{"id":588,"date":"2018-01-12T09:01:48","date_gmt":"2018-01-12T09:01:48","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=588"},"modified":"2018-01-12T09:01:48","modified_gmt":"2018-01-12T09:01:48","slug":"14-eanair-2018-b-dara-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=588","title":{"rendered":"14 Ean\u00e1ir 2018 (B) Dara Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong>14 Ean\u00e1ir 2018 (B) Dara Domhnach Saor<\/strong><br \/>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<br \/><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br \/><strong>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. \u00c1bhar machnaimh i ngach l\u00e9acht faoi leith<\/strong><br \/><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br \/>R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. I liot\u00fairge an Domhnaigh t\u00e1 cr\u00edoch anois le tr\u00e9imhse na hAidbhinte agus na Nollag agus t\u00fas curtha le tr\u00e9imhse saor na bliana. \u00c1ir\u00edtear F\u00e9ile Bhaisteadh \u00e1r dTiarna (an Domhnach seo caite) mar an ch\u00e9ad Domhnach den tr\u00e9imhse sin. Seo \u00ed an Dara Bliain den ch\u00farsa thr\u00ed bliana, le Marcas mar shoisc\u00e9al an Domhnaigh. Ach n\u00ed l\u00e9itear Marcas mar shoisc\u00e9al inniu. T\u00e1 iarracht de thr\u00e9imhse na Nollag agus na hEipeaf\u00e1ine f\u00f3s linn. Go traidisi\u00fanta, agus f\u00f3s, ceili\u00fartar tr\u00ed ghn\u00e9 de fhoilsi\u00fa \u00cdosa i r\u00fandiamhair ns hEipeaf\u00e1ine. San fh\u00e9ile f\u00e9in foils\u00edonn na saoithe \u00e9; ag an mBaisteadh foils\u00edonn an tAthair \u00f3 neamh \u00e1 Mhac \u00cdosa, agus ag Cana foils\u00edonn \u00cdosa f\u00e9in a ghl\u00f3ir. L\u00e9adh sliocht sin de shoisc\u00e9al Eoin go traidisi\u00fanta an Domhnach tar \u00e9is Fh\u00e9ile Bhaisteadh \u00c1r dTiarna, ach anois is sa tr\u00ed\u00fa bliain den ch\u00farsa amh\u00e1in a l\u00e9itear \u00e9. Ina \u00e1it d\u00e9antar sliocht eile den soisc\u00e9al c\u00e9anna a l\u00e9amh, leis an t\u00e9ama c\u00e9anna: sa sliocht inniu foilsionn Eoin Baiste \u00cdosa sul ar thosaigh a mhisin\u00e9ireacht phoibl\u00ed. <br \/>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (1 Sam\u00fa\u00e9il 3:3-10, 19). Labhair, a Thiarna, t\u00e1 do sheirbh\u00edseach ag \u00e9isteacht. Roghna\u00edodh an sliocht seo le dul leis an l\u00e9acht \u00f3 Shoisc\u00e9al Eoin faoi fhoilsi\u00fa \u00cdosa ag Eoin Baiste, agus oireann s\u00e9 go h\u00e1lainn di. Sa liot\u00fairge inniu, agus sa dh\u00e1 l\u00e9acht, t\u00e1imid i dt\u00fas r\u00e9, sa l\u00e9acht seo i dt\u00fas r\u00e9 san fh\u00e1idhead\u00f3ireacht agus sa soisc\u00e9al le saothar \u00cdosa. Ba chuid de lucht coimhdeachta uaisle agus r\u00edthe in Iosrael agus taobh amuigh de, f\u00e1ithe, a measadh go raibh teagmh\u00e1il acu leis an saol eile. Rud a dheighil amach iad \u00f3 na f\u00e1ithe carasmatacha, can\u00f3nacha, amhail \u00cdse\u00e1ia agus eile