{"id":511,"date":"2017-04-25T15:59:24","date_gmt":"2017-04-25T15:59:24","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=511"},"modified":"2017-04-25T15:59:24","modified_gmt":"2017-04-25T15:59:24","slug":"30-aibrean-2017-a-triu-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=511","title":{"rendered":"30 Aibre\u00e1n 2017 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">30 Aibre&aacute;n 2017 (A) Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <i>Cr&iacute;ost linn i mbriathar agus i sacraimint<b>.<\/b><\/i><\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 2:14, 22-33). <i>N&iacute;orbh fh&eacute;idir d&rsquo;ifreann &eacute; a choinne&aacute;il<\/i>. Cuid de ch&eacute;ad sheanm&oacute;ir Pheadair agus na hEaglaise Domhnach Cinc&iacute;se at&aacute; anseo. Domhnach C&aacute;sca, agus ina dhiaidh, nuair a thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&oacute;ibh bh&iacute; na deisceabail i dteach agus na doirse faoi ghlas ar eagla na nGi&uacute;dach. Bh&iacute; malairt sc&eacute;il ann Domhnach Cinc&iacute;se nuair a th&aacute;inig an Spiorad Naomh orthu. Bh&iacute;odar anois l&aacute;n de mhisneach agus dh&iacute;ograis an de&aacute;-sc&eacute;al faoi &Iacute;osa a fh&oacute;gairt d&aacute; muintir f&eacute;in Iosrael. Bh&iacute; an D&aacute;r&eacute;ag ag feidhmi&uacute; mar aonad. N&iacute;l againn sa l&eacute;acht seo as sliocht as aitheasc fada Pheadair ina l&eacute;ir&iacute;onn s&eacute; &oacute;na Scriopt&uacute;ir f&iacute;rinni &aacute;irithe faoina tharla maidir le b&aacute;s &Iacute;osa, a ais&eacute;ir&iacute; agus teacht an Spioraid Naoimh an Domhnach sin Cinc&iacute;se. San aitheasc seo t&aacute; machnamh domhain na luath-eaglaise ar r&uacute;ndiamhra Chriost (a bh&aacute;s, a ais&eacute;iri, filleadh ar an Athair, agus teacht an Spioraid) agus an ceangal a bh&iacute; acu le r&eacute;amhinsint sna Scriopt&uacute;ir. Labhra&iacute;onn Peadar faoi bheatha &Iacute;osa ar talamh, mar ab eol d&aacute; lucht &eacute;isteachta &iacute;, agus na mior&uacute;ilt&iacute; a rinne s&eacute; le cumhacht D&eacute;. <\/span><span style=\"color: black;\">Bh&iacute; a bh&aacute;s de r&eacute;ir phlean D&eacute;, le comhairle chinnte agus r&eacute;amheolas D&eacute;. Tagann s&eacute; ansin go hais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa, a bh&iacute; de r&eacute;ir fh&aacute;istine Dh&aacute;iv&iacute;, a deir Peadar. Glacadh gur chum D&aacute;iv&iacute; Salm 15 (16) agus go bhfuil s&eacute; ag tagairt d&oacute; f&eacute;in ann, ag lua nach bhf&aacute;gfadh Dia a anam in ifreann (i measc na marbh). <\/span><span style=\"color: black;\">Glacann Peadar seo mar fh&aacute;istine do ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, seachas do Dh&aacute;iv&iacute;. Is finn&eacute;ithe na haspail, d&uacute;irt Peadar, ar ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Ina dhiaidh sin t&aacute; tagairt achomair agus ghonta don diagacht a bhaineann le deascabh&aacute;il &Iacute;osa go deasl&aacute;imh an Athar: &ldquo;Fuair s&eacute; &oacute;na Athair an Spiorad a bh&iacute; geallta agus dhoirt amach orainne &eacute;&rdquo;, agus sin &eacute; an Spiorad ba ch&uacute;is le Domhnach Cinc&iacute;se.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Salm 15[16]). <i>Taispe&aacute;in d&uacute;inn sl&iacute; na beatha, a Thiarna.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (1 Peadar 1:17-21). <i>Fuascla&iacute;odh sibh le fuil luachmhar Chr&iacute;ost, an t-uan gan locht, gan teimheal.