{"id":561,"date":"2017-10-18T14:18:06","date_gmt":"2017-10-18T14:18:06","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=561"},"modified":"2017-10-18T14:18:06","modified_gmt":"2017-10-18T14:18:06","slug":"22-deireadh-fomhair-2017-a-an-naou-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=561","title":{"rendered":"22 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>22 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Misean na hEagaise len\u00e1r linn fein<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 45:1,4-6). <em>Rug m\u00e9 ar a l\u00e1mh dheas ar Curus chun na cin\u00edocha a leagan ina fhianaise.<\/em> Cuid den bhaili\u00fachan ar a dtugtar an Dara \u00cdse\u00e1ia an t\u00e9acs seo, a bhfuil f\u00e1istin\u00ed agus eile d\u00edrith ar dheoraithe na nGi\u00fadach sa Bhaileal\u00f3in thart ar bhlianta deiridh na deora\u00edochta sin, 550 go 540 roimh Chr\u00edost. \u00d3 thart ar an mbliain 550 r. Ch. don t\u00e9acs \u00e1irithe seo is d\u00f3cha. Rud nach gn\u00e1thach i dt\u00e9acs \u00f3 na f\u00e1ithe sa t\u00e9acs seo n\u00e1 go luaitear ainm pearsanta duine ann, sin le r\u00e1 Curus. Bunaitheoir r\u00edocht na Peirse ab ea Curus. Ainm Peirseach \u00e9 agus \u201caoire\u201d is br\u00ed leis. Rug Curus bua ar r\u00edocht na M\u00e9ide i 559 r. Ch. agus rinne a choncas ar r\u00ed Croesus Lidia sa bhliain 547 iomr\u00e1iteach \u00e9, agus thug an \u00c1ise Bheag faoina r\u00e9im. Ina dhiaidh sin sa bhlain 546 d\u2019iompagh a aire ar an Bhaibeal\u00f3in. Bheadh eolas maith ar a chuid choncas i measc na nGi\u00fadach sa deora\u00edocht. Sa bhlain 539 gh\u00e9ill an Bheabal\u00f3in go sioch\u00e1nta d\u00f3, agus sa bhliain 538 d\u2019eisigh Curus for\u00f3gra ag tabhairt cead do na Gi\u00fadaigh filleadh abhaile agus an teampall a th\u00f3gail.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Pag\u00e1nach a bh\u00ed i Curus, gan aithne ar Dhia Iosrael. Sa l\u00e9acht seo labhra\u00edonn Dia Iosrael go d\u00edreach le Curus, agus fi\u00fa tugann s\u00e9 a Ungthach, a Mheisias, air. Deir s\u00e9 le Curus gur uaidh f\u00e9in, Dia Iosrael, na caithr\u00e9imeanna a bh\u00ed aige, tugtha d\u00f3 \u00f3 Dhia Iosrael d\u2019aon ghn\u00f3, sin le r\u00e1 le Iosrael a phobal, an searbh\u00f3nta ar rogha leis, a scaoileadh saor. Bh\u00edodh nach raibh aithne ag Curus ar Dhia Iosrael, bheadh a chuid buanna mileata ag cur Dia Iosrael ar eolas agus aithne don domhan uile, ag meabhr\u00fa d\u00f3ibh gurbh \u00e9 Dia Iosrael an tAon Dia amh\u00e1in, agus gur neamhn\u00ed an uile rud.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 95[96]). <em>Luaig\u00ed leis an Tiarna cl\u00fa agus c\u00e1il.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Teasal\u00f3naigh 1:1-5). <em>Cuimhn\u00edmid gan staonadh ar bhur ngr\u00e1, bhur gcreideamh agus bhur nd\u00f3chas. <\/em>Leis an l\u00e9acht seo t\u00e1 t\u00fas curtha le sraith l\u00e9achta\u00ed \u00f3n litir seo chuig na Teasal\u00f3naigh a leanfaigh ar aghaidh go deireadh liot\u00fairge na bliana seo, an tr\u00ed\u00fa Domhnach tr\u00edochad den bhliain. Sliocht gairid at\u00e1 sa l\u00e9acht seo, ach is d\u00edol suntais an litir f\u00e9in, arb \u00ed an ch\u00e9ad cheann de litreacha Ph\u00f3il a th\u00e1inig anios chugainn, agus an t\u00e9acs is sine den litr\u00edocht Chr\u00edosta\u00ed. Agus is d\u00edol suntais chomh maith go bhfuil le f\u00e1il cheana sa t\u00e9acs seo na tr\u00ed su\u00e1ilc\u00ed diaga creideamh, d\u00f3chas agus gr\u00e1, b\u00edodh nach \u00e1irithe san ord sin iad.