n\u00e1 nach raibh briathar D\u00e9 acu, n\u00ed raibh Dia Iosrael ag labhairt lena phobal tr\u00edothu. Thosaigh sin i sl\u00ed amh\u00e1in le Sam\u00fa\u00e9il. N\u00ed raibh f\u00e1idhead\u00f3ireacht ann go com\u00f3nta roimhe sin. Mar a deirtear i v\u00e9arsa direach roimh sliocht an lae inniu: \u201cIs annamh a bh\u00edodh briathar (focal) \u00f3n Tiarna na laethanta sin, agus n\u00ed fheict\u00ed f\u00edseanna go forleathan\u201d. Mar sin nuair a ghaoigh an Tiarna faoi dh\u00f3 ar Sham\u00fa\u00e9il n\u00edor aithin Sam\u00fa\u00e9il cad a bh\u00ed i gceist. Mar a deir an t\u00e9acs: \u201cN\u00ed raibh aithne ag Sam\u00fa\u00e9il f\u00f3s ar an Tiarna, n\u00e1 n\u00edor foils\u00edodh briathar an Tiarna d\u00f3 f\u00f3s\u201d. Is mar sin a bh\u00ed ag an gas\u00far Sam\u00fa\u00e9il, a chuir aithne phearsanta ar an Tiarna ansin. D\u2019fh\u00e1s Sam\u00fa\u00e9il agus deir an teacs n\u00e1r lig an Tiarna briathar d\u00e1 chuid titim chun tal\u00fan. Bh\u00ed t\u00fas i sl\u00ed curtha le r\u00e9 nua san fh\u00e1idhead\u00f3ireacht in Iosrael, faoi mar a thiocfaidh r\u00e9 nua le h\u00cdosa.<br \/> Chun iomp\u00fa \u00f3n gcomhth\u00e9ascs seo liot\u00fairgeach go dt\u00ed a ch\u00falra sa Bh\u00edobla \u2013 bhain Sam\u00fa\u00e9il le tr\u00e9imhse th\u00e1bhachtach i stair a chine. Bh\u00ed a mh\u00e1thair aimrid agus thug Dia freagra ar a hachain\u00ed le breith an mhic seo di. D\u2019ofr\u00e1il s\u00ed don Tiarna \u00e9 sa bhoth, sa teampall, a bh\u00ed an tr\u00e1th sin i Sile\u00f3, mar a bhfuil an eachtra seo suite. Lena r\u00e9, bh\u00ed Sam\u00fa\u00e9il l\u00e1rnach i stair a phobail. Bh\u00ed deireadh r\u00e9 ag teacht lena linn. Bh\u00ed s\u00e9 ina cheannaire, ina bhreitheamh mar a thugtar air sa Bh\u00edobla don r\u00e9 sin, nuair a bh\u00ed pobal Iosrael ag iarraidh iomp\u00fa \u00f3 bhreithi\u00fana, go dt\u00ed r\u00ed agus r\u00edocht. Rinne Sam\u00fa\u00e9il S\u00f3l a ungadh mar r\u00ed, agus ina dhiaidh sin D\u00e1iv\u00ed. Mar sin ba bhreitheamh agus f\u00e1idh \u00e9, le cumhacht r\u00edthe a ungadh agus a chur den r\u00edchathaoir.<br \/>Salm le Freagra (Salm 39[40]). F\u00e9ach, t\u00e1im ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dh\u00e9anamh.<br \/>An Dara L\u00e9acht (1 Corantaigh 6:13-15, 17-20). Is baill bheatha de Chr\u00edost bhur gcoirp. Litir th\u00e1bhachtach agus thar a bheith sp\u00e9isi\u00fail \u00ed c\u00e9ad litir Ph\u00f3il chuig na Corantaigh a thugann lear m\u00f3r eolais d\u00fainn faoin gcaidreamh idir an eaglais sin agus a nAspal. L\u00e9adh an ch\u00e9ad chuid di mar dhara l\u00e9achtai an bhliain seo caite agus beifear ag l\u00e9amh an dara cuid di ar feadh na c\u00faig Dhomhnach seo romhainn. Bh\u00ed agallamh agus comhfhreagras idir an aspal Pol agus an eaglais seo a bhunaigh s\u00e9 thart ar chuig n\u00f3 s\u00e9 de bhlianta roimhe sin. Sa mh\u00edr seo den litir t\u00e1 ceisteanna tr\u00e9adacha \u00e1 bpl\u00e9, maidir le fadhbanna a bh\u00ed ar eolas ag P\u00f3l f\u00fathu, n\u00f3 faoi cheisteanna a chuir baill na heaglaise sa Choraint air mar aspal \u2013 c\u00e1s dr\u00faise san eaglais acu, dul chun dl\u00ed, c\u00farsa\u00ed gn\u00e9is agus tuisicint faoin saoirse maidir leis an gcorp daonna, p\u00f3sadh n\u00f3 aontumhacht, maighdeana agus baintreacha, ithe bia \u00ed dteampaill phaganacha.