<\/i> T&aacute; spiorad na C&aacute;sca (Cr&iacute;ost mar uan) le moth&uacute; sa sliocht seo faoi mar at&aacute; sa litir tr&iacute;d s&iacute;os. Tosa&iacute;onn an sliocht le tagairt do Dhia mar Athair, &ldquo;m&aacute; thugann sibh Athair&rdquo;, n&oacute; &ldquo;m&aacute; ghlaonn sibh mar Athair&rdquo;, briathra a thugann chun cuimhne an phaidir, &ldquo;A Athair (&Aacute;r nAthair) ar neamh&rdquo;. Leanann sl&iacute; bheatha as admh&aacute;il chreidimh. N&iacute; m&oacute;r aithris a dh&eacute;anamh ar Dhia &aacute;r nAthair, mar a mheabhraigh &Iacute;osa go minic, beatha Chr&iacute;osta&iacute; a bheadh l&aacute;n d&rsquo;urraim agus d&rsquo;om&oacute;s (&ldquo;eagla&rdquo;) do Dhia. Deirtear leis na creidmhigh maireacht&aacute;il sa saol seo mar &aacute;itritheoir&iacute; coimhth&iacute;ocha, sort deoraithe. N&iacute; d&oacute;cha gur deora&iacute;ocht &oacute;na dt&iacute;r dh&uacute;chais ar neamh at&aacute; i gceist, ach amhail creidmhigh mar strains&eacute;ir&iacute; i socha&iacute; phag&aacute;nach. N&iacute; ag d&iacute;speagadh an tsaoil sin at&aacute; Peadar &#8212; molann s&eacute; om&oacute;s a thabhairt do gach &uacute;dar&aacute;s &ndash;ach ag meabhr&uacute; d&oacute;ibh go bhfuil bun&uacute;s eile ar fad lena gcreideamh. Fuascla&iacute;odh iad le b&aacute;s (fuil) Chr&iacute;ost, agus t&aacute; treoir bheatha eile acu seachas an t -iompar baoth a bh&iacute; acu &oacute;n pag&aacute;nachas (&ldquo;oidhreacht bhur n-aithreacha&rdquo;). Cuid de phlean sl&aacute;naithe D&eacute; a bh&iacute; i mb&aacute;s &Iacute;osa agus a ais&eacute;ir&iacute;, plean a bh&iacute; ann on ts&iacute;ora&iacute;ocht anall. Thug Dia an tAthair gl&oacute;ir do Chr&iacute;ost ionas go mbeadh creideamh agus d&oacute;chas ag a lucht lean&uacute;na i nDia. T&aacute; bunchloch an creidimh againn anseo: creideamh agus d&oacute;chas.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 24:13-35). <i>D&rsquo;aitnn&iacute;odar &eacute; i mbriseasdh an ar&aacute;in.<\/i> An eachtra seo, a bhfuil an-aithne uirthi, t&aacute; s&iacute; ar f&aacute;il i soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;s amhain. T&aacute; cur s&iacute;os inti ar ch&aacute;s bheirt dheisceabal &Iacute;osa a chaill a gcreideamh ann de bharr scannal na croise, agus a fhaigheann ar ais &eacute; tr&iacute; caidreamh le h&Iacute;osa agus eolas ar na Scriopt&uacute;ir. Luatar an logainm Eam&aacute;&uacute;s ann, nach fios go beacht c&aacute; raibh s&eacute;. N&iacute;l s&eacute; cinnte c&eacute; chomh fada &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;<\/span><span style=\"color: black;\">im a bh&iacute; s&eacute;: seasca st&aacute;id (thart ar seacht m&iacute;le) n&oacute; c&eacute;ad st&aacute;id seasca. T&aacute; cathair Amwas an lae inniu thart ar fhiche m&iacute;le sl&iacute; &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im (thart ar c&eacute;ad seasca st&aacute;id). Oilithrigh is d&oacute;cha a bh&iacute; sa bheirt. An comhr&aacute; idir &Iacute;osa (anaithnid d&oacute;ibh) agus iad sa tsl&iacute; bhain s&eacute; lena tharla d&rsquo;&Iacute;osa, ar fh&eacute;achadar air mar fh&aacute;idh &eacute;ifeachtach &oacute; ghn&iacute;omh agus &oacute; bhriathar. Bh&iacute;odar ina theannta sa Ghail&iacute;l, b&rsquo;fh&eacute;idir. Mh&iacute;nigh &Iacute;osa d&oacute;ibh r&uacute;ndiamhair a phearsa f&eacute;in, i bplean sl&aacute;naithe an Athar. N&iacute; leor bheith ina theannta ar talamh. Baineann s&eacute; le rundiamhair D&eacute;, agus mar sin n&iacute; scannal a bh&iacute; sa chrois ach cuid de phlean sin D&eacute; a bhfuil tr&aacute;cht uirthi sna Scriopt&uacute;ir, agus mh&iacute;nigh s&eacute; d&oacute;ibh &eacute; &oacute;n Peintiteoch (Maois) agus na f&aacute;ithe. Ag an b&eacute;ile ina gcuibhreann, th&oacute;g &Iacute;osa an t-ar&aacute;n, bheannaigh, bhris agus thug d&oacute;ibh &eacute;. Oscla&iacute;odh a s&uacute;ile agus d&rsquo;aithn&iacute;odar &Iacute;osa. N&iacute; eocairist a bh&iacute; i gceist, ach b&eacute;ile eile i dtraidisi&uacute;n &Iacute;osa. M&aacute;s amhlaidh go raibh an bheirt deisceabal sin i gcomhluadar &Iacute;osa feadh a shaoil, thuigfidis go maith an bhr&iacute; a bh&iacute; ag baint le beann&uacute; agus briseadh an ar&aacute;in. Ar fhilleadh ar Iar&uacute;sail&eacute;im d&oacute;ibh chualadar an sc&eacute;al go raibh an Tiarna (&Iacute;osa) &eacute;irithe agus go bhfacthas don Sh&iacute;om&oacute;n &eacute;. Sean-ainm sa chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; ar Pheadar (C&eacute;afas) S&iacute;om&oacute;n, agus san eachtra seo t&aacute; sc&eacute;al &aacute;rsa againn faoin ch&eacute;ad Domhnach C&aacute;sca.