{"id":575,"date":"2017-12-06T09:49:25","date_gmt":"2017-12-06T09:49:25","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=575"},"modified":"2017-12-06T09:49:25","modified_gmt":"2017-12-06T09:49:25","slug":"10-nollaig-2017-b-an-dara-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=575","title":{"rendered":"10 Nollaig 2017 (B) An Dara Domhnach  den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><strong>10 Nollaig <\/strong><strong>2017 (B) An Dara Domhnach <\/strong><strong>&nbsp;den Aidbhint<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Ag maireacht\u00e1il le foighid agus buanseasmhacht le Dia Beo<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(\u00cdse\u00e1ia 40:1-5, 9-11). <em>R\u00e9itig\u00ed cos\u00e1n le haghaidh an Tiarna.<\/em> Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo le dul le soisc\u00e9al an lae inniu. Labhra\u00edonn an d\u00e1 cheann faoi r\u00e9 nua at\u00e1 ar t\u00ed tos\u00fa. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht t\u00e1 gl\u00f3r \u00f3 neamh ag f\u00f3gairt: \u201cR\u00e9itig\u00ed cos\u00e1n san fh\u00e1sach le haghaidh an Tiarna. D\u00e9anaig\u00ed d\u00edreach thar an d\u00edtreabh (thar an ghaineamhlach) bealach m\u00f3r d\u00e1r dTiarna\u201d. Tugtar na focail sin chun cuimhne agus baintear \u00fas\u00e1id astu sa r\u00e9amhr\u00e1 d\u2019fh\u00f3gairt na r\u00e9 nua le Cr\u00edost ag Eoin Baiste.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f\u00e9idir linn anois an ch\u00e9ad l\u00e9acht seo a shu\u00edomh ina h\u00e1it chu\u00ed i &nbsp;Ieabhar \u00cdse\u00e1ia. Is t\u00fas \u00ed don dara roinn mh\u00f3r den Leabhar seo, ar a dtugtar anois \u201cAn Dara \u00cdse\u00e1ia\u201d. Tuigtear an l\u00e9acht n\u00edos fearr nuair a shu\u00edtear i ina c\u00falra ceart staire. Tamall gearr tar \u00e9is an bhliain 586 roimh Ch\u00edost shrois an nuacht faoi threascairt an Teampail agus Iar\u00fasail\u00e9im na deoraithe sa Bhaibeal\u00f3in, a raibh an f\u00e1idh \u00c9z\u00edc\u00e9il gn\u00edomhach ina measc, ag f\u00f3gairt d\u00edbheirg D\u00e9 de bharr pheaca\u00ed Iosrael. Tar \u00e9is threascairt na cathrach agus an Teampaill d\u2019athraigh teachtaireacht an fhaidh sin go soisc\u00e9al na tr\u00f3caire agus an d\u00f3chais don todhcha\u00ed. Dar le Leabhar \u00c9zic\u00e9il bh\u00edodh na deoraithe ag teacht chuig an f\u00e1idh le teachtaireacht \u00f3&nbsp; Dhia a fh\u00e1il uaidh, teachtaireacht ar thugadar cluas bhodhar di. D\u2019fh\u00e9acadar ar an bhf\u00e1idh mar amhr\u00e1na\u00ed d\u00e1nta gr\u00e1, n\u00f3 cantaire bail\u00e9ad fi\u00fa, gan baint ar a raibh iontu le c\u00farsa\u00ed an tsaoil n\u00f3 an todhcha\u00ed. Na f\u00e1istin\u00ed a bh\u00ed aige anois faoi ais\u00e9ir\u00ed n\u00e1isi\u00fanta agus thodhch\u00e1i ghl\u00f3rmhar, b\u2019ionann d\u00f3ibh iad bheith chomh folamh le bail\u00e9ad. Bh\u00ed an tImpire Nab\u00facadnazar a scrios a dt\u00edr dh\u00fachais f\u00f3s i r\u00e9im. D\u2019athraigh c\u00farsa\u00ed sa bhliain 560 nuair a th\u00e1inig deireadh le r\u00e9im