{"id":566,"date":"2017-10-30T10:02:10","date_gmt":"2017-10-30T10:02:10","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=566"},"modified":"2017-10-30T10:02:10","modified_gmt":"2017-10-30T10:02:10","slug":"5-samhain-2017-a-an-taonu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=566","title":{"rendered":"5 Samhain 2017 (A) An tAon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p>5 Samhain 2017 (A) An tAon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><strong><em> An<\/em><\/strong><em> <strong>B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong>\u201c\u00d3ir is \u00e9 dualgas bheolas an tsagairt \u00e9 an t-eolas a choime\u00e1d go cruinn agus is \u00f3na bheolasan a chaithfear teagasc a lorg, mar is \u00e9 teachtaire Thiarna na Slua \u00e9<strong>\u201d.<\/strong><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Malac\u00ed F\u00e1idh 1:14-2:2, 8-10). <em>Shleamhnaigh sibh \u00f3n mbealach, agus le bhur dteagasc bhain sibh tuisle as m\u00f3r\u00e1n. <\/em>Tuigfear an l\u00e9acht seo n\u00edos fearr m\u00e1 dh\u00e9antar \u00ed a shu\u00edomh tobh istigh d\u00e1 comhth\u00e9acs bunaidh i leabhar Malac\u00ed. Is \u00ed is br\u00ed leis an focal Eabhraise Malac\u00ed n\u00e1 \u201cmo theachtaire\u201d, agus i gcaibideal 3:1 den leabhar deir Dia: \u201cF\u00e9ach! T\u00e1 mo theachtaire (<em>malachi<\/em>) \u00e1 chur amach agam chun an b\u00f3thar a r\u00e9iteeach romham\u201d. D\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go dtagann teideal an leabhair seo \u00f3n r\u00e1iteas seo, agus nach fios d\u00fainn d\u00e1ir\u00edre ainm \u00fadair an tsaothair f\u00e9in. N\u00edlimid cinnte ach an oiread faoi dh\u00e1ta an tsaothair, ach is d\u00f3cha gur am \u00e9igin le linn an ch\u00faigi\u00fa haois roimh Chr\u00edost \u00e9. Dar le scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe ba ch\u00f3ir an leabhar a shu\u00edomh idir chr\u00edochn\u00fa an Dara Teampaill sa bhliain 515 nuair a thosa\u00edodh athuair le h\u00edobairt\u00ed sa Teampall agus an cosc ar ph\u00f3sta\u00ed meascha faoi Nihimi\u00e1 sa bhliain 445 roimh Chr\u00edost. T\u00e1 s\u00e9 sliocht sa leabhar, gach ceann d\u00edobh cos\u00fail lena ch\u00e9ile ina leagan amach. I ngach ceann d\u00edobh sin d\u00e9anann Dia, n\u00f3 an f\u00e1idh ar a shon, r\u00e1iteas, aitheasc, a chuireann an pobal n\u00f3 na sagairt ina aghaidh. Ina dhiaidh seo tagann aitheasc ina bhfuil bagairt agus gealltanas sl\u00e1naithe taobh le taobh. T\u00e1 dh\u00e1 phr\u00edomhth\u00e9ama sa leabhar, loiceadh na sagart (1:6-2:9) agus an phobail (3:6-12) ina ndualgais i gc\u00farsai creidimh.