{"id":498,"date":"2017-03-14T16:16:15","date_gmt":"2017-03-14T16:16:15","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=498"},"modified":"2017-03-14T16:16:15","modified_gmt":"2017-03-14T16:16:15","slug":"17-marta-2017-n-padraig-easpag-priomhearlamh-eireann","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=498","title":{"rendered":"17 Marta 2017 N. P\u00e1draig Easpag Pr\u00edomh\u00e9arlamh \u00c9ireann"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">17 Marta 2017 N. P&aacute;draig Easpag Pr&iacute;omh&eacute;arlamh &Eacute;ireann<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">T&eacute;ama: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">Craolaimid an Soisc&eacute;al n&iacute; d&rsquo;fhonn daoine a sh&aacute;samh ach d&rsquo;fhonn Dia a sh&aacute;samh.<\/span><\/i><i><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Am&oacute;s 7:12-15). <i>T&eacute;ir agus b&iacute; id&rsquo;fhaidh do mo phobal Iosrael<\/i>. Go minic ionann an t&eacute;arma &ldquo;f&aacute;idh&rdquo; d&uacute;inne agus daoine amhail Am&oacute;s, Eas&aacute;ias, Irimias agus a leith&eacute;id&iacute;, na f&aacute;ithe de chan&oacute;in an Bh&iacute;obla agus na hEaglaise. Thosaigh siad sin le Am&oacute;s thart ar 760-750 roimh Chr&iacute;ost. Ach bh&iacute; stair i bhfad n&iacute;os aosta n&aacute; sin ag an f&aacute;idhead&oacute;ireacht in Iosrael agus sna t&iacute;ortha thart timpeall air. Duine a measadh bheith i ndon teagmh&aacute;il a dh&eacute;anamh leis an saol eile s bh&iacute; san fh&aacute;idh, rud &eacute;igin mar at&aacute; sa leath-rann Gaeilge: &ldquo;N&iacute;or gh&eacute;illeas riamh do r&aacute;iteas file f&aacute;idh n&oacute; draoi&rdquo;. Bh&iacute; bu&iacute;onta d&iacute;obh in Iosrael agus taobh amuigh de sna teampaill, ag r&iacute;the (ins na c&eacute;adta ar uairibh). Uaireanta tugadh mic (no clann-mhac) f&aacute;ithe ar a leith&eacute;id. Ionann uaireanta &ldquo;f&aacute;idhead&oacute;ireacht&rdquo; a dh&eacute;anamh agus titim bhfanntas, i dt&aacute;mhn&eacute;al, n&oacute; iad f&eacute;in a ghearradh. N&iacute; gach aoinne a bheadh toilteanach &ldquo;mac f&aacute;idh&rdquo; a thabhairt air f&eacute;in. Ba &oacute; r&iacute;ocht Iuda sa deisceart do Am&oacute;s, agus thug Dia air dul &oacute; thuaidh go r&iacute;ocht Iosrael le d&iacute;oltas D&eacute; a bhagairt ar an r<\/span><span style=\"font-size: 13pt; color: black;\">iocht agus an r&iacute;-theaghlach sin de bharr a neamhaird ar an chonradh le Dia. Rinne Am&oacute;s sin i dteampall r&iacute;oga Beitel. Thug Amaizi&aacute;, sagart an teampaill sin, rabhadh d&oacute; filleadh &oacute; dheas agus a chuid f&aacute;idhead&oacute;ireachta a dh&eacute;anamh ansin. Sh&eacute;an Am&oacute;s gur f&aacute;idh, n&oacute; mac f&aacute;idh, a bh&iacute; ann i shean-bhr&iacute; an ghn&aacute;is sin, ach mar sin f&eacute;in d&rsquo;admhaigh s&eacute; gur sheol Dia &eacute; le f&aacute;idhead&oacute;ireach a dh&eacute;anamh. Bh&iacute; t&uacute;s curtha le r&eacute; nua. Ionann anois f&aacute;idh sa bhr&iacute; nua seo n&aacute; labhairt tar&eacute;is teagmh&aacute;il phearsanta le Dia &#8212; t&uacute;s le r&eacute; ghl&oacute;rmhar na f&aacute;idhead&oacute;ireachta in Iosrael. Fin&eacute;ithe na f&aacute;ithe seo go bhfuil teagmh&aacute;il idir Dia agus an chine daonna i sl&iacute; faoi leith.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 138[139]).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Teasal&oacute;naigh 2:2-8). <i>Craolaimid an Soisc&eacute;al n&iacute; d&rsquo;fhonn daoine a sh&aacute;samh ach d&rsquo;fhonn Dia a sh&aacute;samh.