{"id":521,"date":"2017-06-02T09:24:28","date_gmt":"2017-06-02T09:24:28","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=521"},"modified":"2017-06-02T09:24:28","modified_gmt":"2017-06-02T09:24:28","slug":"4-meitheamh-2017-a-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=521","title":{"rendered":"4 Meitheamh  2017 (A) Domhnach Cinc\u00edse"},"content":{"rendered":"<p><strong>4 Meitheamh &nbsp;2017 (A) Domhnach Cinc&iacute;se <\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <strong><em>An Spiorad Naomh, F&eacute;ini&uacute;lacht chine agus chreidimh &ndash; agus an Fhaoistin<\/em><\/strong><\/li>\n<li>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht<\/em> (Gn&iacute;omhartha na nAspal 2:1-11). <em>L&iacute;onadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. <\/em>T&aacute; cur s&iacute;os sa l&eacute;acht seo ar eachtra&iacute; a th&aacute;rla an l&aacute; a dtugaimid air Domhnach Cinc&iacute;se. Whitsunday a thugtar air as B&eacute;arla, sin le r&aacute; White Sunday toisc na h&eacute;ada&iacute; a bh&iacute;odh &aacute; n-iompar acu si&uacute;d a bh&iacute; tar &eacute;is a mbaisteadh an l&aacute; sin. Sa Ghr&eacute;igis a scr&iacute;obhadh Gn&iacute;omhartha na nAspal agus is <em>pentecostes<\/em>, &ldquo;an caogad&uacute;&rdquo; a tugadh ar an l&aacute; ansin, is &eacute; sin le r&aacute; an caogad&uacute; l&aacute; tar &eacute;is na C&aacute;sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal &ldquo;caogad&uacute;&rdquo; n&aacute; <em>Quinquagesima<\/em>, agus bh&iacute; sin mar theideal ar an fh&eacute;ile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th&aacute;inig ainm na f&eacute;ile seo isteach sa Ghaeilge &ndash; sa Sean-Ghaeilge &ldquo;cingciges&rdquo;, a athraigh tr&iacute; sheimhiu agus chailli&uacute;int an &ldquo;g&rdquo; deiridh go dt&iacute; Cinc&iacute;s na Nua-Ghaeilge. Ceann &iacute; de thr&iacute; fh&eacute;ile na nGi&uacute;dach an Pentecostes, an Chinc&iacute;s, a bh&iacute; le ceili&uacute;radh le soll&uacute;ntas faoi leith. An ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh n&aacute; an Ch&aacute;sc. F&eacute;ile na Cinc&iacute;se ag na Gi&uacute;daigh i dt&uacute;s b&aacute;ire is d&oacute;cha gur f&eacute;ile an fhomhair a bh&iacute; ann, agus an t-arbhar aib&iacute;. In aimsir Chr&iacute;ost is dealraitheach go raibh bronntanas an Dl&iacute; &oacute; Dhia do Mhaois &aacute; cheili&uacute;radh ann.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh&aacute;il Chriost go deasl&aacute;mh an Athar (a cheili&uacute;ramar an Domhnach seo caite), is f&iacute;rinne, r&uacute;ndiamhair, &eacute; ar f&eacute;idir a l&eacute;iri&uacute; mar sin, mar r&uacute;ndiamhair, n&oacute; a r&iacute;omhadh mar eachtra le h-aireacht&aacute;il le c&eacute;adfa&iacute; na colainne. De r&eacute;ir shoisc&eacute;il Naomh Eoin (Eoin 20:22, a l&eacute;itear san Aifreann inniu) bhronn &Iacute;osa an Spiorad Naomh ar na deisceabail Domhnach C&aacute;sca f&eacute;in, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l&eacute;acht seo inniu t&aacute; L&uacute;c&aacute;s ag cur s&iacute;os ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr&iacute;osta&iacute; do na Gi&uacute;daigh agus don domhan m&oacute;r.