{"id":544,"date":"2017-08-15T14:21:30","date_gmt":"2017-08-15T14:21:30","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=544"},"modified":"2017-08-15T14:21:30","modified_gmt":"2017-08-15T14:21:30","slug":"20-lunasa-2017-a-an-fichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=544","title":{"rendered":"20 L\u00fanasa 2017 (A) An Fichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p>20 L\u00fanasa 2017 (A) An Fichi\u00fa Domhnach Saor<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>San Eaglais f\u00e1ilte roimh ch\u00e1ch, ach de r\u00e9ir t\u00e9arma\u00ed an chonartha.<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 56:1, 6-7). <em>D\u00e9anfaidh m\u00e9 clann na n-eachtrannach a chinnireacht go dt\u00ed mo shliabh beannaithe. <\/em>Sa sliocht seo t\u00e1 t\u00fas le baili\u00fach\u00e1n nua de fh\u00e1istin\u00ed a bhaineann le todhcha\u00ed Iosrael. Tugann scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe \u201cAn Tr\u00ed\u00fa h\u00cdse\u00e1ia\u201d ar an mbaili\u00fach\u00e1n seo (caibidil 56-66). De r\u00e9ir dealraimh t\u00e1 Iar\u00fasail\u00e9im tar \u00e9is na deora\u00edochta mar ch\u00falra don sliocht seo i v\u00e9arsa\u00ed 1-7, le tagairt\u00ed don Teampall agus \u00edobairt\u00ed ann. T\u00e1 t\u00e9ama uil\u00edoch sa sliocht, d\u00e1ir\u00edre an sliocht is uil\u00ed sa Seantiomna go l\u00e9ir faoi ghlacadh mar bhaill de phobal D\u00e9 le daoine a raibh cosc orthu bheith mar bhaill de r\u00e9ir na reachta\u00edochta reatha (Deotranaim\u00ed 23:2-9), is \u00e9 sin le r\u00e1 eachtrannaigh agus coillte\u00e1in. Le teachtaireacht an tsleachta a thuiscint is fi\u00fa aird a thabhairt ar na v\u00e9arsa\u00ed a fh\u00e1gtar ar l\u00e1r sa l\u00e9acht liot\u00fairgeach seo. Tosa\u00edonn an t\u00e9acs le prionsabal ginear\u00e1lta, guth D\u00e9 d\u00edrithe ar a phobal. T\u00e1 r\u00e9 \u00far ar t\u00ed teacht, ceann ina mbeidh glaoch ar chomhoibri\u00fa idir a phobal agus Dia: an ceart agus an fh\u00edr\u00e9antacht \u00e1 gcleachtadh acu si\u00fad agus sl\u00e1n\u00fa (fuascailt agus f\u00edr\u00e9antacht) ar t\u00ed teacht. Luaitear dh\u00e1 rud a bheith riachtanach sa r\u00e9 nua seo: coinne\u00e1il na sab\u00f3ide agus do dhuine \u00e9 f\u00e9in a choime\u00e1d \u00f3 gach drochgh\u00edomh. Ansin cuirtear i l\u00e1thair urlabhraithe an d\u00e1 ghr\u00fapa, mac an eachtrannaigh a cheangail (\u201cchuaigh\u201d) leis an Tiarna adeir nach bhfuil \u00e1it d\u00f3 i bpobal D\u00e9. Agus an coillte\u00e1n, nach feidir leis clann a bheith aige, adeir gur crann seasc \u00e9. Ansin tugtar freagra \u00f3 Dhia don d\u00e1 ghr\u00fapa. N\u00ed iarrtar orthu ach dh\u00e1 rud: coime\u00e1d na sab\u00f3ide agus clo\u00ed go docht le conradh D\u00e9, agus intuigthe as sin an timpeallghearradh gur comhartha an chonartha \u00e9. Bheith ina bprosail\u00edtigh at\u00e1 i gceist. Maidir leis na coillte\u00e1in, geallann Dia d\u00f3ibh go bhfuil s\u00e9 chun \u201cleacht agus