{"id":490,"date":"2017-02-17T09:52:20","date_gmt":"2017-02-17T09:52:20","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=490"},"modified":"2017-02-17T09:52:20","modified_gmt":"2017-02-17T09:52:20","slug":"19-feabhra-2017-a-seachtu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=490","title":{"rendered":"19 Feabhra 2017 (A) Seacht\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">19 Feabhra 2017 (A) Seacht&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>Cr&iacute;ost agus r&uacute;ndiamhair na hEaglaise.<\/i><\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(L&eacute;iv&iacute;tic 19:1-2, 17-18). <i>N&iacute; fol&aacute;ir duit gr&aacute; a thabhairt do do chomharsaa mar th&uacute; f&eacute;in. <\/i>Baili&uacute;ch&aacute;n de rialacha &eacute;ags&uacute;la at&aacute; i gcaibideal 19 de leabhar L&eacute;iv&iacute;tic, agus gan de nasc eatorthu ach naofacht D&eacute; agus a thoil mar at&aacute; l&eacute;irithe sna Deich nAitheanta. Is aidhm d&oacute; seo l&eacute;iri&uacute; a thabhairt ar an mbeatha is dual do phobal D&eacute;, agus t&aacute; s&eacute; i gcodarsnacht leis an chosc maidir le c&uacute;rsa&iacute; gn&eacute;is at&aacute; le f&aacute;il sa chaibideal (18) roimhe seo. Le dul le soisc&eacute;al an lae inniu roghna&iacute;tear na sleachta at&aacute; ag tr&aacute;cht ar ghr&aacute; a thabhairt don chomharsa &ldquo;mar th&uacute; f&eacute;in&rdquo;, gan fuath a bheith ag duine d&oacute;, n&aacute; faltanas, n&aacute; d&iacute;oltas. &Eacute; seo go l&eacute;ir mar aithris ar Dhia f&eacute;in, agus a naofacht. Ar nd&oacute;igh ionann &ldquo;comharsa&rdquo; sa Seantiomna n&aacute; ball de phobal De. Cuirfidh &Iacute;osa m&iacute;ni&uacute; n&iacute;os leithne de sa pharabal &ldquo;An Sam&aacute;ireach f&oacute;nta&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 102[103]). <i>Is gr&aacute;mhar tr&oacute;caireach &eacute; an Tiarna.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Corantaigh 3:16-23). <i>Is libhse iad uile, agus is le Cr&iacute;ost sibhse agus is le Dia Cr&iacute;ost.<\/i> Sa l&eacute;acht seo t&aacute; P&oacute;l f&oacute;s ag pl&eacute; le ceisteanna a bh&iacute; ag cur as d&oacute; &oacute;n chead chaidideal den litir seo: an deighilt a bh&iacute; in eaglais Choraint de bharr na ngr&uacute;pa&iacute; a bh&iacute; &eacute;irithe ann in ainm Ph&oacute;il, C&eacute;afas (sin Peadar) agus Apollo. Bh&iacute; seo ag cur as don tuiscint ar l&aacute;nionad Chr&iacute;ost agus D&eacute; san eaglais. Lochtaigh P&oacute;l freisin an baol a bh&iacute; sa mheas ar an eagna dhaonna, ag meas ruda&iacute; de r&eacute;ir shlat tomhais dhaonna gan go leor aird a thabhairt ar eagna D&eacute; a foils&iacute;odh tr&iacute; bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Filleann s&eacute; ar sin ar&iacute;s sa l&eacute;acht seo. Baineann an eaglais le r&uacute;ndiamhair naofacht D&eacute;. Is teampall D&eacute; &iacute;, agus an &iacute;obairt naofa a ofr&aacute;iltear ann n&aacute; an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh. Is diamhasla eason&oacute;ir a thabhairt don eaglais, don teampall sin. Bh&iacute;othas &aacute; dh&eacute;anamh sin sa Choraint le n&iacute;os m&oacute; aird a thabhairt do dhaoine luaite faoi leith, de r&eacute;ir eagna an tsaoil