{"id":509,"date":"2017-04-11T15:12:02","date_gmt":"2017-04-11T15:12:02","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=509"},"modified":"2017-04-11T15:12:02","modified_gmt":"2017-04-11T15:12:02","slug":"23-aibrean-2017-a-dara-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=509","title":{"rendered":"23 Aibre\u00e1n 2017 (A) Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">23 Aibre&aacute;n 2017 (A) <\/span><span style=\"color: black;\">Dara Domhnach den Ch&aacute;isc (A) <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 18pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 18pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Gn&iacute;omhartha na nAspal 2:42-47). <i>Agus an m&eacute;id a chreid, bh&iacute;d&iacute;s i bhfochair a ch&eacute;ile, agus bh&iacute;odh gach uile n&iacute; i gcomhar acu. <\/i>Is &eacute; seo an ch&eacute;ad cheann de na tr&iacute; hachoimr&iacute; maidir le bheatha na luath-eaglaise in Iar&uacute;sail&eacute;im. (Is iad na cinn eile n&aacute; 4:32-35, leis an t&eacute;ama gach rud i gcomhar acu, a l&eacute;itear i mbliain 2, B den ch&uacute;rsa thr&iacute; bliain, agus 5:12-16, a bhfuil mar phr&iacute;omh-th&eacute;ama ann na mior&uacute;ilt&iacute; a rinneadh tr&iacute; l&aacute;mha na naspal, a l&eacute;itear inniu i mbliain 3, C den ch&uacute;rsa). T&aacute; baint ag na tr&iacute; hachoimr&iacute; seo lena ch&eacute;ile. Chuir L&uacute;c&aacute;s, &uacute;dar an leabhair seo, isteach iad, is docha&iacute;, lena mheabhr&uacute; gn&eacute;ithe &aacute;irithe suntasacha den eaglais &oacute;g d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; agus do na gl&uacute;nta le teacht n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, agus le go mbeadh na hachoimr&iacute; sin mar eiseaml&aacute;ir acu. Agus is mar sin a bh&iacute; sa stair, san eaglais agus go m&oacute;r m&oacute;r sa bheatha rialta, idir fhir agus mhn&aacute;. Agus an l&aacute; &aacute;irithe seo f&eacute;in d&eacute;anann an Eaglais an rud c&eacute;anna sa liot&uacute;irge, ina d&eacute;antar ceann amh&aacute;in den tr&iacute; achoimre a l&eacute;amh gach bliain sa Dara Domhnach seo den Ch&aacute;isc. De na tr&iacute; achoimre is &eacute; seo an ceann is cuimsith&iacute; d&iacute;obh faoi bheatha na heaglaise &oacute;ige in Iar&uacute;sail&eacute;im tar &eacute;is teacht an Spioraid Naoimh &ndash; lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost seasmhach i dteagasc na nAspal, i &ldquo;gcumann bhriseadh an ar&aacute;in&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; san Eocairist, agus in urnaithe. Urna&iacute; Cr&iacute;osta&iacute; at&aacute; i gceist anseo, b&iacute;odh go mb&iacute;odh na Cr&iacute;ostaithe ag freastal ar an dTeampall chomh maith. Tugann an l&eacute;acht sonrai faoi ghn&eacute;ithe de shaol na gCr&iacute;ostaithe sin, faoi &aacute;thas agus faoi shimpl&iacute;ocht chro&iacute;, ag briseadh ar&aacute;in (ag ceili&uacute;radh na hEocairiste) &oacute; theach go teach.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Salm 117[118]). <i>Tugaig&iacute; bu&iacute;ochas don Tiarna toisc gur maith &eacute;: &oacute;ir maireann a ghr&aacute; de sh&iacute;or<\/i>.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (1 Peadar 1:3-9). <i>D&rsquo;athghin s&eacute; sinn tr&iacute; ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost &oacute; mhairbh, ionas go mbeadh beomhuin&iacute;n againn.