{"id":496,"date":"2017-03-10T09:07:57","date_gmt":"2017-03-10T09:07:57","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=496"},"modified":"2017-03-10T09:07:57","modified_gmt":"2017-03-10T09:07:57","slug":"12-marta-2017-a-dara-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=496","title":{"rendered":"12 M\u00e1rta 2017 (A) Dara Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">12 M&aacute;rta 2017 (A) Dara Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b><i>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/i><\/b>: <i>Gl&oacute;ir Chr&iacute;ost agus gairm chun fianaise<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Genesis 12:1-4). <i>Glaoch Abrah&aacute;m, athair Phobal D&eacute;. <\/i>Leis an dt&eacute;acs seo tosa&iacute;onn sc&eacute;al phobal Iosrael. R&eacute;amhstair a bh&iacute; sa mh&eacute;id a ghabh roimhe i Genesis caibidil 1 go 11. N&iacute; h&eacute; go bhfuil sp&eacute;is i gc&uacute;rsa&iacute; staire sa sliocht seo. Seasann s&eacute; amach &oacute; ch&uacute;lra ar bith staire sa d&oacute;igh go labhra&iacute;onn s&eacute; la gach aois. N&iacute;l ach beirt i gceist: Dia agus Abrah&aacute;m, gan aon chur s&iacute;os ar ch&uacute;ins&iacute; anama, aigne n&oacute; staire &oacute; thaobh Abrah&aacute;m de. Glaonn Dia agus tugann Abrah&aacute;m freagra air, gan ceist, gan coinn&iacute;ollacha. Sa mh&eacute;id seo t&aacute; gairm Abrah&aacute;m cos&uacute;il le an glaoch a thug &Iacute;osa ar a ch&eacute;ad dheisceabail ag Muir na Gail&iacute;le. D&rsquo;fhreagair misin&eacute;ir&iacute; &aacute;r dt&iacute;re f&eacute;in an glaoch c&eacute;anna le dul thar lear &oacute;na dt&iacute;r dh&uacute;chais agus a muintir f&eacute;in leis an dea-sc&eacute;al a scaipeadh i dt&iacute;ortha eile. Ach le filleadh ar Abrah&aacute;m: geallann Dia go mbeidh beannacht D&eacute; air agus ar a shliocht, agus gur tr&iacute;d a dh&eacute;anfaidh cin&iacute;ocha uile an domhain iad f&eacute;in a bheann&uacute; (&ldquo;Go raibh beannacht D&eacute; orainn mar a bh&iacute; s&iacute; ar <\/span><span style=\"color: black;\">Abrah&aacute;m&rdquo;), n&oacute; gur tr&iacute;d a bheann&oacute;far cin&iacute;ocha uile an domhain. Is f&eacute;idir ceachtar den d&aacute; bhr&iacute; sin a bhaint as an dt&eacute;acs Eabhraise. Ar nd&oacute;igh, is eol d&uacute;inn uile gur t&eacute;acs l&aacute;rnach &eacute; seo don Tiomna Nua agus an bheannacht ar chin&iacute;ocha an domhain a th&aacute;inig tr&iacute; &Iacute;osa, s&iacute;ol Abrah&aacute;m.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 32[33]). <i>Tabhair d&uacute;inn do bhuanghr&aacute;, a Thiarna, de r&eacute;ir an d&oacute;chais a chuirimid ionat.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (2 Tim&oacute;teus 1:8-10). <i>Glaonn Dia orainn agus soils&iacute;onn sinn.