Nab\u00facadnazar. Sa bhliain 556 th\u00e1inig Nabonidus, r\u00ed deiridh na Baibeal\u00f3ine, i gcumhacht agus n\u00edorbh fhada gur thr\u00e9ig s\u00e9 an Bheabal\u00f3in ar fad. Faoi 559 bh\u00ed buanna C\u00edoras, r\u00ed na Peirse, ag treisi\u00fa, agus ba l\u00e9ir n\u00e1rbh fhada go mbeadh suim aige an Bheabhal\u00f3in a ghabh\u00e1il. Is thart ar an am sin a glaodh ar an bhf\u00e1idh anaithnid, ar a dtugtar anois \u201cAn Dara \u00cdse\u00e1ia\u201d dul i mbun a theachtaireachta nua. Cloiseann s\u00e9 glaoch \u00f3 neamh \u00e1 r\u00e1 leis an s\u00f3l\u00e1s a fh\u00f3gairt do Iarusail\u00e9im. T\u00e1 athr\u00fa tagaithe ar fhearg Dh\u00e9 go gr\u00e1 agus d\u00f3chas. F\u00f3gra\u00edtear go bhfuil deireadh leis an deora\u00edocht. Tagann guth eile \u00f3 neamh ag f\u00f3gairt nach fol\u00e1ir cos\u00e1n a r\u00e9iteach don Tiarna san fh\u00e1sach (idir an Bheabal\u00f3in agus Iar\u00fasail\u00e9im) le go mbeadh sl\u00ed r\u00e9idh ann don Tiarna ag filleadh go caithr\u00e9imeach ar Iar\u00fasail\u00e9im. Ansin labhra\u00edtear go d\u00edreach &nbsp;le S\u00ed\u00f3n, sin le r\u00e1 Iar\u00fasail\u00e9im, \u00e1 r\u00e1 lei bheith ina callaire an Dea-Sc\u00e9il go bailte (scriosta) I\u00fada go bhfuil Dia a Sl\u00e1naitheoir ag teacht chucu: \u201cSeo \u00e9 bhur nDia\u201d. (Is fearr an t\u00e9acs a thuiscint mar seo n\u00e1 mar: \u201cA challaire an dea-sc\u00e9il chuig S\u00ed\u00f3n\u201d.) T\u00e1 Dia Iosrael ag teacht thar an fh\u00e1sach go Iar\u00fasail\u00e9im le cumhacht, mar a bheadh aoire ag aoireacht a thr\u00e9ada, \u00e1 n-iompar ar chl\u00e1r a uchta.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is iontach seo go l\u00e9ir mar fh\u00eds don todhcha\u00ed, i bhfad r\u00f3-mh\u00f3r le go nd\u00e9anfa\u00ed \u00ed a fh\u00edoradh go l\u00e1ithreach bonn an tr\u00e1th sin, agus go raibh s\u00ed d\u00e1 bharr sin mar inspior\u00e1id do ghl\u00faine eile tr\u00ed na haoiseann s\u00edos. Ghlac C\u00edoras seilbh ar an mBaibeal\u00f3loin sa bhliain 539 agus thug s\u00e9 cead do na Gi\u00fadaigh filleadh abhaile agus an Teampall a ath\u00f3gail, ach Iar\u00fasail\u00e9im agus a m\u00fartha as an \u00e1ireamh. N\u00edor fhill an iomad abhaile, ach rinneadh an Teampall a athog\u00e1il sa bhliain 515 agus lean pobal beag Iar\u00fasail\u00e9im agus I\u00fada ar aghaidh (le neamhsple\u00e1chas ar feadh seal sna blianta 164 go 63 roimh Chr\u00edost) faoi impireachta\u00ed na Peirse, na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe. Bheadh na Gi\u00fadaigh ag tn\u00fath le f\u00edoradh fh\u00eds \u00cdse\u00e1ia.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le leagan an t\u00e9acs&nbsp; Eabhraise \u201cT\u00e1 gl\u00f3r ag f\u00f3gairt: R\u00e9itig\u00ed cos\u00e1n san fh\u00e1sach\u201d, cuireann an leagan Gr\u00e9igise (an Seacht\u00f3d) an t-aistri\u00fach\u00e1n seo air: \u201cGuth ag glaoch san fh\u00e1sach:&nbsp; R\u00e9itig\u00ed cos\u00e1n\u201d, agus is mar seo a bhaineann Eoin Baiste \u00fasaid as.