{"id":493,"date":"2017-03-03T16:39:17","date_gmt":"2017-03-03T16:39:17","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=493"},"modified":"2017-03-03T16:39:17","modified_gmt":"2017-03-03T16:39:17","slug":"5-marta-2017-a-cead-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=493","title":{"rendered":"5 M\u00e1rta 2017 (A) C\u00e9ad Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">5 M&aacute;rta 2017 (A) C&eacute;ad Domhnach den Charghas <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b><i>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/i><\/b>: <i>Bua Chr&iacute;ost agus aontacht leis<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Genesis 2:7-9; 3:1-7). <i>Cruth&uacute; agus peaca an tsinsir.<\/i> T&aacute; dh&aacute; shliocht gairid sa l&eacute;acht seo a th&eacute;ann lena bhfuil le r&aacute; ag P&oacute;l sa dara l&eacute;acht. Cuireann an ch&eacute;ad sliocht s&iacute;os ar chruth&uacute;, n&oacute; ar chumadh, an duine (san Eabhrais <i>adam<\/i>) de chr&eacute; na tal&uacute;n (san Eabhrais <i>adamah<\/i>), le laige an duine dhaonna a chur in i&uacute;l. T&aacute; cur i l&aacute;thair picti&uacute;rtha againn anseo ar chruth&uacute;, n&oacute; chumadh, an duine: duine as ithir ina sh&eacute;ideann Dia an&aacute;il na beatha ina phollair&iacute;, agus ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Agus bh&iacute; todhcha&iacute; shuntasach in aigne D&eacute; don duine. Phlandaigh s&eacute; parthas, gaird&iacute;n, in<\/span><span style=\"color: black;\"> &Eacute;idin, san oirthear d&oacute;. Logainm &eacute; &Eacute;idin, nach fios (agus gur cuma) c&aacute; raibh s&eacute;. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; do Ghi&uacute;daigh agus do Chr&iacute;ostaithe b&rsquo;ionann &Eacute;idin agus Parthas, ar talamh n&oacute; ar neamh. Chuir Dia &Aacute;dhamh sa ghaird&iacute;n sin le saorchead toradh a ithe as gach crann sa ghaird&iacute;n, seachas crann fhios na maitheasa agus an oilc. B&rsquo;sin an t-aon aithne dhi&uacute;ltach a bh&iacute; air, lena umhla&iacute;ocht do Dhia a phromhadh. Cuireann an B&iacute;obla s&iacute;os chomh maith ar ar chruth&uacute; &Eacute;abha, c&eacute;ile c&uacute;nta a dhiongbh&aacute;la do &Aacute;dhamh, ach f&aacute;gtar ar l&aacute;r sa l&eacute;acht seo &eacute; gan aire a th&oacute;gaint &oacute;n d&aacute; phointe l&aacute;rnacha: cruth&uacute; agus peaca an tsinsir. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuireann an dara m&iacute;r s&iacute;os ar an gcath&uacute; a cuireadh ar na sinsir sin. Ag dul le cur i l&aacute;thair picti&uacute;rtha an tsleachta tugtar an nathair nimhe ar an gcathaitheoir. N&iacute;os deana&iacute; sa traidisi&uacute;n Gi&uacute;dach agus Cr&iacute;osta&iacute; t&oacute;gadh gurb &eacute; Satan, an Diabhal, &eacute;. T&aacute; s&eacute; glic, agus fios a cheirde aige conas cath&uacute; a chur. Deir s&eacute; le &Eacute;abha go raibh Dia ag buaileadh bob orthu agus d&aacute; n-&iacute;osfaidis as an chrann go mbeidis cos&uacute;il le d&eacute;ithe agus fios na maitheasa agus an oilc acu. D&rsquo;itheadar an toradh (tugadh &uacute;ll air n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;) agus oscailt s&uacute;l a bh&iacute; ann d&oacute;ibh, n&iacute; cos&uacute;il le d&eacute;ithe ach mar daoine laga, gan ionracas. Roimh an bpeaca bh&iacute;odar ionraic, agus lomnocht, ach gan aon n&aacute;ire orthu. Anois chonaiceadar go rabhadar nocht, agus n&aacute;ire orthu &oacute; thaobh gn&eacute;is agus laige an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna. Bh&iacute; an tubaiste tite amach d&aacute; mbarr agus r&eacute; nua anr&oacute; ann don chine daonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 50[51]). <i>D&eacute;an tr&oacute;caire orainn, a Dhia, mar gur pheaca&iacute;omar.