<\/p>\n<p>Baineann an ch\u00e9ad roinn faoi loiceadh na sagart lena neamhaird faoi \u00edobairt\u00ed cu\u00ed a ofr\u00e1il ar alt\u00f3ir D\u00e9 (1:8-13). C\u00e1ineann an dara sliocht, ina bhfuil l\u00e9acht an lae inniu, na sagairt toisc go ndeacha siad ar strae \u00f3n mbealach, agus gur \u00f3c\u00e1id tuisle do mh\u00f3r\u00e1n iad ina dteagasc agus gur mhill siad conradh L\u00e9iv\u00ed. Ba de threibh L\u00e9iv\u00ed iad na sagairt. N\u00ed luaitear conradh le L\u00e9iv\u00ed in \u00e1it ar bith eile sa Bh\u00edobla, agus b\u2019fh\u00e9idir gur tagairt at\u00e1 ann don bheannacht a thug Maois ar L\u00e9iv\u00ed. Ar f\u00e1il bh\u00e1is d\u00f3 deir an B\u00edobla gur bheannaigh Maois treibh L\u00e9iv\u00ed mar seo leanas (Deotranaim\u00ed 33:9-11): \u201cChomhl\u00edonadar do bhriathar agus choime\u00e1dar do chonradh go daingean. D\u00e9anann siad do reachtanna a theagasc do Iac\u00f3b, agus do dhl\u00ed do Iosrael. Seolann siad t\u00fais i do l\u00e1thair, agus an \u00edobairt uileloiscthe ar do alt\u00f3ir. A Thiarna, beannaigh a mhaoin agus glac le saothar a l\u00e1mh\u201d.<\/p>\n<p>F\u00e1gann l\u00e9acht an lae inniu na v\u00e9arsai 2:3 go 7 de th\u00e9acs an Bh\u00edobla ar l\u00e1r. In aitheasc seo D\u00e9 do na sagairt measaim gur ch\u00f3ir iad a thabhairt anseo. Tar \u00e9is bagairt faoi phion\u00f3s cu\u00ed a thabhairt don sagart deir Dia: (2:4) : \u201cBeidh a fhios agaibh ansin gur mise a thug an bhreith seo in bhur n\u2011aghaidh ionas nach seasfadh an conradh a rinne m\u00e9 le L\u00e9iv\u00ed n\u00edos m\u00f3, a deir Tiarna n+a Slua. Conradh beatha agus s\u00edoch\u00e1na a rinne m\u00e9 leis, mar bhronn m\u00e9 air iad mar aon le cro\u00ed urramach ionas go dtabharfadh s\u00e9 urraim dom agus go nglacfadh uamhan agus uaf\u00e1s \u00e9 roimh m\u2019ainm. Bh\u00edodh f\u00edortheagasc ina bh\u00e9al aige agus n\u00ed fhaight\u00ed br\u00e9ag ar a bheola; shi\u00faladh s\u00e9 i mo chuideachta go hionraic c\u00f3ir agus d\u2019iompa\u00edodh s\u00e9 m\u00f3r\u00e1n daoine \u00f3n olc. <em>\u00d3ir is \u00e9 dualgas bheola an tsagairt \u00e9 an t\u2011eolas a choime\u00e1d go cruinn agus is \u00f3na bh\u00e9alsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is \u00e9 teachtaire Thiarna na Slua \u00e9. <\/em>Ach i dtaca libhse de, d\u2019imigh sibh ar f\u00e1n \u00f3n mbealach ceart; bh\u00ed sibh in bhur gceap tuisle do mh\u00f3r\u00e1n daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhn\u00ed an conradh a bh\u00ed d\u00e9anta agamsa le L\u00e9iv\u00ed, a deir Tiarna na Slua.\u201d Bh\u00ed dualgais \u00e9ags\u00fala ag an sagart in Iosrael. Ceann d\u00edobh, mar a luadh cheana i mbeannacht Mhaois ar L\u00e9iv\u00ed, n\u00e1 reachtanna D\u00e9 a theagasc do Iac\u00f3b, agus a dhl\u00ed do Iosrael. Rinne an Tiarna gear\u00e1n don fh\u00e1idh Irimia mar seo (Irimia 2:8): \u201cN\u00edor fhiafraigh na sagairt riamh: \u2018C\u00e1 bhfuil an Tiarna?\u2019 Lucht riartha an dl\u00ed n\u00ed eol d\u00f3ibh m\u00e9.\u201d Bh\u00ed meas ag an bpobal ar na sagairt nuair a bh\u00edodar d\u00edlis d\u00e1 ngairm, ach theip ar an meas sin nuair a chas siad ar leataobh \u00f3na ndualgas, mar a bh\u00ed cursa\u00ed in aimsir an fh\u00e1idh Malac\u00ed.