{"id":567,"date":"2017-11-07T12:30:55","date_gmt":"2017-11-07T12:30:55","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=567"},"modified":"2017-11-07T12:30:55","modified_gmt":"2017-11-07T12:30:55","slug":"12-samhain-2017-a-dara-domhnach-triochad-saor-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=567","title":{"rendered":"12 Samhain 2017 (A) Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor (A)"},"content":{"rendered":"<p><strong>12 Samhain 2017 (A) <\/strong><strong>Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor (A)<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: Ag Faire! <em> Deireadh saoil: r\u00e9idh le cuntas a thabhairt<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht <\/em> (Leabhar na hEagna 6:12-16). <em>Na daoine a bh\u00edonn ag lorg na heagna, faigheann siad \u00ed. <\/em>Sa traidisi\u00fan Gi\u00fadach is coinceap an-saibhir \u00e9 an Eagna Phearsantaithe. I Leabhar na Seanfhocal (8:22-23) cuireann s\u00ed \u00ed f\u00e9in i l\u00e1thair amhail is ar chruthaigh an Tiarna \u00ed i dt\u00fas a shaothair, roimh gach n\u00ed eile d\u00e1 ndearna s\u00e9 anall\u00f3d. I bhfad \u00f3 shoin is ea a rinneadh \u00ed, i dtosach b\u00e1ire sular crutha\u00edodh an domhan f\u00e9in. Deir s\u00ed (Seanfhocail 8:30-31):\u201cBh\u00ed m\u00e9 lena thaobh mar chearda\u00ed oilte ag cur \u00e1thais air \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1, agus ag s\u00fagradh ina l\u00e1thair gan stad, agus ag d\u00e9anamh spraoi ar fud an domhain mh\u00f3ir, agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine\u201d. I sl\u00ed, i measc ruda\u00ed eile, ionann an Eagna Phearsantaithe agus l\u00e1ithreacht D\u00e9 sa domhan; is eol di aigne agus plean D\u00e9 a bhfuil c\u00edocras uirthi a chur in i\u00fal d\u00f3ibh si\u00fad ar mian leo glacadh leis. T\u00e1 mion-chur s\u00edos ar sin i Leabhar na hEagna, mar is l\u00e9ir \u00f3 l\u00e9acht an lae inniu. Cuirtear i l\u00e1thair \u00ed gan dua do na daoine a bhfuil gr\u00e1 acu di, agus na daoine a bh\u00edonn \u00e1 lorg faigheann siad \u00ed go furasta. B\u00edonn si ag si\u00fal m\u00f3r timpeall ar lorg a d\u00edol de dhaoine, iad si\u00fad at\u00e1 oiri\u00fanach lena glacadh., iad sin at\u00e1 glan \u00f3 chro\u00ed. N\u00ed rachaidh an eagna isteach in anam cealgach, n\u00e1 n\u00ed dh\u00e9anfaidh s\u00ed c\u00f3na\u00ed i gcorp at\u00e1 faoi dhaorbhroid an pheaca (Leabhar na hEagna 1:4). Roghna\u00edtear an l\u00e9acht seo go deas le dul leis an bparabal i Soisc\u00e9al an lae inniu ina bhfuil na maighdeana ag feitheamh le teacht an fhir nuaph\u00f3sta<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 62[63]). <em>T\u00e1 \u00edota tarta ar m\u2019anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(Teasal\u00f3naigh 4:13-18). <em>D\u00e9anfaidh Dia an mhuintir a fuair b\u00e1s i bp\u00e1irt le Cr\u00edost a thabhairt leis chomh maith. <\/em> An l\u00e9acht seo t\u00e1 s\u00ed t\u00f3gtha \u00f3n litir is luaithe at\u00e1 againn de litreacha Ph\u00f3il, agus an t\u00e9acs is \u00e1rsa at\u00e1 ar marthain den litr\u00edocht Chr\u00edosta\u00ed. Na deacrachta\u00ed at\u00e1 ann tugann siad le fios d\u00fainn a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 machnamh a bheith san eaglais ar fhoilsi\u00fa D\u00e9 sa stair agus an dul chun cinn a