{"id":546,"date":"2017-08-23T11:42:17","date_gmt":"2017-08-23T11:42:17","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=546"},"modified":"2017-08-23T11:42:17","modified_gmt":"2017-08-23T11:42:17","slug":"27-lunasa-2017-a-an-taonu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=546","title":{"rendered":"27 L\u00fanasa 2017 (A) An tAon\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>27 L\u00fanasa 2017 (A) An tAon\u00fa Domhnach Fichead Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>N\u00ed m\u00f3r maireacht\u00e1il le r\u00fandiamhair D\u00e9.<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 22:19-23). <em>Leagaim eochair theach Dh\u00e1iv\u00ed ar a ghualainn.<\/em> Roghna\u00edodh an sliocht seo le dul leis an soisc\u00e9al toisc go bhfuil cur s\u00edos ann ar an gcumhacht a bh\u00ed ag maor phal\u00e1s theach Dh\u00e1iv\u00ed, eochair an t\u00ed seo a bh\u00ed aige, leagtha ar a ghualainn, le cumhacht an doras a oscailt agus a dh\u00fanadh. Baintear feidhm as na h\u00edomh\u00e1nna agus na t\u00e9arma\u00ed c\u00e9anna ag Cr\u00edost sa sliocht san soisc\u00e9al ag tabhairt na heochracha agus an chumhacht san Eaglais do C\u00e9afas, do Pheadar. Is fi\u00fa an sliocht ioml\u00e1n faoi Sheabna a l\u00e9amh faoi mar at\u00e1 s\u00e9 sa leabhar f\u00e9in (\u00cdse\u00e1ia 22:15-25). T\u00e1 ceachtanna aige d\u00e1r r\u00e9 f\u00e9in agus do gach aois. Bh\u00ed saor-chead isteach do ard-aicme Iar\u00fasail\u00e9im agus do theaglach r\u00edoga Dh\u00e1iv\u00ed ag an f\u00e1idh \u00cdse\u00e1ia, ach n\u00edor bhain seo \u00f3n bhfeachtas a bh\u00ed aige ar son na mbocht agus iad sin faoi dhear\u00f3ile. Maidir le Seabna de, n\u00ed luaitear athair n\u00f3 ginealach leis. Duine de ghn\u00e1th-mhuintir \u00e9 a chuaigh in airde an dr\u00e9imire go dt\u00ed an post is airde mar mhaor an phal\u00e1is r\u00edoga, le cead isteach a thabhairt n\u00f3 a dhi\u00falt\u00fa do chuairteoir\u00ed agus eile. Bh\u00ed eochair an phal\u00e1is (teach Dh\u00e1iv\u00ed) aige. An tr\u00e1th \u00fad d\u2019fh\u00e9adfadh eochair a bheith trom, chomh trom n\u00e1rbh fhol\u00e1ir \u00ed a iompar ar an ghualainn. Anseo is siombal cumhachta \u00ed. Agus bheadh focal sa ch\u00fairt ag Seabna, agus a chomhairle le tabhairt \u00ed gc\u00farsa\u00ed polata\u00edochta an st\u00e1it. Ach n\u00ed cumhacht gan c\u00faram a bh\u00ed i gceist, dar leis an bhf\u00e1idh seo. Ba ch\u00f3ir d\u00f3 bheith ina athair ag muintir Iar\u00fasail\u00e9im agus ag teaghlach I\u00fada. N\u00edorbh ch\u00e1s do Seabna na boicht, ach a leas f\u00e9in agus ainm d\u00f3 f\u00e9in iar n-\u00e9ag d\u00f3. Ghearr s\u00e9 amach tuama d\u00f3 f\u00e9in i nGleann C\u00e9adr\u00f3n. T\u00e1 na tuama\u00ed le feiscint ansin go f\u00f3ill, ceann d\u00edobh leis an inscr\u00edbhinn \u201cMaor an Phal\u00e1is\u201d, b\u00edodh go bhfuil an t-ainm d\u00edlis caillte. B\u2019fh\u00e9idir gur le Seabna \u00e9. I bhf\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia t\u00e1 an Tiarna Dia