{"id":514,"date":"2017-05-05T11:06:46","date_gmt":"2017-05-05T11:06:46","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=514"},"modified":"2017-05-05T11:06:46","modified_gmt":"2017-05-05T11:06:46","slug":"7-bealtaine-2017-a-ceathru-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=514","title":{"rendered":"7 Bealtaine 2017 (A) Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"<p>7 Bealtaine 2017 (A) Ceathr&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A)<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An<\/em><\/strong><em> <strong>B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong>&Iacute;osa an tAoire Maith, an Tiarna inn&eacute;. inniu agus de sh&iacute;or<\/em><\/li>\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha 2:14, 36-41). <em>Rinne Dia Tiarna agus Cr&iacute;ost de. <\/em>Sa l&eacute;acht seo t&aacute; Peadar ag caint leis an bpobal in Iar&uacute;sail&eacute;im tar &eacute;is tuirlingt an Spioraid Naoimh. Sa r&aacute;iteas tosaigh t&aacute; achoimre cruinn ar chreideamh na luath-eaglaise faoi &Iacute;osa: San aiseir&iacute; rinne Dia Tiarna agus Cr&iacute;ost den &Iacute;osa a chuir na Gi&uacute;daigh chun b&aacute;is. L&aacute;r-alt creidimh &eacute; gur ardaigh Dia &Iacute;osa ag an ais&eacute;ir&iacute; agus gur bhronn s&eacute; air an t-ainm at&aacute; os cionn gach ainm, agus go ndearbh&oacute;dh gach teanga gurb &eacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost an Tiarna (Filipigh 2:9-11). Ionann an t-ainm Tiarna anseo, idir fh&iacute;rinn&iacute; eile, agus a r&aacute; go bhfuil &Iacute;osa ag deasl&aacute;imh an Athar, agus go bhfuair s&eacute; an Spiorad a bh&iacute; geallta, an Spiorad a dhoirt s&eacute; l&aacute; sin na Cinc&iacute;se, mar a mheabhraigh Peadar f&eacute;in pas beag n&iacute;os luaithe sa seanm&oacute;ir seo chomh maith. Thar cheann na nAspal d&rsquo;admhaigh Peadar gurb &eacute; an Meisias (an Cr&iacute;ost) &eacute; &Iacute;osa lena bheatha ar talamh, agus n&iacute;or sh&eacute;an &Iacute;osa gurb ea. Ag a thriail chuir an tArdsagart ceist ar &Iacute;osa arb &eacute; an Cr&iacute;ost (an Meisias) &eacute;. Aris, n&iacute;or sh&eacute;an &Iacute;osa gurb ea. Lena shaol ar talamh ba &eacute; an meisias (an Cr&iacute;ost) &Iacute;osa le na gealltanais d&rsquo;Iosrael a chomhl&iacute;onadh. Ag a ais&eacute;ir&iacute; rinne Dia Cr&iacute;ost de &Iacute;osa i modh faoi leith, lena raibh sna gealltanais sin a thabhairt chun cr&iacute;che. Nuair adeir Peadar leis an lucht &eacute;isteachta aithr&iacute; a dh&eacute;anamh, n&iacute; aithr&iacute; i bpeaca&iacute; pearsanta at&aacute; i gceist aige go bun&uacute;sach ach athr&uacute; meoin go creideamh in &Iacute;osa agus a leanann as, le baisteadh a ghlacadh a thabharfadh isteach iad sa phobal nua ina mbeidh &Iacute;osa mar Thiarna agus bronntanas an Spioraid acu. Roimh seo bh&iacute;odar tiomanta do Mhaois tr&iacute;d an dli. Beidh siad anois tiomanta do &Iacute;osa tr&iacute; bhaisteadh in ajnm &Iacute;osa (n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; beidh s&eacute; in ainm na Trion&oacute;ide). Tugtar &ldquo;drochghl&uacute;in&rdquo; ar ghl&uacute;in sin na nGi&uacute;dach nach &eacute;isteann le guth D&eacute; ag labhairt tr&iacute; &Iacute;osa, an Spiorad agus na hAspail san eaglais. Is gean le L&uacute;c&aacute;s dul ar agaidh na hEaglais i l&iacute;on a r&iacute;omhadh. Tosa&iacute;onn a stair an l&aacute; sin Cinc&iacute;se le tuairim ar thr&iacute; mh&iacute;le duine. Beidh m&eacute;ad&uacute; m&oacute;r uirthi i measc na nGintlithe.