<\/i> T&aacute; ceangal ag an l&eacute;acht seo leis an gc&eacute;ad cheann (glaoch agus gairm &oacute; Dhia) agus leis an Soisc&eacute;al (gl&oacute;ir Chriost). I gcomhth&eacute;acs na litreach seo t&aacute; P&oacute;l ag moladh do Thim&oacute;teus, easbag nua-cheaptha, gan bheith c&uacute;thalach in admh&aacute;il an chreidimh, n&aacute; laghr&iacute;och toisc P&oacute;l bheith i gh&eacute;ibheann, ach tabhartas D&eacute; a mh&uacute;scailt ann f&eacute;in. Mar an spiorad a thug Dia d&uacute;inn n&iacute; spiorad na meatachta &eacute;, ach spiorad na cumhachta, an ghr&aacute; agus na f&eacute;insmachta, spiorad a spreagann le bheith r&eacute;idh fulaingt ar son an tsoisc&eacute;il, agus deimhin a dh&eacute;anamh ar uaisleacht na gairme at&aacute; againn sa chreideamh. Cumhacht D&eacute; at&aacute; sa chreideamh, cumhacht a shaor sinn de r&eacute;ir r&eacute;amh-phlean D&eacute;, n&iacute; de bharr &aacute;r n-oibreacha f&eacute;in. Labhra&iacute;onn P&oacute;l faoi dh&oacute; anseo faoin nglaoch agus an ghairm a fuair Cr&iacute;ostaithe. Is gairm naofa &iacute;, mar tagann s&iacute; &oacute; Dhia, &uacute;dar na naofachta. R&eacute;amh-phlean D&eacute; a bh&iacute; anseo &oacute;n s&iacute;ora&iacute;ocht anall, ach a foils&iacute;odh anois, sa Tiomna Nua, &ldquo;tr&iacute; theacht, foilsi&uacute; (sa Ghreigis <i>epifaneia<\/i>) dealraitheach, lonrach, Chr&iacute;ost&rdquo;. Go hiondual is &eacute; teacht Chr&iacute;ost ag deireadh an tsaoil le breithi&uacute;nas a thabhairt is br&iacute; leis an bhfocal Gr&eacute;igise sin (&ldquo;teacht, foilsi&uacute;&rdquo;) sa Tiomna Nua. Anseo is d&aacute; theacht ar an saol seo, ina bheatha agus ina aiseir&iacute;, a dh&eacute;anann s&eacute; tagairt. Bh&iacute; a theacht dealraitheach do sh&uacute;ile an chreidimh. Bh&iacute; s&eacute; dealraitheach, lonrach, ina athr&uacute; cl&oacute;, a bhfuil cur s&iacute;os ar sa soisc&eacute;al inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 17:1-9). <i>Shoilsigh a ghn&uacute;is ar n&oacute;s na gr&eacute;ine. <\/i>Tagann an mh&iacute;r seo den Soisc&eacute;al faoi athr&uacute; cl&oacute; Chr&iacute;ost tar &eacute;is admh&aacute;il Pheadair i gceantar Ch&eacute;asar&aacute;ia Philip gurb &eacute; an Meisias (an Cr&iacute;ost) &eacute; &Iacute;osa agus tar &eacute;is a d&uacute;irt &Iacute;osa lena dheisceabail faoina ph&aacute;is agus a ais&eacute;ir&iacute;. Sheol &Iacute;osa a thri&uacute;r aspal Peadar, S&eacute;amus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. N&iacute; thugtar ainm an tsl&eacute;ibhe d&uacute;inn. Hermon, seachas Tab&oacute;r, a bheadh ann, toisc sin a bheith n&iacute;os c&oacute;ngara&iacute; do Ch&eacute;asar&aacute;ia. Th&aacute;inig athr&uacute; cl&oacute; ar &Iacute;osa, r&eacute;amhshamhail den ghl&oacute;ir a bheadh aige tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;. Chonnaic an tri&uacute;r aspal sin Maois agus &Eacute;il&iacute;as ag comhr&aacute; le h&Iacute;osa. Finn&eacute;ithe n&oacute; ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad, agus don chaidreamh tr&iacute; na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bh&iacute; gach ar sheas Maois (an Dl&iacute;) agus na f&aacute;ithe d&oacute; le comhl&iacute;onadh in &Iacute;osa. Bh&iacute; an comhluadar sin, na hAspail, Maois, &Eacute;il&iacute;as agus Dia i l&aacute;thair ar an sliabh sin. Comhartha agus samhail de l&aacute;ithreacht D&eacute; an scamall. Ionann &eacute; i sl&iacute; agus na sp&eacute;artha oscailte ag baisteadh &Iacute;osa. Agus ar&iacute;s tagann an gl&oacute;r, gl&oacute;r an Athar gurb &eacute; &Iacute;osa a Mhac dar thug s&eacute; gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dh&aacute; fhocal breise leis: &ldquo;&Eacute;istig&iacute; leis&rdquo;. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tr&iacute;d an stair s&iacute;os do ghl&oacute;ir sin &Iacute;osa, an claochl&uacute; dealraitheach, lonrach, a th&aacute;inig air agus a bheidh ann i gc&oacute;na&iacute; do sh&uacute;ile an chreidimh.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 18pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B.An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>Gl&oacute;ir Chr&iacute;ost agus gairm chun fianaise<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Teist, l&eacute;iri&uacute;, ghl&oacute;ir Chr&iacute;ost tar &eacute;is a ais&eacute;ir&iacute; a bh&iacute; a gclaochl&uacute; Chr&iacute;ost ar an Sliabh. B&iacute;onn an l&eacute;argas sin de ghl&oacute;ir Chr&iacute;ost againn i gc&oacute;nai san eaglais. D&uacute;irt Criost f&eacute;in an t&eacute; a fheiceann &eacute; go bhfeiceann s&eacute; an tAthair. Foils&iacute;onn &Iacute;osa an tAthair. Chuaigh an fh&iacute;rinne sin i bhfeidm go m&oacute;r ar an aspal P&oacute;l. Mar a scr&iacute;obh s&eacute; chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): &ldquo;An Dia a d&uacute;irt: &lsquo;Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,&rsquo; is &eacute; an Dia c&eacute;anna &eacute; a chuir solas ag lonradh in&aacute;r gcro&iacute;-ne d&rsquo;fhonn eolas na gl&oacute;ire diaga ar chuntan&oacute;s Chr&iacute;ost a chur ar &aacute;r s&uacute;ile d&uacute;inn&rdquo;. Sa dara l&eacute;acht inniu t&aacute; tagairt do l&aacute;thaireacht lonrach &Iacute;osa Cr&iacute;ost in&aacute;r measc.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; Cr&iacute;ost beo i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an tr&iacute;na ghr&aacute;sta agus tr&iacute;d an Spiorad Naomh. T&aacute; s&eacute; ag lonradh tr&iacute;na theagasc sna soisc&eacute;il, sna Bi&aacute;ide, sa Seanm&oacute;ir ar an Sliabh. Th&aacute;inig s&eacute; chun an bheatha a thabhairt d&aacute; lucht lean&uacute;na agus don saol, agus &iacute; a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochl&uacute; Chr&iacute;ost, agus a lucht lean&uacute;na tr&iacute; ghr&aacute;sta, f&iacute;s d&uacute;inn, f&iacute;s at&aacute; thar a bheith t&aacute;bhachtach an l&aacute; at&aacute; inniu ann, agus f&iacute;seanna eile nach Cr&iacute;osta&iacute; iad &aacute; mbr&uacute; isteach orainn.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; &Aacute;bhar machmaimh eile a thugann an dara l&eacute;acht d&uacute;inn n&aacute; cuireadh, fol&aacute;ireamh b&rsquo;fh&eacute;idir, gan bheith c&uacute;thalach faoi chreideamh sa bhf&iacute;s sin faoi lonradh D&eacute;, agus bheith r&eacute;idh fianaise a thabhairt d&iacute; mar a oireann.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>12 M&aacute;rta 2017 (A) Dara Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-496","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/496","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=496"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/496\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=496"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=496"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=496"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}