{"id":580,"date":"2017-12-18T13:28:51","date_gmt":"2017-12-18T13:28:51","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=580"},"modified":"2017-12-18T13:28:51","modified_gmt":"2017-12-18T13:28:51","slug":"24-nollaig-2017-b-an-ceathru-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=580","title":{"rendered":"24 Nollaig 2017 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach  den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><strong>24 Nollaig 2017 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach <\/strong><strong>&nbsp;den Aidbhint <\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>Ag maireacht\u00e1il le rundiamhra D\u00e9.<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n<p><em>R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. <\/em>T\u00e1 an Aidbhint, agus an feitheamh, cor is a bheith thart agus an comhl\u00edonadh sa Nollaig buailte linn. T\u00e1 sin go hioml\u00e1n le sonr\u00fa i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. T\u00e1 t\u00fas an fheithimh don Meisias, Mac Dh\u00e1iv\u00ed, againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht leis an ghealltanas \u00f3 Dhia do Dh\u00e1iv\u00ed f\u00e9in go mbeadh mac leis i gc\u00f3na\u00ed mar oidhre ar a chathaoir r\u00edoga. Sa dara l\u00e9acht t\u00e1 cur s\u00edos ar an r\u00fandiamhair a bh\u00ed folaithe i&nbsp; nDia sna c\u00e9adta bliain idir sin agus a foilsi\u00fa i gCr\u00edost agus san Eaglais. Thosaigh foilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire sin le teachtaireacht an aingil go Muire, ar a bhfuil cur s\u00edos i soisc\u00e9al an lae inniu. I dtraidisi\u00fan na h\u00c9ireann agus na Gaeilge tugadh La Fh\u00e9ile Muire na Sanaise ar fh\u00e9ile theachtaireacht an aingil, 25 M\u00e1rta. T\u00e1 br\u00ed throm ag gabh\u00e1il leis an bhfocal \u201csanas\u201d sa chomhth\u00e9acs seo, sin le r\u00e1 seicr\u00e9id sa chiall eaglasta, r\u00fandiamhair, r\u00fandiamhair ioncollaithe Chr\u00edost agus maighdeanais Mhuire. I dt\u00e9acs Gaeilge sa l\u00e1mhscr\u00edbhinn ar a dtugtar <em>Liber Flavus Fergusiorum, <\/em>ag cur s\u00edos ar chuairt Mhuire ar Eiliosaibeit deir an t\u00e9acs: ar chloisint comhr\u00e1 &nbsp;Eiliosaibeit &nbsp;do Muire do cuimnigh s\u00ed ar&nbsp; an tsanas a thug an t-aingeal di, ar an dteachaireacht agus an rundiamhair a bhain lei.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(2 Samu\u00e9l 7:1-5, 8-11, 16). <em>Seasfaidh flaitheas Dh\u00e1iv\u00ed go daingean i l\u00e1thair an Tiarna<\/em>. Ina chomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla t\u00e1 seilbh glactha ag D\u00e1iv\u00ed ar a r\u00edocht, ar&nbsp; I\u00fada agus Iosrael go hioml\u00e1n. T\u00e1 an r\u00ed S\u00f3l marbh agus t\u00e1 Iar\u00fasail\u00e9im tagaithe faoi r\u00e9im Dh\u00e1iv\u00ed.