le Seabna a chaitheamh amach agus a \u00e1it a thabhairt do dhuine eile faoin ainm \u00c9liacim mac Hilcia, a mheasann an f\u00e1idh a bheadh d\u00edlis d\u00e1 ghairm. Is cuid de stair I\u00fada agus Iar\u00fasail\u00e9im an bheirt seo i r\u00e9imeas an r\u00ed Hisici\u00e1 tamall roimh an bhliain 701 roimh Chr\u00edost. Ag toscaireacht r\u00ed na hAsa\u00edre go hIar\u00fasail\u00e9im luaitear an bheirt, \u00c9liacim maor an phal\u00e1is agus Seabna an runa\u00ed. N\u00ed raibh i Seabna anois ach r\u00fana\u00ed, c\u00e9im s\u00edos tugtha d\u00f3. Ach n\u00edor f\u00edora\u00edodh f\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia faoi Eliacim, a bh\u00ed le bheith mar a bheadh tairne in \u00e1it dhaingean. Shaothraigh seisean freisin ar son a mhuintire, seachas do na boicht, agus is \u00e9 foirceann fh\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia n\u00e1 go raibh an Tiarna lena chaitheamh amach.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 137[138]). <em>A Thiarna, maireann do mhaitheas go s\u00edora\u00ed; na tr\u00e9ig obair da l\u00e1mh.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 11:33-36). <em>Is uaidh agus tr\u00edd agus d\u00f3 gach uile n\u00ed d\u00e1 bhfuil ann.<\/em> Sa dara l\u00e9acht don Domhnac le tr\u00ed sheachtain anuas t\u00e1imid ag \u00e9isteacht le P\u00f3l ag cur s\u00edos ar an dol\u00e1s agus an cr\u00e1 cro\u00ed a bh\u00ed ag cur as d\u00f3 mar gheall ar n\u00e1r ghlac a mhuintir f\u00e9in, na Gi\u00fadaigh, le Cr\u00edost, leis na gealltanais a tugadh d\u00f3ibh a chomhl\u00edonadh. M\u00edn\u00edonn s\u00e9 an fhadhb sa mh\u00e9id is f\u00e9idir leis. T\u00e1 s\u00e9 deimhin de nach bhfuil an conradh a rinne Dia leo briste. Maireann sin i gc\u00f3nai. N\u00ed c\u00fais aif\u00e9ala do Dhia an rogha a bh\u00edonn d\u00e9anta aige. Ach sa deireadh thiar, mar a admha\u00edonn P\u00f3l i l\u00e9acht an lae inniu, is r\u00fandiamhair at\u00e1 ann. Is r\u00fandiamhair \u00e9 Dia f\u00e9in, fi\u00fa tar \u00e9is gach ar fhoilsigh s\u00e9 i gCr\u00edost. N\u00ed f\u00e9idir linn bhreithi\u00fanais D\u00e9 a thuiscint n\u00e1 a bheala\u00ed a rian\u00fa; n\u00edl anr \u00e1r gcumas dul go dt\u00ed a bpr\u00e9amh sin. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur rinne P\u00f3l machnamh air sin go minic, ag baint \u00fas\u00e1ide as an mB\u00edobla f\u00e9in. Luann s\u00e9 na t\u00e9acsanna sin anois (as leabhair \u00cdse\u00e1ia agus Iob) leis na R\u00f3mh\u00e1naigh: \u201cC\u00e9 a thuigeann aigne an Tiarna? N\u00f3 c\u00e9 a bh\u00ed riamh ina chomhairleoir aige? N\u00f3 c\u00e9 a thug rud riamh do go gcaithfeadh s\u00e9 \u00e9 a ch\u00faiteamh leis?\u201d. Cuireann s\u00e9 cr\u00edoch lena mhachnamh ar an r\u00fandiamhair seo le gn\u00edomh creidimh i nDia, agus briathra molta d\u00f3: \u201cMoladh go deo le Dia. Amen\u201d.