&oacute;d dl&iacute;, taobh amuigh den cosc ar cholscaradh, a bhfuil i l&eacute;acht an lae inniu, ach l&eacute;iri&uacute; ar n&aacute;d&uacute;r r&iacute;ocht D&eacute;, r&iacute;ocht &Iacute;osa, agus an fhoirfeacht is dual di. L&eacute;ir&iacute;onn briathra seo &Iacute;osa go bhfuil r&eacute; &uacute;r tagaithe leis f&eacute;in, agus gairm faighte ag a lucht lean&uacute;na bheith mar thoscair&iacute; d&oacute; sin ina mbeatha.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&eacute;ann seo le teachtaireacht an dara l&eacute;achta: Tugann su&aacute;ilce an chreidimh eagna nua don chreidmheach, nach eagna shaolta &iacute;. Ar ndoigh n&iacute; ionann sin agus a r&aacute; nach raibh meas ag P&oacute;l, n&oacute; nach bhfuil meas ag an eaglais, ar an eagna dhaonna mar sti&uacute;ir i gc&uacute;rsai an tsaoil seo. Mar a scr&iacute;obh P&oacute;l chuig na Filipigh (4:8): &ldquo;B&iacute;odh bhur n-aire ar an rud is f&iacute;or, ar an rud uasal, ar an rud c&oacute;ir, ar an rud naofa, ar an rud meas&uacute;il, ar an rud creidi&uacute;nach, ar an rud at&aacute; su&aacute;ileach inmholta&rdquo;. An teachtaireacht at&aacute; ag P&oacute;l sa dara l&eacute;acht n&aacute; nach f&eacute;idir linn dearmad a dh&eacute;anamh de gur r&uacute;ndiamhair shl&aacute;naithe D&eacute; at&aacute; san eaglais. Agus sinn in agallamh le saol &aacute;r linne n&iacute; dochar machnamh a dh&eacute;anamh ar sin go l&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceist eile a phl&eacute;itear inniu n&aacute; an f&eacute;idir maireacht&aacute;il de r&eacute;ir adeir an soisc&eacute;al. Cuireadh ceist d&aacute; leith&eacute;id ar &Iacute;osa, a thug mar fhreagra: &ldquo;T&aacute; an uile n&iacute; sodh&eacute;anta ag Dia&rdquo; (Matha 19:26). N&iacute; freagra na ceiste &eacute; seo, ach &aacute;bhar machnaimh in aon phl&eacute; faoin gceist. Nuair at&aacute; r&uacute;ndiamhair an tsosc&eacute;il agus na heaglaise i gceist, in aon phl&eacute; n&iacute; f&eacute;idir gr&aacute;sta D&eacute; a fh&aacute;gaint as an &aacute;ireamh.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>12 Feabhra 2017 (A) S&eacute;&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-488","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/488","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=488"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/488\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=488"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=488"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=488"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}