<\/p>\n<p>Is fi\u00fa an litir a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9acs diagachta agus staire. Is f\u00e9idir an d\u00e1ta 51 iar-Chr\u00edost a chur lei, mar sin n\u00edos aosta na na soisc\u00e9il scr\u00edofa at\u00e1 againn. Tugann an data 51-52 le fios an dul chun cinn tapa a bh\u00ed ag craobhscaoileadh an tsoisc\u00e9il. Tharla b\u00e1s Chr\u00edost, an t-ais\u00e9ir\u00ed agus teacht an Spioraid Naoimh sa bhliain 30 n\u00f3 33 agus iomp\u00fa Ph\u00f3il chun chreidimnh Chr\u00edost thart ar thr\u00ed bhliain ina dhiaidh sin. Thosaigh misean Ph\u00f3il chuig na pag\u00e1naigh i nd\u00e1ir\u00edre le tr\u00ed aistear thart an an mbliain 47, an dara ceann diobh thart a an mbliain 50. Thug an t-aistear sin go Tr\u00f3\u00e1s san \u00c1ise Bheag \u00e9, agus trasna uaidh sin go dt\u00ed an Mhacad\u00f3in (Tuaisceart na Gr\u00e9ige), agus an Eoraip. I dTr\u00f3\u00e1s bh\u00ed f\u00eds ag P\u00f3l: fear sa Mhacad\u00f3in \u00e1 r\u00e1 leis: \u201cTar anall go dt\u00ed an Mhacad\u00f3in agus cabhraigh linn\u201d (Gn\u00edomhartha 16:9). Bh\u00ed toradh f\u00f3nta ag P\u00f3l ina chuid misin\u00e9ireacht i bhFilipi agus i dTeasal\u00f3inic\u00e9 ach chuir g\u00e9arlean\u00faint iachall air dul \u00f3 dheas go dt\u00ed an Ghr\u00e9ig, cathair l\u00e9annta na hAithne, \u00e1it inar rinne s\u00e9 iarracht an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt d\u2019aos l\u00e9annta na cathrach sin (an tAreopagus), ach gur tugadh an t-eiteachas b\u00e9asach d\u00f3, ar chloisint d\u00f3ibh an focal \u201cAis\u00e9ir\u00ed\u201d (<em>anastasis<\/em>) Chr\u00edost. In isealbhr\u00ed th\u00e1inig s\u00e9 chomh fada le cathair Coirint. Ag scr\u00edobh d\u00f3 n\u00edos d\u00e9ana\u00ed (thart ar an mbliain 54) d\u00fairt P\u00f3l leo (1 Corantaigh 2:2-5): \u201cI dtaca liomsa, a bhr\u00e1ithre, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 chugaibh, n\u00edor th\u00e1inig m\u00e9 ag f\u00f3gairt [r\u00fandiamhair] D\u00e9 le hardn\u00f3s cainte agus eagna. Shocraigh m\u00e9 i m\u2019aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon n\u00ed eile a aithint ach \u00cdosa agus eisean arna ch\u00e9asadh. Is m\u00e9 a bh\u00ed lagbhr\u00edoch in bhur measc agus me l\u00e1n d\u2019uamhan agus d\u2019eagla. Agus n\u00ed ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bh\u00ed mo sc\u00e9al agus m\u2019fh\u00f3gra ag braith ach ar fhoilsi\u00fa an Spioraid agus na cumhachta, i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht D\u00e9\u201d. O\u00edche amh\u00e1in i gCoraint labhair an Tiarna le P\u00f3l in aisling: \u201cN\u00e1 b\u00edodh aon eagla ort\u201d, ar s\u00e9. \u201cLean ort ag seanm\u00f3ireacht agus n\u00e1 cuirtear t\u00fa i do thost, mar t\u00e1imse leat agus n\u00ed leagfaidh duine ar bith barr m\u00e9ire ort chun dochar a dh\u00e9anamh duit, mar t\u00e1 pobal m\u00f3r agamsa sa chathair seo\u201d (Gn\u00edomhartha 18:9-11). D\u2019fhan P\u00f3l ag f\u00f3gairt an dea-sc\u00e9il i gCoraint bliain go leith. Le linn d\u00f3 bheith i gCoraint thug na Gi\u00fadaigh fogha faoi Ph\u00f3l agus tugadh \u00e9 os comhair Gailli\u00f3n a bh\u00ed ina phr\u00f3chonsal R\u00f3mh\u00e1nach ar an bproibhinse sin. Ligeann an tagairt sin do Gailli\u00f3n d\u00fainn an data 51-52 a chur leis an eachtra, agus leis an litir chuig na Teasal\u00f3naigh a scr\u00edobhadh \u00f3n gcathair sin.