{"id":503,"date":"2017-03-31T07:40:01","date_gmt":"2017-03-31T07:40:01","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=503"},"modified":"2017-03-31T07:40:01","modified_gmt":"2017-03-31T07:40:01","slug":"2-aibrean-2017-a-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=503","title":{"rendered":"2 Aibre\u00e1n 2017 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">2 Aibre&aacute;n 2017 (A) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b><i>An<\/i><\/b><i> <b>B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. <\/b>Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghr&aacute;sta ionainn n&aacute; laige an n&aacute;d&uacute;ir<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Ezic&eacute;al 37:12-14). <i>Cuirfidh m&eacute; mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh. <\/i>F&iacute;s an fh&aacute;idh do phobal Iosrael i ndeora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine sa s&eacute;&uacute; c&eacute;ad roimh Chr&iacute;ost at&aacute; againn anseo. Bh&iacute;<\/span><span style=\"color: black;\"> na deoraithe &aacute; r&aacute;: &ldquo;T&aacute; &aacute;r gcn&aacute;mha seargtha agus &aacute;r nd&oacute;chas caillte; t&aacute; deireadh linn&rdquo;. Bh&iacute; an Teampall scriosta, cathair Iar&uacute;sail&eacute;im treascartha agus t&iacute;r I&uacute;da b&aacute;naithe. Ag caint go meafarach, bh&iacute;odar amhail is d&aacute; mbeidis b&aacute;saithe, faoi chr&eacute;, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh at&aacute;. T&aacute; s&eacute; chun a phobal, a fh&eacute;achann air f&eacute;in amhail is a bheith san uaigh, a th&oacute;gaint &oacute;na n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu ar&iacute;s, le go mbeadh beatha &uacute;r acu ina dt&iacute;r dh&uacute;chais. Ais&eacute;ir&iacute; an phobail at&aacute; anseo. Nil tagairt ann do ais&eacute;ir&iacute; pearsanta na colainne. N&iacute;or th&aacute;inig an creideamh san ais&eacute;ir&iacute; sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 129[130]). <i>Is ag an Tiarna at&aacute; tr&oacute;caire, agus t&aacute; fuascailt aige go fl&uacute;irseach.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 8:8-11). <i>Spiorad an t&eacute; a th&oacute;g &Iacute;osa &oacute; mhairbh, t&aacute; s&eacute; lonnaithe ionaibh.<\/i> D&eacute;anann P&oacute;l codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus n&aacute;d&uacute;r lag an duine, agus an meon contr&aacute;rtha do Dhia agus a bhaineann leis agus at&aacute; claon chun peaca. Iad sin at&aacute; faoi r&eacute;ir a leith&eacute;id n&iacute; f&eacute;idir leo Dia a sh&aacute;samh, dar le P&oacute;l. N&iacute; hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad D&eacute; acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua d&oacute;ibh. Mar a deir P&oacute;l c&uacute;pla v&eacute;arsa (8:14) i ndiaidh na l&eacute;achta seo: &ldquo;Iad sin a mb&iacute;onn Spiorad D&eacute; &aacute; dtreor&uacute; is clann D&aacute; iad sin&rdquo;. Samhla&iacute;onn P&oacute;l an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhr&iacute; go bhfuil s&eacute; le b&aacute;s a fh&aacute;il go fisici&uacute;il agus gur uirlis don pheaca &eacute;. Ach t&aacute; cumhacht, f&oacute;rsa, eile chun na beatha sa chorp c&eacute;anna, is &eacute; sin le r&aacute; an Spiorad at&aacute; acu tar &eacute;is d&oacute;ibh a bheith f&iacute;r&eacute;anaithe tr&iacute; chreideamh i gCr&iacute;ost. Th&oacute;g Dia &Iacute;osa &oacute; na mairbh tr&iacute;na chumhacht f&eacute;in gan teora, agus is &eacute; Spiorad D&eacute;, le cumhacht sin D&eacute;, at&aacute; lonnaithe i gcorp, i bpearsa, b&aacute;smhar na gcreidmheach a thugann beatha nua d&oacute;ibh, iad deimhin bua a fh&aacute;il ar an bpeaca abhus agus an bheatha sh&iacute;orai a bheith acu ina dhiaih sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 11:1-45). <i>Mise an tAis&eacute;ir&iacute; agus an Bheatha. <\/i>T&aacute; an l&eacute;acht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bh&iacute; againn le dh&aacute; Dhomhnach anuas, ina bhaineann &Iacute;osa feidhm as eachtra &eacute;igin den saol seo le ceacht faoi r&uacute;ndiamhair a phearsa f&eacute;in a mh&uacute;ineadh, mar shampla an Sam&aacute;ireach mn&aacute; agus tobar I&aacute;c&oacute;b agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bh&iacute; s&eacute; f&eacute;in le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall &oacute;n bhroinn agus &Iacute;osa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras &oacute; mhairbh agus &Iacute;osa mar an tAis&eacute;ir&iacute; agus an Bheatha. Bh&iacute; &Iacute;osa c&aacute;irdi&uacute;il le teaghlach na B&eacute;at&aacute;ine (thart ar 3 cilim&eacute;adar &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im), M&aacute;ire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lazaras d&rsquo;&Iacute;osa d&uacute;irt s&eacute; nach chun b&aacute;is ach le go dtabhaharfa&iacute; gl&oacute;ir do Mac D&eacute; (sin le r&aacute; d&oacute; f&eacute;in) tr&iacute;d an ngalar sin. N&iacute; th&eacute;ann s&eacute; go Lazaras l&aacute;ithreach, ach ligeann s&eacute; d&oacute; b&aacute;s a fhail. Bh&iacute; Lazaras ceithre