{"id":559,"date":"2017-10-10T16:55:40","date_gmt":"2017-10-10T16:55:40","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=559"},"modified":"2017-10-10T16:55:40","modified_gmt":"2017-10-10T16:55:40","slug":"15-deireadh-fomhair-2017-a-an-ochtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=559","title":{"rendered":"15 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>15 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>F\u00e1ilte roimh ch\u00e1ch san eaglais, ach n\u00ed m\u00f3r aithr\u00ed sna peaca\u00ed.<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 25:6-10). <em>Ullmh\u00f3idh an Tiarna c\u00f3isir, agus triom\u00f3idh s\u00e9 na deora \u00f3 na haghaidheanna go l\u00e9ir. <\/em>Sa leabhar ar a dtugaimidne Leabhar \u00cdse\u00e1ia air t\u00e1 f\u00e1istin\u00ed agus baili\u00fach\u00e1in \u00e9ags\u00fala de fh\u00e1istin\u00ed. Ceann d\u00edobh sin an baili\u00fachan sna caibidil 24-27 ar a dtugtar de ghn\u00e1th \u201cApacailipsis \u00cdse\u00e1ia\u201d, toisc go dt\u00e9ann a bhfuil iontu thar ch\u00farsa\u00ed reatha go heachtra\u00ed deiridh an tsaoil agus go bua agus breithi\u00fanas deiridh D\u00e9. Idir an chur s\u00edos ar eachtra\u00ed t\u00e1 achain\u00ed agus sailm mholta D\u00e9 le f\u00e1il ann. N\u00edl an teideal Apacailipsis beacht ar fad, ach t\u00e1 gn\u00e9ithe den se\u00e1nra seo litr\u00edochta le f\u00e1il ann, a bheadh com\u00f3nta n\u00edos d\u00e9anai i Leabhar Dain\u00e9il, Zachairias 9-14, Leabhar apacraf\u00fail Eineoc, agus Apacailipsis Eoin sa Tiomna Nua. Meastar nach f\u00e9idir le Apacailipsis \u00cdse\u00e1ia bheith n\u00edos sine n\u00e1 an c\u00faigi\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur thug briathar D\u00e9 sna m\u00edreanna \u00e9ags\u00fala den bhaili\u00fach\u00e1n seo treoir agus uchtach do phobal Iosrael sa tr\u00e9imhse iar-dheora\u00edochta.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sna m\u00edreanna d\u00edreach roimh cheann an lae inniu cuirtear s\u00edos ar threascairt an domhain tr\u00ed neart D\u00e9, agus ansin ar fhoilsi\u00fa D\u00e9, Tiarna na Slua, mar r\u00ed ar Chnoc S\u00ed\u00f3n tar \u00e9is d\u00f3 a naimhde, sluaite na sp\u00e9ire sa sp\u00e9ir, agus r\u00edthe na tal\u00fan ar talamh, a chlo\u00ed. Ansin beidh Tiarna na Slua mar r\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im, agus foilseofar a ghl\u00f3ir i l\u00e1thair a shean\u00f3ir\u00ed. Ina dhiaidh sin leanann iomann mholta De de bharr na n-\u00e9achta\u00ed a rinne s\u00e9. I bhfriotal apacailipteach deirtear gur leag s\u00e9 cathracha m\u00f3rch\u00faiseacha, danartha, nach luaitear a n-ainmneacha, agus gur tearmann Dia f\u00e9in don dear\u00f3il, d\u00eddean \u00f3n stoirm agus sc\u00e1th \u00f3n teas.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina dhiadh sin leanann sliocht an lae inniu, f\u00f3s i bhfriotal apacailipteach. T\u00e1 Dia le r\u00e9 nua a thabhairt isteach don domhan m\u00f3r. T\u00e1 s\u00e9 le f\u00e9ile, f\u00e9asta, fle\u00e1, c\u00f3isir, a ullmh\u00fa, le togha gach bia agus rogha gach d\u00ed, c\u00f3isir de fheoil shaillte, agus de rogha na bhf\u00edonta. Agus sin le haghaidh na gcin\u00edocha go l\u00e9ir.