{"id":554,"date":"2017-09-22T07:12:53","date_gmt":"2017-09-22T07:12:53","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=554"},"modified":"2017-09-22T07:12:53","modified_gmt":"2017-09-22T07:12:53","slug":"24-mean-fomhair-2017-a-an-cuigiu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=554","title":{"rendered":"24 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2017 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>24 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2017 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Aghaidh ar an dtodhcha\u00ed le f\u00eds agus freagra. <\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 55:6-9). <em>N\u00ed hiad bhur smaointe mo smaointese. <\/em><\/p>\n<p>Go hiondual feictear ar chaibideal seo de Leabhar \u00cdse\u00e1ia mar an caibideal deiridh de chnuasach den Dara \u00cdse\u00e1ia, ina chuirtear cr\u00edoch le f\u00eds mh\u00f3r an fh\u00e1idh seo do phobal Iosrael sa deora\u00edocht faoi r\u00e9 ghl\u00f3rmhar a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00f3ibh ina dt\u00edr dh\u00fachais. Ach n\u00ed leor an fh\u00eds i gc\u00farsa\u00ed creidimh, faoi mar nach leor i gc\u00farsa\u00ed poilit\u00edochta. N\u00ed fol\u00e1ir comhoibri\u00fa an phobail, agus i gc\u00farsa\u00ed caidrimh le Dia an aithr\u00ed chu\u00ed. I dt\u00fas an chaibidil seo tugann Dia cuireadh d\u00e1 phobal, mar a rinne an Eagna roimhe sin, teacht chuig Dia le bia agus deoch f\u00f3nta a fh\u00e1il saor in aisce. L\u00e9adh an t\u00e9acs sin san Aifreann don Ocht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor agus t\u00e1 m\u00edni\u00fa simpl\u00ed tugtha leis sa su\u00edomh don l\u00e1 sin. Leanann l\u00e9acht an lae inniu ar aghaidh leis an teachtaireacht sin. I bhf\u00eds \u00cdse\u00e1ia t\u00e1 cruth\u00fa nua, saol nua, ina aigne ag Dia, ach n\u00ed m\u00f3r cro\u00ed glan le Dia agus a shl\u00edte a aimsi\u00fa agus a thuiscint. As sin tuigtear an cuireadh don aithr\u00ed sa l\u00e9acht seo, le filleadh ar Dhia agus ar a mhaithi\u00fanas gan teora. Leagtar an bh\u00e9im ar\u00eds anseo ar an r\u00fandiamhair at\u00e1 i gceist i bplean seo D\u00e9 d\u00e1 phobal, agus don domhan, agus ina fheidhmi\u00fa. N\u00ed ionann smaointe (B\u00edobla Mhaigh Nuad agus an leicsean\u00e1r \u201cbearta\u201d) an phobail agus smaointe agus plean D\u00e9 d\u00f3ibh n\u00e1 na sl\u00edte (beala\u00ed) a ghabhann siad agus sl\u00edte D\u00e9. T\u00e1 difr\u00edocht an talaimh agus na sp\u00e9artha eatorthu. N\u00ed m\u00f3r an creideamh agus an aithr\u00ed le sin a thuiscint.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 144[145]). <em>Is gairid an Tiarna d\u00e1 ngaireann air<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 1:20-24, 27). <em>Domsa is ionann bheith beo agus Cr\u00edost.