{"id":585,"date":"2018-01-04T09:47:44","date_gmt":"2018-01-04T09:47:44","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=585"},"modified":"2018-01-04T09:47:44","modified_gmt":"2018-01-04T09:47:44","slug":"7-eanair-2018-b-feile-bhaisteadh-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=585","title":{"rendered":"7 Ean\u00e1ir 2018 (B) F\u00e9ile Bhaisteadh \u00e1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p>7 Ean\u00e1ir 2018 (B) F\u00e9ile Bhaisteadh \u00e1r dTiarna<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em> An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/strong> <em>An Baisteadh agus an Spiorad\u00e1ltacht Chr\u00edosta\u00ed. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. <\/em>Inniu t\u00e1 F\u00e9ile Bhaisteadh \u00c1r dTiarna \u00e1 com\u00f3radh againn, baisteadh in uisce na Iord\u00e1ine, agus t\u00e1 t\u00e1 baint leis an eachtra sin ag gach ceann de na l\u00e9achta\u00ed. T\u00e1 cur s\u00edos ar an mbaisteadh f\u00e9in sa sliocht as an Soisc\u00e9al de r\u00e9ir Mharcais. T\u00e1 an ch\u00e9ad l\u00e9acht roghnaithe toisc go bhfuil cuireadh \u00f3 Dhia ann don phobal, do lucht an \u00edota, teacht go dt\u00ed an t-uisce, faoi choinne uisce, iad si\u00fad a bhfuil tart chun D\u00e9 orthu. Uisce an tsl\u00e1naithe at\u00e1 i gceist, a thugann beatha don anam, mar a mheabhra\u00edtear sa Salm le Freagra. Thug an tAthair fianaise d\u00e1 Mhac ag a bhaisteadh in uisce na Iord\u00e1ine nuair a thuirling an Spiorad Naomh air. Deir an dara l\u00e9acht linn go bhfuil tri\u00far a thugann fianaise, an Spiorad, an t-uisce an an fhuil \u2013 ar Chailbhire.<\/p>\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (\u00cdse\u00e1ia 55:1-11). <em>Taraig\u00ed faoi choinne uisce agus beidh bhur n-anam saolach.<\/em> Roghna\u00edtear an l\u00e9acht seo do Fh\u00e9ile an lae inniu toisc an chuireadh at\u00e1 inti teacht faoi choinne uisce, uisce na beatha, at\u00e1 \u00e1 ofr\u00e1il ag Dia saor in aisce, agus mar aon leis sin an rabhadh at\u00e1 ann Dia a lorg agus maithi\u00fanas a fh\u00e1il \u2013 t\u00e9ama\u00ed a ghabhann le seanm\u00f3irearcht Eoin Baiste agus baisteadh \u00cdosa.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is fi\u00fa d\u00fainn dul thar an comhth\u00e9acs liot\u00fairgeach go dt\u00ed a shu\u00edomh i Leabhar \u00cdse\u00e1ia agus ina ch\u00falra staire, is \u00e9 sin le r\u00e1 cr\u00edoch an chaibidil \u00e1irithe seo ar an roinn den Leabhar ar a dtugtar de ghn\u00e1th an Dara \u00cdse\u00e1ia (\u00cdse\u00e1ia 40-55). T\u00e1 t\u00e9ama\u00ed \u00e9ags\u00fala an leabhair sin le moth\u00fa sa chaibideal seo. I dt\u00fas an leabhair (40:6-8) cloiseann an f\u00e1idh, \u00fadar an leabhair seo, guth \u00e1 r\u00e1: \u201cGlaoigh!\u201d, ar a thugann s\u00e9 an freagra. \u201cCad a ghlaofaidh m\u00e9?