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa l&eacute;acht &aacute;irithe seo inniu t&aacute; dh&aacute; radharc. Sa ch&eacute;ad cheann deirtear go raibh &ldquo;siad go l&eacute;ir le ch&eacute;ile ar aon l&aacute;thair&rdquo;. Is d&oacute;cha gurb iad na hAspail, na mn&aacute; &aacute;irithe, maraon le Muire m&aacute;thair &Iacute;osa agus br&aacute;ithre &Iacute;osa, agus iad f&oacute;s sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nGi&uacute;dach, at&aacute; i gceist, agus iad ag gu&iacute; gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall &Iacute;osa d&oacute;ibh roimh imeacht uathu d&oacute;. Athraigh c&uacute;rsa&iacute; go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann L&uacute;c&aacute;s feidhm as &iacute;omh&aacute;nna traidisi&uacute;nta le seo a l&eacute;iri&uacute;: s&eacute;ide&aacute;n gaoithe m&oacute;ire agus tine. Siombal an labhairt i dteangacha difri&uacute;la, b&rsquo;fh&eacute;idir den chumhacht nua chun an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gairt. Tabharfadh an Spiorad deimhni&uacute; inmhe&aacute;nach d&oacute;ibh faoi Chr&iacute;ost agus an dualgas a leag s&eacute; ortu.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&oacute;gann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sin. C&eacute;ad sheanm&oacute;ireacht an tsoisc&eacute;il at&aacute; ann agus bun&uacute; na hEaglaise. Don fh&eacute;ile sin bheadh Gi&uacute;daigh chr&aacute;ifeacha &oacute; gach ceard den impireacht R&oacute;mh&aacute;nach in Iar&uacute;sail&eacute;im. Tugann L&uacute;c&aacute;s liosta d&iacute;obh ar threo tuathail, &oacute;n oirthear siar: P&aacute;irtigh agus eile (&oacute;n Ior&aacute;in agus Ior&aacute;ic an lae inniu), an tuaisceart (Tuirc an lae inniu), an t-Iarthar, an &Eacute;igipt agus c&oacute;sta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R&oacute;imh. B&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil L&uacute;c&aacute;s ag f&eacute;achaint ar an Chinc&iacute;s sin mar fhreaschur, aisiomp&uacute;, ar Th&uacute;r Bhaib&eacute;il, teacht le ch&eacute;ile in ionad scaipeadh. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid t&aacute; t&uacute;s curtha le misean na hEaglaise don domhan m&oacute;r.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 103[104]. <em>Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus d&eacute;an aghaidh na tal&uacute;n a athnuachan.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Corantaigh 12:3-7, 12-13). <em>San aon Spiorad amh&aacute;in is ea a baisteadh isteach in aon chorp amh&aacute;in sinn go l&eacute;ir.<\/em> I gcomhth&eacute;acs na litreach seo, is t&uacute;s l&eacute;acht seo an lae inniu ar chur s&iacute;os fada i dtr&iacute; chaibideal (caibidil 12-14) ina mh&iacute;n&iacute;onn P&oacute;l do na Corantaigh an &aacute;it at&aacute; ag na buanna a fuair siad &oacute;n Spiorad Naomh i saol na heaglaise sa chathair sin. Th&aacute;inig an chuid is m&oacute; de bhaill chomhluadar na heaglaise sin d&iacute;reach &oacute; ch&uacute;lra pag&aacute;nach, agus is d&oacute;cha go raibh baint ag m&oacute;r&aacute;n acu le deasghn&aacute;tha pag&aacute;nacha sul ar iompaigh siad go creideamh Chr&iacute;ost, agus gach seans go raibh sin ag cur isteach ar a gcleachtadh sa chreideamh nua. Bh&iacute; buanna iomad&uacute;la ag muintir na heaglaise sin, agus bh&iacute; an baol ann go mbeadh meas thar mar ba ch&oacute;ir ar bhuanna &aacute;irithe, mar shampla labhairt i dteangacha &eacute;ags&uacute;la. Is &eacute; bunphrionsabal Ph&oacute;il sa mh&eacute;id a deireann s&eacute; n&aacute; gur &oacute;n Spiorad Naomh mar bhronntanas na buanna, na t&iacute;olactha&iacute;, at&aacute; acu agus bronnadh iad go l&eacute;ir ar mhaithe leis an tion&oacute;l Cr&iacute;osta&iacute;, lena neart&uacute; sa chreidamh. An admh&aacute;il chreidimh f&eacute;in in &Iacute;osa, a rinneadh leis an leagan cainte &ldquo;Is &eacute; &Iacute;osa an Tiarna&rdquo;, gn&iacute;omh creidimh &eacute; nach f&eacute;idir