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 84[85]). <em>Taispe\u00e1in d\u00fainn, a Thiarna, do thr\u00f3caire agus tabhair&nbsp; d\u00fainn do sh\u00e1n\u00fa.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(2 Peadar 3:8-14). <em>T\u00e1imid ag s\u00fail le sp\u00e9artha nua agus le domhan nua. <\/em>T\u00e9ama l\u00e1rnach na l\u00e9achta seo n\u00e1 fadhb a tharla sa luatheaglais toisc gur measadh n\u00e1r f\u00edoradh briathra agus gealltanas Chr\u00edost faoina Th\u00e9arnamh f\u00e9in. An litir seo faoi ainm&nbsp; Pheadar, n\u00ed d\u00f3cha gurb \u00e9 an tAspal Peadar f\u00e9in a scr\u00edobh \u00ed, ach gur cumadh \u00ed uair \u00e9igin tar \u00e9is a bh\u00e1s (a tharla thart ar 64 AD). T\u00e1 s\u00ed i bhfoirm uacht n\u00f3 tiomna faoina ainm, agus faoi fhadhbanna a measadh a bhi le teacht ann tar \u00e9is a bh\u00e1is. T\u00e1 an litir faoi ainm cleite. Bh\u00ed tiomna\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id faoi ainmneacha m\u00f3r-phearsanna Iosrael (\u00c1dhamh, Abrah\u00e1m, Iac\u00f3b, Maois, Solamh, I\u00f3b, an Tri\u00far Paitriarc Is\u00e1c, Iac\u00f3b, I\u00f3seph) com\u00f3nta i litr\u00edocht na nGi\u00fadach, agus chomh maith i roinnt scr\u00edbhinn\u00ed na luath-Chr\u00edosta\u00edochta. Is cos\u00fail gur cumadh an litir seo, 2 Peadar, d\u00e9anach go leor, abair idir 70 agus 90 AD, n\u00f3 n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, agus tugann s\u00ed a haghaidh ar fhadhbanna a thosaigh sa r\u00e9 sin.Tugann an t-\u00fadar freagra ar an bhfadhb chreidimh sin, a eascair \u00f3 thuiscint n\u00e1r f\u00edoradh gealltanas a measadh a bheith d\u00e9anta ag \u00cdosa. Is d\u00f3cha gur bhain an gealltanas i gceist le filleadh, t\u00e9arnamh, Chr\u00edost, agus b\u2019fh\u00e9idir cr\u00edoch na staire mar aon leis, gealltanas a bheadh le f\u00edor\u00fa sul a bhfaighfeadh an ghl\u00fain ar d\u00faireadh leo \u00e9 c\u00e9aduair b\u00e1s (feic ar Matha 16:18; Marcas 9:1; L\u00fac\u00e1s 9:27).&nbsp; Bh\u00ed an ghl\u00fain sin b\u00e1saithe nuair a \u00e9irigh an fhadhb, mar a thuigf\u00ed as 2 Peadar 3:4: \u201cB\u00edodh seo ar eolas ahaibh ar dt\u00fas, go dtiocfaidh scigir\u00ed ag scigireacht sna laethanta deireanacha &#8230; \u00e1 r\u00e1: C\u00e1 bhfuil gealltanas a theachta? Mar \u00f3n am&nbsp; a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach n\u00ed d\u00edreach mar a bh\u00ed siad \u00f3 th\u00fas na crutha\u00edochta\u201d. Go bun\u00fasach, is \u00e9 an freagra a thugann an t-\u00fadar n\u00e1 nach fol\u00e1ir foghlaim maireacht\u00e1il i gcreideamh le Dia na s\u00edora\u00edochta, agus le moilleanna i gcomhl\u00edonadh na ngealltanas nuair at\u00e1 sin de r\u00e9ir phlean sl\u00e1naithe D\u00e9.<\/p>\n<p>An <em>Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 1:1-8). <em>D\u00e9anaig\u00ed d\u00edreach cos\u00e1in an Tiarna. <\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 againn seanm\u00f3ireacht Eoin Baiste mar a chuireann Marcas i l\u00e1thair \u00ed.