th\u00e1inig air faoi mar ba g\u00e1. An Fairis\u00edneach S\u00f3l, ar tugadh P\u00f3l air n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, d\u2019iompaigh s\u00e9 chun Cr\u00edost \u00f3 thraidisi\u00fan sin na bhFairis\u00edneach agus ba \u00e9 an t-alt creidimh l\u00e1rnach Cr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed aige n\u00e1 ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus na himpleacai&nbsp;&nbsp; lean as sin do gach creidmheach a mhaireann agus a fhaigheann b\u00e1s i gCr\u00edost. Bhunaigh P\u00f3l an Eaglais i dTeasalonic\u00e9 tamall gearr sular scr\u00edobh s\u00e9 an litir seo. Bh\u00ed for\u00e1s nach beag tagaithe ar an gcomhluadar sin \u00f3 shoin agus machnamh d\u00e9anta acu ar an teagasc Cr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed faighte acu \u00f3n aspal. Tamall gearr tar \u00e9is imeacht d\u00f3 uathu th\u00e1inig sc\u00e9ala uathu go P\u00f3l faoin imn\u00ed a bh\u00ed ag cur as d\u00f3ibh faoi bhaill \u00e1irithe den phobal a bh\u00ed tar \u00e9is bh\u00e1is, rud a ardaigh ceisteanna ina n-aigne faoina mh\u00fain P\u00f3l d\u00f3ibh faoi fhilleadh, t\u00e9arnamh, Chr\u00edost: an mbeidis si\u00fad a bh\u00e1saigh faoi mh\u00edbhunt\u00e1iste i gcom\u00f3rtas leo si\u00fad a bheidh beo nuair a fhilleadh Cr\u00edost. Bh\u00ed ar Ph\u00f3l anois a mhachnamh a dh\u00e9anamh ar an gceist sin le freagra a thabhairt. An m\u00fanla aigne a bh\u00ed ag P\u00f3l bhain s\u00e9 le ceann a bh\u00ed com\u00f3nta sa tr\u00e1th sin. Domhan n\u00f3 r\u00e9altacht, tr\u00ed-bhuntomhais a bh\u00ed ann: an domhan seo, neamh os \u00e1r gcionn anairde, an domhan \u00edochtair. Bh\u00ed neamh agus Dia anairde, thuas, os \u00e1r gcionn. Chuaigh Cr\u00edost suas ar neamh agus bh\u00ed s\u00e9 le teacht \u00f3 neamh anuas lena chreidmhigh d\u00edlse a thabhaitrt chuige f\u00e9in. Nuair a scriobh s\u00e9 an litir seo bh\u00ed P\u00f3l i dt\u00fas a shaothair ag f\u00f3gairt r\u00fandiamhair D\u00e9, agus mheas s\u00e9, mar a rinne m\u00f3r\u00e1n eile sa luath-eaglais, go raibh t\u00e9arnamh, ateacht, Chr\u00edost le teacht go luath. Bh\u00ed dh\u00e1 alt n\u00f3 prionsabal creidimh ag an luatheaglais seo san am c\u00e9anna, a bh\u00ed i gcodarsnacht gan a bheith contrartha d\u00e1 ch\u00e9ile, is \u00e9 sin feitheamh le ateacht Chr\u00edost \u00f3 neamh go luath agus an t-ord\u00fa \u00f3 Chr\u00edost an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt go cr\u00edochta deiridh an domhain.. N\u00ed rabhadatr contrartha d\u00e1 ch\u00e9ile, de bhr\u00ed, mar a d\u00fai rt \u00cdosa f\u00e9in, n\u00e1rbh eola do aoinne, ach don Athair amh\u00e1in, cathain a thiocfadh an chr\u00edoch dheiridh (agus mar sin ateacht Chr\u00edost). Ina luath-shaothar misin\u00e9ireachta chreid Pol luath-ateacht Chr\u00edost (maraon le h-ord\u00fa Chr\u00edost an Soisc\u00e9al fh\u00f3gairt don domhan uile) ach mhaolaigh s\u00e9 air sin n\u00edos d\u00e9ana\u00ed.