a dh&eacute;anamh ach tr&iacute;d an Spiorad Naomh. Gach duine d&iacute;obh a baisteadh, is san aon Spiorad amh&aacute;in sin a baisteadh iad, idir Ghi&uacute;daigh agus Ghr&eacute;agaigh (neamh-Ghi&uacute;daigh), idir scl&aacute;bhaithe agus shaor&aacute;naigh, agus fuair siad mar bhronntanas an Spiorad c&eacute;anna. Mar sin, n&iacute;l aon difr&iacute;ocht i l&aacute;thair D&eacute; idir dhuine amh&aacute;in agus duine eile, agus n&iacute;or ch&oacute;ir go mbeadh sa chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; ach an oiread. De na buanna, tiolactha&iacute;, iomad&uacute;la at&aacute; acu, n&iacute;or tugadh aon cheann d&iacute;obh do leas an duine aonair amh&aacute;in. L&eacute;ir&iacute;onn P&oacute;l an m&eacute;id a deir s&eacute; tr&iacute; shampla an choirp dhaonna, ina bhfuil m&oacute;r&aacute;n ball, gach ceann acu ag feidhmi&uacute; do leas an choirp go hioml&aacute;n, sampla ar baineadh &uacute;s&aacute;id as ag scribhneoir&iacute; Gr&eacute;igise agus Laidine chomh maith. Sampla de Chr&iacute;ost agus den Eaglais an corp daonna agus a bhaill.<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 20:19-23). <em>Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, t&aacute;imse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaig&iacute; an Spiorad Naomh.<\/em> An l&aacute; at&aacute; i gceist anseo, &ldquo;an l&aacute; c&eacute;anna, an ch&eacute;ad l&aacute; den tseachtain&rdquo; is &eacute; Domhnach C&aacute;sca f&eacute;in &eacute;, an l&aacute; ar &eacute;irigh &Iacute;osa &oacute; na mairbh. I soisc&eacute;al Eoin, sa sliocht d&iacute;reach roimh an ceann seo, t&aacute; cur s&iacute;os ar &Iacute;osa &aacute; thaispe&aacute;int f&eacute;in do Mh&aacute;ire Mhaighdil&eacute;ana an mhaidin sin. Ansin, sa l&eacute;acht seo, taispe&aacute;ineann s&eacute; &eacute; f&eacute;in d&aacute; dheisceabail at&aacute; sa seomra agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGi&uacute;dach. Ag teacht tr&iacute; na doirse sin taispe&aacute;nann &Iacute;osa go bhfuil corp ais&eacute;irithe aige, ach leis an gcorp inar c&eacute;asadh &eacute;, le cr&eacute;achta&iacute; na croise air f&oacute;s. T&aacute; cuntas an taispe&aacute;na seo le f&aacute;il chomh maith i soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;s (24:36-49). I leagan L&uacute;c&aacute;s tugann &Iacute;osa aird do na cr&eacute;achtai ina l&aacute;mha agus ina chosa, leis an lean&uacute;nachas idir a shaol ina bheatha ais&eacute;irithe agus a bheatha ar talamh. I Soisc&eacute;al Eoin, i sliocht an lae inniu, d&eacute;anann s&eacute; tagairt do na cr&eacute;achta&iacute; ina l&aacute;mha agus ina chliath&aacute;n, an cr&eacute;acht a rinne duine de na saighdi&uacute;iri le sle&aacute;. Thug Soisc&eacute;al Eoin comhartha cheana f&eacute;in go raibh an Spiorad le bronnadh ag b&aacute;s &Iacute;osa (Eoin 19:28-30). Nuair a bh&iacute; Iosa ag f&aacute;il bh&aacute;is d&uacute;irt s&eacute;: &ldquo; &lsquo;T&aacute; s&eacute; curtha i gcr&iacute;ch&rsquo;. Chrom s&eacute; a cheann agus thug s&eacute; uaidh an Spiorad&rdquo;. An rud a bh&iacute; curtha i gcrich n&aacute; plean sl&aacute;naithe an Athar. An Spiorad a bh&iacute; i gceist n&aacute; an Spiorad a gheall s&eacute; f&eacute;in roimhe sin don eaglais nuair a bheadh s&eacute; f&eacute;in gl&oacute;irithe, i gcrann na croise (Eoin 7:39; 16:5-7). Siombal do bhronntanas an Spioraid sin n&aacute; an chr&eacute;acht ina chliath&aacute;n nuair a tholladh &eacute; agus gur th&aacute;inig fuil agus uisce amach (Eoin 19:34). Nuair a thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&aacute; dheisceabail