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 139[131]). <em>Coinnigh m\u2019anam faoi sh\u00edoch\u00e1in i do l\u00e1thair, a Thiarna.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Teasal\u00f3naigh 2:7-9, 13). <em>Bh\u00edomar s\u00e1sta n\u00ed hamh\u00e1in an Dea-Sc\u00e9al a roinnt oraibh ach \u00e1r n-anam f\u00e9in a roinnt oraibh chomh maith. <\/em>R\u00e1iteas oscailte, corraitheach \u00e9 seo \u00f3n aspal P\u00f3l faoin chur chuige misi\u00fanda a bh\u00ed aige i leith na bpobal Cr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed bunaithe aige, sa ch\u00e1s seo an eaglais in Teasalonic\u00e9. (T\u00e1 c\u00fapla focal r\u00e1ite faoina shaothar san eaglais sin sa r\u00e9amhr\u00e1 don litir seo sna nota\u00ed a tugadh don Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor.) Mhair imn\u00ed seo Ph\u00f3il faoi na heaglais\u00ed a bhunaigh s\u00e9 ar feadh a shaoil go l\u00e9ir mar aspal. C\u00fapla bliain i ndiaidh na litreach seo meabhr\u00f3idh P\u00f3l do na Corantaigh (2 Cor 11:28), gan tr\u00e1ct ar na nithe eile, go mb\u00edodh c\u00faram na n\u2011eaglais\u00ed uile ina mhuir\u00edn laeth\u00fail air. D\u2019fh\u00e9adfadh Gn\u00edomhartha na nAspal (17:1-10) tabhairt le tuiscint n\u00e1r fhan P\u00f3l i d Teasalonic\u00e9 ach achar gearr, ach tugann an litir seo chuig an eaglais sin, a scr\u00edobhadh go luath tar \u00e9is a chuairt orthu, l\u00e9argus eile ar an sc\u00e9al. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur fhan s\u00e9 tamall maith ina gcuideachta sa ch\u00e9ad chuairt sin. Ghn\u00f3thaigh s\u00e9 a shl\u00ed mhaireacht\u00e1la ina measc le saothar a l\u00e1mh f\u00e9in, b\u00edodh go raibh de cheart aige mar theachtaire an tSoisc\u00e9il cothu a fh\u00e1il \u00f3 phobal na gcreidmheach. An t-aon eaglais ar ghlac s\u00e9 taca\u00edocht agus cabhair uathu n\u00e1 pobal Cr\u00edosta\u00ed Filip\u00ed. I dt\u00fas na litreach seo chuig na Teasal\u00f3naigh meabhra\u00edonn P\u00f3l nach stadann s\u00e9 ach ag gabh\u00e1il bu\u00edochais le Dia mar gheall orthu uile agus ag cuimhneamh orthu gan staonadh ina chuid urnaithe. Cuimhn\u00edonn s\u00e9 i l\u00e1thair D\u00e9, \u00e1r nAthair, ar a bhr\u00edomhaireacht at\u00e1 a gcreideamh, ar a dh\u00edchealla\u00ed at\u00e1 a ngr\u00e1 agus ar a sheasmhacht at\u00e1 a nd\u00f3chas as an Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost. A bhr\u00e1ithre, deir s\u00e9. a bhfuil gnaoi D\u00e9 oraibh, t\u00e1 a fhios agaibh mar a roghnaigh s\u00e9 sibh; mar n\u00ed le briathra b\u00e9il amh\u00e1in a th\u00e1inig \u00e1r ndea\u2011sc\u00e9al chugaibh ach le cumhacht+ agus le l\u00e1ndeimhni\u00fa an Spioraid Naoimh. Filleann s\u00e9 ar an smaoineamh c\u00e9anna i l\u00e9acht an lae inniu ina dtugann s\u00e9 chun