&nbsp; Le linn na tr\u00e9imhse san fh\u00e1sach bh\u00ed \u00e1irc an chonartha i mboth, i bpuball, b\u00edodh go raibh an \u00e1irc tugtha ag D\u00e1iv\u00ed go hIar\u00fasail\u00e9im anois. Ba mhian le D\u00e1iv\u00ed anois \u00e1it lonnaithe cheart, \u201cteach\u201d, teampall, a thog\u00e1il di. D\u00fairt s\u00e9 sin lena fh\u00e1idh Natan. Ba chuid de lucht coimhdeachta r\u00ed sa Phailist\u00edn agus sna t\u00edortha m\u00e1guaird an tr\u00e1th sin f\u00e1ithe, a thabharfadh comhairle ar rudai a measadh a bheith bainteach le Dia n\u00f3 na d\u00e9ithe. Ceann d\u00edobh sin an f\u00e1idh Natan. Freagra D\u00e9 ar Dh\u00e1iv\u00ed tr\u00ed Natan, agus an gealltanas d\u00f3, is \u00e9 an gealltanas is t\u00e1bhachta\u00ed \u00e9 \u00f3 thaobh staire agus creidimh de. Ag imirt ar an fhocal \u201cteach\u201d, teampall, ar mhian le D\u00e1iv\u00ed a thog\u00e1il do Dhia, d\u2019fhreagair Dia nach dt\u00f3gfadh D\u00e1iv\u00ed an teach, an Teampall, sin do Dhia ach go raibh&nbsp; Dia le teach, teaghlach, r\u00edtheaghlach, a th\u00f3g\u00e1il do Dh\u00e1iv\u00ed, agus go seasfadh an teaghlach sin i gc\u00f3na\u00ed. Bheadh mac, agus clannmhaicne, &nbsp;ag D\u00e1iv\u00ed de sh\u00edor ar an r\u00edchathaoir. N\u00ed bheadh malairt r\u00edtheaghlaigh i gceist. Agus ba mhar sin a bh\u00ed i r\u00edocht I\u00fada \u00f3 aimsir Dh\u00e1iv\u00ed go treascairt na cathrach agus na r\u00edochta ag f\u00f3rsa\u00ed na Baibeal\u00f3ine sa bhliain 587 no 586. Tar \u00e9is filleadh ar I\u00fada agus t\u00fas le athbhun\u00fa an Teampail, sna blianta 522-515 roimh Chr\u00edost, faoi r\u00e9imeas impireacht na Peirse, bh\u00ed Zarab\u00e1ibil de shliocht Dh\u00e1iv\u00ed mar ghobharn\u00f3ir,&nbsp; thar cheann impireacht na Peirse, ar phroibhinse Pheirseach I\u00fada, agus d\u00f3chas ann go dtabharfa\u00ed r\u00edtheaghlach Dhaibhi thar nais; ach n\u00edor &nbsp;mhair an d\u00f3chas seo. Ach mhair gealltanas D\u00e9 tr\u00ed Natan, i dt\u00e9acsanna sa Bh\u00edobla agus sa liot\u00fairge. D\u00f3chas ar theacht an Ungthaigh, an Meisias, Mac Dh\u00e1ivi, a bh\u00ed ann anois. Gh\u00e9araigh ar an nd\u00f3chas sin thart ar ch\u00e9ad bliain roimh Chr\u00edost, agus bh\u00ed s\u00e9 com\u00f3nta in aimsir Chr\u00edost mar is eol d\u00fainn \u00f3n Tiomna Nua. Do dhaoine cr\u00e1ifeacha in Iosrael, bheadh f\u00edoradh an ghealltanais a tugadh do Dh\u00e1iv\u00ed tr\u00ed Natan ann de r\u00e9ir mar ba thoil sin ag Dia sna c\u00fains\u00ed nua.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 88[89]). <em>Canfaidh m\u00e9 de sh\u00edor faoi do bhuanghr\u00e1, a Thiarna<\/em><\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 16:25-27).<em> An r\u00fandiamhair a bh\u00ed folaithe ar feadh na gcianta, t\u00e1 s\u00ed nochta anois.<\/em> Docseola\u00edocht, foirmle mholta D\u00e9, at\u00e1 anseo. Foirceann don litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh at\u00e1 ann de ghnath, b\u00edodh go bhfuil s\u00e9 in \u00e1iteanna eile sa litir i l\u00e1mhscr\u00edbhinn\u00ed \u00e1irirthe den litir seo.