an Domhnach C&aacute;sca sin t&aacute;thar le gealltanas sin an Spioraid a chomhl&iacute;onadh. Is tr&aacute;th sol&uacute;nta cinni&uacute;nach &eacute; ina bhfuil &Iacute;osa leis an Spiorad a thabhairt do na deisceabail, agus iad a sheoladh amach, amhail mar a sheol an tAthair &Iacute;osa f&eacute;in amach, lena a ndeisceabail si&uacute;d a aont&uacute; le h&Iacute;osa agus leis an Athair, i r&uacute;ndiamhair dhomhain na Trion&oacute;ide. Cuid l&aacute;rnach de rundiamhair seo an aontais le Cr&iacute;ost agus leis an Athair n&aacute; an naofacht, easpa an pheaca, agus beidh an chumhacht ag na deisceabail agus a gcomharba&iacute; maithi&uacute;nas a thabhairt ar na peaca&iacute;.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong> An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>An Spiorad Naomh, F&eacute;ini&uacute;lacht chine agus chreidimh &ndash; agus an fhaoistin<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Crutha&iacute;onn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in &Iacute;osa, &Iacute;osa f&eacute;in agus an Athair s&iacute;os tr&iacute;d an stair. Tugann s&eacute; le tuiscint d&oacute;ibh gur clann don Athair iad. Foils&iacute;onn s&eacute; d&oacute;ibh gl&oacute;ir &Iacute;osa, f&iacute;s den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s&eacute; an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf&eacute;ini&uacute;lacht Chr&iacute;osta&iacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; f&eacute;ini&uacute;lacht chine ann leis agus ar uairibh ionann &iacute; agus f&eacute;ini&uacute;lacht chreidimh, nuair a bh&iacute;onn an creideamh c&eacute;anna ag an cine go l&eacute;ir agus an cine faoi bhr&uacute; &oacute;n taobh amuigh. I gc&aacute;s mar sin t&oacute;gtar an creideamh mar chuid den chine agus n&iacute; bhionn aon teannas idir Eaglais agus an st&aacute;t. Is mar sin a bh&iacute; in &Eacute;irinn roimh neamhsple&aacute;chas di agus i mblianta tosaigh an st&aacute;it nua. Is mar sin at&aacute; f&oacute;s sa Ghr&eacute;ig. Baol m&oacute;r at&aacute; ag gabh&aacute;il leis seo n&aacute; go leigtear i ndearmad gur r&uacute;ndiamhair go bun&uacute;sach &iacute; an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r&eacute;idh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine n&oacute; sa tsocha&iacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In &Eacute;irinn anois t&aacute; an r&eacute; sin thart agus n&iacute; m&oacute;r do phobal na hEaglaise abhus f&eacute;ini&uacute;lacht chreidimh a choth&uacute;, eolas n&iacute;os fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh, an tAbhc&oacute;id, Spiorad na f&iacute;rinne a thabharfaidh gl&oacute;ir do Chr&iacute;ost tr&iacute; chreideamh beo na hEaglaise.<\/p>\n<p><em>An Spiorad Naomh, Maithi&uacute;nas na bPeaca&iacute; agus an Fhaoistin<\/em><\/p>\n<p>Sheol &Iacute;osa na hAspail, na deisceabail, amach amhail mar a chuir an tAthair &Iacute;osa f&eacute;in amach uaidh, le muintearas r&uacute;ndiamhrach a bhun&uacute; idir na creidmhigh, &Iacute;osa agus an Athair, le go mbeadh an tAthair beo iontu faoi mar a bh&iacute; s&eacute; in &Iacute;osa f&eacute;in. Bac da leith&eacute;id de chaidreamh an peaca, agus tugadh do na hAspail agus d&aacute; gcomharba&iacute; an chumhacht peaca&iacute; a mhaitheamh. Rud m&oacute;r i bhf&eacute;ini&uacute;lacht Ghael n&aacute; an Fhaoistin agus maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. T&aacute; an Fhaoistin titithe in l&eacute;ig in &Eacute;irinn le tamall anuas agus tugann soisc&eacute;al an lae inniu cuireadh d&uacute;inn machnamh a dheanamh