cuimhne d\u00f3ibh go bhfuil c\u00fais eile aige le bheith ag gabh\u00e1il bu\u00edochais gan staonadh le Dia: de bhr\u00ed, nuair a ghlac siad le briathar D\u00e9 a chuala sibh uaidh, nach mar theachtaireacht dhaonna, mar bhriathar daonna, a ghlac siad \u00e9 ach mar bhriathar D\u00e9, agus sin \u00e9 go d\u00edreach an rud at\u00e1 ann d\u00e1ir\u00edre, mar is \u00e9 Dia at\u00e1 ag obair iontu si\u00fad a bhfuil an creideamh acu. Is cumhacht bheo \u00e9 briathar D\u00e9 d\u00f3ibh si\u00fad a bhfuil an creideamh acu. T\u00e1 Dia beo don chreidmheach i l\u00e9amh an Scriopt\u00fair.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 23:1-12). N<em>\u00ed mar a ch\u00e9ile beart agus briathar acu. <\/em>Bh\u00ed tr\u00e1cht ar n+a scr\u00edobhaithe agus na Fairis\u00ednigh le linn bheatha phoibl\u00ed \u00cdosa ach bh\u00ed \u00e1it i bhfad n\u00edos l\u00e1rna\u00ed acu tar \u00e9is l\u00e9irscrios Iar\u00fasail\u00e9im agus an Teampaill sa bhliain 70, a chuir cr\u00edoch le feidhmi\u00fa na sagartachta (na Sad\u00fais\u00ednigh), Ba iad na scr\u00edobhaithe agus na Fairis\u00ednigh anois ceannair\u00ed agus oid\u00ed phobal Iosrael. An tagairt do \u201cchathaoir Mhaois\u201d n\u00ed fios go beacht cad t\u00e1 i gceist, cathaoir sa sionag\u00f3g, n\u00f3 bhf\u00e9idir \u00fadar\u00e1s le m\u00faineadh. D\u00e9anann \u00cdosa idirdheal\u00fa idir a gcuid teagaisc (\u201ca ndeir siad\u201d) agus a gcleachtadh, a n-oibreacha. A dteagasc gur ch\u00f3ir glacadh leis, is \u00e9 a bheadh ann, i d\u00f3cha, n\u00e1 traidisi\u00fan l\u00e1rnach Mhaois, gan na breiseanna a chuir traidisi\u00fan na scr\u00edobhaithe agus na bhFairisineach leis, breiseanna a ch\u00e1in \u00cdosa i rith a bheatha poibl\u00ed. Anseo aris t\u00e1 an bh\u00e9im ar faoi nach bhfuil an teagasc agus an cleachtadh ag r\u00e9itach le ch\u00e9ile, rud a ch\u00e1in \u00cdosa cheana sa Seanm\u00f3ir ar an Sliabh. T\u00e1 c\u00e1ineadh g\u00e9ar ar an n-iarracht aird a tharraing orthu f\u00e9in. le s\u00fail go bhf\u00e9achfa\u00ed orthu mar dhaoine thar a bheith cr\u00e1ifeach agus d\u00edlis thar an ghn\u00e1th do chleachtadh creidimh. Na fiolaict\u00e9ir\u00ed a luaitear, ba choimead\u00e1in bheaga iad ina raibh briathra t\u00e1bhachtacha de Dhl\u00ed Mhaois istigh iontu, a bh\u00ed le ceangail don gh\u00e9ag n\u00f3 don chl\u00e1r \u00e9adain de r\u00e9ir Dhli Mhaois. Bh\u00ed na ceithre sc\u00f3th\u00f3ga le fu\u00e1il ag gach c\u00fainne den bhrat, ar\u00eds de r\u00e9ir Dhl\u00ed Mhaois. Is \u00e9 a ch\u00e1ineann \u00cdosa n\u00e1 fad agus leithead a chur leo si\u00fad. Mar mhac d\u00edlis de chreideamh a mhuintire chaith \u00cdosa f\u00e9in sc\u00f3thoga ina bhrat (Matha 9:20; 14:36).