<br \/>Maidir le c\u00farsa\u00ed gn\u00e9is de, bh\u00ed teagasc agus cleachtadh an Ghi\u00fadacais soil\u00e9ir agus docht. N\u00edorb amhlaidh don saol Gr\u00e9igeach agus R\u00f3mh\u00e1nach, agus bheadh ceisteanna le cur ag eaglais Choraint faoi seo. Bh\u00ed an baol ann go dt\u00f3gfaidis prionsabal na saoirse Cr\u00edosta\u00ed isteach sa cheist \u00e1irithe seo agus t\u00e1 leideanna sa litir f\u00e9in gur mar sin a bh\u00ed, le mana\u00ed mar \u201cT\u00e1 gach n\u00ed ceadaithe dom\u201d agus \u201cIs don ghoile at\u00e1 an bia ann agus is don bhia an goile\u201d, amhail is nach raibh cosc ar bith ar ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is. I l\u00e9acht an lae inniu tugann P\u00f3l freagra nach mar sin don chorp agus don ghn\u00e9as, don dr\u00fais. T\u00e1 corp an chreidmhigh naofa; t\u00e1 an Spiorad Naomh ag lonn\u00fa ann. Is leis an Tiarna \u00e9. Is teampall D\u00e9 an corp daonna. Tugann P\u00f3l sampla\u00ed \u00e9ags\u00fala le naofacht an choirp a l\u00e9iri\u00fa. Peaca in aghaidh na naofachta sin an dr\u00fais, agus tugann P\u00f3l rabhadh l\u00e1idir an dr\u00fais a sheachaint. T\u00e1 seasamh l\u00e1idir \u00e1 th\u00f3gaint aige in \u00e9adan an chleachtaidh choitianta a bheadh aithne ag na Coraintigh air roimh glacadh le creideamh Chr\u00edost d\u00f3ibh.<br \/>An Soisc\u00e9al (Eoin 1:35-42). Chonaic siad c\u00e1 raibh c\u00f3na\u00ed air, agus d\u2019fhan siad fairis. Tugann an sliocht seo as soisc\u00e9al Eoin l\u00e9argas eile d\u00fainn ar ghlaoch na ndeisceabal tosaigh ag \u00cdosa, nach ionann ar fad leis an cheann is eol d\u00fainn \u00f3 na Sionaptaigh, sin ag Muir na Gail\u00edle. Sa sliocht seo t\u00e1imid le hais na Iord\u00e1ine, agus, d\u00e9 r\u00e9ir t\u00e9acs an Bh\u00edobla, an l\u00e1 ar na mh\u00e1rach tar eis bhaiste \u00cdosa ag Eoin. Agus deirtear linn go raibh deisceabail Eoin Baiste ann, beirt acu arbh ainm do dhuine d\u00edobh Aindrias, dearth\u00e1ir Shiom\u00f3n Peadar. N\u00ed thugtar ainm an dheiscsabail eile d\u00fainn. B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 an deisceabal arbh annsa le h\u00cdosa \u00e9. Tugann Eoin Baiste Uan D\u00e9 ar \u00cdosa, teideal ina bhfuil tagairt, b\u2019fh\u00e9idir, don uan le tabhairt chun a bh\u00e1is ag \u00cdse\u00e1ia agus uan na C\u00e1sca. F\u00e1gann an bheirt a m\u00e1istir Eoin Baiste le \u00cdosa a lean\u00faint. Chuireadar an cheist ar \u00cdosa: \u201cC\u00e1 bhfuil t\u00fa id ch\u00f3na\u00ed\u201d, n\u00f3 ag fanacht. Fuaireadar cuireadh \u00f3 \u00cdosa teacht agus