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em>(Salm 22[23]). <em>Is &eacute; an Tiarns m&rsquo;aoire; n&iacute; bheidh aon n&iacute; de dh&iacute;th orm.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Peadar 2:20-25). <em>T&aacute; sibh tagaithe ar ais chuig caomhn&oacute;ir bhur n-anama.<\/em> Is fi&uacute; an sliocht seo a mheas i dtosach b&aacute;ire ina chomhth&eacute;asc sa seo litir f&eacute;in, agus ansin &eacute; a mheas mar a labhra&iacute;onn s&eacute; linn inniu. T&aacute; an litir seo d&iacute;rithe ar chomhluadair scaipthe de Chr&iacute;osta&iacute;the a bh&iacute; ina mhionlach i socha&iacute; phag&aacute;nach, socha&iacute; a bh&iacute; eagraithe go docht &oacute;n Impire f&eacute;in an&iacute;os tr&iacute; chathracha, bhailte, theaghlaigh agus eile, socha&iacute; inar chuid d&iacute;lis di an scl&aacute;bha&iacute;ocht. N&iacute; h&eacute; gur caitheadh go dona i gc&oacute;na&iacute; le seirbh&iacute;sigh agus scl&aacute;bhaithe, ach rinneadh ar uairibh agus n&iacute; raibh leigheas a gc&aacute;s acu m&aacute; rinneadh. Tugann an litir roinnt treoracha do chreidmhigh faoi conas iad f&eacute;in a iompair san socha&iacute; sin: bheith g&eacute;ili&uacute;il don uile fhoras daonna ar son an Tiarna; iad f&eacute;in a iompair mar dhaoine saora, ach gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc acu; on&oacute;ir a thabhairt do ch&aacute;ch agus gr&aacute; don bhr&aacute;ithreacht; eagla orthu roimh Dhia agus om&oacute;s acu don impire. D&iacute;reach ina dhiaidh sin, i sliocht an lae inniu, casann Peadar ar cheist na scl&aacute;bhaithe ar a dh&eacute;antar leatrom go h&eacute;agorach. Molann s&eacute; d&oacute;ibh a bheith foighdeach, agus Cr&iacute;ost c&eacute;asta a th&oacute;gaint mar eiseaml&aacute;r. N&iacute; thabharfadh seo cothram na F&eacute;inne d&oacute;ibh, ach n&iacute; dh&eacute;anfadh a mhalairt ach oiread sna c&uacute;ins&iacute; &aacute;irithe sin. Seasann an sliocht seo amach &oacute;n ch&uacute;lra staire sin, agus &oacute; aon ch&uacute;lra eile, agus labhra&iacute;onn s&eacute; le gach gl&uacute;in, faoi aithris a dh&eacute;anamh ar Chr&iacute;ost c&eacute;asta in am an gh&aacute;tair. Chuaidh a theachtaireacht i bhfeidhm go m&oacute;r ar spiorad&aacute;ltacht &aacute;r sinsir: &ldquo;Nach m&oacute; go m&oacute;r ar fhulaing Cr&iacute;ost&rdquo;.<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 10:1-10). <em>Mise doras na gcaorach.<\/em> &Oacute;n soisc&eacute;al a l&eacute;itear inniu tugtar &ldquo;Domhnach an Aoire Mhaith&rdquo; ar an Domhnach seo, agus freisean tugtar air go cu&iacute; &ldquo;L&aacute; Domhanda do urna&iacute; do ghairmeacha&rdquo;. Sliocht an lae inniu is t&uacute;s &eacute; do aitheasc fada le h&Iacute;osa air f&eacute;in mar an Fh&iacute;or-Aoire. Maidir leis an &iacute;omh&aacute; tosaigh ann, de r&eacute;ir dealraimh cr&oacute; caorach at&aacute; i gceist, agus balla m&oacute;r timpeall air, ina choime&aacute;dtar na caoirigh thar o&iacute;che, le