<\/p>\n<p>Sa mh\u00edr dheiridh den l\u00e9acht tugann \u00cdosa comhairle d\u00e1 lucht lean\u00fana gan aithris a dh\u00e9anamh ar na cleachta\u00ed agus na teidil a bh\u00ed \u00e9irithe com\u00f3nta i measc scr\u00edobhaithe, Fairis\u00edngh, m\u00fainteoiri agus ceannair\u00ed Gi\u00fadacha ach sin a sheacaint, amhail Rabbi (M\u00e1istir), Abba (Athair), M\u00fainteoir, de bhr\u00ed go bhf\u00e9adfadh siad sin t\u00f3gaint \u00f3n tuiscint Chr\u00edosta\u00ed ar an Aon Athair ar Neamh agus Iosa mar an tAon Mh\u00fainteoir. Aris anseo, molann \u00cdosa an tsimpl\u00edocht and an umhla\u00edocht d\u00e1 lucht lean\u00fana.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong><em> An<\/em><\/strong><em> <strong>B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong>\u201c\u00d3ir is \u00e9 dualgas bheola an tsagairt \u00e9 an t-eolas a choime\u00e1d go cruinn agus is \u00f3na bheolasan a chaithfear teagasc a lorg, mar is \u00e9 teachtaire Thiarna na Slua \u00e9\u201d (Malac\u00ed 2:7). Sagairt agus a ministreacht seanm\u00f3ireachta . <\/em>\u201cIs \u00f3 bheola an tsagairt a chaithfear teagasc a lorg, mar is \u00e9 teachtaire Thiarna na Slua \u00e9\u201d<\/li>\n<\/ol>\n<p>T\u00e1 macalla bhriathra sin Malac\u00ed 2:7 le braith s\u00edos tr\u00edd na haoiseanna maidir le pr\u00edomh-dhualgas easpag agus sagart, is \u00e9 sin le r\u00e1 an dualgas an Dea-Sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. T\u00e1 b\u00e9im curtha air i <em>Riail Thr\u00e9adach <\/em>an Ph\u00e1pa Greag\u00f3ir Mh\u00f3ir. Uaireanta meastar gurbh \u00e9 pr\u00edomh-ch\u00faram na sagart n\u00e1 ceili\u00faradh an Aifrinn agus Sacraimint an Athmhuintearais. Leagtar b\u00e9im i doicim\u00e9idi Eaglasta na blianta deirneacha seo nach mar sin at\u00e1. Deir an Bunreacht Aspalda ar an Eaglais (<em>Lumen Gentium<\/em>) de chuid na Comhairle Vatac\u00e1in II (alt 25) an m\u00e9id seo: \u201cI measc phr\u00edomh-dhualgais\u00ed na hEaspag t\u00e1 \u00e1it thar chuimse ag f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il\u201d. Agus pas beag ina dhiaidh sin (alt 28) luann s\u00e9 an rud c\u00e9anna maidir leis na sagairt: \u201cTr\u00ed chumhacht shacraimint na nOrd, agus in \u00edomh\u00e1 Chr\u00edost an tArdsagart Siorra\u00ed, d\u00e9antar iad (na sagairt) a choisreacan leis an Soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt, bheith ina n-aoir\u00ed ar na f\u00edr\u00e9in, agus an liot\u00fairge diaga a cheili\u00faradh\u201d. T\u00e1 seo m\u00ednithe n\u00edos ioml\u00e1ine sa doicim\u00e9id den Chomhairle Ch\u00e9anna ar \u201cMinistreacht na Sagart\u201d (alt 4): \u201cFaigheann pobal D\u00e9 a aontacht sa ch\u00e9ad \u00e1it tr\u00ed Bhriathar D\u00e9 Bheo, gur dual a chuardach \u00f3 bheola an tsagairt (le tagairt do Malac\u00ed v2:7). De bhr\u00ed nach f\u00e9idir le aoinne bheith sabh\u00e1ilte n\u00e1r ghlac leis an creideamh ar dt\u00fas, t\u00e1 ag na sagairt, mar comhghleacaithe lena nEaspaig, mar pr\u00edomh-ch\u00faram f\u00f3gairt shoisc\u00e9al D\u00e9 do chach. Sa tsl\u00ed seo comhl\u00edonann siad ord\u00fa an Tiarna: \u201cAgus d\u00fairt s\u00e9 (\u00cdosa) leo: \u2018Im\u00edg\u00ed faoin domhan uile agus f\u00f3gra\u00edg\u00ed an soisc\u00e9al don chrutha\u00edocht uile\u2019\u201d (Marcas 16:15). Is sa chaoi sin a chuireann siad (na sagairt) pobal D\u00e9 ar bun agus a dh\u00e9anann siad \u00e9 a fhorbairt\u201d.