{"id":502,"date":"2017-03-22T08:41:08","date_gmt":"2017-03-22T08:41:08","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=502"},"modified":"2017-03-22T08:41:08","modified_gmt":"2017-03-22T08:41:08","slug":"26-marta-2017-a-an-ceathru-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=502","title":{"rendered":"26 M\u00e1rta 2017 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">26 M&aacute;rta 2017 (A) An Ceathr&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>&Iacute;osa agus an Eaglais solas an tsaoil<\/i><\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (1 Samu&eacute;l 16:1, 6-7, 10-13). <i>Ungtar D&aacute;iv&iacute; ina r&iacute; ar Iosrael<\/i>. Cuireann an l&eacute;acht seo s&iacute;os ar faoi mar ar roghnaigh Dia an t-&oacute;g&aacute;nach D&aacute;iv&iacute;, mac Iese, mar r&iacute;. Sheol s&eacute; an f&aacute;idh Samu&eacute;l leis an &oacute;g&aacute;nach D&aacute;iv&iacute; a ungadh. Is &oacute;n bhfocal Eabhraise sin &ldquo;ungadh&rdquo;, <i>maiseach,<\/i> trid an Ghr&eacute;igis a thagann an focal Cr&iacute;ost (&ldquo;ungtha&rdquo;) agus an ainmfhocal Meisias. Le briathar &oacute; Dhia bh&iacute; S&oacute;l ungtha cheana ag Samu&eacute;l ar Iosrael an Tuaiscirt, ach theip air mar r&iacute; agus bh&iacute; s&eacute; curtha i leataobh ag Dia. Leagann an sliocht seo b&eacute;im gur thr&iacute; shaor-dheon&uacute; D&eacute; a rogna&iacute;odh D&aacute;iv&iacute; mar r&iacute; anois, n&iacute; de bharr a thr&eacute;ithe f&eacute;in. N&iacute; raibh san ungadh seo ach gn&iacute;omh samhaltach, nach mbeidh feidhm leis ach n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Chaith D&aacute;ivi seal in arm Sh&oacute;il, sul ar thogh treabh I&uacute;da &eacute; mar r&iacute; ar I&uacute;da. I ndiaidh bh&aacute;s Sh&oacute;il toghadh mar r&iacute; ar I&uacute;da agus Iosrael an Tuaiscirt &eacute;, agus rinne Dia conradh leis go mbeadh a r&iacute;theaghlach buan go deo. creideamh agus d&oacute;chas as ar fh&aacute;s an Meisiasachas a chomhl&iacute;on Cr&iacute;ost. Ungadh sin Dh&aacute;ivi an t-&oacute;g&aacute;nach ag an bhf&aacute;idh Samu&eacute;l, chuir s&eacute; t&uacute;s leis an ghluaiseacht sin faoi Dh&aacute;iv&iacute; agus Mhac Dh&aacute;iv&iacute; go bhfuil tagairt ann i soisc&eacute;al an lae inniu ag &Iacute;osa Mac an Duine, a thug radharc don dall.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 22[23]).<i> Is &eacute; an Tiarna m&rsquo;aoire, n&iacute; bheidh aon n&iacute; de dh&iacute;th orm<\/i>.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Eifisigh 5:8-12). <i>&Eacute;irigh &oacute;na mairbh agus soilseoidh Cr&iacute;ost th&uacute;<\/i>. D&uacute;irt &Iacute;osa lena dheisceabail gurb solas an domhain agus salann na tal&uacute;n iad. Th&oacute;g an eaglais &oacute;g briathra seo Chr&iacute;ost go d&aacute;ir&iacute;re, mar is l&eacute;ir &oacute; litreacha Ph&oacute;il agus &oacute; scr&iacute;bhinni eile an Tiomna Nua. Bh&iacute; teachtaireacht seo Chr&iacute;ost le craobhscaoileadh i dteagasc agus i gcleachtadh na hEaglaise. F&eacute;achadh ar an bpag&aacute;ntacht agus a bhain lena cuid teagaisc agus cleachtaidh mar dhorchadas. Cuireadh sin in i&uacute;l i ndeasghn&aacute;th an bhaiste: aistri&uacute; &oacute; dhorchadas na pag&aacute;ntachta go solas an tsoisceil a bh&iacute; ann, n&oacute;, bhf&eacute;idir, ba chirte a r&aacute; gur aont&uacute; le Cr&iacute;ost, an bheatha agus an solas, ab ea &eacute;. Bh&iacute; an bheatha nua sin le l&eacute;iri&uacute; don saol, don domhan, le beatha de r&eacute;ir an tsoisc&eacute;il, ag tabhairt toraidh i ngach cine&aacute;l maitheasa agus fir&eacute;antachta agus f&iacute;rinne. Bheadh teagasc n&iacute;os beaichte n&aacute; sin acu, ar nd&oacute;igh, ar na