{"id":539,"date":"2017-08-03T18:45:15","date_gmt":"2017-08-03T18:45:15","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=539"},"modified":"2017-08-03T18:45:15","modified_gmt":"2017-08-03T18:45:15","slug":"6-lunasa-2017-a-feile-chlaochlu-an-tiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=539","title":{"rendered":"6 L\u00fanasa 2017 (A) F\u00e9ile Chlaochl\u00fa an Tiarna"},"content":{"rendered":"<p>6 L\u00fanasa 2017 (A) F\u00e9ile Chlaochl\u00fa an Tiarna<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Gl\u00f3ir Chr\u00edost agus gairm chun fianaise<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Dain\u00e9il 7:9-10, 3-14). <em>Bh\u00ed a \u00e9id\u00ed ar l\u00ed an tsneachta<strong>.<\/strong><\/em> T\u00e1 dh\u00e1 mh\u00f3r-roinn i Leabhar Dhain\u00e9il. I gcaibidil 1-6 t\u00e1 sc\u00e9alta, sc\u00e9alta c\u00fairte faoi Dhain\u00e9il agus a thri\u00far comp\u00e1nach i gc\u00fairt r\u00edthe na Baibeal\u00f3ine i rith na deora\u00edochta, ag taispe\u00e1int faoi mar ar chosain Dia iad in amanta an gh\u00e1tair. Sa dara roinn i gcaibidil 7-12 t\u00e1 f\u00edseanna a tugadh do Dhain\u00e9il faoi cad i bh\u00ed i nd\u00e1n do impireachtai domhanda sa r\u00e9 le teacht. Tagann siad seo go l\u00e9ir chun buaice le g\u00e9arlean\u00faint an R\u00ed Ghr\u00e9igigh Aint\u00edochas Eipifeanaes (\u201cdia d\u00e9anta follasach\u201d), lena thruailli\u00fa ar Theampall na nGi\u00fadach agus an iarrracht a rinne s\u00e9 creideamh na nGi\u00fadach a dh\u00edoth\u00fa ar fad. Is \u00ed aidhm an tsaothair n\u00e1 a gcreideamh si\u00fad a bh\u00ed faoi gh\u00e9arlean\u00faint a neart\u00fa agus an teachtaireacht a thabhairt d\u00f3ibh go rabhthas leis an g\u00e9arlean\u00fainteoir a mhilleadh gan aon gh\u00e1 le dul i mbun chomhrac airm chuige sin. Is f\u00e9idir d\u00e1ta cu\u00edosach beacht a chur leis an Leabhar, idir 167 agus 164 roimh Chr\u00edost, agus is d\u00f3cha\u00ed sa bhlain 164, agus roimh bh\u00e1s Aint\u00edochas sa bhliain 163.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Su\u00edonn na f\u00edseanna an Leabhar sa se\u00e1nra litr\u00edochta ar a dtugtar apacailipteach, ina dh\u00e9antar r\u00e9amhinsint ar eachtra\u00ed diaga den r\u00e9 le teacht, r\u00e9amhinsint\u00ed n\u00e1r f\u00edora\u00edodh go minic. N\u00ed d\u00f3cha gur chuir sin as do scribhneor\u00ed na litr\u00edochta seo, de bhr\u00ed, is d\u00f3cha, gur bhraith f\u00edor\u00fa na r\u00e9amhinsint\u00ed sin ar Dhia.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar a luadh, is \u00ed teachtaireacht an leabhair seo n\u00e1 nach n-\u00e9ireodh le feachtas Aint\u00edochas pobal D\u00e9 Iosrael a dhioth\u00fa. Tiocfaidh cr\u00edoch le r\u00edochta\u00ed uile an domhain, ach fanfaidh r\u00edocht D\u00e9 go deo.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ionann teachtaireacht l\u00e9acht an lae inniu. Feiceann an f\u00eds\u00ed Dain\u00e9il neach amhail le Mac an Duine ag teacht ar n\u00e9alta neimhe, \u00f3 na flaithis, murab ionann agus r\u00edthe agus r\u00edochta\u00ed an domhain a th\u00e1ing an\u00edos as an fharraige. Feidhm\u00edonn an neach amhail Mac an Duine i sl\u00ed don phobal Gi\u00fadach faoi gh\u00e9arleanuint agus n\u00edos m\u00f3 f\u00f3s &#8212; beidh an bua acu, agus r\u00e9imeas leathan lena chois. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur thug an fh\u00eds seo uchtach thar an ghn\u00e1th d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed ag fulaingt g\u00e9arlean\u00fana.