ar shacraimint na haithr&iacute; san Eaglais agus in &Eacute;irinn. Bh&iacute; ar an luath-eaglais tuiscint a fh&aacute;il ar an bpeaca agus conas maithi&uacute;nas a thabhairt air. I dtosach n&iacute;or cuireadh san &aacute;ireamh mar pheacai ach cinn throma, amhail &iacute;oladhradh, d&uacute;nmhar&uacute; n&oacute; adhaltranas, agus gearradh pion&oacute;s trom orthu. Faoistin phoibl&iacute; a bh&iacute; ann. N&iacute; raibh toradh air seo, gur thug E&iacute;re cleachtadh &ldquo;pr&iacute;obh&aacute;ideach&rdquo; isteach, a scaip don eaglais go l&eacute;ir. Mar a deirtear linn i g<em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute;<\/em> (alt 1447): &ldquo;I rith an seacht&uacute; haois faoi thionchar thraidisi&uacute;n na manach san Oirthear, thug misin&eacute;ir&iacute; na h&Eacute;ireann leo isteach ar mh&oacute;r-roinn na hEorpa cleachtadh &lsquo;pr&iacute;obh&aacute;ideach&rsquo; na haithr&iacute;, n&aacute;r &eacute;iligh oibreacha aithr&iacute; a dh&eacute;anamh go poibl&iacute; ar feadh achair fhada roimh athmhuintearas leis an Eaglais a fh&aacute;il. &#8230; Is &eacute; sin, a bheag n&oacute; a mhor, an leagan amach at&aacute; ar chleachtadh na haithr&iacute; san Eaglais go dt&iacute; an l&aacute; inniu&rdquo;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann sin d&uacute;inn ghlaoch le athmhachnamh a dh&eacute;anamh ar athnuachan faoi shacraimint na haithr&iacute; in &Eacute;irinn inniu. N&iacute; raibh Faoistin n&oacute; Comaoineach com&oacute;nta roimh leas&uacute; liot&uacute;irgeach an Ph&aacute;pa Pius X sa bhlian 1905, agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; i gComhairle Vatacain II. Ansin d&rsquo;&eacute;irigh Faoistin an-chom&oacute;nta in &Eacute;irinn. Faoistin dheabh&oacute;ideach, seachas ar pheaca&iacute; troma, a bh&iacute; ann. T&iacute;r an-deabh&oacute;ideach i m&oacute;r&aacute;n sl&iacute;te a bh&iacute; in &Eacute;irinn. Ansin th&aacute;inig an t-athr&uacute; suntasach at&aacute; linn go f&oacute;ill. N&iacute; g&aacute; gur cailli&uacute;int chreidimh is bun leis seo. Maidir le dl&iacute; na hEaglaise de, n&iacute;l de oiblige&aacute;id dul chun Faoistine ach orthu si&uacute;d a bhfuil trompheaca&iacute; ar a gcoinsias, agus sin uair sa bhliain. Agus c&eacute; nach bhfuil s&eacute; riachtanach, molann an Eaglais Faoistin dheadh&oacute;ide do mhionpheaca&iacute;. Ach ag f&aacute;gaint dl&iacute;the agus aithne na hEaglaise ar leataobh, is ionmholta an rud &eacute; an Fhaoistin agus gn&aacute;th&uacute; shacraimint an athmhuintearais. Coime&aacute;dann an deabh&oacute;id seo an peaca, agus baol an pheaca, os &aacute;r gcomhair agus is fianaise &eacute; go gcreidimid go bhfuair Cr&iacute;ost b&aacute;s ar son maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;, agus aonta&iacute;onn s&eacute; sinn le r&uacute;ndiamhair na hEaglaise.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus baineann an Fhaoistin le f&eacute;ini&uacute;lacht Ghael.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4 Meitheamh &nbsp;2017 (A) Domhnach Cinc&iacute;se Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An B&iacute;obla in &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-521","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/521","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=521"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/521\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=521"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=521"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=521"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}