<\/i> <\/span><span style=\"color: black;\">I rith tr&eacute;imhse na Casca i mbliana t&oacute;gtar an Dara L&eacute;acht as C&eacute;ad Litir Naomh Peadar. Sr&iacute;obhadh an litir seo chuig &ldquo;deoraithe na d&iacute;beartha&rdquo; i gc&uacute;ig phroibhinse san &Aacute;ise Bheag (Tuirc an lae inniu). De ghn&aacute;th ba iad na deoraitrhe sa d&iacute;birt n&aacute; na Gi&uacute;daigh i gc&eacute;in &oacute;na dt&iacute;r dh&uacute;chais. Ach n&iacute; d&oacute;cha gur Cr&iacute;ostaithe de bhunadh Gi&uacute;dach at&aacute; i gceist anseo, ach muintir de bhunadh pag&aacute;nach, agus is &eacute; deoraithe &oacute; neamh at&aacute; i gceist. Dealra&iacute;onn s&eacute; go rabhadar bunaithe go maith sa chreideamh cheana f&eacute;in, le eolas maith ar an Seantiomna. Machnamh ar na f&iacute;rinn&iacute; bun&uacute;sacha agus spreagadh at&aacute; sa litir, seachas bunteagasc an chreidimh. De r&eacute;ir dealraimh bh&iacute; m&eacute;ad&uacute; m&oacute;r tagaithe ar l&iacute;on na gcreidmheach, agus &eacute;ad n&oacute; naimhdeas &aacute; gcoth&uacute; d&oacute;ibh i measc na bpag&aacute;nach. T&aacute; tagairt&iacute; sa litir do thrialacha den uile chine&aacute;l, do gh&eacute;arlean&uacute;int n&oacute; baol g&eacute;arlean&uacute;na. Is &eacute; a dh&eacute;anann an t-&uacute;dar n&aacute; an bunphrionsabal a thabhairt conas a bheith r&eacute;idh d&aacute; leith&eacute;id. Idir ruda&iacute; eile meabhraionn s&eacute; d&oacute;ibh gan a bheith iata isteach i ndaingean iontu f&eacute;in, ach bheith r&eacute;idh le fianaise a thabhairt don chreideamh, don d&oacute;chas at&aacute; iontu, go m&uacute;inte m&aacute;nla. N&iacute; fios go beacht cathain sa ch&eacute;ad tosaigh a cumadh an litir seo. T&aacute; s&iacute; againn faoi ainm Pheadair, agus seolta amach &oacute;n Bheabal&oacute;in, sin le r&aacute; &oacute;n R&oacute;imh. Ach n&iacute;l s&eacute; deimhin an pearsa Pheadair f&eacute;in, n&oacute; duine eile i spiorad agus phearsa Pheadair, at&aacute; ag caint. Ach is cuma sin faoin dteagasc at&aacute; sa litir.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">I sliocht an lae inniu tugann an t-&uacute;dar na bunphrionsabail at&aacute; riachtanach: an creideamh bunaithe ar ghr&aacute;sta agus thr&oacute;caire D&eacute;, ar ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost a thugann muin&iacute;n bhuan d&uacute;inn. C&uacute;is l&uacute;ch&aacute;ire at&aacute; ansin don chreidmheach. T&aacute; a fhios ag Peadar go bhfuil creideamh beo acu. agus gr&aacute; thar chuimse do Chr&iacute;ost, b&iacute;odh n&aacute;r fhacadar riamh &eacute;, creideamh a thugann d&oacute;ibh l&uacute;chair le h&aacute;thas gl&oacute;rmhar.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/i><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> <\/span><\/i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Eoin 20:19-31). <i>Ocht l&aacute; ina dhiaidh sin, th&aacute;inig &Iacute;osa. <\/i>An ch&eacute;ad chuid den l&eacute;acht seo cuireann s&iacute; s&iacute;os ar eachtra a tharla tr&aacute;thn&oacute;na Dhomhnach na C&aacute;sca. L&eacute;irigh an Sl&aacute;naitheoir ais&eacute;irithe &eacute; f&eacute;in do na haspail, agus deimhn&iacute;onn d&oacute;ibh go raibh s&eacute; &eacute;irithe d&aacute;ir&iacute;re ina dhaonnacht ag taispe&aacute;int d&oacute;ibh a l&aacute;mha agus a chosa gonta. D&rsquo;an&aacute;iligh s&eacute; orthu agus thug d&oacute;ibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peaca&iacute; a mhaitheamh. N&iacute; raibh an t-aspal Tom&aacute;s i l&aacute;thair an Domhnach sin agus d&uacute;irt s&eacute; nach gcreidfeadh s&eacute; gan fianaise gurb &eacute; an t&Iacute;osa a c&eacute;asadh a bh&iacute; i gceist. T&aacute; an dara heachtra againn sa dara cuid den l&eacute;acht, eachtra a tharla an Domhnach tar &eacute;is na C&aacute;sca. Admha&iacute;onn Tom&aacute;s creideamh n&iacute; hamh&aacute;in in &Iacute;osa ais&eacute;irithe mar Thiarna, ach f&oacute;s mar Dhia: &ldquo;Mo Thiarna agus <i>mo Dhia<\/i>&rdquo;. Seo &iacute; an dara h&aacute;it i Soisc&eacute;al seo Eoin