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 l\u00e9acht an lae inniu beag beann ar aon ch\u00falra staire, agus roghna\u00edodh \u00ed mar ch\u00falra don Soisc\u00e9al faoi Chlaochl\u00fa \u00cdosa ar an sliabh. Sa bhf\u00eds ag Dain\u00e9il cuirtear Dia i l\u00e1thair mar \u201cShinsear na Laethanta\u201d, a raibh taith\u00ed aige ar na saolta a ghabh roimhe sin agusn a bheadh f\u00f3s ann. Cuirtear an-bh\u00e9im ar a mhaorgacht agus a mh\u00f3rgacht ar a chathaoir r\u00edoga ina raibh s\u00e9 le breith a thabhairt. Sin an ch\u00e9ad cradharc den bhf\u00eds. An dara radharc n\u00e1 teacht Mhac an Duine chuig Sinsear na Laethanta ar n\u00e9alta neimhe agus an tiarnas, an ghl\u00f3ir agus an t-ardfhlaitheas a tugadh d\u00f3, tiarnas s\u00edora\u00ed agus r\u00edocht nach scriosfar.<\/p>\n<p><em>Salm le freagra <\/em>(Salm 96[97]). <em>T\u00e1 an Tiarna ina r\u00ed, in airdr\u00e9im os cionn na cruinne<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (2 Peadar 1:16-19). <em>Chualamar an guth s\u00edn a th\u00e1inig anuas \u00f3 na flaithis. <\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 an t-\u00fadar ag scr\u00edobh mar an t-aspal, le h\u00fadar\u00e1s Pheadair, mar fhinn\u00e9 s\u00fal don chlaochl\u00fa. Tugann s\u00e9 \u00e9irim a bhfuil sna Soisc\u00e9il Shionaptacha faoin gclaochl\u00fa: gur fh\u00e1istine \u00e9 faoi Ateacht \u00cdosa, tharla s\u00e9 ar sliabh naofa; finn\u00e9ithe faoi sin na haspail, agus go m\u00f3r m\u00f3r Peada cur s\u00edos ar mh\u00f3rgacht \u00cdosa a chonaic siad, agus f\u00f3gairt D\u00e9 \u201can Ghl\u00f3ir Mhaorga\u201d, faoi \u00cdosa: \u201cIs \u00e9 seo mo Mhac muirneach d\u00e1r thug m\u00e9 gnaoi\u201d. Leagann Peadar b\u00e9im air seo gur finn\u00e9 \u00e9 don eachtra sin, agus d\u00e1 bharr sin, leanann s\u00e9 ar aghaidh, \u201cF\u00e1gann sin an briathar f\u00e1idhi\u00fail n\u00edos iontaofa againn.\u201d Is \u00e9 an briathar f\u00e1idhi\u00fail i gceist, is d\u00f3cha, n\u00e1 teachtaireacht fhaistin\u00ed an tSeatiomna, n\u00f3 an Dl\u00ed (Dl\u00ed Mhaois) agus na F\u00e1ithe, ar thug Maois agus \u00c9ilias a bh\u00ed i l\u00e1thair fianaise d\u00f3ibh. N\u00f3 bhf\u00e9idir gurb ionann an teachtaireacaht, an briathar f\u00e1idhiuil, agus agus an claochl\u00fa, an claochl\u00fa f\u00e9in, a bhfuil baint, nasc. aige le Ateacht \u00cdosa i Soisc\u00e9al Mharcas 9:1: \u201cDeirim libh go f\u00edreannach, t\u00e1 daoine anseo i l\u00e1thair nach mblaisfidh an b\u00e1s n\u00f3 go mbeidh r\u00edocht D\u00e9 feicthe acu agus \u00ed tagtha i gcumhacht\u201d (n\u00f3: \u201cgo mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina r\u00edocht\u201d. Matha 16:18).<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceann de na fadhbanna a raibh ar \u00fadar na litreach seo aghaidh a thabhairt orthu n\u00e1 an tuairim a bh\u00ed ag creidmhigh \u00e1irithe, ar a dtugann s\u00e9 scigir\u00ed, nach raibh i ngealltans Ateacht luath \u00cdosa ach seaf\u00f3id (2 Peadar 3:1-10). Deir le Peadar sa litir seo go gcuireann claochl\u00fa seo \u00cdosa treise mh\u00f3r le f\u00e1istine Ateacht \u00cdosa. Meabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed, agus do l\u00e9itheoir\u00ed i ngach aois an rud a deir s\u00e9 faoin chlaochl\u00fa: \u201cF\u00e1gann sin an briathar f\u00e1idhi\u00fail nios iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt ait mar a dh\u00e9anfadh sibh ar l\u00f3chrann ag lonr\u00fa in \u00e1it dhorcha, n\u00f3 go ngealfadh an l\u00e1 agus go n-\u00e9ireoidh r\u00e9alta na maidine in bhur gcro\u00ed\u201d.