{"id":520,"date":"2017-05-24T07:21:56","date_gmt":"2017-05-24T07:21:56","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=520"},"modified":"2017-05-24T07:21:56","modified_gmt":"2017-05-24T07:21:56","slug":"28-bealtaine-2017-a-deascabhail-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=520","title":{"rendered":"28 Bealtaine 2017 (A) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p>28 Bealtaine 2017 (A) Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/p>\n<p><em>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/em> <em>Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. T&aacute; Dia l&aacute;idir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia.<\/em><\/p>\n<p>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/p>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 1:1-11). <em>Agus iad ag faire, t&oacute;gadh suas &eacute;. <\/em>An leabhar seo, Gn&iacute;omhthartha na nAspal, a meastar gurb &eacute; L&uacute;c&aacute;s a scr&iacute;obh, t&aacute; s&eacute; tiomnaithe do Theofalas &aacute;irithe, nach fios c&eacute; h&eacute;, ach a luaitear ar&iacute;s ag L&uacute;c&aacute;s 1:3, saothar eile at&aacute; tiomnaithe d&oacute;. L&eacute;acht an lae inniu tugann s&iacute; achoimre ar shaothar &Iacute;osa &oacute;na th&uacute;s go dt&iacute; a dheascabh&aacute;il, mar a dh&eacute;anann L&uacute;c&aacute;s ina shoisc&eacute;al f&eacute;in. Mheasfadh duine &oacute;n chur s&iacute;os at&aacute; ag L&uacute;c&aacute;s air ina shoisc&eacute;al (L&uacute;c&aacute;s 24:1-49, 50-51) gur th&aacute;rla an deascabh&aacute;il ar Dhomhnach C&aacute;sca, l&aacute; an ais&eacute;ir&iacute; f&eacute;in. Sa l&eacute;acht seo deir L&uacute;c&aacute;s gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&aacute; aspail ar feadh daichead l&aacute; tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa leabhar (Gn&iacute;omhartha 13:31), dar le L&uacute;c&aacute;s, d&uacute;irt P&oacute;l Aspal gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in tar &eacute;is a ais&eacute;ir&iacute; &ldquo;ar feadh m&oacute;r&aacute;n laethanta&rdquo;. Ag baint &uacute;s&aacute;ide as traidisi&uacute;n &aacute;rsa deir Naomh P&oacute;l (1 Coirintigh 15:3-8) gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in to C&eacute;afas (Peadar), don D&aacute;r&eacute;ag, do bhreis agus c&uacute;ig c&eacute;ad br&aacute;ithre (agus si&uacute;racha) in &eacute;ineacht, do Sh&eacute;amas agus do na haspail go l&eacute;ir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an daichead l&aacute; sin, deir L&uacute;c&aacute;s, bh&iacute; &Iacute;osa ag tagairt do r&iacute;ocht D&eacute;, cro&iacute;l&aacute;r gach a rinne agus ad&uacute;irt s&eacute; lena bheatha. Ach bh&iacute; smaointe eile seachas r&iacute;ocht D&eacute; acu si&uacute;d a bh&iacute; bailithe timpeall ar &Iacute;osa, sin r&iacute;ocht Iosrael, r&iacute;ocht Dh&aacute;iv&iacute;, a chur ar bun ar&iacute;s. B&rsquo;shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo do &Iacute;osa. Ba &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; gurb faoi Dhia agus sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhcha&iacute;, agus sa r&eacute; nua n&iacute; bheadh r&iacute;ocht D&eacute; teoranta do Iosrael. Go cr&iacute;ocha imig&eacute;ini&uacute;la an domhain &iacute;. Tar &eacute;is deascabh&aacute;il do &Iacute;osa d&uacute;irt aingil leis na aspail gan bheith ag amharc suas ar neamh. Bheadh &Iacute;osa leo i sl&iacute; nua, tr&iacute;d an Spiorad Naomh. T&aacute; cur s&iacute;os i Ghn&iacute;omhartha na nAspal ar fhor&aacute;s r&iacute;ocht D&eacute; go &ldquo;cr&iacute;ocha imig&eacute;ini&uacute;la an domhain&rdquo;, ar dt&uacute;s go cro&iacute;l&aacute;r na hImpireachta sa R&oacute;imh f&eacute;in.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 46[47]). <em>Gabhann Dia in airde le g&aacute;rtha molta; gabhann s&eacute; in airde le s&eacute;ideadh an stoic.