feice\u00e1il. Th\u00e1inig siad agus chonaic siad, agus d\u2019fhan siad leis an l\u00e1 sin. Briathra simpl\u00ed iad sin uile, ach l\u00e1n de bhr\u00ed i dtuiscint an tsoisc\u00e9il seo Eoin. Ionann teacht chuig \u00cdosa agus an creideamh. Agus beidh cuireadh \u00f3 \u00cdosa n\u00edos d\u00e9ana\u00ed teacht chuige agus fan\u00faint ann, c\u00f3na\u00ed ann. Oc\u00e1id th\u00e1bhachtach d\u2019\u00fadar an tsoisc\u00e9il seo an eachtra seo, agus tugann s\u00e9 an tr\u00e1th beacht inar th\u00e1rla s\u00e9: timpeall an deichi\u00fa huair, a cheathair a chlog tr\u00e1thn\u00f3na.<br \/> Leanann eachtra eile an ceann seo. T\u00f3gann Aindrias a dhearth\u00e1ir Siom\u00f3n go h\u00cdosa, \u00e1 r\u00e1 leis go bhfuil an Meisias (an focal Eabhrach, Aramaise; as Gr\u00e9igis Christos, an tUngthach) faighte aige. Mar sin bh\u00ed Siom\u00f3n (Peadar) ina dheisceabal ag Eoin Baiste sul ar lean s\u00e9 \u00cdosa. Deir \u00cdosa go mbeidh malairt ainm air, sin C\u00e9afas, focal Airimise a chialla\u00edonn Carraig. Tabharfar an t-ainm sin ar\u00eds ar Siom\u00f3n bar Iona ag C\u00e9asar\u00e1ia Philib, ar\u00eds tar \u00e9is gur admhaigh Siom\u00f3n gurbh \u00e9 an Cr\u00edost, an Meisias, Mac D\u00e9 Bheo, \u00cdosa.<br \/><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: \u00c1bhar machnaimh i ngach l\u00e9acht faoi leith<\/strong><br \/>1. Amhras faoi Dhia i dt\u00fas r\u00e9 nua, ach Dia ag labhairt. Deireadh r\u00e9 agus t\u00fas r\u00e9 nua a bh\u00ed ann in aimsir Sam\u00fa\u00e9il. N\u00ed raibh aithne ag an gas\u00far \u00f3g Sam\u00e9\u00fail ar Dhia, ar aon chuma sa tsl\u00ed phearsanta a bheadh Dia ag labhairt leis n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Sa r\u00e9 nua seo againne t\u00e1 al\u00e1n gas\u00far agus eile nach bhfuil aithne acu ar Dhia, ar Chr\u00edost na ar a eaglais. Ach is d\u00f3cha go mb\u00edonn Dia ag labhairt leo ina gcro\u00edthe istigh. B\u00edonn constaic\u00ed iomad\u00fala ag teacht idir iad agus aithne ar Dhia, agus n\u00ed naimhdeas don chreideamh sin i gc\u00f3na\u00ed iad. Is deacair conas an dea-sc\u00e9al a thabhairt d\u00e1 leith\u00e9id\u00ed. Is \u00e1bhar machnaimh conas an t-agallamh a dh\u00e9anamh. Is f\u00e9idir urna\u00ed a chur suas chun D\u00e9 ar a son i gc\u00f3na\u00ed.<br \/>2. Gairmeacha don sagartacht agus don bheatha rialta. Dia ag glaoch. Ba chuid de thraidisi\u00fan na hEaglaise Sam\u00fa\u00e9il nuair a bh\u00edodh ceist gairmeacha don sagartacht n\u00f3 don bheatha rialta faoi caibideal, agus is mar sin f\u00f3s. Thug Sam\u00fa\u00e9il an sampla maidir le freagra: \u201cLabhair a Thiarna, t\u00e1 do sheirbh\u00edseach ag \u00e9isteacht\u201d. Le blianta anuas, in \u00c9irinn agus sa sean-domhan, t\u00e1 laghd\u00fa suntasach tagaithe ar l\u00edon na ngarmeacha don sagartacht agus don bheatha rialta. D\u00fairt \u00c1r dTiarna f\u00e9in lena dheisceabail go raibh an f\u00f3mhar fairsing ach nach raibh ann ach meitheal