<\/i> Nuair a bh&iacute; P&oacute;l i dTr&oacute;as, in dTuirc an lae inniu, bh&iacute; asiling aige o&iacute;che amh&aacute;in: bh&iacute; fear &oacute;n Macad&oacute;in (tuaisceart na Gr&eacute;ige) in a sheasamah ann agus ag imp&iacute; air agus ag r&aacute;: &ldquo;Tar anonn go dt&iacute; an Mhacad&oacute;in ag cabhr&uacute; linn&rdquo;. Rinne P&oacute;l amhlaidh agus th&aacute;inig go cathair Filipi, &aacute;it a raibh m&oacute;r&aacute;n le fulaingt aige. Ar aghaidh leis ansin go dt&iacute; cathair Teasaloinic&eacute;. Bh&iacute; toradh f&oacute;nta ar a chuid saothair ansin, ach bh&iacute; naimhde l&aacute;idre aige a chuir ina choinne go tr&eacute;an le cl&uacute;mhilleadh de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la, ag ma&iacute;omh go raibh s&eacute; spreagtha le mearbhall aigne agus drochintinn, ag iarraidh daoine a mhealladh le plam&aacute;s, go raibh s&eacute; sainteach agus ag lorg molta. Sa sliocht seo l&eacute;ir&iacute;onn P&oacute;l nach bhfuil bun&uacute;s leis na l&iacute;omhaint&iacute; seo, agus ag d&eacute;anamh soil&eacute;ir an gr&aacute; domain a bh&iacute; aige don eaglais sin, agus c&eacute; chomh d&aacute;ir&iacute;re is a th&oacute;g s&eacute; na dualgais mhor&aacute;lta a bhaineann le craobhscaoileadh an tsoisce&iacute;l.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 5:1-11). An l&eacute;acht &aacute;lainn seo as soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is cuireann s&iacute; b&eacute;im ar an ionad spesialta a bh&iacute; ag Peadar sa luath-eaglais, agus go deimhin sa chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute;. Roghna&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s an mioneachtra seo le r&iacute;omhadh d&uacute;inn conas a glaoigh &Iacute;osa na deisceabail tosaigh aige. T&aacute; an sliocht i L&uacute;c&aacute;s suite i gcomhth&eacute;acs a l&eacute;ir&iacute;onn c&eacute; chomh tugtha is a bh&iacute; &Iacute;osa don mhisean a bh&iacute; aige dea-sc&eacute;al an tsl&aacute;naithe a fh&oacute;gairt. D&iacute;reach roimh an sliocht seo nuair a bh&iacute; an slua ag iarraidh ar &Iacute;osa fan&uacute;int leo san aon &aacute;it amh&aacute;in, agus gan iad a fh&aacute;gaint, d&rsquo;fhreagair s&eacute;: &ldquo;N&iacute; fol&aacute;ir dom dea-sc&eacute;ala r&iacute;ocht D&eacute; a fh&oacute;gairt do na cathracha eile, &oacute;ir is chuige sin a cuireadh amach m&eacute;&rdquo; (L&uacute;c&aacute;s 4:43). T&aacute; &Iacute;osa anois leis an misean sin a thos&uacute; i sl&iacute; nua ag roghn&uacute; bu&iacute;on l&aacute;rnach, le S&iacute;om&oacute;n (ar a dtugtar chomh maith Peadar, n&oacute; ina fhoirm Airimise Cephas) sa ch&eacute;ad &aacute;it. Tosa&iacute;onn an saothar seo go l&eacute;ir le mior&uacute;ilt shiombalach in ar cheap siad clais mh&oacute;r &eacute;isc. Roghna&iacute;onn &Iacute;osa an b&aacute;d chuige sin: b&aacute;d Pheadair. Luaitear S&eacute;amus agus Eoin, clann Zeibid&eacute; a bh&iacute; i bp&aacute;irt le S&iacute;om&oacute;n (Peadar), ach is le S&iacute;om&oacute;n (Peadar) amh&aacute;in aduirt &Iacute;osa: &ldquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla ort, as seo amach, is daoine a bheidh t&uacute; ag gabh&aacute;il&rdquo;. T&eacute;ann s&eacute; seo go l&eacute;ir leis an ionad speisialta at&aacute; le bheith ag Peadar. Ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach d&uacute;irt &Iacute;osa leis: &ldquo;A Sh&iacute;om&oacute;in, a Sh&iacute;om&oacute;in, f&eacute;ach, fuair S&aacute;tan mar aisce sibh a chriathradh ar n&oacute;s an arbhair, ach t&aacute;imse tar &eacute;is gu&iacute; ar do shonsa nach gclisfeadh do chreideamh, agus, &oacute;n uair amhain a bheidh t&uacute; f&eacute;in iompaithe, d&eacute;an daingean do bhr&aacute;ithre&rdquo; (L&uacute;c&aacute;s 22:31-32). Agus tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute; thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in i dtosach do Pheadar\/Cephas (L&uacute;c&aacute;s 24:34; 1 Corantaigh 15:5). Agus t&aacute; Matha (16:17-19) agus Eoin (21:15-19) ag teacht leis seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Craolaimid an Soisc&eacute;al n&iacute; d&rsquo;fhonn daoine a sh&aacute;samh ach d&rsquo;fhonn Dia a sh&aacute;samh.