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(Eif&iacute;sigh 1:17-23). <em>Chuir s&eacute; ina shu&iacute; ar a dheis f&eacute;in sna flaithis &eacute;. <\/em>T&aacute; dh&aacute; thuiscint ar dheascab&aacute;il Chr&iacute;ost le f&aacute;il i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht t&aacute; an &ldquo;deascabh&aacute;il staire&rdquo; againn, deascabh&aacute;il mar eachtra den stair a fheictear le s&uacute;la cinn. Is sa t&eacute;acs seo amh&aacute;in at&aacute; an l&eacute;argas sin uirthi le f&aacute;il. Don chuid is m&oacute; de feictear ar an deascabh&aacute;il mar r&uacute;ndiamhair, ionann i sl&iacute; agus an t-ais&eacute;ir&iacute; f&eacute;in, is &eacute; sin le r&aacute; gl&oacute;iri&uacute; &Iacute;osa go deasl&aacute;imh D&eacute;. Is mar sin at&aacute; sa dara l&eacute;acht inniu. D&iacute;reach roimh th&uacute;s na l&eacute;achta seo d&uacute;irt P&oacute;l n&aacute;r stad s&eacute; ach ag gabh&aacute;il bu&iacute;ochais le Dia ar son na heaglaise a scr&iacute;obhann s&eacute; chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann s&eacute; leis an urn&aacute;i sa l&eacute;acht seo, imp&iacute; ar Dhia na gl&oacute;ire, ar Dhia &Iacute;osa Cr&iacute;ost, urna&iacute; ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. N&iacute; leor an tuiscint aigne ann f&eacute;in. N&iacute; fol&aacute;ir eagna agus soilsi&uacute; &oacute; Dhia le r&uacute;ndiamhair na deascabh&aacute;la a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith acu ar an oidhreacht shaibhir at&aacute; acu, agus an d&oacute;chas agus meanma ba ch&oacute;ir a bheith acu d&aacute; bharr sin. Ionann Cr&iacute;ost ar dheasl&aacute;imh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in &eacute;ineacht leis.<\/p>\n<p>Tugann an t&eacute;acs gn&eacute; eile den deascabh&aacute;il d&uacute;inn; sin le r&aacute; cumhacht D&eacute; ag feidhmi&uacute; ann nuair a thug s&eacute; &Iacute;osa &oacute; mhairbh agus ansin go neamh f&eacute;in sa deascabh&aacute;il. An chumhacht D&eacute; sin t&aacute; s&iacute; ag feidhmi&uacute; san Eaglais. Cr&iacute;ost ar dheis D&eacute; is ardcheann na hEaglaise &eacute;. T&aacute; ioml&aacute;ine, l&aacute;ine, ghl&oacute;ire agus cumhachta D&eacute; i gCr&iacute;ost, agus &oacute; Chr&iacute;ost san Eaglais. R&aacute;iteas deiridh na l&eacute;achta seo, an Eaglais mar &ldquo;l&aacute;ine an t&eacute; &uacute;d a l&iacute;onann gach n&iacute; go hioml&aacute;n &iacute;&rdquo;, is doiligh br&iacute; bheacht a bhaint as, ach cuireann s&eacute; s&iacute;os ar r&oacute;l na hEaglaise le f&iacute;s agus sl&aacute;n&uacute; D&eacute; a l&eacute;iri&uacute; don domhan m&oacute;r, agus mar r&uacute;ndiamhair aontaithe le Cr&iacute;ost ina dheascabh&aacute;il ar dheis D&eacute;, n&iacute; hamh&aacute;in sin a l&eacute;iri&uacute; ach a chur i gcr&iacute;ch. Ach mar is eol d&uacute;inn go maith, is fada idir fhis, r&uacute;ndiamhair agus &aacute; cur i gcr&iacute;ch. N&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn lean&uacute;int le urna&iacute; Ph&oacute;il go nd&eacute;anfaidh D&iacute;a na gl&oacute;ire,+ Dia &Aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost, amhlaidh.<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(Matha 26:16-20). <em>T&aacute; gach &uacute;dar&aacute;s tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. <\/em>Seo &iacute; bliain Shoisc&eacute;al Mhatha i liot&uacute;irge an Domhnaigh. N&iacute;l aon chur s&iacute;os ag Matha, faoi mar at&aacute; ag L&uacute;c&aacute;s, agus a i bfoirceann fada Marcas, ar dheascabh&aacute;il &Iacute;osa. Ach sa sliocht seo as Matha is &aacute; an Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe, ar dheasl&aacute;imh an Athar, tar &eacute;is deascabh&aacute;il d&oacute;, at&aacute; ag caint. T&aacute; gach &uacute;dar&aacute;s ar neamh agus ar talamh tugtha