iad a threor&uacute; amach chun f&eacute;araigh ar maidin ag aoire, tr&eacute;ada&iacute;, nuair a oscla&iacute;onn an doirseoir d&oacute;. Leagtar b&eacute;im ar an gcomhthuiscint idir na caoirigh agus an F&iacute;or-Aoire. Aithn&iacute;onn siad a ghuth agus leanann siad &eacute;. Sin parabal tosaigh an tsleachta. Cuid d&iacute;lis de thraidisi&uacute;n an Bh&iacute;obla, sa Seantiomna agus an Tiomna Nua, an t-Aoire agus an tr&eacute;ad. Bh&iacute; aoir&iacute; f&oacute;nta ann, agus droch-aoir&iacute; (r&iacute;the, prionsa&iacute;, agus eile), a chuir scaipeadh ar phobal D&eacute;. Tr&iacute; fh&aacute;idh amh&aacute;in gheall Dia go mbeadh s&eacute; f&eacute;in mar Aoire ar a thr&eacute;ad chun iad a threor&uacute; go hioml&aacute;ine na beatha. M&iacute;n&iacute;onn &Iacute;osa f&eacute;in br&iacute; an pharabail, ina chuireann s&eacute; &eacute; f&eacute;in i l&aacute;thair mar an doras, is &eacute; sin le r&aacute; an tsl&iacute; agus an bheatha, an t-aon sl&iacute; amh&aacute;in chun an Athar ar neamh, agus chun comaoine leis f&eacute;in ar talamh. Samhla&iacute;onn &Iacute;osa gaol pearsanta idir &eacute; f&eacute;in agus a thr&eacute;ad, a lucht lean&uacute;na, a thuigeann an misean at&aacute; aige &oacute;n Athair agus a leanann &eacute;. Th&aacute;inig s&eacute; le beatha a thabhairt, agus &iacute; a thabhairt go fial. De bharr an dl&uacute;thchaidrimh idir &eacute; f&eacute;in agus a thr&eacute;ad aithn&iacute;onn siad a ghuth agus leanann siad &eacute;. D&eacute;anann &Iacute;osa compar&aacute;id idir &eacute; f&eacute;in agus daoine eile a dh&eacute;anann dochar don tr&eacute;ad, daoine ar a dtugann s&eacute; bithi&uacute;naigh agus rob&aacute;laithe, nach dtagann isteach tr&iacute;d f&eacute;in, an doras. Tagann siad sin chun a bheith ag goid, ag mar&uacute; agus ag milleadh, murab ionann agus &Iacute;osa a th&aacute;inig chun go mbeadh an bheatha ag a thr&eacute;ad. An gaol pearsanta idir &Iacute;osa, an tAoire F&oacute;nta, agus a thr&eacute;ad a ligeann d&aacute; lucht lean&uacute;na gan &eacute;isteacht leis droch-aoir&iacute;. C&eacute;aduair bh&iacute; an parabal seo d&iacute;rithe ar cheannair&iacute; Gi&uacute;dacha (Fairis&iacute;nigh) n&aacute;r lig d&aacute; mhuintir guth D&eacute; san Soisc&eacute;al a aithint agus &Iacute;osa, an tAoire Maith, a lean&uacute;int. Tugann bua an chreidimh agus lonradh an Spioraid Naoimh d&aacute; thr&eacute;ad &Iacute;osa a aithint mar an t-aon doras, and t-aon sl&iacute;, chun an Athar and chun na beatha.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/em><\/strong><em> &Iacute;osa an tAoire Maith, an Tiarna inn&eacute;. inniu agus de sh&iacute;or.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Sa pharabal agus san aitheasc fada faoi f&eacute;in mar an s&aacute;raoire, leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar fh&iacute;rinn&iacute; bun&uacute;sacha faoi f&eacute;in, agus faoin chaidreamh at&aacute; aige leis an Athair agus a &ldquo;thr&eacute;ad&rdquo;, a lucht lean&uacute;na d&iacute;lis. Tugann an s&aacute;raoire a bheatha ar son a chaorach. T&aacute; comhthuiscint dhomhain idir &eacute; f&eacute;in agus a chaoirigh; &aacute;ithn&iacute;onn siad a ghuth agus leanann siad &eacute;, ag tabhairt c&uacute;l do &ldquo;aoir&iacute;&rdquo; eile a chuirfeadh ar strae iad.