ainm\u201d (sa bhun-Eabhrais ina bhfuil an t\u00e9acs scr\u00edofa: <em>yad va-sem<\/em>) ina theach f\u00e9in (an Teampall) a thabhairt d\u00f3ibh, rud is fearr n\u00e1 clann mhac agus in\u00edonacha, agus ainm s\u00edora\u00ed. Mar an gc\u00e9anna leis na heachtrannaigh, d\u00edlis don tsab\u00f3id agus don chonradh. D\u00e9anfaidh Dia iad a thabhairt (a chinnireacht) go dti a shliabh beannaithe, le aoibhneas a thabhairt d\u00f3ibh ina theach urna\u00ed (an Teampall), agus glacfar ar alt\u00f3ir D\u00e9 tabhartais loiscthe agus \u00edobairt\u00ed na n-eachtrannach sin. Mar a deir Dia: \u201c\u00f3ir gairfear de mo theachsa teach urna\u00ed na gcin\u00edocha go leir\u201d. N\u00edor f\u00edora\u00edodh f\u00eds sin D\u00e9 d\u00e1 phobal agus d\u00e1 Theach naofa (an Teampall) sa Dara Teampall. D\u00e9anann \u00cdosa tagairt d\u00f3 ag glanadh an Teampaill d\u00f3 (Matha 21:13).<\/p>\n<p>Maidir leis na briathra <em>yad va-sem <\/em>(<em>Yad Vashem)<\/em>, tugtar iad mar theideal don chuimhneach\u00e1n, agus don leacht cuimhneach\u00e1in, oifigi\u00fail ar na Ghi\u00fadaigh a cuireadh chun b\u00e1is ag na Naitsithe.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 66[67]). <em>Go mola na cin\u00edocha th\u00fa, a Thiarna; go mola na ciniocha go l\u00e9ir th\u00fa.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 11:13-15, 29-32). <em>N\u00ed c\u00fais aife\u00e1la cho\u00edche do Dhia a th\u00edolaic\u00ed n\u00e1 an rogha a bh\u00edonn d\u00e9anta aige. <\/em>Cuireann an chuid is m\u00f3 de chaibideal 11 s\u00edos ar eiteachas na nGi\u00fadach do Chr\u00edost agus aif\u00e9ala Ph\u00f3il faoi sin. Is Gi\u00fadach go smior P\u00f3l, at\u00e1 anois ag machnamh ar an toradh thar na bearta a bh\u00ed ag a mhisean chuig na gintlithe i gcompar\u00e1id le l\u00edon beag a mhuintire f\u00e9in a ghlac le h\u00cdosa. Meabhra\u00edonn s\u00e9 anois do bhaill na heaglaise sa R\u00f3imh nach bhfuil aon bhun\u00fas acu bheith ag d\u00edspeagadh na Gi\u00fadaigh. Is ar sin at\u00e1 sleachta an lae innniu, a th\u00f3gtar as an chaibideal fada sin, ag cur s\u00edos.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e9ad mh\u00edr t\u00e1 P\u00f3l ag caint go d\u00edreach le pobal Cr\u00edosta\u00ed na R\u00f3imhe mar ghintlithe, phag\u00e1naigh, tiontaithe \u00f3n phag\u00e1ntacht, \u00e1 r\u00e1 go mb\u00edonn s\u00e9 ag d\u00e9anamh a mh\u00f3r d\u00e1 mhinistre\u00e1lacht mar aspal le h\u00e9ad a chur ar a chomh-Ghi\u00fadaigh, ag meas go nd\u00e9anfadh a rath f\u00e9in i measc na bpag\u00e1nach, na neamh-Ghi\u00fadaigh, ar chuid acu ar a laghad, tiont\u00fa chun Chr\u00edost, le hiad a shl\u00e1n\u00fa.<\/p>\n<p>D\u00edreach ina dhiaidh sin d\u00e9anann s\u00e9 pointe eile: b\u2019ionann eiteachas na nG\u00ed\u00fadach do Chr\u00edost, \u00e1 gcaitheamh amach, agus toradh f\u00f3nta an mhisin chun na bpag\u00e1nach, agus a n-athmhuintearas le Dia. T\u00e1 P\u00f3l deimhin de go gcasfaidh Iosrael f\u00f3s do Chr\u00edost, agus cuireannn s\u00e9 an cheist seo air f\u00e9in, agus ar fh\u00edr\u00e9in na R\u00f3imhe: cad a thiocfadh as glacadh thar nais na nGi\u00fadach (a caitheadh amach de r\u00e9ir Ph\u00f3il) \u201cach mar a bheadh ais\u00e9ir\u00ed \u00f3 mhairbh ann?