{"id":569,"date":"2017-11-15T08:32:33","date_gmt":"2017-11-15T08:32:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=569"},"modified":"2017-11-15T08:32:33","modified_gmt":"2017-11-15T08:32:33","slug":"19-samhain-2017-a-triu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=569","title":{"rendered":"19 Samhain 2017 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>19 Samhain 2017 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: Ag Faire! <em> Deireadh bliana, Deireadh saoil: r\u00e9idh le cuntas a thabhairt<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Seanfhocail 31:10-13, 19-20, 30-31). <em>C\u00e9 ar f\u00e9idir leis a dh\u00edol de bhean ch\u00e9ile a fh\u00e1il?<\/em> Is chuid de dh\u00e1n aib\u00edtreach \u00e9 seo, d\u00e1n ina bhfuil fiche d\u00f3 v\u00e9arsa\u00ed, gach v\u00e9arsa d\u00edobh le litir leantach de aib\u00edtir na hEabhraise. Cumadh mar sin \u00e9 d\u2019aon ghn\u00f3 le cr\u00edoch a chur le Leabhar na Seanfhocal, leabhar thar a bheith t\u00e1bhachtach de litr\u00edocht na hEagna sa Bh\u00edobla. Moladh an bhean ch\u00e9ile, an bhean t\u00ed, cumasa\u00ed, foirfe, is \u00e1bhar d\u00f3, agus b\u2019fh\u00e9idir gur tuigeadh \u00e9 mar cur s\u00edos f\u00e1ithchiallach, allag\u00f3ireach, ar an Eagna phearsantaithe. Deirtear gur luachmhaire an bhean sin n\u00e1 na p\u00e9arla\u00ed, rud a chuireann i gcuimhne an cur s\u00edos ar an Eagna in I\u00f3b 28:18: \u201cN\u00ed f\u00e9idir p\u00e9arla a chur i gcoimheas lei\u201d. Agus faoi mar a dh\u00e9antar chomh maith i litr\u00edocht na hEagna, nasctar an bhean le eagla an Tiarna. Cuireann an \u00e1it l\u00e1rnach at\u00e1 ag an fear ch\u00e9ile sa d\u00e1n seo as do roinnt ban an lae inniu, amhail as gur fi\u00fantas an bhean ch\u00e9ille d\u00e1 fear at\u00e1 dair\u00edre i gceist. Ach bheadh dul am\u00fa ar dhuine sa bhreith seo. I gcompar\u00e1id le gn\u00e1th-theagasc an tSeantiomna, t\u00e1 \u00e1it faoi leith ag an bhean sa d\u00e1n seo. Is bean chumasach \u00ed a bhaineann \u00fas\u00e1id as na buanna at\u00e1 aici sa teach agus taobh amuigh de, mar bhean ghn\u00f3 agus tr\u00e1cht\u00e1la, ach san am c\u00e9anna le c\u00faram don dream dear\u00f3il. Tuilleann a gn\u00edomhartha moladh poibl\u00ed. Baineann s\u00ed \u00fas\u00e1id as a cuid buanna, agus is mar sin a roghna\u00edtear an t\u00e9acs seo le dul le soisc\u00e9al an lae inniu, le parabal na dtallann.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 127[128]). <em>Is aoibhinn do ch\u00e1ch lerb eagal an Tiarna<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Teasal\u00f3naigh 5:1-6). <em>N\u00e1 tagadh L\u00e1 an Tiarna gan fhios oraibh mar a bheadh bithi\u00fanach.<\/em> Nath iad na focail \u201can l\u00e1 agus an uair\u201d a fhaightear i soisc\u00e9al Mhatha le cur s\u00edos ar th\u00e9arnamh \u00cdosa agus deireadh an tsaoil. Ina aitheasc deiridh d\u00e1 dheisceabail thug \u00cdosa rabhadh bheith san airdeall le bheith r\u00e9idh mar go bhf\u00e9adfadh&nbsp;&nbsp; L\u00e1 an Tiarna bheith in in achmaireacht, ar an tairseach. Ba choir d\u00f3ibh bheith ag faire mar n\u00e1 raibh a fhios acu an l\u00e1 n\u00e1 an uair (Matha 25:13). D\u00fairt \u00cdosa chomh maith nach imeodh an ghl\u00fain sin gan na nithe ar a raibh s\u00e9 ag caint tagtha chun cinn (Matha 24:34). Mar sin f\u00e9in bh\u00ed ar a chumas a r\u00e1 d\u00edreach ina dhiaidh sin faoin \u201cl\u00e1 agus an uair\u201d (Matha 24:36) nach raibh a fhios ag duine ar bith faoi, n\u00e1 ag aingil na bhflaitheas, n\u00e1 ag an Mac, ach an an Athair amh\u00e1in. Bh\u00edothas ag feitheamh, agus ag tn\u00fath, le t\u00e9arnamh, le filleadh, \u00cdosa go luath sa luatheaglais, ach nior chuir sin as do fh\u00f3gairt an tsoisc\u00e9il d\u00f3ibh. Bh\u00ed an creideamh agus an d\u00f3chas c\u00e9anna ag P\u00f3l aspal i dt\u00fas a chuid mhisin\u00e9ireachta agus ag eaglais na Teasal\u00f3inic\u00e9. Ba chuid den chreideamh sin, leis, go raibh L\u00e1 an Luain le teacht mar bhithi\u00fanach san o\u00edche. Tugann an focal \u201cL\u00e1\u201d deis do Ph\u00f3l teachtaireacht a thabhairt: bheith r\u00e9idh d\u00f3 agus maireacht\u00e1il mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha an lae, sa solas, seachas sa dorchadas, ag faire, r\u00e9idh don l\u00e1 sin.