<\/p>\n<p>Cumhacht D\u00e9 ar a labhra\u00edonn P\u00f3l sa litir chuig na Coraintigh agus sa dara l\u00e9acht inniu, cumhacht dhiaga an Spioraid Naoimh at\u00e1 i gceist, gr\u00e1sta D\u00e9, a thugann cinnteacht chreidimh ioml\u00e1n. N\u00ed briathra amh\u00e1in at\u00e1 i dteachtaireacht an tsoisc\u00e9il agus na hEaglaise, ach cumhacht an Spioraid a thugann cinnteacht, l\u00e1ndeimhni\u00fa, inmhe\u00e1nach sa teachtaireacht sin.<\/p>\n<p>Maidir le dara l\u00e9acht seo an lae inniu t\u00e1 \u00e1bhar machnaimh i dtr\u00ed phointe ar a laghad: rogha gr\u00e1mhar D\u00e9 chun an chreidimh, na tr\u00ed su\u00e1ilc\u00ed diaga (creideamh, d\u00f3chas, gr\u00e1) ag feidhmi\u00fa sa chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed, l\u00e1rionad an urna\u00ed.<\/p>\n<p>An <em>Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 22:15-21). <em>\u00cdocaig\u00ed le C\u00e9asar na nithe is le C\u00e9asar agus le Dia na nithe is le Dia.<\/em> Leanann l\u00e9acht seo an lae inniu ceann an Domhnaigh seo caite. Ina chomhth\u00e9acs sa Soisc\u00e9al is ceann \u00e9 de cheithre agallamh idir \u00cdosa agus ghr\u00fapa\u00ed n\u00f3 daoine aonair Ghi\u00fadacha: Fairis\u00ednigh agus H\u00e9ar\u00f3daigh, Sad\u00fais\u00ednigh, dl\u00edod\u00f3ir (scr\u00edobha\u00ed l\u00e9annta) de chuid na bhFairis\u00edneach, ceist \u00f3 \u00cdosa ar ar Fairis\u00ednigh. Mar ch\u00falra do l\u00e9acht an lae inniu, is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go bhfuil an su\u00edomh in Iar\u00fasail\u00e9im, in I\u00fad\u00e1ia. Bh\u00ed I\u00fad\u00e1ia faoi riail dh\u00edreach na R\u00f3imhe \u00f3 briseadh an teitrearc Archal\u00e1s as a phost sa bhliain 6 iar-Chr\u00ad\u00edost, agus leagadh s\u00edos c\u00e1in denarius amh\u00e1in, bonn airgid le \u00edomh\u00e1 an impire &#8212; Tiberius an tr\u00e1th sin, a d\u2019feicf\u00ed air mar dhia. Bh\u00ed an ch\u00e1in le h\u00edoc gach bliain, agus ag gach aoinne, scl\u00e1bhaithe san \u00e1ireamh. Bhain na H\u00e9ar\u00f3daigh le teaghlach H\u00e9ar\u00f3id, nach raibh i gcumhacht a thuilleadh in I\u00fad\u00e1ia, murab ionann agus an Ghail\u00edl. Bheid\u00eds i bhf\u00e1bhar na R\u00f3imhe agus chuirfidis aon di\u00falt\u00fa an chain a \u00edoc in i\u00fal do \u00fadar\u00e1is na R\u00f3imhe. Sa ch\u00e1s seo bheadh na Fairis\u00ednigh ar aon aigne leo le h\u00cdosa chur i s\u00e1inn le h\u00fadar\u00e1is na R\u00f3imhe. Tuigeann \u00cdosa gur cleas at\u00e1 i gceist acu.