{"id":507,"date":"2017-04-11T15:07:56","date_gmt":"2017-04-11T15:07:56","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=507"},"modified":"2017-04-11T15:07:56","modified_gmt":"2017-04-11T15:07:56","slug":"16-aibrean-2017-a-domhnach-casca-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=507","title":{"rendered":"16 Aibre\u00e1n 2017 (A) Domhnach C\u00e1sca (A)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">16 Aibre&aacute;n 2017 (A) Domhnach C&aacute;sca (A)<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><i><span style=\"color: black;\">Cr&iacute;ost mar cheann na heaglaise agus cro&iacute;l&aacute;r &aacute;r gcreidimh. Creidmhigh mar fhinn&eacute;ithe d&oacute;.<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/i><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 19:34, 37-43). <i>D&rsquo;itheamar agus d&rsquo;&oacute;lamar ina chuideachta i ndiaidh a ais&eacute;ir&iacute; &oacute; mhairbh. <\/i>Ina chomhth&eacute;acs i nGn&iacute;omthartha na nAspal t&aacute; an sliocht seo mar chuid den chur s&iacute;os ar an &aacute;it a bh&iacute; ag Peadar agus an Eaglais &oacute;g in Iar&uacute;sail&eacute;im le creideamh Chriost a thabhhairt do na pag&aacute;naigh gan an timpeallghearradh a bheith riachtanach. Bh&iacute; aisling ag C&oacute;irn&eacute;ilias, taoiseach c&eacute;ad na R&oacute;imhe, pag&aacute;nach cr&aacute;ifeach, &aacute; r&aacute; leis glaoch ar Pheadar le eolas an tsl&aacute;naithe a thabhairt d&oacute;. Bh&iacute; an glaoch bheith ina aspal dona pag&aacute;naigh faighte ag P&oacute;l cheana f&eacute;in, ach n&iacute; raibh s&eacute; i mbun saothair f&oacute;s. Thug Peadar an t-aitheasc sa l&eacute;acht seo agus chreid C&oacute;irn&eacute;ilias agus a theaghlach agus th&aacute;inig an Spiorad Naomh anuas orthu. Bhaist Peadar iad gan timpeallghearradh; thug tuairisc faoi sin don eaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im, a aontaigh leis. Aitheasc Pheadair do Ch&oacute;irn&eacute;ilias agus a theaghlach at&aacute; i sliocht seo an lae inniu. Is d&oacute;cha gur sampla &eacute; de ch&eacute;ad-sheanm&oacute;ireacht na heaglaise ag craobhscaoileadh theachtaireacht an tsoisc&eacute;il di.Thosaigh an cur s&iacute;os le baiste Eoin Baiste; ansin tugadh cur s&iacute;os ar ungadh Chr&iacute;ost leis an Spiorad Naomh, agus na mior&uacute;ilt&iacute; a rinne s&eacute; d&aacute; bharr, tuairisc ar bheatha phoibl&iacute; Chr&iacute;ost, agus na hAspail mar fh&iacute;nn&eacute;ithe ar sin; ar ch&eacute;asadh agus bh&aacute;s Chr&iacute;ost agus a ais&eacute;ir&iacute;, agus an fhianaise gur ais&eacute;irigh s&eacute; d&aacute;ir&iacute;re &aacute; thaispe&aacute;int f&eacute;in d&aacute; lucht lean&uacute;na, agus mar ar ordaigh s&eacute; d&aacute; dheisceabail an soisc&eacute;al a craobhscaoileadh. Seanm&oacute;ir&iacute; &oacute;n eaglais &oacute;g cos&uacute;il leis an cheann seo a thug an creatlach do na Soisc&eacute;il a cuireadh le ch&eacute;ile n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, ag tos&uacute; le seanm&oacute;ireacht Eoin Bhaiste agus ag cr&iacute;ochn&uacute; le hais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Bun agus barr na seanm&oacute;ireachta go l&eacute;ir in aon aois n&aacute; an glaoch chun aithr&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Salm 117[118]). <i>Is &eacute; seo an l&aacute; a rinne an Tiarna: b&iacute;odh &aacute;thas agus gliondar orainn.