su&aacute;&iacute;lc&iacute; le cleachtadh agus na du&aacute;ilc&iacute; le seachaint. Leagtar b&eacute;im ar thr&eacute;dhearcacht sa saol poibl&iacute; agus san eaglais&mdash;le eolas a bheith ag Cr&iacute;ostaithe ar dhorchadas agus peaca&iacute; sa saol. Tugann lonradh an tsoisc&eacute;il chun solais iad &ndash; rud is f&iacute;or ar nd&oacute;igh faoi pheaca&iacute; agus mh&aacute;chail san eaglais f&eacute;in. Ag deireadh na l&eacute;achta t&aacute; rann, n&oacute; leath-rann, a t&oacute;gadh is docha as sean-iomann Cr&iacute;osta&iacute; nach ann d&oacute; a thuilleadh, a ghlaonn ar chodlat&aacute;n, duine ina chodladh n&oacute; ina leath-chodladh, &eacute;ir&iacute; &oacute; staid ar a dtugtar an b&aacute;s air, b&aacute;s an pheaca, n&oacute; dorchadas an d&iacute;-chreidimh, go soilsi&uacute; &oacute; Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 9:1-41). <i>D&rsquo;imigh s&eacute;, n&iacute;gh s&eacute; &eacute; f&eacute;in agus d&rsquo;fhill agus a radharc aige<\/i>. L&eacute;acht an-fhada at&aacute; i soisc&eacute;al an lae inniu, ina bhfuil eachtra&iacute; difri&uacute;la. T&aacute; siad nascaithe le ch&eacute;ile leis an t&eacute;ama l&aacute;ir gurb sholas an domhain &eacute; &Iacute;osa. Is n&oacute;s le Eoin t&eacute;ama creidimh a nascadh le eachtra &eacute;igin: an Domhnach seo caite an t-uisce beo a thugann &Iacute;osa leis an Sam&aacute;ireach mn&aacute; agus an tobar; an Domhnach seo an dall &oacute;n mbroinn agus &Iacute;osa mar sholas. In aimsir Chr&iacute;ost (agus f&oacute;s inniu b&rsquo;fh&eacute;idir) i meon daoine conacthas nasc idir m&aacute;chail coirp agus peaca, sa ch&aacute;s seo peaca na dtuismitheoir&iacute; n&oacute; peaca an linbh f&eacute;in sa bhroinn. S&eacute;anann &Iacute;osa gurb amhlaidh a bh&iacute;, ach le gl&oacute;ir D&eacute; a l&eacute;iri&uacute; tr&iacute;d an mhior&uacute;ilt a bh&iacute;othas le d&eacute;anamh. Gan coinne, tugann &Iacute;osa t&eacute;ama na leachta isteach: &eacute; f&eacute;in mar sholas an tsaoil. Measadh an uair sin gur raibh tr&eacute;ithe leighis sa seile, agus smear &Iacute;osa seile agus l&aacute;ib ar sh&uacute;ile an daill, gan &eacute; a leigheas, agus d&uacute;irt leis an dall dul go dt&iacute; Linn iomr&aacute;iteach in Iar&uacute;sail&eacute;im go raibh an t-ainm Siol&oacute;m, air, ainm ar bhr&iacute; leis san Airimis agus san Eabhrais &ldquo;Seolta&rdquo;, &ldquo;curtha amach&rdquo;, &aacute;it ar leigheasadh an dall. D&eacute;antar an ceangal sin anseo mar ba &eacute; &Iacute;osa an &ldquo;Siol&oacute;m&rdquo; ceart, an T&eacute; a bh&iacute; seolta amach &oacute;n Athair. Tar &eacute;is gur leigheasadh an dall lean ceisteana faoi chonas a tharla an leigheas, ar dt&uacute;s idir na comharsana, ansin i measc na bhFairis&iacute;neach toisc gur ar an Sab&oacute;id a rinneadh an leigheas, rud a bh&iacute; in &eacute;adan Dl&iacute; Mhaois dar leo. Bh&iacute; an dall a leigheasadh ag tabhairt fianaise i dtaobh &Iacute;osa, gur cara le Dia agus f&aacute;idh a bh&iacute; ann. Ansin glaonn na &ldquo;Gi&uacute;daigh&rdquo;, na h&uacute;dar&aacute;is Ghi&uacute;dacha, ar thuismitheoir&iacute; an daill a leigheasadh le fios f&aacute;tha an leighis a fh&aacute;il, &aacute;it a bhfuil tagairt do chinneadh na nGi&uacute;dach d&eacute;anta cheana f&eacute;in aoinne a admh&oacute;dh gurb &eacute; &Iacute;osa an Cr&iacute;ost a dh&iacute;birt as an tsionag&oacute;g. Tagairt at&aacute; anseo, is d&oacute;cha, do dh&iacute;birt Chr&iacute;ostaithe as an tsionag&oacute;g a tharla n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa stair, tar &eacute;is threascairt Iar&uacute;sail&eacute;im. Glaodar ar an duine a rugadh dall &eacute; f&eacute;in, a thug fianaise do &Iacute;osa mar chara D&eacute; agus