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 17:1-9). <em>Shoilsigh a ghn\u00fais ar n\u00f3s na gr\u00e9ine. <\/em>Tagann an mh\u00edr seo den Soisc\u00e9al faoi athr\u00fa cl\u00f3 Chr\u00edost tar \u00e9is admh\u00e1il Pheadair i gceantar Ch\u00e9asar\u00e1ia Philip gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 \u00cdosa agus tar \u00e9is a d\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail faoina ph\u00e1is agus a ais\u00e9ir\u00ed. Sheol \u00cdosa a thri\u00far aspal Peadar, S\u00e9amus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. N\u00ed thugtar ainm an tsl\u00e9ibhe d\u00fainn. Hermon, seachas Tab\u00f3r, a bheadh ann, toisc sin a bheith n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do Ch\u00e9asar\u00e1ia. Th\u00e1inig athr\u00fa cl\u00f3 ar \u00cdosa, r\u00e9amhshamhail den ghl\u00f3ir a bheadh aige tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. Chonaic an tri\u00far aspal sin Maois agus \u00c9il\u00edas ag comhr\u00e1 le h\u00cdosa. Finn\u00e9ithe n\u00f3 ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad, agus don chaidreamh tr\u00ed na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bh\u00ed gach ar sheas Maois (an Dl\u00ed) agus na f\u00e1ithe d\u00f3 le comhl\u00edonadh in \u00cdosa. Bh\u00ed an comhluadar sin, na hAspail, Maois, \u00c9il\u00edas agus Dia i l\u00e1thair ar an sliabh sin. Comhartha agus samhail de l\u00e1ithreacht D\u00e9 an scamall. Ionann \u00e9 i sl\u00ed agus na sp\u00e9artha oscailte ag baisteadh \u00cdosa. Agus ar\u00eds tagann an gl\u00f3r, gl\u00f3r an Athar gurb \u00e9 \u00cdosa a Mhac dar thug s\u00e9 gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dh\u00e1 fhocal breise leis: \u201c\u00c9istig\u00ed leis\u201d. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tr\u00edd an stair s\u00edos do ghl\u00f3ir sin \u00cdosa, an claochl\u00fa dealraitheach, lonrach, a th\u00e1inig air agus a bheidh ann i gc\u00f3na\u00ed do sh\u00faile an chreidimh.<\/p>\n<p>B.An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <em>Gl\u00f3ir Chr\u00edost agus gairm chun fianaise<\/em><\/p>\n<p>Teist, l\u00e9iri\u00fa, ghl\u00f3ir Chr\u00edost tar \u00e9is a ais\u00e9ir\u00ed a bh\u00ed a gclaochl\u00fa Chr\u00edost ar an Sliabh. B\u00edonn an l\u00e9argas sin de ghl\u00f3ir Chr\u00edost againn i gc\u00f3nai san eaglais. D\u00fairt Criost f\u00e9in an t\u00e9 a fheiceann \u00e9 go bhfeiceann s\u00e9 an tAthair. Foils\u00edonn \u00cdosa an tAthair. Chuaigh an fh\u00edrinne sin i bhfeidm go m\u00f3r ar an aspal P\u00f3l. Mar a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): \u201cAn Dia a d\u00fairt: \u2018Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,\u2019 is \u00e9 an Dia c\u00e9anna \u00e9 a chuir solas ag lonradh in\u00e1r gcro\u00ed-ne d\u2019fhonn eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chr\u00edost a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn\u201d. Sa dara l\u00e9acht inniu t\u00e1 tagairt do l\u00e1thaireacht lonrach \u00cdosa Cr\u00edost in\u00e1r measc.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 Cr\u00edost beo i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an tr\u00edna ghr\u00e1sta agus tr\u00edd an Spiorad Naomh. T\u00e1 s\u00e9 ag lonradh tr\u00edna theagasc sna soisc\u00e9il, sna Bi\u00e1ide, sa Seanm\u00f3ir ar an Sliabh. Th\u00e1inig s\u00e9 chun an bheatha a thabhairt d\u00e1 lucht lean\u00fana agus don saol, agus \u00ed a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochl\u00fa Chr\u00edost, agus a lucht lean\u00fana tr\u00ed ghr\u00e1sta, f\u00eds d\u00fainn, f\u00eds at\u00e1 thar a bheith t\u00e1bhachtach an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus f\u00edseanna eile nach Cr\u00edosta\u00ed iad \u00e1 mbr\u00fa isteach orainn.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 L\u00fanasa 2017 (A) F\u00e9ile Chlaochl\u00fa an Tiarna Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-539","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/539","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=539"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/539\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=539"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=539"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=539"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}