{"id":516,"date":"2017-05-05T11:08:22","date_gmt":"2017-05-05T11:08:22","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=516"},"modified":"2017-05-05T11:08:22","modified_gmt":"2017-05-05T11:08:22","slug":"14-bealtaine-2017-a-cuigiu-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=516","title":{"rendered":"14 Bealtaine 2017 (A) C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"<p>14 Bealtaine 2017 (A) C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A)<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li><strong>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em>An Eaglais: Pobal D&eacute;, Sagartacht Naofa<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht<\/em> (Gn&iacute;omhartha 6:1-7). <em>Thogh siad seacht bhfear a bh&iacute; l&aacute;n den Spiorad Naomh. <\/em>Tugann an l&eacute;acht seo l&eacute;as d&uacute;inn ar shaol laeth&uacute;il na nGi&uacute;dach in Iar&uacute;sail&eacute;im in aimsir na luath-eaglaise, agus sin mar ch&uacute;lra don &oacute;g-eaglais f&eacute;in. Bh&iacute; dh&aacute;. n&oacute; tr&iacute;, theanga &aacute; labhairt ann go rialta, ceann Seim&iacute;teach (Airimis n&oacute; Eabhrais; d&rsquo;fheadfa&iacute; Eabhrais a thabhairt ar cheachtar acu) agus Gr&eacute;igis. Tugadh Heill&eacute;in&iacute;the ar lucht labhartha na Gr&eacute;igise. Rugadh cuid mhaith d&iacute;obh taobh amuigh den Phailist&iacute;n, agus is cos&uacute;il go raibh an teanga Gr&eacute;igise &aacute; h&uacute;s&aacute;id go rialta in Iar&uacute;sail&eacute;im, le sionag&oacute;ga agus seirbh&iacute;s&iacute; liot&uacute;irgeacha as Gr&eacute;igis acu. Bheadh cuid d&iacute;obh sin n&iacute;os oscailte don domhan neamh-Ghi&uacute;dach agus do theachtaireacht Chr&iacute;ost n&aacute; an dream eile, ach n&iacute; i gc&oacute;na&iacute; a bh&iacute;. Bh&iacute; na Heill&eacute;in&iacute;the go nimhneach i gcoinne Ph&oacute;il aspal. Bh&iacute;odh c&uacute;ram faoi leith ag an eaglais do charthannacht do na baintreacha, agus de reir dealraimh bh&iacute; neamh-shuim &aacute; d&eacute;anamh ag na seanfhond&uacute;ir&iacute; le teanga Sheim&iacute;teach (Airimis n&oacute; Eabhrais) ar lucht labhartha na Greigise (eachtranna<em>g<\/em>h). Cuireann an D&aacute;r&eacute;ag Aspal an cheist faoi bhr&aacute;id shlua na ndeisceabal. Thuig na haspail n&aacute;r ch&oacute;ir d&oacute;ibh c&uacute;rsai freastail ag b&oacute;rd agus b&eacute;il&iacute; iad a tharraingt &oacute;na gc&uacute;ram don soisc&eacute;al, r&uacute;ndiamhair ina raibh urna&iacute; agus seanm&oacute;ireacht nasctha le ch&eacute;ile. Bh&iacute; an seachtar le togha le bheith tiomanta don seirbh&iacute;s carthannachta seo. T&aacute; ainmneacha Gr&eacute;igise ag an seachtar, ach b&rsquo;fh&eacute;idir n&aacute;rbh Heill&eacute;in&iacute;the, de bhunadh Gr&eacute;igach, iad go l&eacute;ir, ach cuid acu ina n-&ldquo;Eabhraigh&rdquo; le h sainm Gr&eacute;igise. Duine amh&aacute;in acu, Niocl&aacute;s as Aint&iacute;oc, ba phrosail&iacute;teach (comhalta) &eacute;, a iompaigh &oacute;n ph&aacute;g&aacute;ntacht go Gi&uacute;dachas. Toghadh d&aacute; gc&uacute;ram nua iad le deasghn&aacute;th liot&uacute;irgeach; leagadh l&aacute;mh orthu. Tugtar deag&aacute;naigh ar na seirbh&iacute;sigh boird sin. Mar Heill&eacute;in&iacute;the bheidis n&iacute;os oscailte don domhan neamh-Ghi&uacute;dach n&aacute; na hEabhraigh. N&iacute; cuirtear sios orthu a thuilleadh sa leabhar seo mar sheirbh&iacute;sigh bhoird. Tr&iacute; shaothar duine d&iacute;obh, Stiof&aacute;n, leath an dea-sc&eacute;al thar Iosrael amach. Agus ba mhisin&eacute;ir Pilib chomh maith. Maidir leis an l&iacute;on m&oacute;r sagart a iompaigh ina gCr&iacute;osta&iacute;the, n&iacute; dochar a mheabhr&uacute; go raibh l&iacute;on m&oacute;r sagart Gi&uacute;dacha, clannmhac &Aacute;r&oacute;n, in Iar&uacute;sail&eacute;im, le frioth&aacute;il sa Teampall.