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">: Cr&iacute;ost linn i mbriathar agus i sacraimint<b>.<\/b><\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ceann de na sleachta is iomr&aacute;it&iacute; sa Bh&iacute;obla l&eacute;acht sin i soisc&eacute;al an lae inniu. Labhra&iacute;onn s&eacute; go tr&eacute;an le daoine &oacute; gach aois, a fheiceann samhail d&iacute;obh f&eacute;in sa bheirt thaisteala&iacute; sin san aistear d&oacute;ibh, an creideamh agus an d&oacute;chas caillte acu, an todhcha&iacute; a mheas siad a bheith acu, agus ag a mhuintir, titithe as a ch&eacute;ile, ach cara caoin anaithnid ag si&uacute;l an bh&oacute;thair leo le l&eacute;argas &uacute;r a thabhairt d&oacute;ibh, n&oacute; leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne d&oacute;ibh. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I gn&aacute;thach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar nd&oacute;igh is mar sin at&aacute; &ndash; aistear &oacute; thaobh aithne ag an duine air n&oacute; uirthi f&eacute;in, c&aacute; seasann siad, agus cad t&aacute; i nd&aacute;n d&oacute;ibh. Moltar si&uacute;l leo san aistear. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Go minic is &oacute; thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do ch&uacute;rsa&iacute; creidimh. Ach, faoi mar ab eol d&aacute;r sinsir, t&aacute; Cr&iacute;ost san aistear i gc&oacute;na&iacute;, Cr&iacute;ost liom, Cr&iacute;ost romham, Cr&iacute;ost i mo dhiaidh agus mar sin de.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; F&iacute;rinn&iacute; eile ar fi&uacute; machnamh orthu inniu n&aacute; Cr&iacute;ost i l&aacute;thair sa Aifreann, i l&eacute;achta&iacute; an Scriopt&uacute;ir agus san Eocairist.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ar &eacute;igin gur g&aacute; a mheabhr&uacute; ar&iacute;s firinne ina chuireann an Eaglais an-bh&eacute;im inniu: go bhfuil Cr&iacute;ost i l&aacute;thair ina bhriathar, mar is &eacute; Cr&iacute;ost a labhra&iacute;onn gach uair a l&eacute;itear an scriopt&uacute;r sa liot&uacute;irge. Tugann l&eacute;acht an Bh&iacute;obla an sean agus an nua le ch&eacute;ile d&uacute;inn, an bhr&iacute; ba chiall leis c&eacute;aduair agus faoi mar is f&eacute;idir sin a chur in oiri&uacute;int do thosca&iacute; an lae inniu, n&oacute; fi&uacute; do cheisteanna f&oacute;s le teacht. N&iacute; teagmh&aacute;il aigne, intleachtach lom amh&aacute;in at&aacute; anseo, mar t&aacute; Cr&iacute;ost i l&aacute;thair lena Spiorad, lena ghr&aacute;sta.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Agus, ar nd&oacute;igh, t&aacute; s&eacute; i l&aacute;thair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an ar&aacute;in, gn&iacute;omh a thugann chun cuimhne d&uacute;inn na br&iacute;onna iomad&uacute;la a bh&iacute; le briseadh an ar&aacute;in do &Iacute;osa f&eacute;in lena bheatha agus tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; do.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\"><\/span><\/i><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>30 Aibre&aacute;n 2017 (A) Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-511","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/511","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=511"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/511\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=511"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=511"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=511"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}