bheag, agus gur choir gu\u00ed ar Mh\u00e1istir an fh\u00f3mhair go gcuireadh s\u00e9 meitheal uaidh isteach ina fh\u00f3mhar. Ach is maith le Dia cabhair a fh\u00e1il, agus maraon leis an urna\u00ed d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed machnamh a dh\u00e9anamh faoi mar ar f\u00e9idir gairmeacha a spreagadh don sagartacht agus bheatha rialta len\u00e1r linn f\u00e9in. Is boichte an eaglais d\u00e1 n-uireasa. Ag d\u00e9anamh tagairt faoi leith do ghairmeacha don sagartacht agus beatha rialta, ni ionann sin agus r\u00f3l l\u00e1rnach na dtuata\u00ed san eaglais a sh\u00e9anadh, ach is fi\u00fa aire agus aird a thabhairt don gh\u00e9arch\u00e9im at\u00e1 ann maidir leis na gairmeacha eile a luadh.<br \/>3. Is naofa an corp. Seachnaig\u00ed an dr\u00fais d\u00e1 r\u00e9ir sin. N\u00ed g\u00e1 m\u00f3r\u00e1n a r\u00e1 faoin dt\u00e9ama seo anseo, at\u00e1 mar \u00e1bhar machnaimh agus agallaimh ag an Eaglais leis an saol m\u00f3r leis na c\u00e9adta bliain, agus go m\u00f3r m\u00f3r inniu. Beidh a thuilleadh pl\u00e9 ann i mbliana nuair a bheidh Cruinni\u00fa Domhanda na dTeaghlach agus an mhor\u00e1ltacht a bhaineann leis ag teacht le ch\u00e9ile i mBaile \u00c1tha Cliath an F\u00f3mhar seo chugainn.<br \/>4. Glaoch chun teacht agus c\u00f3na\u00ed in \u00cdosa. Tugann an sliocht \u00f3n soisc\u00e9al inniu r\u00e9amhbhlaiseadh d\u00fainn ar bh\u00e9im a leagann \u00cdosa i Shoisc\u00e9al Eoin ar a th\u00e1bhachta\u00ed is at\u00e1 s\u00e9 \u201cfan\u00faint\u201d ann. D\u2019iarr beirt d\u00e1 ch\u00e9ad dheisceabail c\u00e1 raibh c\u00f3na\u00ed air, c\u00e1 raibh s\u00e9 ag fan\u00faint. Thug \u00cdosa cuireadh d\u00f3ibh teacht agus feice\u00e1il. Th\u00e1inig siad agus d\u2019fhanadar leis an l\u00e1 sin. N\u00edos deireanna\u00ed sa soisc\u00e9al seo d\u00e9arfaidh \u00cdosa lena dheisceabail: \u201cFanaig\u00ed ionamsa agus mise ionaibh\u201d. \u201cFanaigi i mo ghr\u00e1. M\u00e1 choin\u00edonn sibh m\u2019aitheanta fanfaidh sibh i mo ghr\u00e1, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m\u2019Athar, agus fanaim ina ghr\u00e1\u201d. Fanaimid aontaithe le \u00cdosa leis an gcreideamh ann agus san Athair agus tr\u00ed ghr\u00e1 an chomharsa.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>14 Ean\u00e1ir 2018 (B) Dara Domhnach SaorFreagra don Chreideamh leis an mB\u00edoblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSCA. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla in agallamh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-588","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/588","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=588"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/588\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=588"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=588"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=588"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}