&nbsp; Is iontach mar fhoirceann \u00e9, le macalla\u00ed d\u00e1r nd\u00fairt P\u00f3l ina bheann\u00fa i dt\u00fas na litreach faoi \u00cdosa: a gheall Dia roimh r\u00e9 tr\u00edna chuid f\u00e1ithe. Molann P\u00f3l Dia at\u00e1 in ann na creidmhigh a ghlac an dea-sc\u00e9al uaidh iad a dhaingni\u00fa sa chreideamh sin. Labhra\u00edonn s\u00e9 faoin r\u00fandiamhair a bh\u00ed folaithe leis na cianta agus nochta anois, an r\u00fandiamhair sin ar rinne \u00cdosa f\u00e9in tagairt di nuair a d\u00fairt s\u00e9 leis na deisceabail gur m\u00e9anar d\u00f3ibh, m\u00e9aner do an s\u00fala a chonnaic, agus na cluasa a chlos, na ruda\u00ed a bh\u00ed folaithe ar ghl\u00faine f\u00edr\u00e9an a chuaigh rompu, r\u00fandiamhair&nbsp; a bhfuil m\u00f3r\u00e1n r\u00e1ite faoi sna litreacha chuig na hEifisigh agus na Colasaigh, r\u00fandiamhair nochta agus foilsithe tr\u00ed Chr\u00edost agus an Eaglais faoi aontacht Ghi\u00fadach agus phag\u00e1nach i gCrois Chr\u00edost, r\u00fandiamhair gur ionann \u00ed agus go bhfuil Cr\u00edost in\u00e1r measc ag deimhni\u00fa na gl\u00f3ire d\u00fainn. Deir P\u00f3l go bhfuil an r\u00fandiamhair nochta agus curtha in i\u00fal le cabhair scr\u00edbhinn\u00ed na bhf\u00e1ithe do na n\u00e1isi\u00fain. F\u00e1ithe an tSeantioma a bheadh i gceist, is d\u00f3cha, ach m\u00e1s d\u00e9ana\u00ed an t\u00e9acs seo n\u00e1 P\u00f3l f\u00e9in scr\u00edbhinn\u00ed an Tiomna Nua chomh maith, scr\u00edbhinn\u00ed Ph\u00f3il ina measc. Bh\u00ed an foilsi\u00fa seo go l\u00e9ir do na n\u00e1isi\u00fain, na pag\u00e1naigh, ach d\u00e1irire gach aoinne, le iad a thabhairt \u201cchun g\u00e9illsine an chreidimh\u201d. Ionann creideamh i gCr\u00edost agus g\u00e9illsine, g\u00e9illeadh, om\u00f3s, d\u00f3; glacadh le dea-sc\u00e9al \u00cdosa, le h\u00cdosa f\u00e9in agus a Spiorad Naomh, mar theoir don bheatha. Cr\u00edochna\u00edonn an litir leis na briathra lenar thosaigh s\u00e9: Fuair P\u00f3l gr\u00e1sta&nbsp; an aspail \u00f3 \u00cdosa chun g\u00e9illsine a leathadh ar son a ainm i measc na n\u00e1isi\u00fan uile.<\/p>\n<p>An <em>Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 1:26-38). <em>F\u00e9ach, gabhfaidh t\u00fa gin agus b\u00e9arfaidh t\u00fa mac. <\/em>Roimhe seo bh\u00ed cur s\u00edos ag L\u00fac\u00e1s ar theachtaireacht an aingil Gaibri\u00e9l go dti an sagart Zachairias faoi choimpeart Eoin Baiste. Sa s\u00e9\u00fa m\u00ed ina dhiaidh sin cuireadh go Muire i Nazarat \u00e9. Tugtar maighdean ar Mhuire, agus t\u00e1 sin l\u00e1rnach don cur s\u00edos. B\u00edodh go raibh s\u00ed luaite i bp\u00f3sadh le I\u00f3saef d\u00fairt s\u00ed le Gaibri\u00e9l &nbsp;nach raibh aithne fir aici (\u201cgan cuid agam d\u2019fhear c\u00e9ile\u201d). Beidh coimpeart maighdean\u00fail aici. Chuir beann\u00fa an aingil gan coinne ionadh ar Mhuire: \u201cS\u00e9 do bheatha at\u00e1 l\u00e1n de ghr\u00e1sta\u201d; n\u00ed gr\u00e1sta an anama mar a thuigtear anois \u00e9, ach \u201ca Mhuire a bhfuil gnaoi ort\u201d, faoi meas agus on\u00f3ir faoi leith, toisc go bhfuil an Tiarna lei, agus beannaithe idir mn\u00e1, mar a d\u00fairt Eiliosaibeit n\u00edos deireanna\u00ed lei. Bh\u00ed buaireamh