&nbsp; Mhair Eoin Baiste beatha dhianthr\u00e9anach agus bh\u00ed s\u00e9 ag seanm\u00f3ireacht faoin aithr\u00ed agus maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed, agus ag f\u00f3gairt chomh maith go raibh duine n\u00edos m\u00f3 agus n\u00edos t\u00e1bhachta\u00ed n\u00e1 \u00e9 f\u00e9in le teacht a dh\u00e9anfadh baisteadh sa Spiorad Naomh.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 t\u00fas shoisc\u00e9al Marcas againn, agus is d\u00f3cha\u00ed n\u00e1 a mhalairt gur mar sin a&nbsp; bh\u00ed&nbsp; seanm\u00f3ireacht luath na heaglaise faoi \u00cdosa Cr\u00edost, n\u00e1r thosaigh le breith Chr\u00edost n\u00e1 le Soisc\u00e9al na na\u00edonachta, ach le seanm\u00f3ireacht Eoin Baiste. Tosa\u00edonn na Ceithre Soisc\u00e9il go l\u00e9ir ag cur s\u00edos ar bheatha phoibl\u00ed \u00cdosa le seanm\u00f3ireacht Eoin. N\u00ed sna soisc\u00e9il amh\u00e1in at\u00e1 cur s\u00edos ar sheanm\u00f3ireacht Eoin. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 go ndeachaigh s\u00ed i bhfeidhm go m\u00f3r ar lucht a chomhaimsire, mar go bhfuil tr\u00e1cht ar sheanm\u00f3ireacht Eoin agus a bh\u00e1s ag l\u00e1mha Hear\u00f3d Antipas na Gail\u00edle ag an stair\u00ed Gi\u00fadach Josephus Flavius (thart ar 100 AD). Sna soisc\u00e9il go l\u00e9ir ag t\u00fas sheanm\u00f3ireacht Eoin luaitear f\u00e1istine \u00cdse\u00e1ia faoi cos\u00e1in an Tiarna a r\u00e9iteach. Bh\u00ed an fh\u00e1istine sin \u00e1 comhl\u00edonadh ag Eoin Baiste, ag r\u00e9iteach na sl\u00ed d\u2019\u00cdosa agus d\u2019fh\u00f3gairt R\u00edocht D\u00e9 tr\u00edd.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>. <em>Ag maireacht\u00e1il le foighid agus buanseasmhacht le Dia Beo<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em>Machnamh:<\/em> Tugann l\u00e9achta\u00ed an lae \u00e1bhar saibhir machnaimh d\u00fainn. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht as Leabhar \u00cdse\u00e1ia t\u00e1 againn f\u00eds d\u00edrithe ar phobal faoi leith in \u00f3c\u00e1id staire faoi leith, ach \u00f3 thaobh a bhfuil istigh inti t\u00e1 s\u00e9 neamhsple\u00e1ch \u00f3 thr\u00e1th ar bith, le f\u00eds \u00f3 Dhia, l\u00e1n de ghr\u00e1, mar aoire ag iompair a phobail ar aghaidh go s\u00e9imh. Tugadh br\u00ed nua don fh\u00eds seo ag Eoin Baiste, r\u00e9amhtheachtaire an T\u00e9 a bh\u00ed le teacht le r\u00edocht D\u00e9 a fh\u00f3gairt d\u00e1 phobal Iosrael agus don domhan. B\u00edodh go bhfuil dh\u00e1 phointe staire luaite sna l\u00e9achta\u00ed seo (thart ar 559 roimh Chr\u00edost agus 30 AD) t\u00e1 Dia f\u00e9in, agus Cr\u00edost, taobh amuigh de aon am. Is Alfa agus Omega iad; is leo gach aois.<\/p>\n<p>T\u00e1 teacht ann, agus teacht chun cr\u00edche, d\u2019fh\u00eds fh\u00e1idh ar bith ceangailte le freagra daonna agus cora an tsaoil agus na staire. Is \u00e9 Cr\u00edost f\u00eds nua D\u00e9; foils\u00edonn an tAthair \u00e9 f\u00e9in ina Mhac \u00cdosa,&nbsp; agus is toil le h\u00cdosa an fh\u00eds sin a bheith le feiscint agus \u00e1 f\u00f3gairt ag a bhr\u00eddeach, an Eaglais, gur toil le h\u00cdosa a bheith naofa agus gan ch\u00e1im. T\u00e1 a fhios againn go maith gur fada \u00f3 