{"id":557,"date":"2017-10-03T07:03:32","date_gmt":"2017-10-03T07:03:32","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=557"},"modified":"2017-10-03T07:03:32","modified_gmt":"2017-10-03T07:03:32","slug":"8-deireadh-fomhair-2017-a-an-seachtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=557","title":{"rendered":"8 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>8 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>\u201cB\u00edodh bhur n-aire ar an rud uasal\u201d.<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 5:1-7). <em>F\u00edonghort Thiarna na Slua, is \u00e9 teaghlach Iosrael \u00e9.<\/em> Duan gr\u00e1 a bhi sa t\u00e9acs seo i dtosach, ar rinneadh parabal de. Ba \u00e9 Iosrael f\u00edonghort D\u00e9, a raibh gr\u00e1 thar chuimse ag Dia d\u00f3. Is \u00e9 Dia an cara ar leis an f\u00edonghort agus a thug aire thar an ghn\u00e1th d\u00f3, ag cur togha na fini\u00fana ann, agus a th\u00f3g, fi\u00fa, t\u00far ina l\u00e1r, t\u00far faire le naimhde, beith\u00edgh agus eile, a choime\u00e1d amach as. Thochail s\u00e9 cantaoir ann chun an toradh \u00f3n fh\u00edonghort a mheas. Bh\u00ed s\u00e9 ag s\u00fail le caora fini\u00fana f\u00f3nta. Ach a mhalairt a bh\u00ed aige, fia-chaora. Ansin cuireann Dia, n\u00f3 an f\u00e1idh-file, ceist ar Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada faoi cad a dh\u00e9anamh leis an bhf\u00edonghort, agus tugann freagra ar a cheist f\u00e9in. D\u00e9anfaidh s\u00e9 \u00e9 a scrios, an cla\u00ed a bhaint as, an balla a leagan, le go mbeadh sceacha agus driseacha ag f\u00e1s air. D\u00edreach ina dhiaidh sin cuirtear in i\u00fal ar\u00eds gurb \u00e9 teaghlach Iosrael f\u00edonghort Thiarna na Slua. Is iad a phlanda muirneach. Cuireann an f\u00e1idh agus file \u00cdse\u00e1ia, a bhfuil m\u00e1istreacht aige ar theanga na fil\u00edochta as Eabhrais, cr\u00edoch leis an mh\u00edr seo le r\u00e1iteas l\u00e1idir ina bhfuil imirt focal, a dtugann Breand\u00e1n \u00d3 Doibhlin aire chu\u00ed d\u00f3ibh sa leagan Gaeilge: \u201cBh\u00ed m\u00e9 ag dr\u00e9im le riar ceart (Eabhrais: <em>mispat<\/em>) agus seo fuilbheart (Eabhrais: <em>miospach), <\/em>le f\u00edr\u00e9antacht (<em>sedaqah<\/em>), agus seo caoi l\u00e9anmhar (<em>saaqah<\/em>).<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 79[80]). <em>F\u00edonghort an Tiarna, is \u00e9 teaghach Iosrael \u00e9.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 4:6-9). <em>Beidh Dia na s\u00edoch\u00e1na faraibh. <\/em>L\u00e9acht \u00e1lainn \u00ed seo, ina thosa\u00edonn P\u00f3l le moladh don eaglais is gean leis bheith faoi sh\u00edoch\u00e1in, s\u00edoch\u00e1in D\u00e9 at\u00e1 os cionn gach tuisceana ag gard\u00e1il a gcro\u00edthe, gan a bheith imn\u00edoch faoi rud ar bith, ach ag gu\u00ed chun D\u00e9 faoi aon rud a bheadh in easnamh orthu. Rud m\u00f3r do Ph\u00f3l an ts\u00edoch\u00e1in aigne agus chro\u00ed i gc\u00farsa\u00ed creidimh, mar ar scr\u00edobh s\u00e9 chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh (15:13): \u201cGo nd\u00e9ana Dia an d\u00f3chais sibh a l\u00edonadh den \u00e1thas agus den ts\u00edoch\u00e1in uile sa chreideamh ar shl\u00ed go mbeadh raidhse den d\u00f3chas agaibh tr\u00ed chumhacht an Spioraid Naoimh\u201d. Ansin mar fhocal scoir tugann s\u00e9 moladh l\u00e1idir d\u00f3ibh raidhse de shu\u00e1ilci dearfacha a bheith acu, an rud meas\u00fail, creidi\u00fanach, su\u00e1ilceach, inmholta, na tr\u00e9ithe a bheadh meas ag an bpobal neamh-Chr\u00edosta\u00ed orthu. Ni chuireann an creideamh sa saol eile as don chreidmheach luachanna an tsaoil seo agus a chult\u00far a shaothr\u00fa. Sin an teagasc a thug P\u00f3l d\u00e1 eaglais\u00ed, teagasc \u00f3 Dhia na s\u00edoch\u00e1na.