{"id":527,"date":"2017-06-21T10:22:48","date_gmt":"2017-06-21T10:22:48","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=527"},"modified":"2017-06-21T10:22:48","modified_gmt":"2017-06-21T10:22:48","slug":"25-meitheamh-2017-a-an-dara-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=527","title":{"rendered":"25 Meitheamh 2017 (A) An Dara Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>25 Meitheamh 2017 (A) An Dara Domhnach D\u00e9ag Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>:: Is misineach an Eaglais uile<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (Irimia 20:10-13). <em>Shaor s\u00e9 anam an bhoicht \u00f3 l\u00e1imh lucht d\u00e9anta an oilc. <\/em>Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo le gabh\u00e1il leis an l\u00e9acht \u00f3n Soisc\u00e9al don Domhmach seo, l\u00e9acht ina deireann \u00cdosa lena dheisceabail bheith r\u00e9idh le fulaingt, agus aghaidh a thabhairt air, deimhin de go bhfuil cosaint acu \u00f3 Dhia, Bh\u00ed f\u00edor de seo go l\u00e9ir sa bhf\u00e1idh Irimia ina mhisean si\u00fad. N\u00ed raibh fonn ar Irimia beith ina fh\u00e1idh, Nuair ghlaoigh Dia air, d\u2019fhreagair s\u00e9 nach raibh s\u00e9 oiri\u00fanach don ghairm. Thug Dia mar fhreagra air go mbeadh s\u00e9 f\u00e9in leis ina shaothar le teachtaireacht D\u00e9 a fh\u00f3gairt gan sc\u00e1th, gan eagla. D\u00fairt Dia lei: \u201cCrioslaigh t\u00fa f\u00e9in mar sin chun comhraic. \u00c9irigh agus abair leo gach a n-orda\u00edmse duit. N\u00e1 b\u00edodh eagla ort ina bhfianaise. I dtaca liomsa de, d\u00e9anfaidh mise d\u00edot inniu cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla pr\u00e1is in aghaidh na t\u00edre seo go hioml\u00e1n; in aghaidh r\u00edthe I\u00fad\u00e1, in aghaidh a bprionsa\u00ed, a sagart agus mhuintir na t\u00edre. Troidfidh siad i d\u2019aghaidh, ach n\u00ed bh\u00e9arfaidh siad bua ort, oir t\u00e1imse leat agus tusa faoi mo choimirce \u2013 is \u00e9 an Tiarna Dia a labhra\u00edonn\u201d (Irimia 1:17-19). I l\u00e9acht an lae inniu, gur ceann i de an t\u00e9acsanna ar a dtugtar Faoistin\u00ed Irimia, labhra\u00edonn Irimia go balbh ar cheann de na cont\u00fairt\u00ed iomad\u00fala a bh\u00ed aige in rith a shaoil. Ba th\u00e9ama l\u00e1rnach ina sheanm\u00f3iracht an pion\u00f3s, an d\u00edoltas, \u00f3 Dhia a bhi le teacht ar I\u00fad\u00e1: \u201cEagla, sceimhle, ar gach taobh\u201d.Thug sin ar a naimhde plean a dh\u00e9anamh bheith r\u00e9idh le Irimia. Ach mheabhragh s\u00e9 ar ghealltanas D\u00e9 \u00e9 a bheith faoina choimirce, agus iarann s\u00e9 ar Dhia teacht i gcabhair air, ag cur clabhs\u00far lena a deireanna se le duan molta D\u00e9, mar go bhfeiceann se roimh r\u00e9 go bhfuil an chabhair sin tagtha cheana.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 68[69]). <em>\u00c9ist liom de r\u00e9ir do bhuanghr\u00e1, a Thiarna.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em> (R\u00f3mh\u00e1naigh 5:12-15). <em>N\u00ed he an d\u00e1la c\u00e9anna ag an tabhartas agus ag an gcoir \u00e9. <\/em>Meastar gurb seo ceann de na sleachta is deacra den Litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh. Sa sliocht seo d\u00e9anann P\u00f3l codarsnacht idir thortha\u00ed tubaisteacha pheaca \u00c1daimh agus an bheatha nua a thug Cr\u00edost d\u00fainn,. Labhra\u00edonn s\u00e9 ar gach duine d\u00edobh sin, \u00c1damh agus Cr\u00edost, mar \u201can t-aon duine amh\u00e1in\u201d. Scaoil peaca an aon duine amh\u00e1in, \u00c1dhamh, an peaca agus an b\u00e1s ar an domhan, n\u00ed peaca\u00ed aonair agus b\u00e1sanna aonair, ach iad araon mar fh\u00f3rsa\u00ed, chumhachta\u00ed, pearsanta, le ceannlitreacha, Peaca agus B\u00e1s, a leath ar fud an chine dhaonna go l\u00e9ir. T\u00e1 P\u00f3l ag d\u00e9anamh codarsnachta idir an d\u00e1 fhorsa sin, agus