\u201d, ar a bhfaigheann s\u00e9 mar fhreagra: \u201cT\u00e1 an uile fheoil mar an f\u00e9ar\u2026 feonn an f\u00e9arr, tr\u00e9igeann an bl\u00e1th, ach seasann briathar D\u00e9 go deo\u201d. I rith an leabhair t\u00e1 gealtannais iomad\u00fala faoina a bhfuil le bronnadh ag Dia ar a phobal, agus d\u2019fh\u00e9adfadh duine a mheas nach raibh tomhais chreidimh ar bith ag baint leo. Anois meabhra\u00edtear nach mar sin at\u00e1. Ionann an todhcha\u00ed d\u00f3ibh agus beatha le Dia na gl\u00f3ire. San aitheasc deiridh seo tugann Dia cuireadh mar a rinne an Eagna i stair Iosrael, ag tabhairt cuireadh teacht go tobar na beatha, \u00edota chun D\u00e9 a bheith orthu le bheith p\u00e1irteach sa ch\u00f3isir at\u00e1 ullamh ag Dia d\u00e1 phobal. I rith stair Iosrael roimhe seo is le D\u00e1iv\u00ed a bh\u00ed conradh ag Dia. N\u00ed hamhlaidh feasta. Is le pobal Iosrael f\u00e9in at\u00e1 Dia le conradh s\u00edorai, buan, le d\u00e9anamh, agus beidh meas ar Iosrael ag na ciniocha d\u00e1 bharr. Is \u00e9 Dia, Neach Naofa Iosrael, a churfidh maise ar Iosrael.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is \u00f3 Dhia an sl\u00e1n\u00fa, agus d\u00e1 bharr sin n\u00ed m\u00f3r d\u2019Iosrael Dia a lorg anois, nuair at\u00e1 f\u00e1il air. Admha\u00edonn an t\u00e9acs go bhfuil coirpigh agus lucht na hurch\u00f3ide ina measc. N\u00ed m\u00f3r d\u00f3ibh si\u00fad aithr\u00ed a dh\u00e9anamh, agus a mbeatha a thabhairt de r\u00e9ir toil D\u00e9, nach ionann a bheala\u00ed agus a bhearta agus beala\u00ed agus bearta daonna. Cuirtear cr\u00edoch leis an leabhar mar ar thosaigh s\u00e9, le b\u00e9im ar Bhriathar D\u00e9, a sheasann go deo. An briathar a th\u00e9ann as b\u00e9al D\u00e9 n\u00ed fhilleann s\u00e9 air gan toradh, gan an rud ab \u00e1il leis a dh\u00e9anamh agus a bheart a chur i gcr\u00edch. Ba fh\u00edor sin an ch\u00e9ad uair a scr\u00edobh an Dara \u00cdse\u00e1ia \u00e9 thart ar ch\u00faig ch\u00e9ad bliain roimh Chr\u00edost, agus is f\u00edor \u00e9 i gc\u00f3nai. Seasann briathar D\u00e9 go deo.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (\u00cdse\u00e1ia 12:2-6). <em>Beidh sibh ag tarraingt uisce go l\u00fach\u00e1ireach as toibreacha an tsl\u00e1naithe.<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Eoin 5:1-9). <em>An Spiorad, an t-uisce agus an fhuil. <\/em>Oireann an l\u00e9acht seo d\u2019Fh\u00e9ile seo Bhaisteadh \u00c1r dTiarna toisc go labhra\u00edonn an mhir dheiridh di ar an bhfianaise a thugann an Spiorad, an t-uisce agus an fhuil, fianaise a tugadh ag baisteadh \u00cdosa agus ar an gCrois.<\/p>\n<p>Is deacair br\u00ed bheacht cuid d\u00e1 ndeirear sa sliocht a thuiscint i gceart, tagairt\u00ed a bh\u00ed n\u00edos soil\u00e9ire do na l\u00e9itheoir\u00ed tosaigh ag deireadh na ch\u00e9ad aoise n\u00e1 mar at\u00e1 s\u00e9 d\u00fainne. T\u00e1 t\u00e9amai \u00e9ags\u00fala sa l\u00e9acht, ach go m\u00f3r m\u00f3r dh\u00e1 cheann. Tosa\u00edonn s\u00ed le creideamh gurb \u00e9 \u00cdosa an Criost, sin le r\u00e1 Mac D\u00e9. Aonta\u00edonn an creideamh seo an creidmheach le Dia. Is \u00f3 Dhia a ghintear an Mac, agus an t\u00e9 a chreideann tugann s\u00e9 