{"id":491,"date":"2017-02-22T10:10:03","date_gmt":"2017-02-22T10:10:03","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=491"},"modified":"2017-02-22T10:10:03","modified_gmt":"2017-02-22T10:10:03","slug":"26-feabhra-2017-a-ochtu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=491","title":{"rendered":"26 Feabhra 2017 (A) Ocht\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">26 Feabhra 2017 (A) Ocht&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/b>Muin&iacute;n agus stuaim<\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 49:14-15). <i>N&iacute; dh&eacute;anfaidh m&eacute; dearmad ort. <\/i>Tuigimid &eacute;ifeacht na l&eacute;achta seo n&iacute;os fearr ach &iacute; a shu&iacute;omh ina h-&aacute;it bhunaidh sa Bh&iacute;obla. T&aacute;imid leis an Gi&uacute;daigh deoraithe d&iacute;beartha sa Bhaibeal&oacute;in. Beag an bun&uacute;s a bh&iacute; acu d&oacute;chas ar bith a bheith acu faoin r&eacute; le teacht. Bh&iacute; an chathair naofa Iar&uacute;sail&eacute;im treascartha, an Teampall mar a raibh Dia ina ch&oacute;na&iacute; ina measc scriosta agus a dt&iacute;r dh&uacute;chais I&uacute;da faoi smacht chumhacht na Baibeal&oacute;ine. B&iacute;odh go raibh Dia ag f&oacute;gairt tr&iacute; bh&eacute;al an fh&aacute;idh a scr&iacute;obh na duanta d&oacute;chais sa dara cuid de leabhar &Iacute;se&aacute;ia ag tabhairt uchtaigh d&oacute;ibh agus ag cur r&eacute; nua ghl&oacute;rmhar os a gcomhair, bh&iacute;odar f&oacute;s gan d&oacute;chas, ag mao&iacute;mh go raibh dearmad d&eacute;anta ag Dia orthu. Freagra&iacute;onn Dia mar mh&aacute;thair ghr&aacute;mhar. N&iacute; f&eacute;idir leis dearmad a dh&eacute;anamh orthu. Is f&iacute;or na briathra sin a d&uacute;radh c&eacute;aduair ag an f&aacute;idh sa s&eacute;&uacute; aois roimh Chr&iacute;ost do r&eacute; ar bith, agus t&aacute; siad ar aon dul lena deir &Iacute;osa i soisc&eacute;al an lae inniu faoin Athair at&aacute; againn ar neamh &ndash;an f&aacute;th ar roghna&iacute;odh iad do liot&uacute;irge an lae seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 61[62]). <i>B&iacute;odh do shuaimhneas i nDia amh&aacute;in. a anam liom.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Corantaigh 4:1-5). <i>Nochtfaidh an Tiarna r&uacute;n na gcro&iacute;the.<\/i> Sna caibidil roimhe seo den litir seo, ar l&eacute;adh cuid d&iacute;obh le roinnt Domhnach anuas, bh&iacute; P&oacute;l in agallamh le muintir na heaglaise sa Choraint, &aacute;it a raibh deighilt a eascair as om&oacute;s a thabhairt do eaglaisigh faoi leith (Apollos, C&eacute;afas agus P&oacute;l ina measc) seachas a bheith aontaithe le Cr&iacute;ost mar chro&iacute;l&aacute;r an chreidimh. <\/span><span style=\"color: black;\">De<\/span><span style=\"color: black;\"> r&eacute;ir dealraimh bh&iacute;othas ag cur P&oacute;l i gcompar&aacute;id le Apollos, agus ag tabhairt breithe gurb fhearr mar mhisin&eacute;ir agus seanmoir&iacute; Apollos n&aacute; P&oacute;l &ndash; b&iacute;odh gurb &eacute; an t-aspal P&oacute;l a bhunaigh an eaglais sin, agus misean faighte aige chuige sin &oacute; Chr&iacute;ost f&eacute;in. Sa l&eacute;acht seo tugann P&oacute;l aghaidh ar an cheist seo. Ba thrua go raibh na bu&iacute;onta sin sa Choraint faoi thionchar tuisceana daonna, ag meas misin&eacute;ir&iacute; agus ceannair&iacute; amhail P&oacute;l, Apollos agus eile amhail agus da mba cursa&iacute; pobail a bh&iacute; i gceist. Is r&uacute;ndiamhair &iacute; an eaglais gur c&oacute;ir P&oacute;l f&eacute;in, Apollos agus aoine eile i gceist mar sheirbh&iacute;sigh do Chr&iacute;ost agus don soisc&eacute;al, agus mar mhaoir ar r&uacute;ndiamhra D&eacute;. Thuigfeadh na Corantaigh cad a bh&iacute; i gceist ag P&oacute;l leis an bhfocal &ldquo;maor&rdquo;. Bh&iacute; maor i mbun teaghlaigh ina raibh scl&aacute;bhaithe agus seirbh&iacute;sigh. N&iacute; raibh maor neamhsple&aacute;ch. N&iacute; raibh s&eacute; freagrach mar mhaoir do na daoine a bh&iacute; faoi, ach bh&iacute; s&eacute; freagrach d&aacute; mh&aacute;ist&iacute;r. Ba aspal Chr&iacute;ost P&oacute;l agus bh&iacute; s&eacute; freagrach do Dhia, agus ba chuma leis aon bhreith a thabharfadh aoinne eile (Corantaigh ina measc). B&iacute;odh go raibh a choinsias glan san &aacute;bhar seo, thuig s&eacute; gurb &eacute; an Tiarna a thbharfadh breith sa deireadh. Molann s&eacute; do na Corantaigh a shampla agus a bhriathra a lean&uacute;int, agus gan breith thobann a thabhairt.