tosa\u00edonn s\u00e9 lena bhfuil le r\u00e1 aige sa bhun t\u00e9acs sa litir leis na briathra: \u201cFaoi mar ar th\u00e1inig an Peaca isteach sa saol\u201d. N\u00ed chuireann P\u00f3l cr\u00edoch leis an gcodarsnacht sin agus d\u00e1 gcuirfeadh is \u00e9 a bheadh ann n\u00e1 \u201cis mar an gc\u00e9anna tr\u00ed Chr\u00edost a th\u00e1inig an Bheatha\u201d. In ionad sin luann s\u00e9 go raibh an peaca ar an saol sul ar tugadh an Dl\u00ed (Dl\u00ed Mhaois). Coir, peaca, a bheadh ann i s\u00e1ru dli Mhaois, ach bh\u00ed an peaca sa saol gan an Dl\u00ed sin. Rud nach luann P\u00f3l anseo n\u00e1 prionsabal d\u00e1 chuid f\u00e9in at\u00e1 aige in \u00e1it eile sa litir seo (R\u00f3mh\u00e1naigh 2:14-15): na pag\u00e1naigh, nach bhfuil, n\u00f3 nach raibh, Dl\u00ed Maois acu, t\u00e1 dl\u00ed acu in gcoinsiasa\u00ed f\u00e9in a thugann breith orthu.<\/p>\n<p>I dt\u00fas na l\u00e9achta seo deir P\u00f3l gur leath peaca sin \u00c1dhaimh (\u201can t-aon duine amh\u00e1in\u201d) agus an b\u00e1s tr\u00edd an chine daonna, \u201ci measc c\u00e1ch uile <em>de bhr\u00ed go ndearna c\u00e1ch uile an peaca<\/em>\u201d. Sin mar a thuigtear an t\u00e9acs, agus mar a dh\u00e9antar aistri\u00fa air, inniu. Sa t\u00e9acs Laidine bhi leagan eile de ann, mar seo: \u201c&#8230; i measc c\u00e1ch uile <em>sa t\u00e9 <\/em>(is \u00e9 sin \u00c1dhamh) ina rinne c\u00e1ch uile an peaca\u201d. As sin d\u2019eascair in am tr\u00e1th an teagasc faoi pheaca an tsinsir. Glactar leis de ghn\u00e1th anois nach sin a bh\u00ed ina aigne ag P\u00f3l.<\/p>\n<p>T\u00e1 cro\u00edl\u00e1r a bh\u00ed ina aigne ag P\u00f3l sa dara cuid den l\u00e9acht seo: N\u00ed hionann in aon chor an tabhartas tr\u00ed Chriost agus coir sin \u00c1dhaimh. Is fairsinge go m\u00f3r gr\u00e1sta D\u00e9 agus an tabhartas a d\u00e1ileadh de dheon\u00fa Chriost, \u201can t-aon duine amh\u00e1in\u201d, n\u00e1 peaca \u00c1dhaimh.<\/p>\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 10:26-33). <em>N\u00e1 b\u00edodh eagla oraibh rompu si\u00fad a mhara\u00edonn an corp.<\/em> An l\u00e9acht seo is cuid de theagasc Chr\u00edost don D\u00e1r\u00e9ag \u00ed. Seolann s\u00e9 amach iad leis an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Go dt\u00ed sin bh\u00ed \u00cdosa \u00e1 m\u00faineadh ar leithligh, go pr\u00edobh\u00e1ideach mar a dh\u00e9arf\u00e1. T\u00e1 misean poibl\u00ed anois acu. T\u00e1 r\u00e1itis thosaigh na l\u00e9achta ag teacht le seo, Sort r\u00e1itis eagna\u00edochta at\u00e1 iontu. Baineann siad leis an r\u00e9 nua at\u00e1 ann don D\u00e1reag. Deirtear leo gan eagla a bheith orthu tabhairt faoina d\u00fashl\u00e1in nua t\u00e1 rompu: na ruda\u00ed a bh\u00ed folaithe go dt\u00ed seo beidh siad tugtha chun solais an lae anois, f\u00f3gartha \u00f3 bharr na dt\u00edthe Deirtear leo bheith ullamh don gh\u00e9arlean\u00faint, fi\u00fa don bh\u00e1s, ach s\u00f3l\u00e1s a ghlacadh \u00f3n ghealltanas go mbeidh coimirce D\u00e9 acu. M\u00e1s s\u00f3l\u00e1s d\u00f3ibh \u00e9, is feidir leo a mheabhr\u00fa nach mbaineann g\u00e9arlean\u00faint ach lei an gcorp, seachas an anam. Agus a thuilleadh s\u00f3l\u00e1is d\u00f3ibh \u00e9 go bhfuil a gc\u00faram ar a nAthair ar neamh, gur c\u00faram d\u00f3 an t-ean is l\u00fa fi\u00fantais sa mhargadh, an gealbhan, a dh\u00edoltar ar leathphingin an p\u00e9ire. Is fi\u00fa go m\u00f3r iad n\u00e1 d\u00e1 liacht na gealbhain, n\u00e1 m\u00f3r\u00e1n gealbhan!! Agus sa bhreithi\u00fanas, os comhair Athair \u00cdosa ar neamh, beidh luach saothair n\u00f3 a mhalairt acu si\u00fad a admhaionn n\u00f3 a sh\u00e9anann \u00cdosa.<\/p>\n<p>Briathra seo \u00cdosa d\u00e1 ch\u00e9ad dheisceabail, ina gc\u00e9ad misean poibl\u00ed, is f\u00edor iad ina sl\u00ed f\u00e9in do mhisin\u00e9ir\u00ed agus chreidmhigh i ngach aois.