gr\u00e1 don Athair (an t\u00e9 a ghin), do \u00cdosa Mac De, agus do chlann uile D\u00e9. Ionann gr\u00e1 an chomharsa agus gr\u00e1 D\u00e9, agus ionann sin agus comhl\u00edonadh aitheanta D\u00e9. T\u00e1 aitheanta \u00e9ags\u00fala ann, mar shampla na Deich nAitheanta. Ach do Eoin t\u00e1 dh\u00e1 aithne m\u00f3ra ann: creideamh agus gr\u00e1 an chomharsa. Deir an t\u00e9acs nach tromualach a aitheanta, \u00f3ir gach a ghintear \u00f3 Dhia s\u00e1ra\u00edonn s\u00e9 an saol. Sa mh\u00e9id seo t\u00e1 diagacht agus modh cainte gonta Eoin le sonr\u00fa. Gintear \u00f3 Dhia tr\u00edd an gcreideamh, tr\u00edd an ghr\u00e1sta a thugann lonradh agus neart inmhe\u00e1nach. Tugann an creideamh seo an bua ar an saol, agus ionann an \u201csaol\u201d i dtuiscint seo Eoin agus an domhan, agus gach uile rud, at\u00e1 naimhdeach do Chr\u00edost, d\u00e1 bhua, agus d\u00e1 shaothar san eaglais. N\u00ed gn\u00edomh daonna den aigne an creideamh seo, ach feidhmi\u00fa \u00cdosa, an Spioraid agus an ghr\u00e1sta sa chroi agus sa choinsias.<\/p>\n<p>Labhra\u00edonn dara m\u00edr na l\u00e9achta faoi fhianaise. Th\u00e1inig \u00cdosa le huisce, le fuil agus leis an Spiorad. N\u00ed fios go beacht cad a bh\u00ed ina aigne ag an \u00fadar anseo. Is d\u00f3cha gurb \u00e9 uisce an bhaiste a bh\u00ed i gceist agus fuil na croise, ach seans gurb \u00e9 an chrois amh\u00e1in agus b\u00e1s \u00cdosa at\u00e1 i gceist, nuair a th\u00e1inig fuil agus uisce amach as a chliath\u00e1n. Agus thug an Ceathr\u00fa Soisc\u00e9ala\u00ed fianaise faoi sin. Agus, deir an t\u00e9acs, go bhfuil an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb \u00ed an fh\u00edrinne an Spiorad. Ar nd\u00f3igh, n\u00ed fianaise i gc\u00fairt dl\u00ed at\u00e1 i gceist ach fianaise i gcr\u00f3ithe agus i gcoinsias na bhf\u00edr\u00e9an. Tugann an tri\u00far sin, uisce (Baisteadh), fuil (Eocairist) and an Spiorad Naomh fianase i gc\u00f3na\u00ed faoi Chr\u00edost Mac D\u00e9, agus tugann siad toradh a bheatha, a bh\u00e1is agus a ais\u00e9ir\u00ed i gcr\u00edch.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 1:7-11). <em>Is t\u00fa mo Mhac muirneach; is duit a thug m\u00e9 gnaoi. <\/em>Inniu d\u00e9anaimid F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r Tiarna a cheili\u00faradh. Go traidisi\u00fanta sa liot\u00fairge, agus fi\u00fa i mb\u00e9aloideas na h\u00c9ireann, d\u00e9antar tr\u00ed ghn\u00e9 de fhoilsi\u00fa \u00cdosa don domhan a chom\u00f3radh i bhF\u00e9ile na hEipeaf\u00e1ine, sin le r\u00e1 nochtadh \u00cdosa do na pag\u00e1naigh ag na saoithe \u00f3n Oirthear (Eipeaf\u00e1ine), foilsi\u00fa \u00cdosa ag an Athair ag a Bhaisteadh (inniu), agus mar a thaispe\u00e1in \u00cdosa a ghl\u00f3ir ag athr\u00fa an uisce go f\u00edon ag Cana. Sa sean-liot\u00fairge l\u00e9adh an sliocht sin de shoisc\u00e9al faoin bhainis i gCana san Aifreann an Domhnach tar \u00e9is f\u00e9ile Bhaiste \u00cdosa. Sa ch\u00farsa tr\u00ed bhliana at\u00e1 anois ann d\u00e9antar \u00e9 a l\u00e9amh ar an tr\u00ed\u00fa bliain (C) den ch\u00farsa, ach t\u00e1 gn\u00e9ithe eile de l\u00e9iri\u00fa, fhoilsi\u00fa, eipif\u00e1ine, \u00cdosa le l\u00e9amh as caibidil tosaigh shoisc\u00e9al Eoin.