<\/p>\n<p>An <em>Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 25:14-30). <em>Bh\u00ed t\u00fa iontaofa i mbun beag\u00e1n nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.<\/em> Is \u00e9asca ceacht an pharabail seo a thuiscint: \u00fas\u00e1id a bhaint as na buanna a thug an Tiarna, Dia, d\u00fainn, agus a fhios a bheith againn go mbeidh orainn freagra a thabhairt ar an Tiarna muna mbainimid. Go bun\u00fasach is \u00e9 a bh\u00ed sa tallann n\u00e1 me\u00e1chan, de 80 punt, 36 cileagram. Sa pharabal, mar sin, tuigtear conas a rinne duine amh\u00e1in poll sa talamh agus gur chuir an tallann i bhfolach. I gcursa\u00ed airgid b\u2019ionann tallann agus s\u00e9 mh\u00edle (6000) denarii, agus an denarius mar gh\u00e1th-ph\u00e1 d\u2019fhear oibre. Ionann tallann amh\u00e1in, mar sin, agus p\u00e1 lae do fhiche bliain oibre don ghn\u00e1th-fhear oibre. Baintear as an fhocal \u201ctallann\u201d chomh maith an chiall \u201cbronntanas\u201d, bua n\u00e1d\u00fartha. Ceacht an pharabail n\u00e1 \u00fas\u00e1id cheart a bhaint as na tallainn, na buanna n\u00e1d\u00fartha, p\u00e9 m\u00f3r beag iad, a thug an Tiarna Dia d\u00fainn. B\u00edodh gur m\u00f3r an m\u00e9id c\u00faig, n\u00ed fi\u00fa dh\u00e1, thallann, tugann an Tiarna beag\u00e1n orthu, agus tugtar cuireadh d\u00f3ibh si\u00fad a bhain tairbhe cheart astu dul isteach in aoibhneas a mh\u00e1istir \u2013 ionann sin do na creidhmigh agus gl\u00f3ir na bhflaitheas.<\/p>\n<p>Mar pharabal ann f\u00e9in d\u2019fh\u00e9adfadh an ceann seo a bheith in aon chuid de na soisc\u00e9il, ach ina chomhth\u00e9acs anois is cuid d\u2019aitheasc deiridh \u00cdosa \u00e9 a bhfuil mar th\u00e9ama aige \u201cFaire\u201d, bheith r\u00e9idh don \u201cl\u00e1 agus an uair\u201d. D\u00edreach roimhe t\u00e1 parabal an Deichni\u00far Maighdean, leis an t\u00e9ama c\u00e9anna, agus d\u00edreach ina dhiaidh t\u00e1 aitheasc \u00cdosa faoin Bhreithi\u00fanas Deireanach. Mar sin, oireann an l\u00e9acht do liot\u00fairge dheireadh bhliain an liot\u00fairge.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Ar Faire<\/em>! <em>Deireadh bliana, Deireadh saoil: r\u00e9idh le cuntas a thabhairt.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Go traidisi\u00fanta, ag deireadh bhliain an liotuirge agus roimh th\u00fas na hAidbhine bh\u00ed b\u00e9im i liot\u00fairge an Domhnaigh ar na cr\u00edocha d\u00e9anacha agus a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 bheith r\u00e9idh le buaileadh leis an Tiarna, agus an breithi\u00fanas a ghabhann leis an mb\u00e1s.<\/p>\n<p>N\u00ed hiondual inniu machnamh a dh\u00e9anamh ar an mb\u00e1s agus a riachtana\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 b\u00e1s a fh\u00e1il i ngr\u00e1sta D\u00e9, n\u00f3 fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh ar bhriathra Ph\u00f3il chuig na Teasal\u00f3naigh maireacht\u00e1il mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha an tsolais, de r\u00e9ir an tsoisc\u00e9il agus teagasc na hEaglaise. Agus go minic tagann an b\u00e1s f\u00f3s mar bhithi\u00fanach san o\u00edche, gan coinne.<\/p>\n<p>\u00c1bhar machnaimh eile d\u00fainn \u00f3 liot\u00fairge an lae inniu n\u00e1 gurb \u00ed toil D\u00e9 go mbaineann gach duine againn \u00fas\u00e1id as na buanna n\u00e1d\u00fartha, na tallainn, at\u00e1 againn, p\u00e9 m\u00f3r beag iad, agus sin d\u00e1r leas f\u00e9in agus do leas an chomharsa, do leas an phobail.<\/p>\n<p>N\u00ed beag an t-\u00e1bhar machnaimh a thugann liot\u00fairge an lae, agus na l\u00e9achta\u00ed seo, d\u00fainn.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>19 Samhain 2017 (A) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-569","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/569","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=569"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/569\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=569"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=569"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=569"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}