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>:: <em>Is misineach an Eaglais uile<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Le linn a bheatha phoibl\u00ed sheol \u00cdosa na haspail leis an Soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt do chaoirigh caillte theach Iosrael, agus tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3 thug s\u00e9 mar mhisean d\u00f3ibh an soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt go himeall an domhain.. Agus i stair na hEaglaise bh\u00ed an bh\u00e9im go m\u00f3r m\u00f3r i gcraobhscaoileadh an chreidimh ag daoine tofa, gr\u00fapa faoi leith. Bh\u00ed an baol anseo go leigf\u00ed i ndearmad misean eile i bhf\u00f3gairt an dea-sc\u00e9il a bh\u00ed ann \u00f3 thosach, misean a bh\u00ed ag na creidmhigh go l\u00e9ir. D\u00fairt Cr\u00edost lena lucht lean\u00fana go l\u00e9ir, roimh na haspail a thogha d\u00f3, gurbh \u00e9 salann na tal\u00fan agus solas an tsaoil iad, agus d\u00fairt s\u00e9 leo a solas a bheith ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis a ndeaghn\u00edomhartha agus go ngl\u00f3ireoidis a nAthair at\u00e1 ar neamh. Ina litit si\u00fad (1 Peadar 3:15-16) d\u00fairt Peadar lena l\u00e9itheoir\u00ed a bheith r\u00e9idh i gc\u00f3nai le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarann orthu bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 acu, ach sin a dh\u00e9anamh le cneastacht agus le hurraim, Is gn\u00edomha\u00edocht mhisineach \u00ed sin. Mheabhraigh Peadar d\u00f3ibh chomh maith (2:9) gur cine tofa iad, sagartacht r\u00edoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhf\u00f3gr\u00f3dh siad \u00e9achta\u00ed an t\u00e9 sin a ghlaoigh \u00f3n dorchadas amach iad chun a sholas iontaigh f\u00e9in. An Eaglais, pobal D\u00e9, bh\u00ed si misineach tr\u00edna cuid sagart, na misin\u00e9ir\u00ed, agu tr\u00edd an taca airgid agus na sl\u00edte eile a thug cabhair do na misin sin. Ach len\u00e1r linn f\u00e9in, i gComhairle na Vatac\u00e1ine agus ina diaidh, th\u00e1inig an Eaglais ar an dtuiscint go bhfuil misean ag an Eaglais go hioml\u00e1n, mar phobal D\u00e9, do shaol \u00e1r linne f\u00e9in. Mar a chuireann doicim\u00e9id na Comhairle ar an ngn\u00edomha\u00edocht mhisin\u00edreachta \u00e9, is misineach an Eaglais ar talamh \u00f3na n\u00e1d\u00far f\u00e9in, agus sin toisc de r\u00e9ir phlean an Athar go bhfuil t\u00fas lei i misean an Mhic agus Spioraid Naoimh gr\u00e1 D\u00e9 don uile dhuine agus do gach cine a fh\u00f3gairt, agus gur feasach \u00ed d\u00e1 bhri sin go bhfuil saothar ollmh\u00f3r misin\u00e9ireachta f\u00f3s le d\u00e9anamh aici. T\u00e1 easpa creidimh i nDia ag treisi\u00fa agus t\u00e1 gn\u00edomha\u00edocht l\u00e1idir aindiachais ar an bhf\u00f3d. Is misineir\u00ed na creidmhigh de bharr a n-eolas ar shaibhreas na hoidhreachta Cr\u00edosta\u00ed at\u00e1 acu agus tr\u00ed bheatha a chaitheamh d\u00e1 r\u00e9ir. Ba ch\u00f3ir gur feasach iad ar an mbunathr\u00fa at\u00e1 ag teacht ar an saol go l\u00e9ir le teicneola\u00edocht agus eile, agus ansin iarracht a dh\u00e9anamh le nach mbeadh mn\u00e1 agus fir \u00e1r linne f\u00e9in ag iomp\u00fa \u00f3 Dhia tr\u00ed bheith gafa an iomad le eola\u00edocht agus teicneola\u00edocht an lae inniu.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>25 Meitheamh 2017 (A) An Dara Domhnach D\u00e9ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-527","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/527","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=527"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/527\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=527"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=527"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=527"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}