d&oacute;, d&iacute;reach mar a l&eacute;itear sa litir chuig na hEifisigh sa dara l&eacute;acht inniu, a labhra&iacute;onn faoin chumhacht &eacute;achtach a chuir Dia ag obair i gCr&iacute;ost nuair a th&oacute;g s&eacute; &oacute; mhairbh &eacute; agus chuir ina shu&iacute; ar a dheis f&eacute;in sna flaithis, go hard os cionn gach uile n&iacute; d&aacute;r f&eacute;idir a lua, n&iacute; hamh&aacute;in sa saol seo, ach f&oacute;s sa saol at&aacute; le teacht. Chuir s&eacute; gach n&iacute; faoina smacht. Le linn a bheatha ar talamh d&oacute;, bh&iacute; misean &Iacute;osa teoranta do Iosrael. Ag seoladh an D&aacute;r&eacute;ag deisceabal amach leis a soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt d&rsquo;ordaigh s&eacute; d&oacute;ibh gan dul chun na gintlithe n&aacute; na Sam&aacute;irigh, ach faoi dh&eacute;in chaoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 10:5-6). Le bean &oacute; Chan&aacute;n a bh&iacute; ag lorg cabhrach du&iacute;rt &Iacute;osa n&aacute;r cuireadh &eacute; ach amh&aacute;in go dt&iacute; caoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Bh&iacute; an r&eacute; theoranta sin thart anois le b&aacute;s agus aiseir&iacute; &Iacute;osa, agus a dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;imh an Athar. Ag a ais&eacute;ir&iacute; d&uacute;irt aingeal an Tiarna le M&aacute;ire Mhaighdil&eacute;ana agus an M&uacute;ire eile a r&aacute; le deisceabail &Iacute;osa dul go dt&iacute; an Ghail&iacute;l, le buaileadh le h&Iacute;osa ansin, agus d&uacute;irt &Iacute;osa f&eacute;in an rud c&eacute;anna leo. I l&eacute;acht an lae inniu t&aacute; cur s&iacute;os ar an teagmh&aacute;il sin le h&Iacute;osa. Tharla s&eacute; i sliabh a bh&iacute; mar ionad coinne, ach n&iacute;l eolas beacht faoi c&aacute; raibh s&eacute; sa Ghail&iacute;l. Mheabhraigh Matha d&uacute;inn (1:23) go dtabharfa&iacute; Ime&aacute;nu&eacute;il ar mhac Mhuire, ainm a chialla&iacute;onn &ldquo;T&aacute; Dia linn&rdquo;. Briathra deiridh &Iacute;osa d&aacute; dheisceabail, &aacute; seoladh amach leis an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gairt, n&aacute; gur Ime&aacute;nu&eacute;il i gc&oacute;na&iacute; &eacute;. Beidh s&eacute; lena chuid go deireadh an tsaoil.<\/p>\n<p><em>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em>: <em>Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. T&aacute; Dia l&aacute;idir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia.<\/em><\/p>\n<p>T&aacute; &aacute;bhar domhain machnaimh againn i bhF&eacute;ile seo Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. Le P&oacute;l, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt d&uacute;inn. &Eacute;il&iacute;onn tuiscint orainn greim a fh&aacute;il ar bhr&iacute; na f&eacute;ile seo agus na t&eacute;armai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhac&aacute;nta an m&eacute;id sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabh&aacute;il mar r&uacute;ndiamhair. I dtosach b&aacute;ire b&iacute;odh agallamh againn len&aacute;r n-anam f&eacute;in, an teachtaireacht at&aacute; ag an r&uacute;ndiamhair d&uacute;inn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.<\/p>\n<p><em>T&aacute; Dia l&aacute;idir.<\/em> An nath Gaeilge seo is l&aacute;r-phointe den dara l&eacute;acht as an litir chuig na hEif&iacute;sigh &eacute;. Bh&iacute; cumhacht as cuimse D&eacute; ag feidhmi&uacute; in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus ina dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;imh an Athar agus t&aacute; an chumhacht ch&eacute;anna sin ag obair f&oacute;s ionainn, creidmhigh. Ba ch&oacute;ir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma d&uacute;inn agus meas ar an oidhreacht chreidimh ata againn. T&aacute; &Iacute;osa ar neamh ag idirghu&iacute; ar &aacute;r son, agus ar son na heaglaise go l&eacute;ir. Mar adeir t&eacute;acs eile den litir