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 32[33[). <em>Tabhair d&uacute;inn do bhuanghr&aacute;, a Thiarna,de r&eacute;ir an d&oacute;chais a chuirimid ionat.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Peadar 2:4-9). <em>Is cine tofa sibh, sagartacht r&iacute;oga.<\/em> Ag tabhairt Iosrael amach &oacute;n &Eacute;igipt d&oacute;, le bheith ina phobal tofa aige, duirt Dia le Maois a r&aacute; le clann Iosrael: &ldquo;Chonaic sibh mar thug m&eacute; sibh ar eit&iacute; iolair agus a thug m&eacute; chugam f&eacute;in sibh. Uime sin m&aacute; gh&eacute;illeann sibh do mo ghl&oacute;r agus clo&iacute; le mo chonradh beidh sibhse, thar na cin&iacute;ocha go l&eacute;ir, i mo sheilbhse ar leithrigh. Beidh sibh agamsa in bhur r&iacute;ocht sagart, in bhur n&aacute;isiun coisricthe&rdquo; (Eacsadas 19:3-6). Bh&iacute; an bronntanas seo maidir le sagartacht agus cine coisricthe ceangailte le &eacute;isteacht agus glacadh le guth D&eacute; ag labhairt. Sagartacht faoi leith, sagartacht an phobail, a bh&iacute; anseo. Bh&iacute; sagartacht eile le bheith ag Iosrael le frioth&aacute;ileamh sa bhoth agus sa Teampall, sagartacht a bhain le clann mhac &Aacute;r&oacute;n. D&rsquo;fh&eacute;ach an pobal Cr&iacute;osta&iacute; air f&eacute;in mar chomharba ar Iosrael, leis na t&iacute;olactha&iacute; a gealladh do Iosrael: sagartacht agus gach a bhain lei. B&iacute;onn ofr&aacute;ileacha ag sagairt, i dTeampall, a bhuna&iacute;tear ar talamh de chlocha. I bpobal nua D&eacute; is &eacute; an pobal f&eacute;in an Teampall, agus baill an phobail na clocha. Is &iacute; an ofr&aacute;il a dh&eacute;anann an tsagartacht seo n&aacute; an bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. Is &eacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost bunchloch agus barrchloch an Teampaill, cloch an coirn&eacute;il, an chloch thofa, ach cloch gur ceap tuisle &iacute; d&oacute;ibh sin nach gcreideann. Glaodh &Iacute;osrael &oacute;n dorchadas ag teacht &oacute;n &Eacute;igipt d&oacute;. Glaodh an Eaglais agus na Cr&iacute;ostaithe &oacute;n dorchadas ag an eacsadas nua le hais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus sa bhaisteadh. Is cine tofa iad, sagartacht r&iacute;oga, n&aacute;isi&uacute;n naofa le gl&oacute;ir &Iacute;osa a fh&oacute;gairt le beatha de r&eacute;ir an tsoisc&eacute;il<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 14:1-12). <em>Is mise an tSl&iacute;, an Fh&iacute;rinne agus an Bheatha.<\/em> Is cuid de aitheasc &Iacute;osa &eacute; seo agus &eacute; ag f&aacute;gaint sl&aacute;n ag a dheisceabail roimh filleadh ar a Athair d&oacute; chun &aacute;it a chur in oiri&uacute;int d&oacute;ibh. Leagann s&eacute; b&eacute;im ar an aontas at&aacute;, agus a bheidh, ann idir &eacute; f&eacute;in, an tAthair agus na deisceabail. Beidh siad leis san &aacute;it ina a bhfuil s&eacute; ag dul. Ag freagairt ceiste &oacute; Thom&aacute;s deir &Iacute;osa gurb &eacute; f&eacute;in an tSl&iacute; chun an Athar, an Fh&iacute;rinne agus an Bheatha. Ionann aithne ar &Iacute;osa agus athne ar an Athair. M&aacute; t&aacute; aithne acu ar &Iacute;osa, t&aacute; aithne acu ar an Athair. T&eacute;ama thar a bheith t&aacute;bhachtach at&aacute; anseo. Bunphrionsabal i gcreideamh an tSeantiomna agus an Ghi&uacute;dachais n&aacute; nach f&eacute;idir le duine daonna Dia a fheice&aacute;il. Mar a d&uacute;irt Dia f&eacute;in le Maois: &ldquo;N&iacute; f&eacute;idir do dhuine m&eacute; a fheice&aacute;il agus maireacht&aacute;il d&aacute; &eacute;is sin&rdquo; (Eacsadas 33:20). Deir Eoin an rud c&eacute;anna sa bhrollach don Soisc&eacute;al seo (Eoin 1:18): &ldquo;N&iacute; fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin at&aacute; i gcochall