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 16: 13-20). <em>Is t\u00fa Peadar, agus bh\u00e9arfaidh m\u00e9 duit eochracha r\u00edocht na bhflaitheas. <\/em>Tharla an eachtra seo i gceantar Ch\u00e9asar\u00e9 Philib. Mac le H\u00e9ar\u00f3d M\u00f3r, agus leasdearth\u00e1ir le H\u00e9ar\u00f3d Antipas a bhi i bPilib. Th\u00e1inig s\u00e9 i seilb na gcr\u00edocha sin le huacht a athar (a bh\u00e1saigh sa bhliain 4 roimh Chr\u00edost), agus bhunaigh s\u00e9 a pr\u00edomhchathair ansin l\u00e1mh le buntobar na Iord\u00e1ine sa bhliain 3 n\u00f3 2 roimh Chr\u00edost. Bh\u00ed daoine ag cur ceisteanna faoi c\u00e9rb \u00e9 go beacht \u00cdosa, go m\u00f3r m\u00f3r tar \u00e9is bh\u00e1is Eoin Baiste. Chuir \u00cdosa anois an cheist ch\u00e9anna ar a dheisceabail in ionad taobh amuigh de chr\u00edocha Gi\u00fadacha. C\u00e9ad cheist \u00cdosa n\u00e1 tuairim na gn\u00e1th-mhuintire faoi; ansin a dtuairim f\u00e9in. D\u2019fhreagair Peadar thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag. De r\u00e9ir Shoisc\u00e9al Marcas d\u2019admhaigh Peadar gurbh \u00e9 an Cr\u00edost (an Meisias) \u00e9, t\u00e1tal a bh\u00ed intuigthe \u00f3n dtaith\u00ed a bh\u00ed acu le h\u00cdosa thar na blianta agus an d\u00f3chas a bh\u00ed beo in Iosrael faoi theacht Mhac Dhaiv\u00ed. Duine den saol seo, de stair Iosrael, a bh\u00ed sa Mheisias a bh\u00ed le teacht. Le b\u00e1s, ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1imh an Athar, th\u00e1inig br\u00ed bhreise leis an dt\u00e9arma \u201cCr\u00edost\u201d, sin le r\u00e1 Mac D\u00e9 Bheo. Agus is \u00e9 sin an admhail chreidimh a rinne Peadar, agus ba \u00e9 freagra \u00cdosa nach \u00f3n n\u00e1d\u00far daonna (\u201cfuil agus feoil\u201d) a thainig an admh\u00e1il sin ach tr\u00ed fhoilsi\u00fa \u00f3n Athair ar neamh. Faoi mar at\u00e1 admh\u00e1il Pheadair againn anseo, is d\u00f3cha gur athleagan \u00e9 ar admhail bhunaidh Pheadair ag C\u00e9asar\u00e9, athleagan a rinneadh tar \u00e9is ais\u00e9iri Chriost.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; S\u00edom\u00f3n Bari\u00f3na (Mac Iona) ainm d\u00edlis Pheadar. D\u2019athraigh \u00cdosa sin anois go C\u00e9afas, an focal Airimise ar charraig, Petrus sa Gh\u00e9igis agus sa Laidin, Peadar sa Ghaeilge. Tugtar an t-ainm Airimise sin ar Pheader c\u00fapla uair sa Tiomna Nua (Eoin 1:42; 1 Corantaigh 1:12; Galataigh 1:18). Tugadh C\u00e9afas, Peadar, carraig, air mar bh\u00ed \u00cdosa lena thoghadh mar bunsraith d\u00e1 eaglais. Ar nd\u00f3igh is \u00e9 Cr\u00edost f\u00e9in an t-aon bunsraith san eaglais, ach bh\u00ed \u00e1it faoi leith le bheith ag Peadar, agus an gheall\u00faint ann \u00f3 \u00cdosa nach mbeidh ar chumas an diabhail (\u201cgeata\u00ed ifrinn\u201d), n\u00e1 f\u00f3rsa\u00ed an oilc, an bua a fh\u00e1il ar an eaglais, agus an chumhacht ag Peadar breithi\u00fanais (\u201cceangal\u201d agus \u201cscaoileadh\u201d) \u00e1irithe a thabhairt, cumhacht a thugtar do na haspail go l\u00e9ir n\u00edos d\u00e9anai (Matha 18:18), mar ar tugadh an chumhacht d\u00f3ibh Domhnach C\u00e1sca peacai a mhaitheamh (Eoin 20:24). T\u00e9ann an gradam seo a tugadh do Pheadar leis an c\u00faram a tugadh d\u00f3 tar \u00e9is an ais\u00e9ir\u00ed aire a thabhairt do chaoireacha agus uain \u00cdosa.