<\/p>\n<p>An freagra a thug \u00cdosa: \u201c\u00cdocaig\u00ed le C\u00e9asar\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1 le hImpire na R\u00f3imhe, agus \u201c\u2019Iocaig\u00ed le Dia\u201d, spreag s\u00e9 machnamh thar na gc\u00e9adta ar ch\u00farsa\u00ed \u00e9ags\u00fala, sa diosp\u00f3ireacht maidir leis an ghaol idir an eaglais agus an st\u00e1t san \u00e1ireamh. Bh\u00ed ar an luath-eaglais bheith an-ch\u00faramach madir le c\u00e1in a \u00edoc don st\u00e1t, gan g\u00e9arlean\u00faint a tharraingt uirthui f\u00e9in. I gceisteanna \u00e1irithe n\u00ed bheadh ar a cumas g\u00e9illeadh do iarratais an st\u00e1it, mar shampla le hom\u00f3s a thabhairt don Impire mar Dhia, agus Cr\u00edost a sh\u00e9anadh. Bheadh impleachta\u00ed \u00e9ags\u00fala leis an prionsabal na nithe le Dia a \u00edoc le Dia. Maidir leis na daoine, Gi\u00fadaigh, a chuir an cheist, bheadh orthu seasamh do \u00e9ilimh a gcreidimh sa ch\u00e1s. Bhainfeadh lucht lean\u00fana \u00cdosa a mbr\u00ed f\u00e9in as an \u00e9ileamh &#8212; gach rud a \u00e9ileann Soisc\u00e9al Chr\u00edost. Bh\u00ed tuiscint faoi leith an tr\u00e1chtair\u00ed na h\u00c9ireann ar an mB\u00edobla faoin bhonn agus an \u00edomh\u00e1: ionann an bonn agus an duine daonna le \u00edomh\u00e1 D\u00e9 greanta ann. \u00cdoctar an n\u00ed is le Dia, an bonn le \u00edomh\u00e1 D\u00e9, le beatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Misean na hEaglaise len\u00e1r linn f\u00e9in.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Inniu Domhnach na Misean. B\u00edonn Domhnach Misean Domhanda ann gach bliain ar an Dara Domhnach Deiridh de mh\u00ed Dheireadh F\u00f3mhair. B\u00edonn l\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh reatha againn, agus inniu tugann siad \u00e1bhar saibhir d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar ghn\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala ar mhisean na hEaglaise le r\u00fandiamhair shl\u00e1naithe Chr\u00edost a fh\u00f3gairt don saol at\u00e1 inniu ann.<\/p>\n<p><em>Dia \u00e1 fhogairt f\u00e9in tr\u00edd na haoiseanna. \u201cIs sibhse mo fhinn\u00e9ithe\u201d. <\/em>Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht d\u00fairt Dia le Curus an r\u00ed agus impire pag\u00e1nach, nach raibh aithne aige ar Dhia Iosrael, go raibh an Dia sin \u00e1 roghn\u00fa lena phobal a scaoileadh saor agus le aithne air Dhia a leathn\u00fa ar fud an domhain. D\u00fairt Dia go minic le pobal Iosrael, tr\u00edd an bhf\u00e1idh Dara \u00cdse\u00e1ia, gurbh iad sin finn\u00e9ithe d\u00f3, rud a bh\u00edodar ina dt\u00edr f\u00e9in agus ar dheora\u00edocht dheonach in impireachta\u00ed na Peirse, na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed, tr\u00ed mhisin\u00e9ir Chro\u00ed \u00cdosa Naomh Mair\u00e9ad M\u00e1ire Alacoque feicimid \u00cdosa ag iarraidh briseadh isteach lena ghr\u00e1 a leiri\u00fa an athuair don chine daonna imithe ar strae.<\/p>\n<p><em>\u00cdsealbhri. Laghmhisneach. <\/em>Is dual do mh\u00f3r\u00e1n inniu bheith lagmhisneach maidir le f\u00f3gairt an dea-sc\u00e9il nuair a fheiceann siad an freas\u00fara at\u00e1 ina gcoinne. Tharla sin cheana go minic, mar is l\u00e9ir \u00f3na deir P\u00f3l faoi f\u00e9in, mar a chonnaiceamar sa Dara L\u00e9acht.<\/p>\n<p><em>\u201cN\u00e1 biodh eagla oraibh. Lean ag seanm\u00f3ireacht\u201d. <\/em>Freagra an Tiarna ar Ph\u00f3l nuair a bh\u00ed s\u00e9 in \u00edsealbhr\u00ed n\u00e1 \u201cN\u00e1 b\u00edodh eagla ort. Lean ort\u201d. N\u00edl t\u00fa i do aonar. T\u00e1 mise leat chun cabhr\u00fa leat. Ba ch\u00f3ir go dtabharfadh sin uchtach d\u00fainn inniu. T\u00e1 cumhacht D\u00e9 ag gabh\u00e1il leis le f\u00f3gairt agus cosaint an tSoisc\u00e9il.