ina admha&iacute;tear creideamh in &Iacute;osa mar Dhia, in ndiagacht Chr&iacute;ost. Is &eacute; an ceann eile n&aacute; sa bhrollach (Eoin 1:1): &ldquo;Bh&iacute; an Briathar ann i dt&uacute;s b&aacute;ire &#8230; agus ba Dhia an Briathar&rdquo;. C&uacute;is mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra &Iacute;osa ar Thom&aacute;s. N&iacute; measa as iad creidmhigh na m&iacute;lte bliain n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; n&aacute; mar a bh&iacute; Tom&aacute;s an Domhnach &uacute;d: &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">(1) &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramad&oacute;ir in agallamh tr&aacute;th faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair s&eacute; gur bhre&aacute; leis d&aacute; mbeadh buailte aige le h&Iacute;osa. N&iacute; fios c&eacute;n cheist a bheadh curtha aige ar &Iacute;osa n&aacute; ar fhreagra &Iacute;osa air. Cuireadh chun aithr&iacute; is d&oacute;cha! N&iacute; hionann an c&aacute;s sa mh&eacute;id a bhaineann le creidmhigh de. T&eacute;imis thar n-ais go dt&iacute; an seomra uachtarach sin, le h&Iacute;osa agus Tom&aacute;s, a chreid i ndiagacht Chr&iacute;ost agus &eacute; i l&aacute;thair. I mbriathra Chr&iacute;ost, is m&eacute;anar d&oacute;ibh si&uacute;d a chreideann ann i ngach aois, i ngach &aacute;it, go deireadh an domhain. N&iacute; beannaithe Tom&aacute;s n&aacute; iad. Tr&iacute; sh&uacute;ile an chreidimh t&aacute; Cr&iacute;ost i l&aacute;thair faoi mar a bh&iacute; do Thom&aacute;s le s&uacute;ile aiceanta. T&aacute; seo ag dul leis an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa ina achain&iacute; don Athair ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach: &ldquo;N&iacute; ar a son-san amh&aacute;in [a lucht lean&uacute;na an tr&aacute;th &uacute;d] at&aacute;im ag gu&iacute;, ach, mar an gc&eacute;anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr&iacute;na mbriathar&rdquo; (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, t&aacute; &Iacute;osa i ngar &ndash; n&iacute;os gaire n&aacute; an doras &ndash; ag tabhairt sol&aacute;is, misnigh agus spreagtha. Meabhra&iacute;onn an ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu d&uacute;inn faoi mar a mhair an eaglais &oacute;g in Iar&uacute;sail&eacute;im faoi shimpl&iacute;ocht chro&iacute;, ag caitheamh a gcuid bia faoi &aacute;thas. Agus is mar seo a labhair Peadar faoi &Iacute;osa ina litir do Chr&iacute;osta&iacute;the a bh&iacute; ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCr&iacute;ost, mar a deirtear sa dara l&eacute;acht san Aifreann inniu: &ldquo;Thug sibh gr&aacute; d&oacute;san (do &Iacute;osa) c&eacute; nach bhfaca sibh &eacute;. N&iacute; fheiceann sibh anois f&eacute;in &eacute;, ach creideann sibh ann, agus is l&uacute;ch&aacute;ireach sibh le h&aacute;thas iontach dolabhartha&rdquo; (1 Peadar 1:8). Is cuid d&iacute;lis den Tiomna Nua agus den Chr&iacute;ostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chr&iacute;ost. T&aacute; sin go l&eacute;ir curtha go deas i nd&aacute;n Gaeilge faoin chomhairle don duine &oacute;g at&aacute; tagaithe anuas chugainn sa bh&eacute;aloideas agus i scr&iacute;bhinn: &ldquo;A dhuine at&aacute; i dt&uacute;is do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat &#8230; N&aacute; santaigh r&aacute;ite baois&rsquo; n&aacute; an dream go mb&iacute;d acu; <i>sara dtiocfaidh iomad den aois, <b>b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat&rdquo;.