seo. N&iacute; eagna&iacute; i dtuiscint an chreidimh aoinne a fheidhm&iacute;onn mar seo. Baineann an d&aacute; theacs den tSeantiomna sa l&eacute;acht (Iob 5:13 agus Salm 94[95]:11) le d&iacute;mheas D&eacute; ar an eagna, an gliocas, daonna a thaispe&aacute;int. Sa Choraint bh&iacute; gr&uacute;pa&iacute; &aacute; r&aacute; (1 Coraintigh 1:12): &ldquo;Leanaim (bainim le) P&oacute;l, n&oacute; C&eacute;afas n&oacute; Apollo&rdquo;. Cearta&iacute;onn P&oacute;l &eacute; seo ar&iacute;s anseo. Is amhlaidh a bhaineann siadsan go l&eacute;ir, P&oacute;l, Apollo agus C&eacute;afas (Peadar) agus m&oacute;r&aacute;n ruda&iacute; eile, leis an eaglais (sa Choraint); agus is le Cr&iacute;ost iad go l&eacute;ir, agus is le Dia Cr&iacute;ost. T&aacute; siad go l&eacute;ir aontaithe i r&uacute;ndiamhair, in eagna, D&eacute;. Sin r&uacute;ndiamhair na hEaglaise. N&iacute; rud daonna &iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 5:38-48). <i>B&iacute;odh gr&aacute; agaibh de bhur naimhde.<\/i> T&aacute; dh&aacute; mh&iacute;r sa l&eacute;acht seo, le samplai faoi &ldquo;D&uacute;radh libh&rdquo;. An ch&eacute;ad cheann n&aacute; &ldquo;s&uacute;il ar sh&uacute;il, fiacail ar fhiacail&rdquo; (&ldquo;i gc&uacute;iteamh s&uacute;ile, fiacaile&rdquo;). As c&oacute;d dl&iacute; &oacute;n tSeantiomna (Eacsadas 21:24; L&eacute;ivitic 24:20; Deotrainimi 19:21) &eacute; sin. N&iacute; d&iacute;oltas a bh&iacute; i gceist ansin ach cothroime idir an chion agus an pion&oacute;s: s&uacute;il, fiacail, amh&aacute;in, n&iacute; dh&aacute; cheann, in &eacute;iric s&uacute;ile, fiacaile. D&iacute;oltas is br&iacute; leis sa t&eacute;acs seo sa soisc&eacute;al, agus molann an t&eacute;acs nach bhfuil &aacute;it ag an d&iacute;oltas i measc lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost. A mhalairt ar fad. Mheasadh duine gur &aacute;ibh&eacute;il at&aacute; sa mh&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa anseo, ach is &ldquo;&aacute;ibh&eacute;il&rdquo; &eacute; at&aacute; dulta i bhfeidhm fi&uacute; i gc&uacute;rsa&iacute; poilit&iacute;ochta, mar shampla &ldquo;an d&aacute; mh&iacute;le&rdquo;, n&oacute; &ldquo;an m&iacute;le breise&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa dara m&iacute;r faoi &ldquo;Chuala sibh go nd&uacute;radh&rdquo; gr&aacute; don chomharsa agus fuath don namhaid &#8212; t&aacute; an aithne faoi ghr&aacute; don chomharsa le f&aacute;il i L&eacute;iv&iacute;tic 19:18, t&eacute;acs at&aacute; sa ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu. N&iacute;l aon aithne faoi fhuath don namhaid sa tSeantiomna. Bh&iacute; fuath ag manaigh Qumran, a fh&eacute;ach orthu f&eacute;in mar &ldquo;clannmhic na tsolais&rdquo;, do ghr&uacute;pa eile ar a dtugadar &ldquo;clannmhic an dorchadais&rdquo;. T&aacute; drochmheas ar pheacaigh l&eacute;irithe i S&iacute;rach 12:4-7 at&aacute; c&oacute;ngarach do fhuath: &ldquo;Is gr&aacute;in leis an T&eacute; is Airde na peacaigh&rdquo;. Uaireanta sna soisc&eacute;il ionann &ldquo;fuath&rdquo; agus &ldquo;meas, gr&aacute; n&iacute;os l&uacute;&rdquo;. I dt&eacute;acs an lae inniu is ionann &ldquo;fuath&rdquo; is d&oacute;cha agus meon &aacute;irithe ina leith si&uacute;d n&aacute;r fh&eacute;acadh orthu mar chomharsa, n&oacute; mar bhaill den chine. Ar aon chuma t&aacute; briathra &Iacute;osa ag eascairt &oacute; bhriathra eile leis: &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo at&aacute; glan &oacute; chro&iacute;, &oacute;ir feicfidh siad Dia&rdquo;, feicfidh siad Dia Athair &Iacute;osa, agus an t-Athair ar neamh don chine daonna go l&eacute;ir idir olc agus maith. Le bheith &ldquo;foirfe&rdquo;, ioml&aacute;n, sa daonnacht agus sa tr&oacute;caire, t&aacute; Athair na tr&oacute;caire agus an tuisceana ann mar eiseaml&aacute;ir.