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(<\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Colosaigh 3:1-4). <i>Lorga&iacute;g&iacute; na nithe at&aacute; thuas mar a bhfuil Cr&iacute;ost. <\/i>Roghna&iacute;odh an sliocht seo den litir chuig na Colosaigh toisc go bhfuil s&eacute; feili&uacute;nach do Dhomhnach na C&aacute;sca, an l&aacute; ina bhfuilimid ag ceili&uacute;radh ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus a fhilleadh faoi ghl&oacute;ir go dheasl&aacute;mh an Athar, &aacute;it a bhfuil s&eacute; de sh&iacute;or ag gu&iacute; ar son na hEaglaise, agus ar &aacute;r son go l&eacute;ir le go mbeadh toradh ar a bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute;. T&aacute; Cr&iacute;ostaithe aontaithe le Cr&iacute;ost sa bhaisteadh, agus mar adeir an l&eacute;acht seo aontaithe leis ar neamh. N&iacute; l&eacute;acht ghinear&aacute;lta gan t&eacute;agar at&aacute; anseo. Tamall gear sa litir seo roimh an t&eacute;acs seo scr&iacute;obh P&oacute;l (Colosaigh 2:6-7): &ldquo;Mar sin de, &oacute;s rud &eacute; go bhfuil glactha agaibh le h&Iacute;osa mar Thiarna, tugaig&iacute; bh&uacute;r saol i bp&aacute;irt leis. B&iacute;g&iacute; pr&eacute;amhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar m&uacute;ineadh daoibh &eacute;&rdquo;. Agus n&iacute; rud teib&iacute; an creideamh seo i gCr&iacute;ost ar dheis D&eacute;. T&aacute; &Iacute;osa ann f&oacute;s ag craobhscaoileadh a shoisc&eacute;&iacute;l agus ag m&uacute;ineadh conas &aacute;r saol a thabhairt as anseo ar talamh, mar a deirtear sna v&eacute;arsa&iacute; a leanann an sliocht seo: toisc go gcreidimid go bhfuilimid in &eacute;ineacht le Cr&iacute;ost ar neamh deirtear linn an &ldquo;taobh saolta&rdquo;, na hainmhianta, ionainn a bh&aacute;s&uacute;. Agus mar shampla ar sin &aacute;ir&iacute;otar ceithre chinn de n&oacute;sanna gn&eacute;asacha, agus moltar liosta de shu&aacute;ilc&iacute; le cleachtadh. Ionann creideamh i gCr&iacute;ost ar dheis D&eacute; agus conas &aacute;r mbeatha sa saol seo a chaitheamh seachas a mhalairt.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Malairt L&eacute;achta. (<\/span><\/b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">1 Corantaigh 5:6-8). <i>Glanaig&iacute; amach an tseanghabh&aacute;il ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua. <\/i>Sa t&eacute;acs d&iacute;reach roimh an cheann seo ch&aacute;in P&oacute;l an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; sa Choraint toisc an droch-iompair ann: bh&iacute; fear ag maireacht&aacute;il lena leasmh&aacute;thair mar ch&eacute;ile, gan ch&aacute;ineadh &oacute;n chomhluadar Cr&iacute;ostai. Truailli&uacute; a bh&iacute; ann. Sa l&eacute;acht seo cuireann an t-aspal lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost san airdeal faoin bhaol &oacute;n droch-shampla, agus chuige sin baineann s&eacute; &uacute;s&aacute;id as ch&uacute;lra Ch&aacute;isc na nGi&uacute;dach a bh&iacute; &aacute; ceiliuradh b&rsquo;fh&eacute;idir an tr&aacute;th bliana sin. Le C&aacute;isc na nGi&uacute;dach a cheili&uacute;radh n&iacute;or mh&oacute;r gach p&iacute;osa ar&aacute;in le giosta, gabh&aacute;il, a chaitheamh amach leis an Ch&aacute;isc a chom&oacute;radh. Sa