<\/b><\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(2) Domhnach Th&oacute;caire D&eacute;<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Inniu chomh maith Domhnach Thr&oacute;caire D&eacute;, f&eacute;ile a thionscain an P&aacute;pa Eoin P&oacute;l II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fh&iacute;s a bh&iacute; ag an Si&uacute;r Ph&oacute;lannach Faustina Kowalska), P&aacute;pa at&aacute; &aacute; f&oacute;gartha ina naomh anois , maraon leis an bP&aacute;pa Eoin XXIII. In aitheasc don fh&eacute;ile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thr&iacute; bliana, nuair a bi Apacailipsis Eoin &aacute; l&eacute;amh mar dhara l&eacute;acht) d&uacute;irt an P&aacute;pa: &ldquo;&lsquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla oraibh. Is mise an T&uacute;s agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na s&iacute;ora&iacute;ochta&rsquo;&rdquo;. Chualamar na briathra sol&aacute;sacha seo sa Dara L&eacute;acht t&oacute;gtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh d&uacute;inn &aacute;r n-amharc a thabhairt ar Chr&iacute;ost le bheith deimhin go bhfuil s&eacute; in&aacute;r dteannta, ag tabhairt uchtaigh d&uacute;inn. Do gach aoinne, is cuma c&eacute; comh casta agus dr&aacute;mata an staid ina bhfuil s&eacute;, deireann Cr&iacute;ost Ais&eacute;irithe: &lsquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla ort. Fuair m&eacute; b&aacute;s ar an gCrois ach t&aacute;im anois beo go deo&rsquo;. &#8230; D&uacute;irt &Iacute;osa leis an tSi&uacute;r Faustina l&aacute; amh&aacute;in: &lsquo;N&iacute; bheidh s&iacute;och&aacute;in ag an gcine daonna go deo go dt&iacute; go gcasfaidh siad chugamsa le muin&iacute;n as mo thr&oacute;caire&rsquo;. Tr&oacute;caire D&eacute;! Seo &iacute; an bronntanas a fhaigheann an Eaglais &oacute; Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe agus a thairgeann s&iacute; don chine daonna ag breacadh seo na tr&iacute;&uacute; m&iacute;laoise&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(3) Agallamh le saol an lae inniu<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tr&oacute;caire D&eacute;! T&aacute; an Seantiomna (go h&aacute;irithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua l&aacute;n de thagairt&iacute; d&iacute;. Ach t&aacute; sciar &aacute;irithe gl&oacute;rach de shaol an lae inniu a mha&iacute;onn gurb &eacute; a mhalairt is f&iacute;or &ndash; gur &eacute;adr&oacute;caire do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith r&eacute;idh lena leith&eacute;id de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht at&aacute; ann idir theagasc Chr&iacute;ost agus na hEaglaise agus fheals&uacute;nacht &aacute;irithe reatha. Mar an gc&eacute;anna maidir leis an dt&eacute;ama &ldquo;saoirse&rdquo;. Is fada siar an cur agus c&uacute;iteamh faoi seo, go dt&iacute; feals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige, traidisi&uacute;n Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le h&Iacute;osa ionann creideamh ann f&eacute;in agus saoirse cheart. T&aacute; a l&aacute;n inniu a aont&oacute;dh leis an bhfile a d&uacute;irt: &ldquo;Buarach (r&oacute;pa ceangail) ar m&rsquo;aigne Eaglais D&eacute;&rdquo;. N&iacute; chun na ceisteanna seo a phl&eacute; at&aacute;&iacute;m anseo, ach iad a ard&uacute;. N&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt orthu, agus agallamh a choth&uacute; idir l&eacute;achtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>23 Aibre&aacute;n 2017 (A) Dara Domhnach den Ch&aacute;isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-509","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/509","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=509"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/509\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=509"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=509"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=509"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}