chaitheadar amach &eacute;. Chuala &Iacute;osa sin agus bhuail s&eacute; leis agus chuir ceist air ar chreid s&eacute; i Mac an Duine agus chuir s&eacute; &eacute; f&eacute;in in aithne mar Mhac an Duine. Chreid an t&eacute; a rugadh dall in &Iacute;osa agus rinne om&oacute;s d&oacute;. T&aacute; cr&iacute;och ag an l&eacute;acht mar ar thosaigh s&eacute;, &Iacute;osa &aacute; r&aacute; gur th&aacute;inig s&eacute; le breithi&uacute;nas a thabhairt ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: black;\">. <i>&Iacute;osa agus an Eaglais solas an tsaoil.<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"> <\/span><span style=\"color: black;\">T&aacute; tr&iacute; phointe soil&eacute;ir ag eascair as liot&uacute;irge agus l&eacute;achta&iacute; an lae inniu a thugann &aacute;bhar saibhir machnaimh agus agallaimh d&uacute;inn. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An ch&eacute;ad cheann n&aacute; gurb &eacute; solas an tsaoil &eacute; &Iacute;osa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol &eacute; &oacute;n Athair. Eisean an T&eacute; a seoladh. &ldquo;an Seolta&rdquo;, <i>Sil&oacute;m<\/i>, a leigheasann an dall. Th&aacute;inig s&eacute; le go mbeadh radharc ghl&oacute;ir an Athar ag an domhan. T&aacute; sin sol&eacute;ir &oacute; shoisc&eacute;al an lae inniu, agus &oacute;na l&aacute;n &aacute;iteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid l&aacute;rnach de theachtaireacht an Tiomna Nua &eacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An dara pointe n&aacute; nach do bheatha &Iacute;osa ar talamh amh&aacute;in an m&eacute;id sin. Roghnaigh s&eacute; aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-sc&eacute;al sin &aacute; fh&oacute;gairt go cr&iacute;ocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na tal&uacute;n iad lucht lean&uacute;na &Iacute;osa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais &oacute; th&uacute;s an soisc&eacute;al. Is r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe &iacute; an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhf&iacute;r&eacute;an.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tugann sin go dt&iacute; an tr&iacute;&uacute; pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei f&eacute;in agus le saol an lae inniu. N&iacute; m&oacute;r don eaglais &iacute; f&eacute;in a leas&uacute; de sh&iacute;or leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cine&aacute;l maitheasa agus f&iacute;reantachta agus f&iacute;rinne. <\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Go minic inniu nuair a labhartar faoi leas&uacute; na heaglaise is iad &ldquo;na struct&uacute;ir&rdquo; at&aacute; i gceist, go m&oacute;r m&oacute;r sa Vatac&aacute;in, an &ldquo;curia&rdquo; ach go h&aacute;irithe. B&iacute;odh go bhfuil t&aacute;bhacht leis sin, n&iacute; h&eacute; sin an leas&uacute; go pr&aacute;omha at&aacute; i gceist, ach athr&uacute; i meon agus chleachtadh na bhf&iacute;r&eacute;an le go mbeidis de r&eacute;ir an tsoisc&eacute;il, le fianaise a thabhairt do &Iacute;osa. Pointe eile san agallamh seo n&aacute; go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh &ldquo;solas&rdquo; air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>26 M&aacute;rta 2017 (A) An Ceathr&uacute; Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-502","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/502","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=502"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/502\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=502"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=502"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=502"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}