{"id":499,"date":"2017-03-14T16:17:04","date_gmt":"2017-03-14T16:17:04","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=499"},"modified":"2017-03-14T16:17:04","modified_gmt":"2017-03-14T16:17:04","slug":"19-marta-2017-a-triu-domhnach-den-charghas-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=499","title":{"rendered":"19 M\u00e1rta 2017 (A) Tri\u00fa Domhnach den Charghas (A)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">19 M&aacute;rta 2017 (A) Tri&uacute; Domhnach den Charghas (A)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/b><i>An d&oacute;chas Cr&iacute;osta&iacute;: N&iacute; d&oacute;cha ach deimhin.<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Eacsadas 17:3-7). <i>Tabhair d&uacute;inn uisce le h&oacute;l.<\/i> Ina chomhth&eacute;acs sa Bh&iacute;obla tharla an eachtra seo i Ref&iacute;d&iacute;m, an stad deiridh ag pobal Iosrael san fh&aacute;sach roimh Sliabh Sinai. N&iacute; raibh aon uisce le h&oacute;l ag an bpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. T&eacute;ama na l&eacute;achta seo, agus t&eacute;ama i roinnt mhaith &aacute;iteanna eile sa Pheintiteoch, n&aacute; monabhar, n&oacute; casaoid, an phobail san fh&aacute;sach. Easpa uisce a bh&iacute; ag cur as d&oacute;ibh an babhta seo. Bh&iacute; D&iacute;a le mior&uacute;ilt a dh&eacute;anamh d&oacute;ibh ag an gcarraig i Horeb (ainm eile do Sinai). Geall&uacute;int d&aacute; leith&eacute;id de mhior&uacute;ilt at&aacute; anseo, geall&uacute;int de uisce ina shlaoda. T&aacute; seo ag dul le soisc&eacute;al an lae inniu ina gheallann &Iacute;osa tobar uisce don t&eacute; a chreideann ann. T&aacute; cur s&iacute;os ar an eachtra ch&eacute;anna in Uimhreacha 20:1-13, &aacute;it a deirtear go dt&aacute;inig an t-uisce amach as an charraig ina thuile. As na tagairt&iacute; &eacute;ags&uacute;la do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d&rsquo;fh&aacute;s traidisi&uacute;n in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fh&aacute;sach le &oacute;l a thabhairt d&oacute;ibh, tradisis&uacute;n a bhfuil tagairt d&oacute; ag P&oacute;l (1 Corantaigh 10:4). Samhail de Chr&iacute;ost ab ea an charraig sin. Tugtar dh&aacute; ainmneacha samhhailchomharthacha ar an &aacute;it a rinneadh an mhior&uacute;ilt sin: <i>Massa<\/i>, &ldquo;promhadh&rdquo; san Eabhrais, agus <i>Meribah&cedil;<\/i> &ldquo;iomarbh&aacute;&rdquo;, casaoid san Eabhrais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Sal 94[95]). <i>&Aacute;, d&aacute; n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: &ldquo;N&aacute; calcaig&iacute; bhur gcro&iacute;&rdquo;.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: -2.85pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 5:1-2, 5-8). <i>T&aacute; &aacute;r gcro&iacute; lionta de ghr&aacute; D&eacute; ag an Spiorad Naomh a tugadh d&uacute;inn.<\/i> T&aacute; teachtaireachta&iacute; doimhne sa l&eacute;acht seo d&uacute;inn. I dtosach b&aacute;ire meabhra&iacute;tear d&uacute;inn an fh&iacute;rinne bhun&uacute;sach gur tr&iacute;n gcreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus n&iacute; tr&iacute;n&aacute;r n-oibreacha f&eacute;in, at&aacute;imid f&iacute;r&eacute;anaithe, agus i ngr&aacute;sta D&eacute;. <\/span><span style=\"color: black;\">Tugann an cairdeas sin le Dia bronntanas na s&iacute;och&aacute;na d&uacute;inn, an ts&iacute;och&aacute;in a gheall &Iacute;osa, s&iacute;och&aacute;in anama nach rud daonna &iacute;, ach feidhmi&uacute; an Spioraid Naoimh san anam agus sa chorp. Bh&iacute; P&oacute;l go nimhneach i gcoinne bheith ag mao&iacute;mh, ag d&eacute;anamh m&oacute;rtais, as g gn&iacute;omhartha daonna mar luach saothair i l&aacute;thair D&eacute;. Is tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;, agus n&iacute; tr&iacute; ghn&iacute;omhartha daonna, a th&aacute;inig an sl&aacute;n&uacute;. Ach t&aacute; &aacute;bhar m&oacute;r&aacute;la, m&oacute;rtais, ann ag Cr&iacute;ostaithe, agus is &eacute; sin an d&oacute;chas go bhfuil gl&oacute;ir i nd&aacute;n d&uacute;inn. T&aacute; t&uacute;s curtha leis an ghl&oacute;ir sin cheana f&eacute;in, leis an fh&iacute;r&eacute;antacht, le gr&aacute;sta D&eacute; sa bhaisteadh agus sa saol mar Chr&iacute;ostaithe. N&iacute; rud daonna (d&oacute;ch&uacute;lacht) an d&oacute;chas sin. Is deimhin &eacute;. N&iacute; chliseann s&eacute; orainn, mar is bronntanas &oacute; Dhia &eacute;, su&aacute;ilce dhiaga a thugann cinnteacht. T&aacute; an d&oacute;chas agus an chinnteacht sin nascaithe le gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; &Iacute;osa d&uacute;inn, a thaispeaineadh tr&iacute; bh&aacute;s Chr&iacute;ost do pheacaigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 4:5-42). <i>Tobar uis<\/i><\/span><i><span style=\"color: black;\">ce ag br&uacute;chta&iacute;l chun na beatha s&iacute;ora&iacute;. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">L&eacute;acht fhada at&aacute; anseo, a bhfuil t&eacute;ama&iacute; &eacute;ags&uacute;la inti. L&aacute;r-th&eacute;ama&iacute; ann n&aacute; an tSam&aacute;ireach mn&aacute;, tobar agus uisce. Sa tr&aacute;th sin bh&iacute; naimhdeas domhain idir na Gi&uacute;daigh agus na Sam&aacute;irigh, ar fh&eacute;ach na Gi&uacute;daigh orthu mar eiricigh, n&aacute;rb chuid de phobal Iosrael iad in aonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is d&oacute;cha. Bh&iacute; naimhdeas ann idir r&iacute;ocht an tuaiscirt (an tSam&aacute;ire i sl&iacute;) agus r&iacute;ocht I&uacute;da. Nuair a dibhr&iacute;odh pobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chr&iacute;ost tugadh pag&aacute;naigh isteach agus pobal meascaithe a bh&iacute; ann ina dhiaidh sin. Ach d&rsquo;fh&eacute;ach an Sam&aacute;irigh orthu f&eacute;in mar chuid de chlann an phatrarc I&aacute;c&oacute;b agus bh&iacute;odar ag feitheamh le meisias de shaghas &eacute;igin. Bh&iacute; tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisi&uacute;n si&uacute;d leis an uasalathair I&aacute;c&oacute;b. T&aacute; eachtra na l&eacute;achta seo ag feidhmi&uacute; ar dh&aacute; leibh&eacute;al &ndash; c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil seo th&iacute;os agus saol, r&eacute;altacht, eile gur samhail d&oacute; na c&uacute;rsa&iacute; sin. Uisce an tobair sin, is samhail &eacute; den uisce a thabharfaidh &Iacute;osa d&aacute; lucht lean&uacute;na, bronntanas an Spioraid ag treor&uacute; chun na beatha s&iacute;ora&iacute;. Tugann adhradh na Sam&aacute;ireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nG&iacute;udach sa Teampall, deis lena mheabhr&uacute; nach mbeidh &aacute;it ag ceachtar acu i r&eacute; nua nuair a bheidh adhradh ann sa Spiorad agus san fh&iacute;rinne. Tugann ocras &Iacute;osa deis d&oacute; an t-ocras agus an c&iacute;ocras a bh&iacute; air an obair a thug an tAthair d&oacute; a chur i gcr&iacute;ch, le s&iacute;olchur agus fomhar.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b>B.<\/b><b><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/b><span style=\"color: black;\">: <i>An d&oacute;chas Cr&iacute;osta&iacute;: N&iacute; d&oacute;cha ach deimhin.<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Sna saolta seo is coitianta amhras i gc&uacute;rsa&iacute; creidimh &ndash; amhras faoi phoint&iacute; de theagasc mor&aacute;lta, faoi fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh, fi&uacute; f&eacute;in faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fheals&uacute;nacht &aacute;irithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairm&iacute;ocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athra&iacute;onn &oacute; aois go haois.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&eacute;anann aor&aacute;id d&aacute; leith&eacute;id deacrachta&iacute; do chleachtadh an chreidimh. T&aacute; a leith&eacute;id de amhras glan in &eacute;adan teagasc an chreidimh ar na f&iacute;rinn&iacute; bun&uacute;sacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, f&oacute;s le teacht. T&aacute; an-chur s&iacute;os ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dt&eacute;acs nach &eacute;asca ar fad a aistri&uacute;: &ldquo;Is &eacute; is creideamh ann n&aacute; bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag s&uacute;il leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear&rdquo;. T&aacute; dh&aacute; th&eacute;arma th&aacute;bhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith connte.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; deimhneacht n&oacute; cinnteacht shiceola&iacute;och, a bhfuil a pr&eacute;amha san aigne dhaonna, at&aacute; i gceist anseo, ach su&aacute;ilce dhiaga an d&oacute;chais, bronntanas &oacute; Dhia, a thugann cinnteacht at&aacute; thar acmhainn an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht &iacute; a bhfuil s&iacute;och&aacute;in ag ghabh&aacute;il lei, an ts&iacute;och&aacute;in sin a bhronnann &Iacute;osa ar na creidmhigh agus nach f&eacute;idir le haoinne &iacute; a th&oacute;gaint uathu.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>19 M&aacute;rta 2017 (A) Tri&uacute; Domhnach den Charghas (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-499","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/499","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=499"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/499\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=499"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=499"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=499"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}