<\/p>\n<p><em>F\u00f3rsa\u00ed ag feidhmi\u00fa in \u00e9adan creidimh i nDia inniu. Scannail agus Daonnachas Ionsaitheach. <\/em>T\u00e1 f\u00f3rsai l\u00e1idre ag obair i gcoinne chleachtadh an chreidimnh agus fi\u00fa an creideamh i nDia inniu, agus sin ag gach leibh\u00e9al, don ghn\u00e1th duine agus don aos l\u00e9annta. T\u00e1 feachtas eagraithe ag an daonnachas le cur in gcoinne aon chreidimh in aon neach n\u00f3 f\u00f3rsa nach bhfuil teacht air, n\u00f3 uirthi, ag an reas\u00fan agus na c\u00e9adfa\u00ed.<\/p>\n<p><em>Cinnteacht agus l\u00e1ndeimhneacht de fh\u00edrinne an tSoisc\u00e9il. <\/em>Ag Cr\u00edostaithe n\u00edl cosaint an chreidimh bunaithe ar an r\u00e9as\u00fan n\u00e1 na c\u00e9adfa\u00ed, faoi mar nach raibh s\u00e9 ag P\u00f3l n\u00e1 ag an Chr\u00edostaithe \u00f3 th\u00fas. Is bronntanas, su\u00e1ilce, \u00f3 Dhia \u00e9 a thugann cinnteacht agus l\u00e1ndeimhneacht ar an fhirinne a fh\u00f3gra\u00edonn s\u00e9.<\/p>\n<p><em>Cumhacht an Spioraid Naoimh sa Bhriathar f\u00f3gartha. <\/em>Ni miste tabhairt chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt P\u00f3l leis na Teasal\u00f3naigh ina chead litir chucu (2:13): \u201cBimid \u00e1 alt\u00fa seo go buan, nuair a ghlac sibh le briathar D\u00e9 a chuala sibh uainn, n\u00e1r ghlac sibh leis mar bhriathar daonna ach leis an mbriathar diaga at\u00e1 ann i bhf\u00edrinne at\u00e1 ag obair ionaibh, i lucht an chreidimh\u201d.<\/p>\n<p><em>L\u00e1rionad an urna\u00ed i misean na heaglaise.<\/em> T\u00e1 al\u00e1n gn\u00e9ithe ag baint le f\u00f3gairt agus cosaint an dea-sc\u00e9il, stair, eola\u00edocht agus al\u00e1n ruda\u00ed eile. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt orthu san go l\u00e9ir. Ach go bun\u00fasach is r\u00fandiamhair at\u00e1 ann, a thuigtear agus a ghlactar lei le bua an chreidimh. Leis an creideamh a dh\u00e9anamh beo n\u00f3 m\u00f3r an urna\u00ed, f\u00edrinne ar a leagtar b\u00e9im ag P\u00f3l agus i dtraidisiun na hEaglaise. Is \u00ed Treasa Naofa Lisieux patr\u00fan na misiun, n\u00e1r leag cos riamh thar a clochar sa bhFrainc.<\/p>\n<p><em>F\u00f3gairt agus cosaint an chreidimh misean don tuata agus don chl\u00e9ir.<\/em> Is ilghn\u00e9itheach na fadhbanna agus na tosca a bhaineann le f\u00f3gairt agus cosaint fh\u00edrinn\u00ed an tsoisc\u00e9il agus t\u00e1 glaoch ag gach creidmheach a chion agus a cion f\u00e9in a dh\u00e9anamh i misean seo na hEaglaise, le maireacht\u00e1il na beatha Cr\u00edosta\u00ed, aire a thabhairt do na l\u00edomhaint\u00ed i gcoinne na hEaglaise, agus i gcoinne chreidimh i nDia. Is do thuata\u00ed agus chl\u00e9ir an misean sin inniu.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>22 Deireadh F\u00f3mhair 2017 (A) An Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-561","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/561","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=561"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/561\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=561"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=561"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=561"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}