Ch&aacute;isc Ghi&uacute;dach ba &eacute; uan na C&aacute;sca an &iacute;obairt. Sa Ch&aacute;isc Nua ba &eacute; &Iacute;osa an &iacute;obairt. I s&uacute;ile Ph&oacute;l siombal den truailli&uacute; an ghabh&aacute;il. Ionann C&aacute;isc na hEaglaise agus easpa ar&aacute;n gabh&aacute;la, sin le r&aacute; d&iacute;lseacht, ionracas, tr&eacute;dhearcacht agus firinne. Seanm&oacute;ir ghonta C&aacute;sca an giota seo le P&oacute;l Aspal. Do Chr&iacute;ostaithe, cuireadh &eacute; do ghlaine chroi, cuireadh chun sacraimint na faoistine.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 20:1-9). <i>N&iacute;orbh fhol&aacute;ir &eacute; a ais&eacute;ir&iacute; &oacute; mhairbh. <\/i>T&aacute; cuntais &eacute;ags&uacute;la againn sa Tiomna Nua faoi ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus conas a thaispe&aacute;in s&eacute; f&eacute;&iacute;n do lucht lean&uacute;na tofa d&aacute; chuid. De r&eacute;ir Ph&oacute;il (1 Corantaigh 15:3-8) thaispe&aacute;in s&eacute; &eacute; f&eacute;in faoi ch&uacute;ig, i dtosach b&aacute;ire do Pheadar agus sa deireadh thiar do Ph&oacute;l f&eacute;in. Sliocht an lae inniu as soisc&eacute;al Eoin n&iacute;l ann ach ceann amh&aacute;in de shraith eachtra&iacute;: ar th&uacute;s an tuama folamh (Eoin 20:1-10); ansin taispe&aacute;int do Mh&aacute;ire Mhaigdil&eacute;ana (20:11-18); ansin do na deisceabail gan Tom&aacute;s (20:19-23), agus ansin le Tom&aacute;s i l&aacute;thair (24-29). Sliocht an lae inniu is faoin chuairt go dt&iacute; an tuama &eacute;, tuama a faightear folamh. Measann M&aacute;ire Mh&aacute;igdil&eacute;ana gur rob&aacute;il at&aacute; i gceist. Tugann an &ldquo;deisceabal eile&rdquo; (an deisceabal muirneach; an deisceabal a raibh gr&aacute; ag &Iacute;osa d&oacute;, Eoin 13:23) &aacute;ird ar st&aacute;das faoi leith Pheadair. Cuireann an staid slachtmhar ina bhfuil na baill &eacute;adaigh slad as an &aacute;ireamh. Faigheann an deisceabal eile tuiscint ar leith faoi ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; tiocfaidh an eaglais ar an dtuiscint go raibh sin de r&eacute;ir an scriopt&uacute;ir, tuiscint nach raibh aici &oacute; th&uacute;s. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\"> Cr&iacute;ost mar ceann na heaglaise agus cro&iacute;l&aacute;r &aacute;r gcreidimh. Creidmhigh mar fhinn&eacute;ithe d&oacute;.<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">T&aacute; &aacute;bhar saibhir machnaimh i l&eacute;acha&iacute; an lae inniu, agus den chuid is m&oacute; de labhra&iacute;onn siad uathu f&eacute;in ach iad a l&eacute;amh agus s&uacute;il againn ar shaol agus ch&uacute;ins&iacute; &aacute;r linne f&eacute;in. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht cuireann Peadar b&eacute;im ar na haspail mar fhinn&eacute;ithe d&rsquo;ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus sa dara l&eacute;acht as an litir chuig na Colosaigh meabhra&iacute;tear do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha &ldquo;folaithe mar aon le Cr&iacute;ost i nDia&rdquo;. Cr&iacute;ost ar neamh ceann na hEaglaise, t&aacute; s&eacute; f&oacute;s ag f&oacute;gairt a shoisc&eacute;il mar a rinne s&eacute; d&aacute; mhuintir na Gi&uacute;daigh, ach chomh maith ag f&oacute;gairt shoisc&eacute;il Ph&oacute;il do na neamh-Ghi&uacute;daigh, na