<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Guth Chr&iacute;ost; Peadar, P&aacute;draig. Teachtaireacht do L&aacute; Fh&eacute;ile P&aacute;draig 2017.<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ar l&aacute; Fh&eacute;ile seo &aacute;r n&Eacute;arlaimh n&aacute;isi&uacute;nta t&aacute; a l&aacute;n guthanna ag iarraidh orainn cluas a thabhairt d&oacute;ibh. T&aacute; guth Chr&iacute;ost f&eacute;in againn tr&iacute;d an fh&aacute;idh Am&oacute;s ag r&aacute; &ldquo;T&eacute;igh agus tairngir do mo phobal&rdquo; clo&iacute; leis an gconradh, le teagasc Chriost agus na hEaglaise. T&aacute; guth Ph&oacute;il ag meabhr&uacute; d&uacute;inn go mbeidh l&iacute;omhaint&iacute;, deacrachta&iacute; agus constaici ann i gc&oacute;na&iacute; i saothar craobhscaoileadh an chreidimh, agus dualgas ar lucht f&oacute;gartha an chreidimh agus ar gach aon a bhaineann leis bheith mac&aacute;nta agus tr&eacute;dhearcach ina saol agus agus ina saothar. T&aacute; guth na n&Eacute;ireannach, &ldquo;gl&oacute;r na nGael&rdquo;, don og&aacute;nach naofa P&aacute;draig ag iarraidh air teacht i leith, filleadh chucu, agus a bheith ag si&uacute;l an athuair ina measc. T&aacute; guth &Iacute;osa againn faoi Pheadar aspal gur gu&iacute; s&eacute; ar a shon nach gclisfeadh a chreideamh, agus go nd&eacute;anfadh s&eacute; a bhr&aacute;ithre a dhaingni&uacute; sa chreideamh agus sa mhisean a bh&iacute; acu san Eaglais agus sa socha&iacute; dhaonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus anois sa bhlain agus san fh&eacute;ile &aacute;irithe seo t&aacute; againn comharba nua-thofa Pheadair at&aacute; ag glaoch go caoin, ach go sol&eacute;ir, ar an eaglais filleadh uirthi f&eacute;in. Roimh &eacute;ir&iacute; as oifig d&oacute; mheabhraigh an P&aacute;pa Benedict XVI don eaglais go bhfuil s&iacute; sa saol seo ach nach den saol &iacute;. Meabhra&iacute;onn an Papa Proins&iacute;as don Eaglais nach NGO n&aacute; cumann leasa shoisialaigh &iacute;, b&iacute;odh ar nd&oacute;igh gur cuid l&aacute;rnach d&aacute; misean c&uacute;ram na mbocht. Ach go bun&uacute;sach is seirbhis do Chr&iacute;ost agus aithris ar Chr&iacute;ost, agus p&aacute;irt inar fulaing s&eacute;, cro&iacute;-lar bheatha na hEaglaise.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Smaointe f&oacute;ntacha iad seo ar La Fh&eacute;ile P&aacute;draig, P&aacute;draig a ch&eacute;ad-las an cr&eacute; geal in&aacute;r dt&iacute;r, agus a l&aacute;idrigh an cr&eacute; sin le &eacute;ifeacht a ghui. Gu&iacute;mis go l&eacute;ir air, agus na fadhbanna at&aacute; againn, go nd&eacute;anfadh s&eacute; anois &ldquo;in &aacute;itreamh na F&oacute;dhla an f&iacute;or-chreideamh&rdquo; a dh&iacute;onadh, a chosaint. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\"><\/span><\/i><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>17 Marta 2017 N. P&aacute;draig Easpag Pr&iacute;omh&eacute;arlamh &Eacute;ireann Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-498","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/498","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=498"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/498\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=498"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=498"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=498"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}