ar Mhuire d\u00e1 bharr seo; n\u00ed amhras ach buaireamh, a chuir ag machnamh \u00ed. Luaitear machnamh Mhuire ar an r\u00fandiamhair c\u00fapla uair eile ag L\u00fac\u00e1s. T\u00e1 Muire le leanbh a thabhairt ar an saol, agus \u00ed le Iosa a thabhairt air. \u201cSl\u00e1n\u00fa D\u00e9\u201d is br\u00ed leis an ainm s\u00edn, b\u00edodh nach luaitear sin ag L\u00fac\u00e1s. Glaofar Mac D\u00e9 (\u201cMac an T\u00e9 is airde\u201d) ar a mac, agus deir an t-aingeal go mbeidh s\u00e9 ina r\u00ed ar theaghlach I\u00e1c\u00f3b agus sin go br\u00e1ch, teaghlach I\u00e1c\u00f3b, Iosrael go hioml\u00e1n seachas teach Dh\u00e1ivi, agus nach mbeidh deireadh lena r\u00edocht. Beidh ansin comhl\u00e1n\u00fa and comhl\u00edonadh an ghealltanais a tugadh do Dh\u00e1iv\u00ed, agus i bhad n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin. Sin an ch\u00e9ad chuid den agallamh leis an aingeal, faoi mhac Mhuire ina oidhre ar Dh\u00e1ivi, a spreagann an dara cuid le ceist \u00f3 Mhuire faoi sin, toisc gur maighdean \u00ed, le r\u00fan gan caidreanmh gn\u00e9is le fear a bheith aici. Tugann Gaibri\u00e9l freagra \u00f3 Dhia. D\u00e9anfar an coimpeart \u00f3n, tr\u00edd an Spiorad Naomh, tr\u00ed chumhacht D\u00e9 an T\u00e9 is airde, agus toisc gur Mac D\u00e9 \u00e9 beidh s\u00e9 naofa, finn\u00e9 do Dhia, agus aontaithe le Dia.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leagtar b\u00e9im ar phoint\u00ed \u00e9ags\u00fala sa l\u00e9acht seo, a bhfuil Muire l\u00e1rnach inti. I dtosach t\u00e1 ioml\u00e1n\u00fa agus comhl\u00edonadh an ghealltanais do Dh\u00e1iv\u00ed, agus na bhf\u00e1ist\u00edn\u00ed eile faoin r\u00e9 nua. Ansin t\u00e1 an bh\u00e9im ar \u00f3cht, ar mhaighdeanas, Mhuire. Coimpreadh \u00cdosa go maighdean\u00fail, gan athair daonna. Agus cuirtear Muire in\u00e1r l\u00e1thair mar eiseaml\u00e1ir den fh\u00edorcheidmheach, mar a duirt Eiliosaibeit lei: Is m\u00e9anar di seo a chreid. Eiseaml\u00e1ir leis ina freaga deiridh do Gaibr\u00e9il tar \u00e9is a ceisteanna agus soil\u00e9iri\u00fa: \u201cF\u00e9ach mise ban\u00f3glach an Tiarna; d\u00e9antar dom de r\u00e9ir d\u2019fhocail\u201d.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>Ag maireacht\u00e1il le rundiamhra D\u00e9.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Is fada idir r\u00e9 Dh\u00e1iv\u00ed, thart ar an mbliain 1000 roimh Chr\u00edost, agus an gealltanas a tugadh d\u00f3, agus \u00e1r laethanta f\u00e9in. Bh\u00ed gach ar bhain le D\u00e1iv\u00ed agus a r\u00e9im teoranta do phobal Iosrael, agus is scannal do dhaoine \u00e1irithe gur roghnaigh Dia pobal amh\u00e1in \u00f3n domhan uile leis f\u00e9in a fhoilsi\u00fa. Agus maidir leis an gealltanas do Dh\u00e1iv\u00ed go seasfadh a theaghlach agus a fhlaitheas i gc\u00f3na\u00ed, cuireadh deireadh leo agus leis an st\u00e1t tar \u00e9is ceithre c\u00e9ad blain n\u00f3 mar sin, sa bhliain 587 n\u00f3 586. \u00c1bhar do chreideamh a bh\u00ed sa ghealltanas a tugadh d\u00e1 r\u00edchathaoir as sin amach. Idir sin agus teacht Chr\u00edost agus na haspail bh\u00ed r\u00fandiamhair D\u00e9 don domhan uile folaithe, go dti go nochtfa\u00ed ag Cr\u00edost agus na heaglaise \u00ed. Foils\u00edodh sin de r\u00e9ir a ch\u00e9ile ag Cr\u00edost, agus san eaglais faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh, agus i sl\u00ed t\u00e1 an r\u00fandiamhair f\u00f3s \u00e1 nochtadh do ch\u00fains\u00ed nua na staire.