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud suntasach faoi l&eacute;achta&iacute; go l&eacute;ir an lae inniu n&aacute; l&aacute;rionad &Iacute;osa sa chreideamh, san eaglais, i bplean sl&aacute;naithe D&eacute;. Ag a ais&eacute;ir&iacute; d&oacute; tar eis bh&aacute;is ar an gcrois, rinne Dia Tiarna agus Cr&iacute;ost de &Iacute;osa. B&rsquo;shin teachtaireacht Pheadair L&aacute; Cinc&iacute;se do phobal na nGi&uacute;dach, leis an ghairm aithr&iacute; a dh&eacute;anamh, athr&uacute; &oacute; chreideamh le Maois ina l&aacute;r go creideamh sa Soisc&eacute;al. Mionlach a bh&iacute; sna comhluadair Cr&iacute;osta&iacute;the ar scr&iacute;obh Peadar chucu ina litir a l&eacute;itear na Domhnacha&iacute; seo, ina mholann s&eacute; om&oacute;s a bheith acu do na h&uacute;dar&aacute;is shibhialta, ach bheith deimhin de go raibh oidhreacht eile acu f&eacute;in tr&iacute; bh&aacute;s &Iacute;osa ar an gCrois, Cr&iacute;ost a bheadh mar eiseaml&aacute;ir acu. D&eacute;anann &Iacute;osa soil&eacute;ir sa pharabal agus ina aitheasc gurb &eacute; f&eacute;in an t-aon doras, an doras go cr&oacute; na gcaorach (comhluadar na gcreidmheach ar talamh) agus an t-aon doras go dt&iacute; an tAthair ar neamh. Mar adeir s&eacute; in &aacute;it eile: is eisean an tsl&iacute;, an fh&iacute;rinne agus an bheatha.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tr&eacute;ad beag a bh&iacute; ag &Iacute;osa ar talamh an uair sin, agus is beag tr&eacute;ad na hEaglaise aon uair i gcompar&aacute;id leis na c&eacute;adta milli&uacute;n den chine daonna at&aacute; ann, gurb &eacute; Dia a gCruthaitheoir agus &Iacute;osa a Sl&aacute;naitheoir. C&eacute;ard faoina sl&aacute;n&uacute; si&uacute;d? Ceap tuisle &eacute; do aos l&eacute;inn &aacute;irithe gurb ag Cr&iacute;ostaithe amh&aacute;in, agus tr&iacute; Cr&iacute;ost an Doras, amh&aacute;in, at&aacute; bealach isteach do Dhia. N&iacute;l freagra na ceiste sin ag an Eaglais. T&aacute; teagasc Chr&iacute;ost aici faoi &Iacute;osa f&eacute;in mar an Doras, an tSl&iacute;, agus a fhios aici chomh maith gur maitheas gan teora &eacute; Dia, a bhfuil freagra na ceiste eile aige.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus Domhnach an Aoire Mhaith &aacute; cheili&uacute;radh againn, tugaimis aird ar a bhriathra bheith aontaithe leis agus leis an Athair, le go mbeadh ar &aacute;r gcumas a ghuth a aithint, i saol ina bhfuil iliomad guthanna eile &aacute;r dtarraingt uaidh. Agus gu&iacute;mis ar son m&eacute;ad&uacute; ar ghairmeacha le go mbeadh aoir&iacute;, tr&eacute;adaithe, le f&aacute;il san eaglais, gairmeacha a thiocfaidh &oacute; dhaoine ag aithint guth an Aoire Mhaith<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>7 Bealtaine 2017 (A) Ceathr&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-514","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/514","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=514"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/514\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=514"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=514"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=514"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}