\u201d (n\u00f3 \u201cbeatha \u00f3 na mairbh\u201d). N\u00ed fios go beacht cad t\u00e1 ina aigne ag P\u00f3l leis an tagairt seo ar cad a bheidh mar thoradh ar iomp\u00fa na nGi\u00fadach chun Chr\u00edost. Ais\u00e9ir\u00ed na marbh agus deireadh an tsaoil de r\u00e9ir m\u00edni\u00fa amh\u00e1in, m\u00edni\u00fa nach nglactar leis go coitianta. M\u00edni\u00fa eile air n\u00e1 seo: Bua m\u00f3r don domhan an t-athmhuintearas agus an gr\u00e1sta a lean an misean chun na gintlithe tar \u00e9is eiteachas na nGi\u00fadach, ach beidh an bua a leanfaidh as iomp\u00fa, glacadh thar nais, na nGi\u00fadach i bhfad n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin, ar n\u00f3s beatha \u00f3 na mairbh.<\/p>\n<p>T\u00e1 P\u00f3l deimhin de go n-iomp\u00f3idh Iosrael thar nais chun Chr\u00edost. N\u00ed c\u00fais aife\u00e1la cho\u00edche do Dhia a th\u00edolaic\u00ed n\u00e1 an rogha a bh\u00edonn d\u00e9anta aige. I mbriathra Ph\u00f3il is umhla\u00edocht an creideamh agus is easumhla\u00edocht easpa chreidimh, agus is \u00f3 thr\u00f3caire D\u00e9 a thagann t\u00edolacadh an chreidimh. Bh\u00ed idir gintlithe agus Gi\u00fadaigh ina dtr\u00e1th f\u00e9in faoi easumhla\u00edocht, agus iad ag braith ar thr\u00f3caire D\u00e9. N\u00edl bonn m\u00f3rtais ag ceachtar acu.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 15: 21-28). <em>\u00d3, is m\u00f3r \u00e9 do chreideamh, a bhean! <\/em>Ag seoladh an D\u00e1r\u00e1eg Aspal amach ar misean d\u2019ordaigh \u00cdosa d\u00f3ibh gan dul an b\u00f3thar chun na ngintlithe, ach amh\u00e1in go caoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 10:5-6). Mar sin f\u00e9in sa l\u00e9acht seo feicimid oscailt \u00e1irithe ina leith i gceantar pag\u00e1nach Tu\u00edre agus Siod\u00f3n. N\u00ed thugtar c\u00falra na heachtra, n\u00f3 faoi mar ar thug an bhean Chan\u00e1nach \u201cMac Dh\u00e1iv\u00ed\u201d ar \u00cdosa. Ar dt\u00fas n\u00edor thug \u00cdosa freagra ar a hiarratas, ach ar iarratas na ndeisceabal \u00ed a scaoileadh uathu d\u2019fhreagair s\u00e9 n\u00e1r cuireadh \u00e9 ach chun caoirigh caillte theaghlach Iosrael. Ansin ar imp\u00ed na mn\u00e1 d\u2019fhreagair \u00cdosa nach raibh s\u00e9 oiri\u00fanach ar\u00e1n na leana\u00ed (ar\u00e1n chlann Iosrael) a chaitheamh chun na gcoile\u00e1n (n\u00f3 \u201cna madra\u00ed, na gadhair\u201d). N\u00ed bheadh aon mhasla i gceist, n\u00f3 t\u00f3gtha, sa tagairt do choile\u00e1in n\u00f3 madrai. D\u2019admhaigh an bhean t\u00fas \u00e1ite Iosrael, agus leigheasadh a hin\u00edon, agus mhol \u00cdosa creideamh l\u00e1idir na mn\u00e1 pag\u00e1na\u00ed.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>: San Eaglais f\u00e1ilte roimh ch\u00e1ch, ach de r\u00e9ir t\u00e9arma\u00ed an chonartha.