<\/p>\n<p>Aontacht an chine dhaonna tr\u00ed bh\u00e1s Chr\u00edost agus Cr\u00edost beo gn\u00edomhach in\u00e1r measc dh\u00e1 ghn\u00e9 den r\u00fandiamhair i r\u00e9 an Tiomna Nua. Ach bh\u00ed a thuilleadh d\u00edobh ann, agus t\u00e1 i gc\u00f3na\u00ed nuair a d\u00e9antar machnamh ar an r\u00fandiamhair, ar phlean sl\u00e1naithe D\u00e9 do chine daonna go l\u00e9ir.<\/p>\n<p>N\u00ed rud teib\u00ed, a bhaineann le heolas amh\u00e1in, an r\u00fandiamhair seo. Is cumhacht D\u00e9 \u00ed ag feidhmi\u00fa i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala. Feidhm\u00edonn s\u00ed ach go h\u00e1irithe san Eocairist agus tr\u00edd an tsacraimint sin. Sa liot\u00fairge faoi mar at\u00e1 s\u00e9 sa Leabhar Aifrinn R\u00f3mh\u00e1nach d\u00e9antar cur s\u00edos go minic ar an Aifreann mar \u201can r\u00fandiamhair seo\u201d n\u00f3 \u201cna r\u00fandiamhra seo\u201d. Measadh tr\u00e1th go raibh na t\u00e9arma\u00ed sin seanaimsearach agus n\u00edor bhaineadh \u00fas\u00e1id ast\u00fa i gc\u00f3na\u00ed i roinnt de na haisriuch\u00e1in nua, a chuir na t\u00e9arma\u00ed \u201cAifreann\u201d n\u00f3 \u201cEocairist\u201d ina n-\u00e1it, ach t\u00e1 siad tugtha thar nais san leas\u00fa is d\u00e9ana\u00ed. T\u00e1 \u00cdosa agus an Spiorad Naomh ag feidhmi\u00fa san Aifreann, le r\u00fandiamhair D\u00e9 a thabhairt chun cr\u00edche. Is r\u00fandiamhair, n\u00f3 r\u00fandiamhra, an tAifreann mar sin.<\/p>\n<p>Rud eile a thugann an Eaglais mar r\u00fandiamhair chun cuimhne d\u00fainn n\u00e1 an t-\u00e1thas, an l\u00fach\u00e1ir, a ba ch\u00f3ir a bheith orainn toisc go bhfuil an r\u00fandiamhair a bh\u00ed ceilte leis na cianta foilsithe d\u00fainn, gr\u00e1 D\u00e9 don chine daonna, agus an treoir don bheatha a thugann a teagasc d\u00fainn. &nbsp;Bh\u00ed deis mhachnaimh againn air sin an Domhnach seo caite, Domhnach <em>Gaudete<\/em>, Domhnach na l\u00fach\u00e1ire, ach is fi\u00fa filleadh air, len\u00e1r mgr\u00e1 don Eaglais a mh\u00e9ad\u00fa.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>24 Nollaig 2017 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach &nbsp;den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-580","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/580","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=580"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/580\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=580"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=580"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=580"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}