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag lean\u00faint leis an bhfriotal apacailipteach, samhla\u00edotar na cin\u00edocha uile bheith marbh, ar Chnoc S\u00ed\u00f3n (\u201car an sliabh seo\u201d), iad cl\u00fadaithe le brat na marbh, faoi chaille, fial, an bhr\u00f3in agus t\u00e1 eisl\u00e9ine (taisl\u00e9ine) \u00e1 bhfolach. T\u00e1 an bua ag an mbas ar na cin\u00edocha, na n\u00e1isi\u00fain, uile. Ach is \u00e9 namhaid D\u00e9 an B\u00e1s agus t\u00e1 Dia leis an B\u00e1s a chur ar ceal go deo, agus na deora a th\u00e9ann leis a thriomadh. T\u00f3gfaidh s\u00e9 an tarcuisne, an mille\u00e1n, d\u00e1 phobal Iosrael agus den domhan uile. N\u00ed deirtear linn c\u00e9rb \u00e9 an tarcuisne n\u00f3 mille\u00e1n sin, ach sa r\u00e9 nua seo beidh deireadh leis. Cuirtear seo go l\u00e9ir i l\u00e1thair mar bhriathar D\u00e9. \u201cIs \u00e9 an Tiarna a d\u00fairt\u201d.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leanann gairdeas an phobail ar an bhf\u00eds sin. Is leis seo go l\u00e9ir a bhiodar ag dr\u00e9im, agus feictear l\u00e1mh an Tiarna ag lonn\u00fa ar Chnoc S\u00ed\u00f3n, \u201can Sliabh seo\u201d.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00edl aon tagairt don Meisias sa t\u00e9acs seo, mar is dual do th\u00e9acs \u00f3n ch\u00faigi\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost. Ach is faoi r\u00edocht D\u00e9 \u00e9, agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed i measc na nGi\u00fadach dearcadh air bheith ag tagairt don Mheisias, agus mar ch\u00f3isir an Mheisias. Agus is mar sin at\u00e1 s\u00e9 mar ch\u00falra do shoisc\u00e9al an lae inniu<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 22[23]). <em>I dteach an Tiarna a mhairfidh m\u00e9 go br\u00e1ch na breithe.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Filipigh 4:12-14, 19-20). <em>T\u00e1im in ann gach n\u00ed a dh\u00e9anamh le cabhair an T\u00e9 \u00fad a bheir neart dom.<\/em> Sa l\u00e9acht ghairid seo f\u00e1gann P\u00f3l sl\u00e1n ag pobal eaglais Filipi, an t-aon eaglais amh\u00e1in ar ghlac s\u00e9 cabhair uathu, cabhair a thugadar go fial. Ach bh\u00ed P\u00f3l r\u00e9idh do aon riachtanas a chuirfeadh a shaothar misin\u00e9ireachta air, ar an gcaolchuid agus ar an bhfl\u00fairse, ag braith go hioml\u00e1n ar Dhia, a thug neart d\u00f3. Cuireann s\u00e9 cr\u00edoch lena litir chucu le briathra ag moladh D\u00e9.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 22:1-14). <em>Cib\u00e9 daoine a chasfar oraibh, tugaig\u00ed cuireadh chun na bainise d\u00f3ibh. <\/em>T\u00e1 an ch\u00f3isir mheisiasach ar a raibh cur s\u00edos sa ch\u00e9ad l\u00e9acht mar ch\u00falra don l\u00e9acht seo as an soisc\u00e9al. Ba ghn\u00e1th do Ghi\u00fadaigh labhairt ar Dhia mar r\u00ed. T\u00e1 an parabal seo d\u00edrithe ar na pr\u00edomhshagairt agus ar shean\u00f3ir\u00ed an phobail, ag tabhairt rabhadh d\u00f3ibh ar\u00eds go bhfuil a n-oidhreacht mar phobal D\u00e9 i mbaol. Bheadh \u00edomh\u00e1nna an pharabail soil\u00e9ir go leor d\u00f3ibh: r\u00ed, bainis d\u00e1 mhac, Dia agus an bhainis, an ch\u00f3isir, mheisiasach. Bh\u00ed an bhainis f\u00f3gartha cheana agus an glaoch chuici tugtha anois. Tugadh an t-eiteachas don ch\u00e9ad ghlaoch agus don dara glaoch. Measann scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe gurb tr\u00edd an f\u00e1ithe a tugadh an ch\u00e9ad ghlaoch agus tr\u00edd an haspail an dara ceann. Tugadh droch\u00edde do na