{"id":518,"date":"2017-05-19T15:26:00","date_gmt":"2017-05-19T15:26:00","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=518"},"modified":"2017-05-19T15:26:00","modified_gmt":"2017-05-19T15:26:00","slug":"21-bealtaine-2017-a-seu-domhnach-den-chaisc-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=518","title":{"rendered":"21 Bealtaine 2017 (A) S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (A)"},"content":{"rendered":"<p>21 Bealtaine 2017 (A) S&eacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A)<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha 8:5-8, 14-17). <em>Chuir siad a l&aacute;mh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. <\/em>T&aacute; dh&aacute; mh&iacute;r sa l&eacute;acht seo, an ch&eacute;ad cheann faoi thiont&uacute; mhuintir na Sam&aacute;ire chun creidimh i gCr&iacute;ost agus a mbaisteadh in ainm an Tiarna &Iacute;osa, agus an dara m&iacute;r faoi theacht an Spioraid Naoimh orthu. Duine den seachtar d&eacute;ag&aacute;nach ab ea Pilib a rinne roinnt mhaith oibre leis an soisc&eacute;al a chraobhscaoileadh tar &eacute;is bh&aacute;s Stiof&aacute;in, ach i gcr&iacute;ocha na nGi&uacute;dach. Tugtar soisc&eacute;ala&iacute; air n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa leabhar seo. Rud suntasach faoin l&eacute;acht seo gur i gcr&iacute;ocha na Sam&aacute;ireach, naimhde do na Gi&uacute;daigh, a f&oacute;gra&iacute;odh creideamh Chr&iacute;ost, le toradh thar a bheith f&oacute;nta. Mar is gn&aacute;th leis, luann L&uacute;c&aacute;s an t-&aacute;thas a th&aacute;inig leis an gcreideamh i gCr&iacute;ost.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; dh&aacute; phointe le tabhairt faoi deara sa dara m&iacute;r. N&iacute; aspal, ach d&eacute;ag&aacute;nach, a bh&iacute; i bPilib, agus bh&iacute; an dea-sc&eacute;al le leathadh &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im amach agus faoi sti&uacute;ir na nAspal. Rud eile n&aacute; leathn&uacute; thar pobal na nGi&uacute;dach a bh&iacute; ann anois. Mar sin cuireann na hAspail in Iar&uacute;sail&eacute;im beirt aspal sinsear, Peadar agus Eoin, go cathair na Sam&aacute;ire, rud a thugann le fios a thugtha a bh&iacute; na hAspail sin do aontacht na heaglaise, aontacht leis an m&aacute;thair-eaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im. D&eacute;antar ceangal anseo idir leagan l&aacute;mh na n-Aspal agus bronntanas an Spioraid Naoimh. N&iacute;orb leor an baisteadh in ainm Iosa amh&aacute;in. N&iacute;l an ceangal sin le feiscint in &aacute;iteanna eile sa Tiomna Nua: bronntar an Spiorad sa bhaisteadh. D&eacute;antar an ceangal leis na h-Aspail anseo chun b&eacute;im a chur ar aontacht na heaglaise leis na hAspail agus leis an chathair naofa Iar&uacute;sail&eacute;im.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 66[66]). <em>D&eacute;anaig&iacute; gairdeas do Dhia, a th&iacute;ortha uile.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Peadar 3:15-18). <em>B&aacute;sa&iacute;odh &eacute; sa cholainn ach rinneadh beo sa spiorad &eacute;.<\/em> Sa cuid seo den litir, i l&eacute;acht an lae inniu, t&aacute; Peadar, an t-&uacute;dar, ag tabhairt comhairle don chomhthion&oacute;l Cr&iacute;osta&iacute; a bhfuil br&uacute;, n&oacute; g&eacute;arlean&uacute;int, de shaghas &eacute;igin &aacute; imirt orthu. N&iacute; fios go beacht c&eacute;rb &eacute; an cl&uacute;mhilleadh sin. Sa litir &oacute; Phlinius &Oacute;g, gobharn&oacute;ir R&oacute;mh&aacute;nach na reigi&uacute;n c&eacute;anna sin thart ar an mbliain 110, luaitear go raibh Cr&iacute;ostaithe &aacute; dtabhairt os comhair na c&uacute;irte le l&iacute;omhaint&iacute; &eacute;ags&uacute;la &aacute; gcur ina n-aghaidh. Molann an litir seo d&oacute;ibh bheith r&eacute;idh d&aacute; leith&eacute;id, creideamh beo i gCr&iacute;ost a bheith acu agus m&iacute;n&iacute;u faoin gcreideamh (&ldquo;d&oacute;chas&rdquo;) sin a thabhairt go m&uacute;inte m&aacute;nla &ndash; rud a dh&eacute;anann siad de r&eacute;ir na litreach c&eacute;anna le Plinius. Ba cheart d&oacute;ibh bheith r&eacute;idh le fulaingt ar son na maitheasa &ndash; m&aacute;s sin is toil le Dia, ach gan a bheith ar t&oacute;ir g&eacute;arlean&uacute;na. T&aacute; baint ag r&aacute;itis dheiridh na l&eacute;achta seo leis an teachtaireacht seo go leir: beidh an bua ag an gceart ar an &eacute;ag&oacute;ir: fuair Cr&iacute;ost b&aacute;s ina cholainn dhaonna, ach d&rsquo;ais&eacute;irigh s&eacute; do bheatha nua sa Spiorad. T&aacute; Cr&iacute;ost mar eiseaml&aacute;ir acu. Sa bhaisteadh bronnadh an Spiorad Naomh sin orthu a thugann soilsi&uacute; agus uchtach d&oacute;ibh in &eacute;adan g&eacute;arlan&uacute;na agus b&eacute;ad&aacute;in.<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 14:15-21). <em>Iarrfaidh m&eacute; m&rsquo;Athair &eacute;, agus tabharfaidh s&eacute; Cabhr&oacute;ir eile daoibh. <\/em>Cuid de aitheasc &Iacute;osa ag f&aacute;gaint sl&aacute;in ag a dheisceabail at&aacute; anseo. I gcionn tamaill bhig n&iacute; bheidh s&eacute; le feice&aacute;il a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (&ldquo;an saol&rdquo; mar a thugann an Soisc&eacute;al seo air) lena s&uacute;ile cinn. Ach beidh &Iacute;osa f&oacute;s le feice&aacute;il ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I sl&iacute;, gan &Iacute;osa, bheadh na deisceabail mar dh&iacute;lleachta&iacute;, ach n&iacute; mar sin a bheidh, mar tiocfaidh &Iacute;osa thar nais chucu i sl&iacute; nua, le c&oacute;na&iacute; iontu agus iad a aont&uacute; leis an Athair. Geallann &Iacute;osa go bhfuil s&eacute; chun paraicl&eacute;id eile a thabhairt d&oacute;ibh. An focal Gr&eacute;igise sin <em>parakletos<\/em> t&aacute; br&iacute;onna &eacute;ags&uacute;la ar f&eacute;idir a bhaint as. An ceann is bun&uacute;sa&iacute; n&aacute; abhc&oacute;ide, neach a dh&eacute;anfadh iad a chosaint i gc&uacute;irt dl&iacute; nuair a bheadh l&iacute;omhaint&iacute; &aacute; nd&eacute;anamh ina gcoinne. Nuair a bh&iacute; &Iacute;osa f&eacute;in leo ba paraicl&eacute;id d&oacute;ibh &eacute;. Sin &eacute; an f&aacute;th go ndeireann s&eacute; go bhfuil s&eacute; le abhc&oacute;ide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh at&aacute; i gceist ag &Iacute;osa. Mar aon leis an bhr&iacute; abhc&oacute;ide, is f&eacute;idir an focal c&eacute;anna a thuiscint mar Chosant&oacute;ir, mar Chabhr&oacute;ir, agus S&oacute;l&aacute;sa&iacute;. Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhc&oacute;ide, an Cosant&oacute;ir, an Cabhr&oacute;ir, an S&oacute;l&aacute;sa&iacute;, ag feidhmi&uacute;, agus is &eacute; &ldquo;an saol&rdquo;, lucht an dichreidimh, na c&uacute;iseoir&iacute;. Leagann &Iacute;osa an-bh&eacute;im ar an ngr&aacute; d&oacute;. N&iacute; rud teib&iacute; an gr&aacute; sin. Ionann &eacute; agus a aitheanta a choinne&aacute;il. Do Shoisc&eacute;al seo Eoin t&aacute; dh&aacute; aithne ag &Iacute;osa: creideamh ann agus gr&aacute; &ndash; gr&aacute; d&oacute; agus don chomharsa. Aonta&iacute;onn na haitheanta sin an deisceabal le h&Iacute;osa agus leis an Athair &ndash; gr&aacute; a thugann tuiscint ar &Iacute;osa, a thaispe&aacute;nfaidh &eacute; f&eacute;in d&oacute; &ndash; i gcaidreamh diamhair.