sin f\u00edrinne an sc\u00e9il, leis na laig\u00ed agus na scannail at\u00e1 san eaglais. Is cabhair d\u00fainn na l\u00e9achta\u00ed ruda\u00ed agus g\u00e9arch\u00e9imeanna&nbsp; a fheice\u00e1il ina gceart, agus fi\u00fa treise a thabhairt d\u00e1r gcreideamh, gur Dia Beo bun agus barr d\u00f3. Mar adeir an t\u00e9acs iomr\u00e1iteach (Eabhraigh 11:1): \u201cIs \u00e9 an rud \u00e9 creideamh n\u00e1 urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag s\u00fail leo agus cruth\u00fa gur ann do na nithe nach bhfeicimid\u201d.<\/p>\n<p><em>Agallamh le ceisteanna \u00e1r linne f\u00e9in. <\/em>T\u00e1 an iliomad nithe agus prionsabal ann a eascra\u00edonn as l\u00e9achta\u00ed an lae inniu a thabharfadh deis d\u00fainn agallamh a dh\u00e9anamh le saol \u00e1r linne. N\u00ed f\u00e9idir, agus n\u00ed g\u00e1, ach na ceannteidil a thabhairt anseo.<\/p>\n<p>Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos is deas a mheabhr\u00fa gur thosaigh an t-agallamh le bun\u00fa na hEaglaise f\u00e9in,&nbsp; le ceisteanna a bh\u00ed le freagairt ag \u00fadar Dara Litir Naomh Pheadar maidir le gealltanas Chr\u00edost.<\/p>\n<p>Ansin is fi\u00fa iarracht a dh\u00e9anamh ar shainmh\u00edni\u00fa a thabhairt ar cad is creideamh agus d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed ann, agus an ceangal d\u00edlis idir d\u00f3chas agus buanseasmhacht, mar is creideamh i nDia Beo at\u00e1 i gceist i gc\u00f3na\u00ed.<\/p>\n<p>Bheadh \u00e1it san agallamh seo ar an \u201ciomrasc\u00e1il\u201d a bh\u00ed ag na f\u00e1ithe le Dia, toisc gan na gealltanais a bheith \u00e1 gcomhl\u00edonadh n\u00f3 c\u00farsa\u00ed an tsaoil a bheith de r\u00e9ir&nbsp; phlean D\u00e9.<\/p>\n<p>\u00c1bhar agallaimh eile a bheadh ann le feals\u00fanacht reatha n\u00e1 gur dual do bheatha i gCr\u00edost bheith r\u00e9idh do thriobl\u00f3id\u00ed,&nbsp; don fhoighid agus don l\u00fach\u00e1ir \u2013 iad, m\u00e1s g\u00e1, i dteannta a ch\u00e9ile.<\/p>\n<p>Agus sa deireadh thiar, ar nd\u00f3igh, n\u00ed f\u00e9idir an dara l\u00e9acht a l\u00e9amh gan machnamh a dh\u00e9anamh ar an domhan nua ar a bhfuilimid ag s\u00fail,&nbsp; agus gur ceist l\u00e1rnach \u00ed i bplean\u00e1il shoisialta an lae inniu. T\u00e1 mion-chur s\u00edos ar an gceist sin, agus t\u00e9acs 2 Peadar, ag an Chomairle Vatac\u00e1n II, sa Bhunreacht&nbsp; Past\u00faireach \u201cAn Eaglais i Saol an Lae Inniu\u201d (<em>Gaudium et Spes<\/em>), paragraph 39, gur fi\u00fa a l\u00e9amh ina ioml\u00e1ine.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>10 Nollaig 2017 (B) An Dara Domhnach &nbsp;den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-575","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/575","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=575"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/575\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=575"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=575"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=575"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}