<\/em><\/p>\n<p>I liot\u00fairge an Domhnaigh seo caite bh\u00ed cr\u00edoch curtha againn leis na sleachta as an litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh. Innu cuirtear t\u00fas le l\u00e9amh sleachta as Litir Ph\u00f3il chuig na Filipigh, l\u00e9amh as an litir seo a leanfaidh ar aghaidh ar feadh ceithre Dhomhnach. Coil\u00edneacht R\u00f3mh\u00e1nach a bh\u00ed i gcathair Filipi. Thug P\u00f3l cuairt uirthi sa bhliain 49 n\u00f3 50, agus bh\u00ed air a l\u00e1n a fhulaingt \u00f3 ghi\u00fasta\u00eds\u00ed agus p\u00f3il\u00edn\u00ed na cathrach. Ach bhunaigh s\u00e9 an eaglais ann agus d\u2019fh\u00e1s b\u00e1idh faoi leith idir \u00e9 agus an eaglais sin. Ba uathu amh\u00e1in a ghacfadh s\u00e9 s\u00ednti\u00fas airgid leis f\u00e9in a choth\u00fa. Scr\u00edobh s\u00e9 an litir seo chucu le linn d\u00f3 bheith i bprios\u00fan, san Eifeasas is d\u00f3cha, ar son an tsoisc\u00e9il, agus gan a fhios aige an \u00e9 an b\u00e1s n\u00f3 scaoileadh saor a bh\u00ed i nd\u00e1n d\u00f3. I sl\u00ed ba chuma leis. Seirbh\u00eds do Dhia a bheadh ina bh\u00e1s n\u00f3 ina bheatha. Ba bhre\u00e1 leis an b\u00e1s, chun bheith in \u00e9ineacht le Cr\u00edost, ach ar an dtaobh eile den sc\u00e9al ba chabhair d\u00e1 chuid eaglais\u00ed, agus Filipi ach go h\u00e1irithe, \u00e9 bheith beo. F\u00e1gann sin idir dh\u00e1 chomhairle \u00e9. Cr\u00edochna\u00edonn an l\u00e9acht le comhairle uaidh don eaglais bheith d\u00edlis do bheatha de r\u00e9ir an tsoisc\u00e9il, Dea-Sc\u00e9al Chr\u00edost,<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 20:1-16). <em>An ea go bhfuil do sh\u00failse \u00e9admhar de bhr\u00ed go bhfuil\u00edm f\u00e9in maith? <\/em><\/p>\n<p>Parabal soil\u00e9ir agus \u00e9asca le tuiscint \u00e9 seo, ach ceann \u00f3 \u00cdosa le gn\u00e9 de r\u00edocht D\u00e9 a shoil\u00e9iri\u00fa. Parabal faoi fhear t\u00ed agus fh\u00edonghort an parabal. Sealbh\u00f3ir t\u00ed ab ea fear t\u00ed, ach sa ch\u00e1s seo sealbh\u00f3ir f\u00edonghoirt. T\u00e9ann s\u00e9 amach go luath ar maidin, thart ar a s\u00e9 roimh n\u00f3in abair, le lucht oibre a fhost\u00fa. R\u00e9it\u00edonn s\u00e9 an gn\u00e1th-ph\u00e1 lae leo, sin le r\u00e1 d\u00e9anar. N\u00edl aon chonradh oibre buan acu. T\u00e9ann s\u00e9 amach ar\u00eds ar a naoi roimh n\u00f3in, ag me\u00e1n lae, ar a tr\u00ed iar-n\u00f3in agus thart ar a ch\u00faig iar-n\u00f3in (i gc\u00f3ras an ama sin ag an tr\u00ed\u00fa, s\u00e9\u00fa, nao\u00fa agus an aon\u00fa uair d\u00e9ag), chonaic daoine d\u00edfhostaithe agus chuir isteach ina fh\u00edonghort iad, ag geall\u00faint an p\u00e1 ceart d\u00f3ibh. Thug s\u00e9 d\u00e9anar an duine d\u00f3ibh uile, rud a spreag monabhar \u00f3n dream a bh\u00ed ag obair \u00f3 th\u00fas maidine. Is \u00e9 freagra \u00cdosa buaic phointe an pharabail. N\u00edor rinne an fear t\u00ed aon \u00e9ag\u00f3ir. A fhlaithi\u00falacht f\u00e9in a bh\u00ed i gceist. Maidir le parabal faoi r\u00edocht D\u00e9, is \u00ed teachtaireacht an pharabail n\u00e1 nach gn\u00f3tha\u00edotar r\u00edocht D\u00e9 mar luach saothair. Bronntanas saor \u00f3 Dhia \u00ed.D\u00edr\u00edotar parabail \u00cdosa go minic ar, n\u00f3 i gcoinne, daoine n\u00f3 gr\u00fapa\u00ed \u00e1irithe. N\u00ed luaitear aon duine n\u00f3 gr\u00fapa maidir leis an parabal seo. D\u2019oirfeadh s\u00e9 do na Fairis\u00ednigh, b\u00edodh nach luaitear iad. Ach oireann s\u00e9 do gach aois, agus t\u00e9ann s\u00e9 go deas le teagasc Ph\u00f3il agus na Cr\u00edosta\u00edochta faoin fh\u00edr\u00e9antacht tr\u00ed creideamh gan gn\u00edomhartha an dl\u00ed.