<\/p>\n<p>N\u00ed h\u00e9asca an cheist \u00ed conas a Dea-Sc\u00e9al as fh\u00f3gairt an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. Is f\u00e9idir a bhfuil le r\u00e1 ag doicim\u00e9id\u00ed na Comhairle a th\u00f3gaint maraon lena d\u00fairt C\u00e9ad Litir Pheadair (3:15-16) leis na creidmhigh sa ch\u00e9ad aois den r\u00e9 seo: \u201cB\u00edg\u00ed r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 ionaibh; ach d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dh\u00e9antar troma\u00edocht oraibh go gcuirtear n\u00e1ire ar an muintir a dh\u00e9anann b\u00e9ad\u00e1n ar bhur ndea\u2011iompar i gCr\u00edost\u201d. N\u00ed m\u00f3r teachtairescht an tSoisc\u00e9il a fh\u00f3gaiirt i gcomhth\u00e9acs na bhfadhbanna agus an amhrais a bh\u00edonn ag creidmhigh \u00e1r linne maidir le c\u00farsa\u00ed creidimh agus mor\u00e1ltachta, leis an creideamh a neart\u00fa ina gcro\u00edthe f\u00e9in agus le go mbeidis r\u00e9idh, m\u00e1s g\u00e1, freagra a thabhairt ar na hag\u00f3id\u00ed a dh\u00e9antar ina choinne. Caithfidh na hiarrachta\u00ed seo d\u00edri\u00fa orthu si\u00fad a thagann ar Aifreann go rialta, agus s\u00fail a choime\u00e1d sa mh\u00e9id is f\u00e9idir orthu si\u00fad nach dtagann ar Aifreann go rialta a thuilleadh. T\u00e1 s\u00e9 t\u00e1bhachtach chomh maith m\u00edni\u00fa a thabhairt ar phr\u00edomh-phrionsabail an chreidimh, seachas a m\u00edni\u00fa a theoran\u00fa do reinnt \u00e1bhar faoi leith. Bheadh s\u00e9 inmholta an m\u00edni\u00fa seo ar an gcreideamh a dh\u00e9anamh le ceangal leis na l\u00e9achta\u00ed liot\u00fairgeacha. Faigheann a l\u00e1n sagart deacair seo a dh\u00e9anamh, ach mar sin f\u00e9in is inmholta an ceangal a dh\u00e9anamh le t\u00e9acsanna an Bh\u00edobla sna l\u00e9achta\u00ed sa liot\u00fairge le go dtuigfadh an creidmhigh agus daoine eile nach cumad\u00f3ireacht d\u00e1 cuid fein teagasc na hEaglaise, ach gur d\u00edlseacht do theagasc Chr\u00edost agus na luatheaglaise \u00e9.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5 Samhain 2017 (A) An tAon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-566","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/566","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=566"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/566\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=566"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=566"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=566"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}