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 5:12-19). <i>An &aacute;it ar mh&eacute;adaigh ar an bpeaca is m&oacute; f&oacute;s a mh&eacute;adaigh ar an ngr&aacute;sta. <\/i>Ag machnamh thart ar an mbliain 30 roimh Chr&iacute;ost ar chuntas an Bh&iacute;obla ar chruth&uacute; an duine agus ar an bpeaca a lean &eacute;, scr&iacute;obh &uacute;dar Leabhar na hEagna (2:23-24) gur chruthaigh Dia an duine chun nach bhfaigheadh s&eacute; b&aacute;s go deo. <span style=\"text-transform: uppercase;\">A<\/span>r dheilbh a n&aacute;d&uacute;ir f&eacute;in a rinne s&eacute; &eacute;. Tr&iacute; &eacute;ad an diabhail th&aacute;inig an b&aacute;s isteach sa saol, agus is iad na daoine at&aacute; i bpairt leis-sean a bhlaisfidh &eacute;. I l&eacute;acht an lae inniu roinneann P&oacute;l linn a mhachnamh ar chuntas c&eacute;anna sin leabhar Genesis ar &Aacute;dhamh, an ch&eacute;ad &Aacute;dhamh (duine), ach le compar&aacute;id a dh&eacute;anamh leis an leigheas ar an dtubaiste a dh&eacute;anann Cr&iacute;ost, an dara &Aacute;dhamh. Th&aacute;inig an b&aacute;s, b&aacute;s an anama agus an choirp, isteach sa saol tr&iacute; pheaca an tsinsir. Cuireann an sliocht seo an peaca agus an b&aacute;s in&aacute;r l&aacute;thair mar fh&oacute;rsa&iacute; pearsanaithe. Bh&iacute;, agus t&aacute;, an cine daonna go l&eacute;ir gafa i sl&iacute; &eacute;igin i peaca sin an tsinsir. Sl&iacute; amh&aacute;in le sin a mh&iacute;ni&uacute; n&aacute; tr&iacute;d an dteagasc tradisi&uacute;nta ar pheaca an tsinsir, ach n&iacute;l s&eacute; deimhin go raibh sin ina aigne ag P&oacute;l. Ar aon chuma t&aacute; ceangal i sl&iacute; &eacute;igin ag gach peaca pearsanta le peaca sin an tsinsir sa gh&aacute;ird&iacute;n. Ach mar a d&uacute;ramar, n&iacute; sin is pr&iacute;omh-ch&uacute;ram do Ph&oacute;l, ach an leigheas a thug Cr&iacute;ost, an Dara &Aacute;dhamh, ar an dtubaiste tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;. Mar adeir P&oacute;l ag deireadh na l&eacute;achta: &ldquo;Faoi mar a rinneadh peacaigh de mh&oacute;r&aacute;n tr&iacute; easumhla&iacute;ocht an aon duine amh&aacute;in (&Aacute;dhamh), ar an gcuma ch&eacute;anna d&eacute;anfar f&iacute;r&eacute;in de mh&oacute;r&aacute;n tr&iacute; umhla&iacute;ocht an aon duine amh&aacute;in&rdquo; (Cr&iacute;ost).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 4:1-11). <i>D&eacute;anann &Iacute;osa troscadh ar feadh daichead l&aacute; agus cuirtear cath&uacute; air.<\/i>T&aacute;imid ag t&uacute;s (inid, as an Laidin <i>initium, &ldquo;t&uacute;s&rdquo;<\/i>) an Charghais inniu, agus i sliocht an tsoisc&eacute;il t&aacute;imid ag t&uacute;s bheatha phoibl&iacute; Chr&iacute;ost, d&iacute;reach tar &eacute;is a bhaisteadh le Eoin Baiste. Mar a d&uacute;irt Matha linn, d&iacute;reach tar &eacute;is a bhaiste do &Iacute;osa, oscla&iacute;odh na flaithis d&oacute; agus chonaic s&eacute; Spiorad D&eacute; ag teacht anuas agus ag tuirlingt air. Agus th&aacute;inig gl&oacute;r (an Athar) &oacute;na flaithis a d&uacute;irt: &ldquo;Is &eacute; seo mo Mhac muirneach d&aacute;r thug m&eacute; gnaoi&rdquo;. Is &eacute; an Spiorad c&eacute;anna sin, Spiorad an Athar, a sheol &Iacute;osa isteach san fhasach le promhadh ag an diabhal. Ba chuid de phlean D&eacute; d&rsquo;&Iacute;osa an promhadh sin. Cuireann an daichead l&aacute; agus o&iacute;che i gcuimhne d&uacute;inn, mar a rinne do na l&eacute;itheoir&iacute; tosaigh, coinne Mhaois le Dia ar Shliabh Sina agus an daichead bliain ag Israel san fh&aacute;sach ar a shl&iacute; go dt&iacute; T&iacute;r Tairngire. Promhadh Iosrael san fh&aacute;sach sin agus pheacaigh s&eacute;. Bh&iacute; s&eacute; m&iacute;dh&iacute;lis do Dhia. Maois Nua agus Iosrael Nua &eacute; &Iacute;osa agus beidh an bua aige ar an diabhal, an cathaitheoir. Cuirfear cath&uacute; ar &Iacute;osa ar feadh a shaoil; ag Peadar f&eacute;in nuair a rinne s&eacute; iarracht &Iacute;osa a chur &oacute; phian na croise. D&uacute;irt &Iacute;osa le Peadar: &ldquo;Siar im dhiaidh, a Sh&aacute;tain! Is ceap tuisle dom th&uacute;, mar n&iacute; hiad smaointe D&eacute; at&aacute; id aigne ach smaointe daoine&rdquo;. Cuireann an diabhal chun a chuid oibre le stuaim. Glacann s&eacute; le guth an Athar &oacute; neamh ag an baisteadh gur Mac D&eacute; &eacute; &Iacute;osa, agus iarann air leas