chro&iacute; D&eacute;, eisean a d&rsquo;aithris&rdquo;. Deireann &Iacute;osa na rud c&eacute;anna sa l&eacute;acht seo. N&iacute; uaidh f&eacute;in a labhra&iacute;onn s&eacute;, ach mar a deir an tAthair leis. Mar sin feictear Dia na gl&oacute;ire in &Iacute;osa, ina ghr&aacute; do chine daonna agus i m&oacute;r&aacute;n sl&iacute;te eile. Is &eacute; an tAthair at&aacute; ag d&eacute;anamh na hoibreacha a dh&eacute;anann &Iacute;osa. Ni mior&uacute;ilt&iacute; amh&aacute;in at&aacute; i gceist sna hoibreacha seo, ach saothar ioml&aacute;n sl&aacute;naithe &Iacute;osa, n&oacute; saothar an Athar tr&iacute; &Iacute;osa. Agus nuair a bheidh &Iacute;osa imithe, agus leis an Athair, agus an Spiorad tagaithe, beidh oibreacha &Iacute;osa, agus n&iacute;os m&oacute; f&oacute;s n&aacute; iad, &aacute; nd&eacute;anamh ag a dheisceabail. Aris n&iacute; mior&uacute;ilti at&aacute; i gceist, ach fianaise don domhan, agus pobal creidimh a bhun&uacute; le gl&oacute;ir a thabhairt do Dhia. Bh&iacute; saothar, oibreacha, &Iacute;osa teoranta don Phailist&iacute;n. Beidh fianaise agus oibreacha a dheisceabail, agus na heaglaise, ann don domhan m&oacute;r &ndash; &Iacute;osa imithe chun an Athar ach i l&aacute;thair tr&iacute;d an Spiorad,.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong><em>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>: An Eaglais: Pobal D&eacute;, Sagartacht Naofa.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>T&aacute; &aacute;bhar machnaimh domhain againn i dara l&eacute;acht an lae inniu, i Litir Pheadair. I sl&iacute; n&iacute; g&aacute; cur leis. T&eacute;acs iomr&aacute;iteach i Litir seo Pheadair n&aacute; sagartacht choiteann na gcreidmheach, agus d&eacute;antar pl&eacute; faoi minic go leor inniu. Ceist amh&aacute;in a arda&iacute;tear ina taobh n&aacute; an gaol at&aacute; idir sagartacht choiteann seo na bhf&iacute;r&eacute;an go l&eacute;ir agus sagartacht mhinistreach na sagart agus na n-easpag. T&aacute; an cheist pl&eacute;ite go minic, agus ar&iacute;s i doicim&eacute;id&iacute; Vatic&aacute;in II. T&aacute; achoimre den teagasc i <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>(ailt 1546-1547): sagartacht choiteann seo na bhf&iacute;r&eacute;an, cuireann na f&iacute;r&eacute;in i ngn&iacute;omh &iacute; tri rannph&aacute;irt&iacute;ocht i misi&uacute;n &Iacute;osa Cr&iacute;ost mar Shagart, Faidh agus R&iacute;, gach duine de r&eacute;ir na gairme a fuair s&eacute; f&eacute;in. T&aacute; difr&iacute;ocht bhun&uacute;sach, &aacute;fach, idir sagartacht mhinistreach na n-easpag agus na sagart agus sagartacht choiteann na bhf&iacute;r&eacute;an, c&eacute; go bhfuil siad araon p&aacute;irteach in aon sagartacht Chr&iacute;ost, gach ceann acu ar a dh&oacute;igh f&eacute;in agus go bhfuil siad ordaithe i dtreo a cheile. Is dual don sagartacht mhinistreach f&oacute;namh don sagartacht choiteann. M&aacute; t&aacute; r&uacute;n le t&oacute;gaint againn &oacute; liot&uacute;irge agus l&eacute;achta&iacute; a lae inniu, gairm a bheadh ann &oacute; Dhia &eacute;isteacht le guth, le gl&oacute;r, D&eacute; agus &Iacute;osa agus urna&iacute; a dh&eacute;anamh bheith dilis don chonradh ionas gur sagartacht chu&iacute; do ghl&oacute;ir D&eacute; a bheadh ionainn.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>14 Bealtaine 2017 (A) C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-516","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/516","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=516"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/516\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=516"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=516"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=516"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}