pag&aacute;naigh, &aacute; meabhr&uacute; do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, n&oacute;sanna pag&aacute;nacha a chur d&iacute;obh, n&oacute;sanna a &aacute;ir&iacute;onn s&eacute;: &ldquo;B&aacute;saig&iacute; mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pag&aacute;nacha) d&iacute;bh f&eacute;in: an dr&uacute;is, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint &uacute;d nach bhfuil inti ach &iacute;oladhradh&rdquo;. Gan Cr&iacute;ost bheith mar chro&iacute;l&aacute;r aici n&iacute; bheadh san eaglais d&aacute; fearr &iacute; ach cumann leasa shoisialaigh, mar a mheabhraigh an P&aacute;pa Proins&eacute;as d&uacute;inn. Thuig &aacute;r muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don &ldquo;duine at&aacute; i dt&uacute;is a shaoil&rdquo; sa d&aacute;n &oacute;n mb&eacute;aloideas: &ldquo;Sara dtiocfaidh iomad ded&rsquo; aois, b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat&rdquo; &ndash; n&iacute; eolas faoi Chr&iacute;ost ach aithne phearsanta air.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le c&uacute;rsa&iacute; creidimh, t&aacute; &Eacute;ire inniu ag crosbh&oacute;thar a staire. Sa daon&aacute;ireamh deiridh (2016) shinigh 78.3 % den daonra iad f&eacute;in mar Chaitlicigh R&oacute;mh&aacute;nacha, agus 9.8 % gan creideamh ar bith, athr&uacute; suntasach &oacute; dhaon&aacute;ireamh 2011 nuair a sh&iacute;nigh 84.2 % iad f&eacute;in mar Chaitlicigh, (titim de 132,200) agus 4% mar dhaoine gan credeamh ar bith.Ia soil&eacute;ir go bhfuil meon saolta, meon di-eaglaisi&uacute;, saec&uacute;l&aacute;rach, ag teacht i r&eacute;im, agus leisce, n&oacute; m&iacute;fhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann n&oacute; na sacraimint&iacute;. Ach is &eacute; is creideamh ann n&aacute; cruth&uacute;, n&oacute; cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. T&aacute; feachtas nua tosaithe san eaglais chun daoine a thabhairt thar n-ais do Chr&iacute;ost. Sin teachtaireacht na C&aacute;sca d&uacute;inn, fianaise a thabhairt an l&aacute; at&aacute; inniu ann do Chr&iacute;ost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaisteadh, sa chreideamh. Mar is l&eacute;ir &oacute;n dara l&eacute;acht inniu t&aacute; Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe, ar dheasl&aacute;mh an Athar, ag f&oacute;gairt an tSoisc&eacute;il d&uacute;inn mar a rinne s&eacute; sa tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh: &ldquo;Is sibhse salann na tal&uacute;n. Is sibhse solas an domhain. B&iacute;odh bhur solas ag taitneamh mar sin os comhair daoine chun go bhfeicfid&iacute;s bhur ndea-ghn&iacute;omhthartha agus go ngl&oacute;ireoid&iacute;s bhur nAthair at&aacute; ar neamh&rdquo;. Beannachta&iacute; na C&aacute;sca orainn go l&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>16 Aibre&aacute;n 2017 (A) Domhnach C&aacute;sca (A) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-507","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/507","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=507"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/507\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=507"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=507"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=507"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}