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 6:24-34). <i>N&aacute; b&iacute;g&iacute; imn&iacute;och faoin l&aacute; am&aacute;rach.<\/i> Is c&oacute;ir an m&eacute;id adeir &Iacute;osa sa l&eacute;acht &aacute;lainn fhileata seo a mheas de r&eacute;ir an phrionsabail lena thosa&iacute;onn s&iacute;: N&iacute; f&eacute;idir do dhuine ar bith seirbh&iacute;s a dh&eacute;anamh do dh&aacute; mh&aacute;istir. N&iacute; f&eacute;idir daoibh seirbh&iacute;s a dh&eacute;anamh do Dhia agus do Mham&oacute;n &ndash; <i>mamon<\/i> an Airimis agus an Eabhrais ar airgead, saibhreas. T&aacute; s&oacute;rt pearsa d&eacute;anta de <i>mamon&cedil;<\/i>saibhreas, airgead, pearsa, f&oacute;rsa a &eacute;il&iacute;onn seirbh&iacute;s ioml&aacute;n &oacute;n duine. As an &eacute;ileamh seo ar mheon agus aigne an duine leanann dearmad ar mhuin&iacute;n as Dia&cedil; agus dearmad ar Dhia f&eacute;in. Mar chosaint ar seo leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar an mhuin&iacute;n sin, agus ar ch&uacute;ram an Athar ar neamh ar gach ghn&eacute; de shaol an duine, b&iacute;odh nach luann s&eacute; ach imn&iacute; faoi bhia agus &eacute;adach. N&iacute; m&oacute;r bheith san airdeall i gc&oacute;na&iacute; faoi luachanna r&iacute;ocht D&eacute;, mar a deir &Iacute;osa: &ldquo;D&eacute;anaig&iacute; r&iacute;ocht D&eacute; agus a fh&iacute;r&eacute;antacht a lorg ar dt&uacute;s&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; f&iacute;r&eacute;antacht D&eacute;, toil D&eacute; agus a bhaineann lei. N&iacute;l &Iacute;osa ag moladh neamhaire a dh&eacute;anamh ar ghn&aacute;th-ch&uacute;rsai an tsaoil seo, idir bia, &eacute;adach agus eile. Gan a bheith ina scl&aacute;bha&iacute; d&oacute;ibh at&aacute; i gceist<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/b><span style=\"color: black;\">: <i>Muin&iacute;n agus stuaim<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; g&aacute; leis an rabhadh faoin bhaol &oacute; <i>mamon<\/i> i ngach aois. De r&eacute;ir Ph&oacute;il chuig na Colasaigh (3:5) ionann an tsaint agus &iacute;oladhradh. Is eol d&uacute;inn go maith inniu nach motha&iacute;onn al&aacute;n daoine aon gh&aacute; le braith ar Dhia, ar an Athair ar neamh, faoi bhia, deoch n&oacute; &eacute;adach. T&aacute; saothar an duine agus eagrais sh&oacute;isialta agus charthannachta ann le iad sin a shol&aacute;thair. Ach is f&eacute;idir le seirbh&iacute;s&iacute; soisialta agus a leith&eacute;id&iacute; a bheith ina m&aacute;istir chomh maith le mamon an Bh&iacute;obla, ag teacht idir an chreidmheach agus an Athair ar neamh, idir r&iacute;ocht D&eacute;, idir Dhia agus a fh&iacute;r&eacute;antacht. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is m&oacute; an duine daonna n&aacute; c&uacute;rsa&iacute; s&oacute;isialta, c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil seo. N&iacute; m&oacute;r creideamh laidir a bheith againn i nDia agus gach a bhaineann leis n&oacute; lei, a fhios a bheith againn gur chongarach d&uacute;inn i gc&oacute;na&iacute; &eacute;, go m&oacute;r m&oacute;r in am an gh&aacute;tair, gur fairsing Dia sa ch&uacute;ngach mar a d&eacute;aradh &aacute;r sinsir.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; ionann muin&iacute;n as Dia agus neamart a thabhairt i gc&uacute;rsa&iacute; an tsaoil seo, mar a luadh sa chur s&iacute;os ar shoisc&eacute;al an lae &ndash; stuaim a nascadh le muin&iacute;n as Dia.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>26 Feabhra 2017 (A) Ocht&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-491","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/491","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=491"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/491\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=491"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=491"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=491"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}