l&aacute; b&aacute;saithe nuair a shrois &Iacute;osa an tuama. Deireann &Iacute;osa le Marta go n-&eacute;ireoidh a dhearth&aacute;ir ar&iacute;s, agus d&eacute;anann Marta gn&iacute;omh creidimh san ais&eacute;ir&iacute; &ndash; ach sa l&aacute; deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na l&eacute;achta ag &Iacute;osa: t&aacute; an t-ais&eacute;ir&iacute; tagtha cheana ina phearsa f&eacute;in: &ldquo;Mise an tAis&eacute;ir&iacute; agus an Bheatha&rdquo;<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghr&aacute;sta ionainn n&aacute; laige an n&aacute;d&uacute;ir<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Uaireanta cuirtear i leith &Iacute;osa gur beag an tuiscint a bh&iacute; aige ar laige an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna, mar shampla nuair a chuir s&eacute; bac ioml&aacute;n ar an colscaradh. Is trom i sl&iacute; <\/span><span style=\"color: black;\">an misean a leag s&eacute; ar a lucht lean&uacute;na nuair a sheol s&eacute; amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na tal&uacute;n. D&rsquo;fh&eacute;ach an eaglais &oacute;g ar an misean a bh&iacute; aici d&iacute;reach mar arb thoil le h&Iacute;osa &eacute;. Ba sholas &uacute;rnua don domhan an eaglais, an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhra&iacute;onn P&oacute;l go deas faoin mhisean uasal sin agus an laige dhaonna ag scr&iacute;obh chuig na Corantaigh faoin &aacute;bhar d&oacute; (2 Corantaigh 4:6-7): &ldquo;An Dia a d&uacute;irt, &lsquo;B&iacute;odh solas ag lonradh as an dorchadas&rsquo;, is &eacute; an Dia c&eacute;anna &eacute; a chuir solas ag lonradh in&aacute;r gcro&iacute;-ne d&rsquo;fhonn eolas na gl&oacute;ire diaga ar chuntan&oacute;s Chr&iacute;ost a chur ar &aacute;r s&uacute;ile d&uacute;inn. Is i bpr&oacute;ca&iacute; cr&eacute; at&aacute; an tseoid seo i gcoime&aacute;d againn, d&rsquo;fhonn a chruth&uacute; gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn f&eacute;in &iacute;&rdquo;. Ag scr&iacute;obh chuig na Filipigh d&oacute;, meabhra&iacute;onn P&oacute;l faoi mar ar umhlaigh &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in, ag glacadh riocht an scl&aacute;bha, agus ansin imp&iacute;onn s&eacute; orthu a sl&aacute;n&uacute; a shaothr&uacute; faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur &oacute; chomhoibri&uacute; le Dia a thagann an sl&aacute;n&uacute;, agus nach uainn f&eacute;in amh&aacute;in. Agus is &eacute; Dia at&aacute; ag spreagadh idir r&uacute;n agus gn&iacute;omh sna creidmhigh de r&eacute;ir a dhea-thola f&eacute;in (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh, mar is l&eacute;ir &oacute; shliocht an lae inniu, leagann P&oacute;l b&eacute;im n&iacute;os m&oacute; ar laige an n&aacute;d&uacute;ir agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, ar&iacute;s, t&aacute; an bh&eacute;im is m&oacute; aige ar bhua Chr&iacute;ost, tr&iacute;d an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ag teacht go dt&iacute; &aacute;r laethanta f&eacute;in: go minic d&eacute;antar an eaglais a ch&aacute;ineadh faoina h-iliomad rialacha. T&aacute; a leith&eacute;id de ch&aacute;ineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chr&iacute;ost f&eacute;in agus an tsoisc&eacute;il a bh&iacute;tear ag casaoid. Sa ch&aacute;s seo, maidir le teachtaireacht an tsoisc&eacute;il &aacute; craobhscaoileadh ag an Eaglais, n&iacute; rialacha iontu f&eacute;in at&aacute; i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, agus sin faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghr&aacute;sta D&eacute;. N&iacute; thuigtear an sc&eacute;al faoi bheatha na hEaglaise, fi&uacute; ina laig&iacute;, gan toimhse seo na r&uacute;ndiamhaire a thabhairt isteach.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin le r&aacute; bheith ag brath ar an n&aacute;d&uacute;r daonna amh&aacute;in, gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige f&eacute;in maidir le c&uacute;rsa&iacute; m&oacute;r&aacute;lta, agus neamhaird a dh&eacute;anamh den gh&aacute; at&aacute; le gr&aacute;sta D&eacute;. Is fi&uacute; cluas a thabhairt f&oacute;s ar theagasc Ph&oacute;il.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diosp&oacute;ireachta&iacute; faoi leas&uacute; na heaglaise agus a leith&eacute;id&iacute; de, agus ar leas&uacute; ar chuid d&aacute; cleachtadh a meastar bheith as d&aacute;ta, agus in &eacute;adan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, n&iacute; dochar cuid d&aacute; bhfuil r&aacute;ite thuas a mheabhr&uacute;: solas an tsoisc&eacute;il agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghr&aacute;sta D&eacute;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>2 Aibre&aacute;n 2017 (A) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-503","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/503","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=503"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/503\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=503"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=503"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=503"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}