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>:<\/li>\n<\/ol>\n<p><strong>Machnamh ar an Dara L\u00e9acht: <\/strong><em>N\u00ed m\u00f3r maireacht\u00e1il le r\u00fandiamhair D\u00e9.<\/em><\/p>\n<p>Ceacht amh\u00e1in at\u00e1 le baint as an Dara L\u00e9acht inniu, ina bhfuil P\u00f3l ag caint leis na R\u00f3mh\u00e1naigh, n\u00e1 nach m\u00f3r maireacht\u00e1il le r\u00fandiamhair D\u00e9. N\u00ed h\u00e9 gur r\u00fandiamhair ghlan, amach is amach, \u00e9 Dia. A mhalairt ar fad is f\u00edor. Mar a deir Eoin sa Cheathr\u00fa Soisc\u00e9al: N\u00ed fhaca aon duine riamh Dia, ach d\u2019fhoilsigh \u00cdosa, a aonghin, d\u00fainn \u00e9. Agus rinne Dia sin go l\u00e9ir le teann gr\u00e1. Bh\u00ed gr\u00e1 sin D\u00e9 don domhan l\u00e9irithe i mb\u00e1s a mhic \u00cdosa ar an gcrois. Bh\u00ed sin go l\u00e9ir ar eolas do Ph\u00f3l Aspal, agus ba chuid l\u00e1rnach d\u00e1 shoisc\u00e9al \u00e9, agus l\u00e1rnach do shoisc\u00e9al na hEaglaise trid na haoisenna. Ach n\u00ed hionann sin agus a r\u00e1 go bhfuil beith, n\u00e1d\u00far inmhe\u00e1nach, D\u00e9 \u00eddithe ansin. Fanann Dia f\u00f3s infinideach, mar a deir P\u00f3l sa l\u00e9acht ch\u00e9anna. Tugtar sin chun cuimhne d\u00fainn ar uairibh mar a tugadh do Ph\u00f3l.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Gn\u00e9 eile de r\u00fandiamhair seo D\u00e9 n\u00e1 naofacht D\u00e9. T\u00e1 br\u00edonna \u00e9ags\u00fala ag gabh\u00e1il le naofacht D\u00e9 sa Bh\u00edobla agus taobh amuigh de. Ionann an naofacht seo ar uairibh agus Dia dealaithe amach \u00f3n domhan seo, Neach diaga a spreagann uamhan. Bh\u00ed, agus beidh i gc\u00f3na\u00ed, iarracht de seo i siceola\u00edocht na gcreidmheach, deighilt idir mhinistr\u00ed creidimh agus tuata\u00ed, l\u00e1mhainn\u00ed i l\u00e1mha tuata\u00ed i dteagmh\u00e1il uirlis\u00ed coiscriche d\u00f3ibh. N\u00ed h\u00e9 gur measaide n\u00f3 gur fearraide a gcreideamh Cr\u00edosta\u00ed d\u00e1 bharr. Bheadh sin le meas \u00f3n d\u00e1 aithne: gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 an chomharsa,<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong>Machnamh ar an Soisc\u00e9al: <\/strong>F\u00e9ic a bhfuil scr\u00edofa faoi sa Mhachnamh do i Shol\u00fantas Pheadair agus Ph\u00f3il 29 Meitheamh<em>: \u201cPeadar agus P\u00f3l: Dh\u00e1 eite den chreideamh c\u00e9anna\u201d.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>27 L\u00fanasa 2017 (A) An tAon\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-546","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/546","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=546"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/546\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=546"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=546"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=546"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}