<\/p>\n<p>Maidir le l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 idir stair agus creideamh ag baint leis. Ba phearsa t\u00e1bhachtach sa stair \u00e9 Eoin Baiste. T\u00e1 cur s\u00edos ar a shaothar agus ar a bh\u00e1s ag Josephus, stara\u00ed Gi\u00fadach den ch\u00e9ad tosaigh, faoi mar at\u00e1 faoina sheanm\u00f3ireacht ag Marcas sna v\u00e9arsai d\u00edreach roimh an sliocht seo \u2013 v\u00e9arsa\u00ed a bhfuil cur s\u00edos orthu sna n\u00f3ta\u00ed don Dara Domhnach den Aidbhint sa su\u00edomh idirl\u00edn seo. Tosa\u00edonn beatha phoibl\u00ed \u00cdosa i gceart lena bhaisteadh. Th\u00e1inig s\u00e9 \u00f3n Ghail\u00edl go Eoin d\u2019aon turas le go mbaistf\u00ed \u00e9. Nuair a chuir Eoin, a bh\u00ed ag baisteadh do mhaithi\u00fanas na bpeaca\u00ed, ina choinne, n\u00edor gh\u00e9ill \u00cdosa d\u00f3. N\u00edorbh fhol\u00e1ir d\u00f3ibh beirt \u201can fh\u00edr\u00e9antacht a chur i gcr\u00edch go hioml\u00e1n\u201d, toil D\u00e9 a dh\u00e9anamh, agus do Chr\u00edost si\u00fal i measc na bpeacach. Ag teacht an\u00edos as an uisce d\u2019\u00cdosa, chonaic Eoin na flaithis ag oscailt \u00f3 ch\u00e9ile agus Spiorad D\u00e9 mar a bheadh colm ag teacht anuas air.<\/p>\n<p>Ag cruth\u00fa an domhain bh\u00ed an spiorad ag foluain os cionn na n-uisc\u00ed. Sa chruth\u00fa nua seo thuirling an Spiorad ar \u00cdosa, agus le cumhacht Spiorad D\u00e9 tagann r\u00edocht D\u00e9 ar talamh tr\u00ed \u00cdosa. T\u00e1 stair agus r\u00fandiamhair ann i mBaisteadh seo \u00cdosa. Tar \u00e9is deascabh\u00e1la d\u00f3 seolfaidh \u00cdosa a Spiorad, an Spiorad Naomh, ar an eaglais chun a shaothar sl\u00e1naithe a bhuan\u00fa. F\u00f3gra\u00edonn guth (an Athar) \u00f3 neamh gur Mac muirneach leis an Athair \u00e9 \u00cdosa. Oscla\u00edodh na flaithis lena mheabhr\u00fa do ch\u00e1ch go bhfuil anois teagmh\u00e1il agus caidreamh idir Dia agus daoine. Meabhra\u00edtear sin ag gach baisteadh i rith na staire,<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>An Baisteadh agus an Spiorad\u00e1ltacht Chr\u00edosta\u00ed. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em>Macnamh. An Baisteadh agus an Spiorad\u00e1ltacht Chr\u00edosta\u00ed.<\/em> Ceili\u00faradh seo bhaiste \u00cdosa, n\u00ed eachtra i mbeatha \u00cdosa amh\u00e1in at\u00e1 ann n\u00f3 t\u00fas lena bheatha phoibl\u00ed. Leagann t\u00e9acsanna uile an Tiomna b\u00e9im ar seo gur ungadh \u00cdosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh s\u00e9 thart ag d\u00e9anamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Sh\u00e1tain. \u00d3 th\u00fas a staire d\u2019fh\u00e9ach an Eaglais ar an mbaisteadh Cr\u00edosta\u00ed mar cheangal dl\u00fath le h\u00cdosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. D\u00e9anann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann D\u00e9 sinn, clann mhac agus clann in\u00edonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spiorad\u00e1lta a thugann muin\u00edn d\u00fainn sa chreideamh i gCr\u00edost agus san eaglais. Feidhm\u00edonn an Spiorad go ci\u00fain san anam ag cabhr\u00fa le creidmhigh an bheatha Chr\u00edosta\u00ed a mhaireacht\u00e1il de r\u00e9ir spiorad an tsoisc\u00e9il. Inniu d\u00e9antar roinnt mhaith cainte faoin spiorad\u00e1ltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spiorad\u00e1ltach n\u00e1 an reiligi\u00fan, gur meas\u00fala n\u00e1 an creideamh \u00ed. Agus c\u00farsa\u00ed mar at\u00e1 n\u00ed dochar ar bith a mheabhr\u00fa go mbaintear feidhm as br\u00edonna \u00e9ags\u00fala leis an t\u00e9arma \u201cspiorad\u00e1ltacht\u201d. D\u2019fh\u00e9adfadh daonnachtaithe, ar bheag\u00e1n n\u00f3 ar dada creidimh i nDia n\u00f3 sa domhan eile, \u00fas\u00e1id a bhaint as. Ionann spiorad\u00e1ltacht d\u00f3ibh si\u00fad agus tr\u00e9ith n\u00f3 feidhmi\u00fa an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spiorad\u00e1ltacht agus beatha an ghr\u00e1sta, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den t\u00e9arma t\u00e1 spiorad\u00e1ltacht ag gach creidmheach, bocht n\u00f3 saibhir, \u00f3g agus aosta, l\u00e9annta n\u00f3 a mhalairt, d\u00edreach mar at\u00e1 an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas D\u00e9 sa bhaisteadh.<\/p>\n<p><em>Creideamh sna flaithis oscailte. <\/em>T\u00e1 tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh \u00cdosa i ngach ceann de na soisc\u00e9il. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhail seo, domhan eile nach bhfuil d\u00fanta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh lais an domhan seo, i dteagmh\u00e1il d\u00edreach, phearsanta. Admh\u00e1il chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus n\u00edl ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar nd\u00f3igh n\u00ed chreideann aindiachaithe n\u00f3 daonnachtaithe sa saol eile seo, n\u00f3 teagmh\u00e1il idir saol eile m\u00e1s ann d\u00f3, agus an saol seo. An ch\u00e9im dheiridh acu si\u00fad n\u00e1 gan na p\u00e1ist\u00ed a bhaisteadh.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cotha\u00edtear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmh\u00e1il leis na sacraimint\u00ed. Seo ceann de na teachtaireachta\u00ed at\u00e1 ag f\u00e9ile seo Bhaiste \u00c1r dTiarna d\u00fainn.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>7 Ean\u00e1ir 2018 (B) F\u00e9ile Bhaisteadh \u00e1r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-585","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/585","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=585"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/585\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=585"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=585"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=585"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}