<\/p>\n<p>N\u00ed bheadh an parabal seo ag teacht le prionsabail cheardchumann an lae inniu, ach baineann s\u00e9 le saol eile, le sealbh\u00f3ir f\u00edonghoirt ar ghabh trua \u00e9 do dhaoine d\u00edfhostaithe, agus a thug do gach duine acu tuarastal lae. N\u00edl an parabal ag tabhairt prionsabail faoi eacnama\u00edocht ach ag l\u00e9iri\u00fa gn\u00e9 de r\u00edocht D\u00e9, agus ar thr\u00f3caire D\u00e9 do ch\u00e1ch.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Aghaidh ar an dtodhcha\u00ed le f\u00eds agus freagra. <\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh againn i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu faoi mar is c\u00f3ir d\u00fainn f\u00eds agus freagra uirthi a thabhairt le ch\u00e9ile agus sinn ag machnamh ar saol \u00e1r linne agus ag tabhairt aghaidh ar an mb\u00f3thar romhainn amach. Is \u00e9asca g\u00e9illeadh don chath\u00fa faoi smaointe teib\u00ed, mar shampla ag r\u00e1: d\u00e1 mbeadh spiorad ghl\u00fain a imigh romhainn againn, spiorad Vatac\u00e1in II agus mar sin de, an fh\u00eds a bh\u00ed ag an ghl\u00fain sin n\u00f3 ag an Chomhairle sin. T\u00e1 a fhios againn an freagra a thug an f\u00e1idh sa ch\u00e9ad l\u00e9acht ar a leith\u00e9id de cheist. T\u00e1 f\u00eds ann d\u00fainn i gc\u00f3na\u00ed agus is ag Dia, is \u00e9 Dia f\u00e9in, an fh\u00eds sin. Ach n\u00ed fi\u00fa tada f\u00eds gan comhoibri\u00fa daonna, mura nglactar leis uainne. N\u00e1 cailltear i smaointe teib\u00ed sinn.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud l\u00e1rnach do na l\u00e9achta\u00ed go l\u00e9ir inniu n\u00e1 go bhfuil Dia i l\u00e1thair linn, ach san am c\u00e9anna mar Dhia na Gl\u00f3ire, le f\u00eds l\u00e9irithe aige d\u00e1r dtodhcha\u00ed, agus \u00e9 d\u00e1r nglaoch is d\u00e1r ngairm freagra a thabhairt uirthi, agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i nd\u00e1n d\u00fainn le creideamh, le humhla\u00edocht agus le haithr\u00ed. Faoi mar a bh\u00ed ag P\u00f3l, is \u00e9 Cr\u00edost bun agus barr agus l\u00e1r ar mbeatha go l\u00e9ir mar Chr\u00edostaithe. N\u00ed m\u00f3r bheith daingean sa chreideamh sin. N\u00edor choir riamh dearmad a dh\u00e9anamh ar fh\u00eds an Dea-Sc\u00e9il i gcora\u00ed an tsaoil, f\u00eds nach r\u00e9it\u00edonn i gc\u00f3na\u00ed le feals\u00fanacht reatha. Glaoch saor \u00f3 Dhia an creideamh, a glactar leis go humhail, agus le haithr\u00ed mar gheall ar laig\u00ed daonna. Agus tugann an creidmheach aghaidh ar an r\u00e9 le teacht le l\u00e1n-dochas, mar is \u00e9 Dia a spreag an fh\u00eds ann c\u00e9aduair, agus t\u00e1 s\u00e9 linn le freagra cu\u00ed a thabhairt uirthi agus lena chur i ngn\u00edomh.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>24 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2017 (A) An C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-554","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/554","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=554"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/554\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=554"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=554"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=554"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}