seirbh\u00edsigh a thug an dara glaoch; thugadar masla, easmailt, d\u00f3ibh agus mhara\u00edodar iad. Deir Matha gur th\u00e1inig fearg ar an r\u00ed, gur chuir s\u00e9 a shaighdiuiri amach agus gur loisceadar a gcathair. Is d\u00f3cha gur tagairt do threascairt Iar\u00fasail\u00e9im, ag na R\u00f3mh\u00e1naigh, sa bhliain 70 at\u00e1 anseo, curtha isteach sa pharabal nios d\u00e9ana\u00ed ag Matha f\u00e9in. Toisc n\u00e1r ghlacadar si\u00fad (na Gi\u00fadaigh) a fuair an cuireadh leis, ar ord\u00fa an r\u00ed tugadh isteach olc agus maith \u00f3 na b\u00f3ithre go raibh halla na bainise l\u00e1n de chuideachta. Neamh-Ghi\u00fadaigh at\u00e1 i gceist, peacaigh agus eile. Sin bunbhr\u00ed an pharabail, agus is anseo a chr\u00edochnaigh s\u00e9, is d\u00f3cha, i dtosach, agus is mar sin at\u00e1 s\u00e9 i shoisc\u00e9al L\u00fac\u00e1s.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh\u00ed sin ceart go leor sa mh\u00e9id is a bhain s\u00e9 le rabhadh faoi dhi\u00falt\u00fa don chuireadh chun na bainise, c\u00f3isir an Mheisias. Ach anois ba \u00ed an ch\u00f3isir sin n\u00e1 an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed, an eaglais, a raibh glaoch chuig peacaigh agus eile isteach ann, agus ina mbeidh measc\u00e1n den olc agus den mhaith i gc\u00f3na\u00ed. Ach n\u00ed m\u00f3r an naofacht san eaglais, agus an aithr\u00ed do na peacaigh. Agus is mar sin a chuireann an soisc\u00e9ala\u00ed Matha aguis\u00edn, t\u00f3gtha as parabal eile, b\u2019fh\u00e9idir, leis an mbunpharabal. Tagann an r\u00ed, a thug an cuireadh agus an glaoch chun na bainise c\u00e9aduair, isteach ag f\u00e9achaint ar chuideachta na bainise, an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed anois, agus f\u00e9achann s\u00e9 duine gan \u00e9adach bainise, is \u00e9 sin le r\u00e1 gan beatha de r\u00e9ir mar a oireann do bhainis a Mhic, beatha de reir an tsoisc\u00e9il, le dea-oibreacha. T\u00e1 an f\u00f3cas anois ar an mbreithi\u00fanas deiridh, agus an breith dheiridh. N\u00edl an foirceann seo ag teacht le pr\u00edomh-theachtaireacht an pharabail bhunaidh, ach oireann s\u00e9 lena l\u00e9amh san eaglais \u00f3 th\u00fas agus f\u00f3s.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>F\u00e1ilte roimh ch\u00e1ch san eaglais, ach n\u00ed m\u00f3r aithr\u00ed sna peaca\u00ed.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Is geal leis an Eaglais a fh\u00f3gairt gur eaglais oscailte \u00ed, ar oscailt do gach aoinne, is cuma faoi chine n\u00f3 st\u00e1das soisialta, le trua agus tuiscint d\u00f3ibh siud at\u00e1 bocht n\u00f3 ar an imeall. F\u00f3gra\u00edotar sin ar uairibh \u00f3 na halt\u00f3ir\u00ed. Ach an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 sa saol agus san Eaglais daoine agus bu\u00edonta nach motha\u00edonn go bhfeartar f\u00e1ilte rompu san Eaglais n\u00f3 nach ghlactar leis an staid ina bhfuil siad: daoine colscartha agus athph\u00f3sta a bhfuil bac orthu Comaoin Naofa a ghlacadh; h\u00f3maighn\u00e9asaigh ghn\u00edomhacha, daoine in gcumann aerach, n\u00f3 i bp\u00f3sadh aerach; daoine bainteach le gn\u00e9as r\u00e9amhph\u00f3sta; colscaradh, n\u00f3 fi\u00fa ginmhilleadh, agus a thuilleadh cleachta\u00ed f\u00f3s. Feictear ar chosc ar a leith\u00e9id\u00ed mar ualach trom, agus ar uairibh f\u00e9ictear orthu si\u00fad a dh\u00e9anann an cosc a chosaint mar na Fairist\u00ednigh agus scr\u00edobha\u00edthe ar chuir Cr\u00edost ina leith go gceangla\u00edonn siad suas uala\u00ed troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaill\u00ed daoine iad, ach n\u00ed ail leo f\u00e9in iad a bhogadh le barr m\u00e9ire.