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>: Beatha faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Ag scr&iacute;obh chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh d&oacute; (R&oacute;mh&aacute;naigh 8:14) d&uacute;irt P&oacute;l: &ldquo;An mhuintir a bh&iacute;onn Spiorad D&eacute; &aacute; dtreor&uacute; is clann as Dia iad&rdquo;. I l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh seo leagtar b&eacute;im ar an Spiorad Naomh i saol an an chreidmhigh aonair agus i saol na hEaglaise. Is tr&iacute; leagan l&aacute;mh na nAspal a th&aacute;inig an Spiorad Naomh ar na Cr&iacute;ostaithe i gcathair na Sam&aacute;ire. Is &eacute; Spiorad Chr&iacute;ost aiseirithe a thug uchtach do na creidmhigh faoi gh&eacute;arlean&uacute;int ar scr&iacute;obh Peadar chucu. Is &aacute; an Spiorad Naomh an paraicl&eacute;id, an t-abhc&oacute;id, an cosant&oacute;ir, an cabhr&oacute;ir, an s&oacute;l&aacute;sa&iacute; a gheall &Iacute;osa d&oacute;ibh si&uacute;d a chreideann ann. Do chreidmheach aonair an lae inniu tugann s&eacute; cinnteacht chreidimh in &Iacute;osa agus san Athair, san domhan nach feictear. Tugann s&eacute; s&oacute;l&aacute;s anama, an t-athas agus an ts&iacute;och&aacute;in anama sin a gheall &Iacute;osa d&uacute;inn roimh imeacht d&oacute;. Sti&uacute;rann s&eacute; sinn le maireacht&aacute;il de reir an tsoisc&eacute;il le glaine chro&iacute; agus le meon a th&oacute;gann a threoir &oacute; neamh, &oacute; &Iacute;osa agus an eaglais, seachas &oacute; mheon dhomhain nach gcreideann i saol eile n&aacute; i dtreoir uaidh.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Machnamh eile a eascra&iacute;onn &oacute; shoisc&eacute;al an lae inniu n&aacute; an choimhlint a bh&iacute; le bheith ann, agus at&aacute; ann i gc&oacute;na&iacute;, idir &Iacute;osa f&eacute;in, a chuid, agus an f&oacute;rsa, na cumhachta&iacute;, ar a dtugann s&eacute; &ldquo;an saol&rdquo;, sin le r&aacute; iad si&uacute;d nach raibh r&eacute;idh a phearsa n&oacute; a theachtaireacht a ghlacadh, agus a bh&iacute;, agus a bheadh, ag ma&iacute;omh go raibh an bua acu air, go raibh a l&aacute; thart agus a phort seinnte lena bh&aacute;s ar an gcrois. D&uacute;irt &Iacute;osa go nd&eacute;anfadh an Spiorad Naomh, a chuirfeadh s&eacute; chucu, deimhin de gurb &eacute; a mhalairt a bh&iacute; f&iacute;or; gur ag &Iacute;osa a bh&iacute; an bua ar an &ldquo;saol&rdquo;. T&aacute; na na f&oacute;rsa&iacute; sin ag feidhmi&uacute; f&oacute;s inniu, ach n&iacute; g&aacute; dul isteach n&iacute;os doimhne sa sc&eacute;al anseo, ach a mheabhr&uacute; d&uacute;inn f&eacute;in nach coimhlint idir dh&aacute; fh&oacute;rsa amh&aacute;in at&aacute; i gceist, ach go bhfuil &Iacute;osa agus a Athair ag cabhr&uacute; lena lucht lean&uacute;na tr&iacute;d an Spiorad Naomh, an t-abhc&oacute;id, an cabhr&oacute;ir, an s&oacute;lasa&iacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is tr&aacute;th&uacute;il teachatireacht l&eacute;achta&iacute; sin an lae inniu d&uacute;inn in &Eacute;irinn mar a bhfuil br&uacute; m&oacute;r creideamh i gCr&iacute;ost agus i nDia f&eacute;in a chaitheamh uainn. N&iacute; m&oacute;r do chreidmhigh machnamh a dh&eacute;anamh ar bhriathra Chr&iacute;ost sa Soisc&eacute;al go bhfuil an Spiorad Naomh againn mar Chabhr&oacute;ir le cinnteacht a thabhairt d&aacute;r gcreideamh ann, agus go bhfuil an bua beirthe aige ar gach namhhaid d&aacute; chuid agus sinn d&eacute;anta rannph&aacute;irteaach sa bhua sin. T&aacute; teachtaireacht eile againn &oacute; Naomh Peadar sa dara l&eacute;acht, agus sin eolas maith a chur ar &aacute;r gcreideamh, le bheith r&eacute;idh i gc&oacute;na&iacute; freagra a thabhair ar aoinne a chuireann ceist orainn faoin &ldquo;d&oacute;chas at&aacute; againn&rdquo; ach sin a dh&eacute;anamh go m&uacute;inte m&aacute;nla.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>21 Bealtaine 2017 (A) S&eacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-518","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/518","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=518"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/518\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=518"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=518"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=518"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}