ch&eacute;anna (Eif&iacute;sigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabh&aacute;il) thug &Iacute;osa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear n&aacute; aspail, f&aacute;ithe, soisc&eacute;alaithe, aoir&iacute; agus m&uacute;inteoir&iacute;. Bh&iacute; mar aidhm leis sin corp Chr&iacute;ost, an eaglais, a th&oacute;g&aacute;il le go mbeimid go l&eacute;ir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith in&aacute;r naoin&aacute;in feasta d&aacute;r luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an &eacute;ags&uacute;lacht tabhartas sin &oacute; Dhia san Eaglais f&oacute;s.<\/p>\n<p><em>Tuiscint ar th&eacute;arma&iacute;. <\/em>Cuireann cuid den t&eacute;arma&iacute;ocht a bhaintear &uacute;s&aacute;id aisti ag cur sios ar an Fh&eacute;ile seo, agus i dt&eacute;acsanna gaolmhara, as do mh&oacute;r&aacute;n daoine: mar shampla &ldquo;t&oacute;gadh Iosa suas ar neamh&rdquo;, ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;imh D&eacute; agus a leith&eacute;id. Agus n&iacute; sa Bh&iacute;obla, n&aacute; sa diagacht, amh&aacute;in at&aacute; sin le sonr&uacute;. Thugadh Gaeil &ldquo;An Fear at&aacute; inairde&rdquo; ar Dhia, agus f&oacute;s cloistear faoi &ldquo;the Man above&rdquo;. Bh&iacute;, agus f&oacute;s t&aacute;, sort ceannairce i gcoinne a leith&eacute;id de th&eacute;arma&iacute;ocht a th&eacute;ann ar uairibh thar cheist t&eacute;arma&iacute;ochta go tuiscint mheitifisici&uacute;il agus chreidimh. I gcuid den chur s&iacute;os ar an bhfadhb f&eacute;in iarrtar orainn a leith&eacute;id de th&eacute;arma&iacute;ocht agus tuiscint agus &ldquo;Dia thuas ansin&rdquo;, &ldquo;God up there&rdquo; a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar &ldquo;bunchloch, d&uacute;shraith, &aacute;r mbeith ann&rdquo;, &ldquo;the Ground of our Being&rdquo; a thabhairt isteach, n&oacute; fi&uacute; diagacht shaolta, secular theology, agus &ldquo;eitic oc&aacute;ide&rdquo;, situation ethics. N&iacute; h&iacute; seo an &aacute;it na ceisteanna seo a phl&eacute;, ach is fi&uacute; iad a ard&uacute;, agus machnamh a dh&eacute;anamh orthu i gcomhth&eacute;acs na F&eacute;ile seo. Is ionmholta iarracht a dh&eacute;anamh ar l&eacute;argais nua agus tuiscint&iacute; &uacute;ra ar an diagacht agus c&uacute;rsa&iacute; creidimh a thabhairt isteach. ach m&aacute; t&aacute;thar le clo&iacute; le ceartchreideamh n&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Cr&iacute;osta&iacute;ochta, agus an aondiachais, an monodiachais, &oacute;na th&uacute;s sa Ghi&uacute;dachas anall. Dia pearsanta at&aacute; i gceist, n&iacute; neach teib&iacute; amhail d&uacute;shraith. Neach spiorad&aacute;lta Dia, nach mbaineann &aacute;it ar bith, thuas, inairde, n&oacute; eile leis. N&iacute; h&eacute;asca d&aacute;r gc&eacute;adfa&iacute; labhairt faoi, n&aacute; faoi aon rud seachas ruda&iacute; tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid n&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn &uacute;s&aacute;id a bhaint as t&eacute;arma&iacute; d&aacute; leith&eacute;id, b&iacute;odh go dtuigimid an laige at&aacute; ag roinnt leo. Le urna&iacute; amh&aacute;in a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, d&uacute;shraith &aacute;r mbeith ann, l&aacute;mh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar ruda&iacute; diaga agus saolta.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>28 Bealtaine 2017 (A) Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-520","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/520","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=520"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/520\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=520"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=520"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=520"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}