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>C.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><b><span style=\"color: black;\">: <\/span><\/b><i><span style=\"color: black;\">Cr&iacute;ost agus r&uacute;ndiamhair na hEaglaise.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Is fada idir Ph&oacute;l, an &oacute;g-eaglais sa Coraint agus saol an lae inniu, maraon leis an Eaglais agus a cuid fadhbanna. Agus b&iacute;odh gur m&oacute;r an difr&iacute;ocht &oacute; thaobh c&uacute;rsa&iacute; poilit&iacute;ochta agus soisialta de labhra&iacute;onn ad&uacute;irt P&oacute;l f&oacute;s linn, mar n&iacute; heol c&uacute;rsa&iacute; aimsire do r&uacute;ndiamhair D&eacute;. Agus i r&uacute;ndiamhair &iacute; an Eaglais anois, faoi mar a bh&iacute; in aimsir Ph&oacute;il. N&iacute; thuigtear &iacute; tr&iacute;d an eagna dhaonna, ach tr&iacute;d an chreideamh. Le tamall anuas t&aacute; scannail &eacute;ags&uacute;la ag tarraingt aird ar an Eaglais sna me&aacute;in. Labhartar f&uacute;ithi amhail is d&aacute; mbeadh s&iacute; truaillithe. Meastar, sa chur s&iacute;os seo, nach bhfuil ann ach an &ldquo;Eaglais institi&uacute;ideach&rdquo;. D&eacute;antar an c&aacute;ineadh uirthi ar uairibh ag baill den chl&eacute;ir, le gr&uacute;pa&iacute; &eacute;ags&uacute;la ann. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is dlisteanach agus dlite c&aacute;ineadh ar laig&iacute; agus scannail san Eaglais. Ach don t&eacute; a chreideann n&iacute; m&oacute;r cuimhneamh gur sa taobh daonna den Eaglais iad seo. N&iacute;or ch&oacute;ir dearmad a dh&eacute;anamh de gur naofa agus r&uacute;ndiamhair f&oacute;s an Eaglais, teampall an Spioraid Naoimh. N&iacute;l s&iacute; truaillithe. T&aacute; an dea-sc&eacute;al f&oacute;s a chraobhscaoileadh aici do phobal D&eacute; at&aacute; faoi sti&uacute;ir an ghr&aacute;sta ag maireacht&aacute;il de reir bhriathair D&eacute;. N&iacute;or ch&oacute;ir go nd&eacute;anfadh aon ch&aacute;ineadh dearmad den m&eacute;id seo. Is fi&uacute; machnamh a dh&eacute;anamh f&oacute;s ar an m&eacute;id a scr&iacute;obh P&oacute;l chuig na Corantaigh: &ldquo;Duine ar bith a mhilleann teampall D&eacute;, millfidh Dia eisean, mar is naofa teampall D&eacute;&rdquo;, agus is sinne an teampall sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>19 Feabhra 2017 (A) Seacht&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-490","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/490","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=490"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/490\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=490"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=490"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=490"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}