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa l\u00e9acht seo in Aifreann an lae inniu tugann s\u00e9 freagra ar cheist eaglais Teasalonic\u00e9 agus \u00e9 teoranta taobh istigh den mh\u00fanla aigne a bh\u00ed aige. I dt\u00fas na l\u00e9achta, sna tr\u00ed r\u00e1iteas tosaigh tugann s\u00e9 na tr\u00ed phrionsabal bhun\u00fasacha: ag Ateacht Chr\u00edost n\u00ed bheidh aon difr\u00edocht idir si\u00fad at\u00e1 b\u00e1saithe agus iad si\u00fad at\u00e1 f\u00f3s beo D\u00e9anann creideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chriost, geall den bheatha sh\u00edora\u00ed le Dia agus le Cr\u00edost do gach creidmhach, deimhin de sin. Deir P\u00f3l gur f\u00e9idir leis an m\u00e9id seo a dhearbh\u00fa \u201car fhocal an Tiarna\u201d, \u201car bhriathar an Tiarna\u201d. N\u00ed fios go beacht cad is br\u00ed le \u201cbriathar an Tiarna\u201d sa ch\u00e1s seo &#8212; r\u00e1iteas \u00cdosa, b\u2019fh\u00e9idir nach bhfuil ar f\u00e1il sna Soisc\u00e9il n\u00f3 in aon \u00e1it eile, n\u00f3 briathar diaga a fuair P\u00f3l fein \u00f3 Dhia mar aspal n\u00f3 mar fh\u00e1idh, n\u00f3 briathar de shaghas \u00e9igin eile.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tar \u00e9is d\u00f3 an bh\u00e9im a chur ar an bhf\u00edrinne l\u00e1rnach faoi aontacht le Cr\u00edost, leanann P\u00f3l ar aghaidh le cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar Ateacht Chr\u00edost i bhfriotal agus in \u00edomh\u00e1ineachas at\u00e1 i dtuilleama\u00ed an traidisi\u00fain apocailiptaigh Gi\u00fadaigh, friotal agus \u00edomh\u00e1ineachas nach dtugann cothrom na F\u00e9inne don easpa eolais a bh\u00ed agus at\u00e1 ann maidir leis na cr\u00edocha d\u00e9anacha agus ateacht Chriost. Ba \u00e9 seo c\u00e9ad iarracht Ph\u00f3il faoin \u00e1bhar seo, agus d\u00e9anfaidh s\u00e9 mionathr\u00fa sa cheist sna litreacha n\u00edos d\u00e9ana\u00ed uaidh. Faoi ais\u00e9ir\u00ed deir s\u00e9 nach f\u00e9idir d\u2019fhuil agus d\u2019fheoil r\u00edocht D\u00e9 a shealbh\u00fa mar oidhreacht. Leanfaidh an machnamh, an cur agus an cuiteamh, ar an \u00e1bhar seo ar feadh i bhfad le tabhairt d\u00fainn an diagacht fhorbartha at\u00e1 againn inniu ar na cr\u00edocha d\u00e9anacha agus an staid idirmhe\u00e1nach (an Purgad\u00f3ir).<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al <\/em>(Matha 25:12-15). <em>Chugaibh an fear nuaph\u00f3sta! Amach libh ina aircis! <\/em> T\u00e1 teachtaireacht soil\u00e9ir ag an parabal sa l\u00e9acht seo \u2013 bheith r\u00e9idh buaileadh leis an Tiarna nuair a thagann s\u00e9. T\u00e1 an l\u00e9acht roghnaithe go cu\u00ed agus sinn ag buaileadh le deiradh bhliain an liot\u00fairge, agus an ghairm a ghabhann leis sin bheith r\u00e9idh le buaileadh leis an Tiarna ag deireadh \u00e1r saoil, a bheith ag faire de bhr\u00ed nach bhfuil a fhios againn an l\u00e1 n\u00e1 an uair.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong><em> An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: Ag Faire! <em> Deireadh saoil: r\u00e9idh le cuntas a thabhairt <\/em> Na cr\u00edocha d\u00e9anacha, b\u00e1s, breithi\u00fanaas, ifreann agus neamh, agus an glaoch bheith r\u00e9idh don bh\u00e1s agus an breithi\u00fanas, ar \u00e9igin go labhartar n\u00f3 go scr\u00edobhtar futhu sin sna saolta seo. Agus m\u00e1 d\u00e9antar tagairt d\u00f3ibh i gcomhth\u00e9acs an Bh\u00edobla is ar an Parousia, Ateacht Chr\u00edost, a bh\u00edonn duine ag smaoineamh. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a mheas gur d\u00f3 sin a bh\u00ed \u00cdosa ag tagairt i bparabal an lae inniu, b\u00edodh nach bhfuil leid ann bheith r\u00e9idh don bh\u00e1s. Labhair \u00cdosa faoin \u00e1bhar seo n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 uair amh\u00e1in de r\u00e9ir Shoisc\u00e9al Mhatha, i sleachta a l\u00e9itear i liot\u00fairge an Domhnaigh i mblianas. Nuair a chuir duine \u00e1irithe ceist ar \u00cdosa faoi cad \u00e9 an mhaith at\u00e1 le d\u00e9anamh chun go mbeadh an bheatha sh\u00edora\u00ed ag duine d\u2019fhreagair \u00cdosa: \u201cCoinnigh na haitheanta\u201d (Matha 19:16-17). Cuireadh ceist air tr\u00e1th an ea nach mb\u00edonn sl\u00e1naithe ach an beag\u00e1n, agus d\u2019fhreagair \u00cdosa: \u201cT\u00e9ig\u00ed isteach tr\u00edd an doras c\u00fang, mar is fairsing an doras agus is leathan an b\u00f3thar a sheolann chun l\u00e9irscriosta, agus t\u00e1 mor\u00e1n a ghabhann an tsl\u00ed sin isteach. Ach is c\u00fang an doras agus is caol an b\u00f3thar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beag\u00e1n a aims\u00edonn \u00e9\u201d (Matha 7:13-14; L\u00fac\u00e1s 13:23-24). D\u2019iarr \u00cdosa chomh maith: \u201cC\u00e1 fearrde duine go ngn\u00f3th\u00f3dh s\u00e9 an domhan go l\u00e9ir d\u00e1 ligfeadh s\u00e9 a anam f\u00e9in ar ceal?\u201d (Matha 16:26), t\u00e9acs nach f\u00e9idir an focal \u201canam\u201d ann a thuiscint amh\u00e1in mar \u201c\u00e9 f\u00e9in\u201d, \u201ca bheatha\u201d (\u201ca bheo f\u00e9in\u201d, Cosslett \u00d3 Cuinn; NRSV), toisc go bhfuil an t\u00e9acs a leanann \u00e9 go direach as caint faoi Mac an Duine ag teacht le c\u00faiteamh le gach duine de r\u00e9ir mar a rinne s\u00e9. T\u00e1 rabhadh sin \u00cdosa sna Soisc\u00e9il le f\u00e1il chomh maith i scr\u00edbhinn\u00ed na luatheaglaise. T\u00e1 a l\u00e1n ruda\u00ed dearfa le r\u00e1 ag P\u00f3l ina litir chuig na Filipigh, mar shampla a n-aire a bheith ar an rud f\u00edor, an rud uasal, ar an rud c\u00f3ir, ar an rud naofa, ar an rud meas\u00fail, ar an rud creidi\u00fanach, ar an ruid at\u00e1 su\u00e1ilceach inmholta (4:8), ach deir s\u00e9 leo chomh maith a sl\u00e1n\u00fa a shaothr\u00fa faoi uamhan agus faoi eagla (2:12). Mar iomaitheoir i gcoimhlint an creidimh do P\u00f3l, deir s\u00e9 go&nbsp;&nbsp; dtugann s\u00e9 bascadh d\u00e1 chorp agu coinn\u00edonn faoi smacht \u00e9 le heagla go gcolfa\u00ed \u00e9 f\u00e9in tar \u00e9is d\u00f3 a bheith ag f\u00f3gairt ar dhaoine eile (1 Corantaigh 9:27). Agus n\u00edl ansin ach cuid de na rabhaidh, na fol\u00e1irimh, at\u00e1 sa Tiomna Nua faoi \u00f3c\u00e1id\u00ed an pheaca a seachaint. B\u00edodh gur inmholta go bhfuil an bh\u00e9im in Eaglais an lae inniu sa rud dearfa, sna carasma\u00ed agus a leith\u00e9id\u00ed, bheadh s\u00e9 baolach faill\u00ed a dh\u00e9anamh ar an m\u00e9id a deir sn Tiomna Nua ar laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna, agus ar a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 bheith de sh\u00edor san airdeall.<\/li>\n<\/ol>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>12 Samhain 2017 (A) Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-567","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/567","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=567"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/567\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=567"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=567"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=567"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}