a bhaint as a ghradam le mior&uacute;ilt&iacute;, fi&uacute; ag baint &uacute;s&aacute;ide as t&eacute;acs den Bh&iacute;obla. Tugann &Iacute;osa freagra air faoi thr&iacute; le t&eacute;acsanna as Leabhar Deotrainim&iacute;, ina raibh tagairt do Iosrael san fh&aacute;sach. Is &iacute; is aidhm don sliocht seo faoi throscadh agus chath&uacute; ar &Iacute;osa n&aacute; sinn a dh&eacute;anamh deimhin de gur duine dinn f&eacute;in &eacute; &Iacute;osa, a shi&uacute;il in&aacute;r measc, mar a chuirtear go soil&eacute;ir &eacute; sa Litir chuig na hEabhraigh: N&iacute;orbh fhol&aacute;ir d&rsquo;Iosa bheith cos&uacute;il lena bhr&aacute;ithre i ngach sl&iacute; ionas go mbeadh s&eacute; ina ardsagart tr&oacute;caireach d&iacute;lis i seirbhis De. Aidhm eile don l&eacute;acht n&aacute; a mheabhr&uacute; d&uacute;inne, braithre agus deirfi&uacute;racha Chriost, Cr&iacute;ost san fhasach agus ina a throscadh a th&oacute;gaint mar eiseaml&aacute;ir in&aacute;r mbeatha le urna&iacute; agus troscadh le go mbeadh toradh in&aacute;r l&aacute; f&eacute;in ar a rinne &Iacute;osa d&uacute;inn.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<i> Bua Chr&iacute;ost agus aontacht leis<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; &aacute;bhar machnaimh ann d&uacute;inn i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu, agus bonn chomh maith do agallamh le saol an lae inniu. T&aacute;imid ag t&uacute;s an Charghais, agus sa saol sibhialta cuirtear an cheist ar ch&oacute;ir d&uacute;inn scor le deasghn&aacute;tha agus eile a bhaineann leis an Carghas i saol tuata, saolta, d&iacute;-eaglais&iacute;och seo an lae inniu. B&iacute;odh a rogha acu si&uacute;d, ach do chreidmhigh n&iacute; m&oacute;r ceacht an Charghais a choime&aacute;d os comhair &aacute;r n-aigne, is &eacute; sin gur ann f&oacute;s don pheaca, do chath&uacute;, bheatha, b&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus a bhua ar na bpeaca agus an laige dhaonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is ann chomh maith don chath&uacute; de gach saghas d&uacute;inne daoine daonna. Gu&iacute;mid gach l&aacute; ar Dhia gan sin a ligint in gcath&uacute;. T&aacute; cathuithe de shaghasanna iomad&uacute;la ann inniu: le drom a thabhairt do chreideamh i gCr&iacute;ost n&oacute; i nDia, le maireacht&aacute;il de r&eacute;ir luachanna an lae at&aacute; contr&aacute;rtha don Soisc&eacute;al agus do theagasc na hEaglaise seachas clo&iacute; leo, maidir le c&uacute;rsa&iacute; an teaghlaigh, naofacht an choirp de r&eacute;ir teagasc an Tiomna Nua agus mar sin de. T&aacute; an Eaglais f&eacute;in ag machnamh ar na c&uacute;rsa&iacute; i l&aacute;thair na huaire.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;iarr &Iacute;osa tr&aacute;th ar a dheisceabail faire a dh&eacute;anamh in aonacht leis. T&aacute; a leith&eacute;id de chuireadh againn anois ag t&uacute;s an Charghais: machnamh a dheanamh feadh thr&eacute;imhse an Charghais ar chreideamh i gCr&iacute;ost agus san eaglais, agus bheith aontaithe le Cr&iacute;ost sa chreideamh sin le staonadh de shaghas &eacute;igin, lena mheabhr&uacute; d&uacute;inn f&eacute;in nach dtagann beatha n&oacute; borradh san eaglais gan urna&iacute; agus troscadh de shaghas &eacute;igin. Ag smaoineamh a d&uacute;irt &Iacute;osa le Peadar: B&iacute;odh smaointe D&eacute; againn seachas smaointe daoine<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5 M&aacute;rta 2017 (A) C&eacute;ad Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-493","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/493","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=493"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/493\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2054,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/493\/revisions\/2054"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=493"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=493"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=493"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}