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 21:33). <em>Cuirfidh s\u00e9 an f\u00edonghort ar c\u00edos chun curad\u00f3ir\u00ed eile. <\/em>Leanann an l\u00e9acht seo an ceann a bh\u00ed again i soisc\u00e9al an Domhnaigh seo caite. Iontu araon tugann \u00cdosa rabhadh do uachtar\u00e1in na sagart agus do shean\u00f3r\u00ed an phobail, agus tr\u00edothu do Iosrael, an babhta seo i bhfoirm parabail. Is parabal faoi fh\u00edonghort \u00e9 a bheadh bunaithe ar an ceann i Leabhar \u00cdse\u00e1ia a bh\u00ed againn mar ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu. Parabal faoi \u00fain\u00e9ir tal\u00fan (\u201cfear t\u00ed\u201d) a rinne f\u00edonghort a phland\u00e1il agus a chuir ar c\u00edos \u00e9 do thion\u00f3nta\u00ed (\u201ccurad\u00f3ir\u00ed\u201d) le go mbeadh toradh aige as, i s\u00e9as\u00far na dtortha\u00ed. Thug na tion\u00f3nta\u00ed droch\u00edde ar na seirbh\u00edsigh a chuir s\u00e9 chucu faoi dh\u00f3 lena chuid a fh\u00e1il. Ansin chuir s\u00e9 chucu a mhac, oidhre ar an bhf\u00edonghort. Chaitheadar amach as an bhf\u00edonghort \u00e9 agus mhara\u00edodar \u00e9. Nuair a chuir \u00cdosa an cheist faoi cad a dh\u00e9anfadh m\u00e1istir an fh\u00edonghoirt leis na tion\u00f3nta\u00ed, d\u2019fhreagair siad go mb\u00e9arfadh s\u00e9 droch\u00edde orthu, go gcuirfeadh s\u00e9 an f\u00edonghort ar c\u00edos do thion\u00f3nta\u00ed a bh\u00e9arfadh na tortha\u00ed ina s\u00e9as\u00far f\u00e9in. Mheasfadh duine n\u00e1r rinneadar aon cheangal idir an bparabal agus t\u00e9acs \u00cdse\u00e1ia. N\u00ed dh\u00e9anann \u00cdosa tagairt d\u00f3, ach oiread, ach luann s\u00e9 t\u00e9acs as Salm 117(118):22-23 ar bhaineadh \u00fas\u00e1id f\u00f3irleathan as sa ch\u00e9adeaglais. \u00cdosa f\u00e9in an chloch d\u00e1r dhi\u00faltaigh na saoir (sa ch\u00e1s seo uachtar\u00e1in na sagart agus na sean\u00f3ir\u00ed), agus ar rinneadh di ceann an ch\u00fainne san ais\u00e9iri. D\u00e9anann Matha soil\u00e9ir an t\u00e1tall a bh\u00ed le baint as briathra sin \u00cdosa: r\u00edocht D\u00e9 le baint de phobal Iosrael agus le tabhairt do phobal a bh\u00e9arfaidh uathu a toradh, an toradh is dual do r\u00edocht D\u00e9. An eaglais, lucht an chreidimh i gCr\u00edost, at\u00e1 i gceist, is d\u00f3cha. Mar is gn\u00e1th le Matha, t\u00e1 b\u00e9im curtha ar thoradh a thabhairt, le dea-oibreacha.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>\u201cB\u00edodh bhur n-aire ar an rud uasal\u201d.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Tugann an m\u00e9id adeir Naomh P\u00f3l chuig na Filipigh sa sliocht d\u00e1 litir a l\u00e9adh inniu \u00e1bhar machnaimh d\u00fainn maidir le caidreamh na hEaglaise le saol an lae inniu. Go minic ma\u00edtear go gcuireann creideamh sa saol eile, agus sin le bheith mar pr\u00edomhch\u00faram acu, as do chreidmhigh aire ceart a thabhairt do ch\u00farsa\u00ed an tsaoil seo n\u00f3 meas ceart a bheith acu ar uaisleacht an duine dhaonna n\u00f3 tuisicint do ch\u00farsai cult\u00fair. Ba cheart gur leor adeir P\u00f3l mar fhreagra ar a leith\u00e9id de l\u00edomhaint. N\u00ed de thaisme briathra sin Ph\u00f3il. Ba chuid den teagasc a mh\u00fain s\u00e9 a bh\u00ed ann, deir s\u00e9 f\u00e9in. \u00d3 thaobh na su\u00e1ilce Cr\u00edosta\u00ed agus na beatha i gCr\u00edost de, is eol go maith don Eaglais agus d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann ann briathra Chr\u00edost: \u201cB\u00edg\u00ed foirfe faoi mar at\u00e1 bhur nAthair neamha\u00ed foirfe\u201d. N\u00edl teora leis an ghlaoch chun foirfeachta. Agus sin madir leis na c\u00farsa\u00ed a bhaineann le freagra ar theagasc an tSoisc\u00e9il.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach is ionann, i sl\u00ed, maidir le c\u00farsa\u00ed na beatha daonna, mar a mheabhra\u00edonn P\u00f3l d\u00fainn sa dara l\u00e9acht inniu, \u201cmar fhocal scoir\u201d uaidh: \u00e1r n-aire a bheith ar an rud uasal, ar an rud cir, ar an rud naofa, ar an rud meas\u00fail, ar an rud creidi\u00fanach, ar an rud at\u00e1 su\u00e1ilceach inmholta. Ar \u00e9igin go bhf\u00e9adfadh fealsamh mor\u00e1lta \u00e9 a chur n\u00edos fearr. Is dual don chreidmheach sp\u00e9is a chur i ngach gn\u00e9 den sa\u00edocht daonna \u2013 litr\u00edocht, eala\u00edon, agus eile.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<p><strong>&nbsp;<\/strong><\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>8 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-557","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/557","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=557"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/557\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=557"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=557"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=557"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}