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht bh\u00ed tr\u00e1cht ar r\u00e9 \u00far do phobal D\u00e9, le hoscailt do na neamh-Ghi\u00fadaigh in dteach D\u00e9, teach urna\u00ed do na ciniocha go l\u00e9ir, ach de r\u00e9ir dea-ghn\u00edomhartha agus d\u00edlse don chonradh. Sa pharabal faoin bhainis agus an \u00e9adach bainise (Matha 22:1-15), nuair n\u00e1r ghlacadh leis an cuireadh chun na bainise, sheol an r\u00ed a sheirbh\u00edsigh amach chun na b\u00f3ithre agus togadh isteach olc agus maith go raibh halla na bainise l\u00e1n. Ansin th\u00e1inig an r\u00ed f\u00e9in isteach agus chonaic fear nach raibh aon \u00e9adach bainise air, agus caitheadh amach \u00e9. An ceacht le t\u00f3gaint as n\u00e1 go bhfuil coinn\u00edollacha ag gabh\u00e1il le cuireadh oscailte don fhle\u00e1 mheisiasach. Bhi, agus beidh, teannas ann i gc\u00f3nai idir cuireadh chun na hEaglaise, chun Teach D\u00e9, agus an conradh le Dia agus misean na Eaglaise. De r\u00e9ir Chr\u00edost f\u00e9in salann an tal\u00fan agus solas an domhain iad lucht lean\u00fana Chr\u00edost, agus chreid an luath-eaglais sin agus mhair d\u00e1 r\u00e9ir. As sin d\u2019eascair an cheist cad a bheadh le d\u00e9anamh le bheith d\u00edlis d\u00f3 sin i gc\u00e1s peaca n\u00f3 laige dhaonna. Bh\u00ed comhthion\u00f3l Mhatha dian go leor air an t\u00e9 n\u00e1r thug maithi\u00fanas do Chr\u00edosta\u00ed eile &#8212; \u00e9 a dh\u00edbirt \u00f3n eaglais sin. Bh\u00ed P\u00f3l dian ar Chr\u00edosta\u00ed i gCora int a bh\u00ed ciontach i gc\u00farsa gn\u00e9is. D\u2019ordaigh s\u00e9 don eaglais \u00e9 a dh\u00edbirt go sealadach. Fadhb \u00ed seo a mhaireann linn i gcona\u00ed, maidir le gairm na hEaglaise bheith mar shalann agus sholas agus cleachtadh a th\u00e9ann ina choinne sin.<\/p>\n<p>T\u00e1 stair fhada san Eaglais san \u00e1bhar seo, agus ar feadh i bhfad bh\u00ed pion\u00f3s dian ann don duine a measadh a bheith imithe ar strae. T\u00e1 an cheist \u00e1 c\u00edoradh ar\u00eds in\u00e1r laethanta f\u00e9in, go m\u00f3r m\u00f3r maidir leis an Chomaoineach naofa a thabhairt do dhaoine colscartha agus sa dara p\u00f3sadh, agus maidir le Comaoineach do neamh-Chaitlicigh. Go bun\u00fasach an tseancheist maidir le tr\u00f3caire agus d\u00edlse don chonradh at\u00e1 ann. Gu\u00edmis go mbeidh r\u00e9iteach \u00e9igin don nua-r\u00e9 le fail ag an Eaglais.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>20 L\u00fanasa 2017 (A) An Fichi\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-544","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/544","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=544"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/544\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=544"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=544"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=544"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}