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 an cheist sin \u00e1 c\u00edoradh go domhain na laethanta seo ag \u00fadar\u00e1is na hEaglaise f\u00e9in. Is sean-cheist \u00ed a th\u00e9ann siar, b\u2019fh\u00e9idir, go laethanta an tsoisc\u00e9ala\u00ed Matha f\u00e9in, agus seans go bhf\u00e9adfadh soisc\u00e9al an lae inniu tuiscint n\u00edos fearr a thabhairt d\u00fainn ar an bhfadhb. T\u00e1 glaoch ag gach aoinne, peacaigh agus eile, chun na hEaglaise, agus n\u00ed m\u00f3r don Eaglais bheith ina teachtaire do thr\u00f3caire D\u00e9 don saol m\u00f3r agus d\u00e1 baill f\u00e9in. Thug \u00cdosa cuireadh do ch\u00e1ch teacht chuige le faoiseamh a fh\u00e1il, \u00e1 r\u00e1 go raibh a chuing so-iompair agus a ualach \u00e9adrom. Ach d\u00fairt s\u00e9 leis n\u00e1r mh\u00f3r d\u00e1 lucht lean\u00fana b\u00e1s a fh\u00e1il d\u00f3ibh f\u00e9in agus a chros a iompair. B\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed le Cr\u00edost dl\u00fathchuid den chreideamh a fh\u00e1g s\u00e9 againn.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le filleadh uaidh seo go dt\u00ed na ceisteanna at\u00e1 \u00e1 bpl\u00e9: N\u00ed m\u00f3r don Eaglais, sin le r\u00e1 d\u00fainn uile, bheith tuisceanach, tr\u00f3caireach, agus gan uala\u00ed do-iompair a chur ar ghuaill\u00ed daoine. Ach maidir leis na ceisteanna at\u00e1 ardaithe inniu, n\u00ed fol\u00e1ir don Eaglais ini\u00fachadh an chuid d\u00edlis den taisce, d\u00e1 teagasc do-athraithe, iad n\u00f3 an mbaineann siad le sean-teagasc de r\u00e9 at\u00e1 thart. B\u00edodh go raibh, go bhfuil, agus go mbeidh, peacaigh san Eaglais, glaotar orthu chun aithr\u00ed de sh\u00edor. Is l\u00f3chrann don saol m\u00f3r \u00ed an eaglais. Salann na tal\u00fan agus solas an domhain iad lucht lean\u00fana Chr\u00edost. An mbaineann na na h\u00e1bhair at\u00e1 faoi chaibideal le salann agus solas inniu, n\u00f3 le r\u00e9 at\u00e1 thart?<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed m\u00f3r f\u00e9achaint ar theagasc na hEaglaise mar theagasc Chr\u00edost. Is Cr\u00edost f\u00e9in at\u00e1 ag labhairt, Cr\u00edost ag tabhairt cuireadh chun faoisimh inniu mar a rinne fad\u00f3, le cuing so-iompair agus ualach \u00e9adrom, ach Cr\u00edost a d\u00fairt nach m\u00f3r d\u00e1 lucht lean\u00fana b\u00e1s a fh\u00e1il d\u00f3ibh f\u00e9in agus a chros a iompair. B\u00edmis ag gu\u00ed go dtiocfaidh aithne n\u00edos fearr ar Chriost agus eolas ar a chuing de bharr an chur agus an ch\u00faitimh seo go l\u00e9ir.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>15 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-559","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/559","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=559"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/559\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=559"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=559"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=559"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}