{"id":589,"date":"2018-01-16T13:15:33","date_gmt":"2018-01-16T13:15:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=589"},"modified":"2018-01-16T13:15:33","modified_gmt":"2018-01-16T13:15:33","slug":"eanair-21-2018-b-triu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=589","title":{"rendered":"Ean\u00e1ir 21 2018 (B) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p>Ean\u00e1ir 21 2018 (B) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em> An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Athr\u00fa meoin agus creideamh sa Soisc\u00e9al<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (I\u00f3na 3:1-5, 10). <em>Chuir muintir Niniv\u00e9 iad f\u00e9in d\u00e1 mb\u00f3thar claon. <\/em>Leabhar faoi leith at\u00e1 &nbsp;i Ieabhar I\u00f3na, an f\u00e1idh a sheol Dia le aithr\u00ed a fh\u00f3gairt do mhuintir Niniv\u00e9. Pr\u00edomhchathair r\u00edocht na hAsa\u00edre ab ea Niniv\u00e9, impireacht a bh\u00ed cru\u00e1lach thar an ghn\u00e1th, a d\u2019imir slad agus cos ar bolg ar Iosrael agus n\u00e1isi\u00fain eile sa Mhe\u00e1n Oirthear. Bh\u00ed fuath ag Iosrael do Niniv\u00e9, a himpireacht agus a muintir. Nuair a iarr Dia ar I\u00f3na f\u00e1idh c\u00e9aduair dul go Niniv\u00e9 agus oracal, briathar an Tiarna, a fh\u00f3gairt ina aghaidh, bh\u00ed amhras ar I\u00f3na, n\u00f3 thuig s\u00e9, gur maithi\u00fanas don chathair mhallaithe a bh\u00ed ina aigne ag Dia agus bheartaigh s\u00e9 \u00e9al\u00fa \u00f3 l\u00e1thair an Tiarna. Chuaigh s\u00e9 ar bord loinge ach caith stoirm san &nbsp;fharraige \u00e9, agus i mbolg mh\u00edl mh\u00f3ir a chaith ar ais ar an talamh thirim \u00e9. Th\u00e1inig briathar an Tiarna chuig I\u00f3na an dara huair, mar a deirtear i l\u00e9acht an lae inniu. Chuaigh s\u00e9 go cathair Niniv\u00e9 agus d\u2019fh\u00f3gair ann briathar an Tiarna. Rinne muintir Niniv\u00e9 aithr\u00ed agus troscadh agus spar\u00e1il Dia iad. Sin \u00e9irim na l\u00e9achta seo, agus \u00e9irim leabhair I\u00f3na: t\u00e1 Dia tr\u00f3caireach don uile dhuine, i bhfad thar a mheas clann Iosrael, tr\u00f3caireach fi\u00fa do naimhde Iosrael.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 24[25]). <em>Taispe\u00e1in do shl\u00edte dom, a Thiarna.<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Corantaigh 7:29-31). <em>T\u00e1 dreach an tsaoil seo ag s\u00edothl\u00fa.<\/em> Ina chuid chomhairle don eaglais sa Coraint, mar is l\u00e9ir \u00f3n litir seo, bh\u00ed P\u00f3l tr\u00e9adach agus r\u00e9adach, a fhios aige nach m\u00f3r do phobal D\u00e9 maireacht\u00e1il sa domhan a bh\u00ed ann, sa saol thart timpeall orthu. Sa chuid seo den litir bh\u00ed ar Ph\u00f3l aghaidh a btabhairt ar &nbsp;cheisteanna faoi conas is fearr seirbh\u00eds a thabhairt don Tiarna, ceisteanna faoin bp\u00f3sadh, aontumhacht, maighdeanas, agus as sin i l\u00e9acht an lae inniu tug ann s\u00edn ar Ph\u00f3l &nbsp;an tuairim a bh\u00ed aige a lua &nbsp;go raibh deireadh an domhain, agus filleadh, t\u00e9arnamh, Chr\u00edost buailte leo.&nbsp; Tugann seo air comhairle a&nbsp; thabhairt d\u00f3ibh bheith scartha \u00f3 gach rud, gan ligint d\u2019aon rud teacht idir iad agus an Tiarna. Ar nd\u00f3igh, lean c\u00farsa na staire ar aghaidh, agus baineann cuid d\u00e1 ndeir s\u00e9 lena r\u00e9 f\u00e9in. Mar sin f\u00e9in, n\u00ed m\u00f3r aird&nbsp; a thabhairt don na ruda\u00ed sin a deir P\u00f3l bheith beag beann orthu, ach gan ligint &nbsp;d\u2019aon rud teacht idir sinn agus an Tiarna, mar a d\u00fairt \u00cdosa f\u00e9in sa Soisc\u00e9al.<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 1:14-20). <em>D\u00e9anaig\u00ed aithr\u00ed agus creidig\u00ed sa Soisc\u00e9al.<\/em> N\u00edor mhian le h\u00cdosa, de r\u00e9ir dealraimh, ministreacht chomhaimsireach a bheith aige le Eoin Baiste. Bh\u00ed Eoin Baiste ag f\u00f3gairt a sc\u00e9ala taobh amuigh den Ghailil, sa I\u00fad\u00e1ia, agus b\u2019fh\u00e9idir sa Sam\u00e1ir. In am \u00e9igin ghabh s\u00e9 thar teorainn isteach sa Ghail\u00edl, faoi dhl\u00ednse H\u00e9ar\u00f3id Antipas, agus cuireadh i bprios\u00fan \u00e9. Thosaigh \u00cdosa ag f\u00f3gairt Shoisc\u00e9al D\u00e9, ag r\u00e1 go raibh an tr\u00e9imhse a bh\u00edothas ag feitheamh le comhl\u00edonadh na bhf\u00e1istin\u00ed thart agus go raibh r\u00edocht D\u00e9 in achmaireacht, buailte leo. Bh\u00ed g\u00e1 le dh\u00e1 rud anois: aithr\u00ed agus creideamh sa Soisc\u00e9al. Ionann i sl\u00ed an d\u00e1 rud aithr\u00ed agus creideamh sa soisc\u00e9al. N\u00ed aithr\u00ed faoi peaca\u00ed faoi leith a bh\u00ed i gceist ach athr\u00fa meoin, aigne agus meon a dh\u00edri\u00fa ar an rud nua, an Soisc\u00e9al a bheadh \u00e1 fh\u00f3gairt ag \u00cdosa.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuirtear b\u00e9im ag Marcas, agus ag Matha agus L\u00fac\u00e1s, ar ghlaoch an ch\u00e9ad cheathrar deisceabal, a raibh postanna buana acu mar iascair\u00ed, b\u00e9im chomh maith ar chomh tapa ar fh\u00e1gadar gach rud le \u00cdosa a lean\u00faint ina shl\u00ed bheatha agus a chamchuairteanna tr\u00edd an Phailist\u00edn. Cuirtear sin ar ph\u00e1r sna soisc\u00e9il,&nbsp; agus sin le go mbeadh s\u00e9 mar shampla don eaglais faoi dh\u00edlseacht do Chr\u00edost, agus do dhaoine \u00e1irithe bheith r\u00e9idh d\u00e1 mba g\u00e1 an sampla sin a lean\u00faint. D\u2019fh\u00e9adfadh tobainne na gairme agus an freagra uirthi cur as do dhaoine: amhail is d\u00e1 mba don ch\u00e9ad uair a bhuail \u00cdosa agus iad f\u00e9in le ch\u00e9ile. Ach t\u00e1 a fhios againn \u00f3 Shoisc\u00e9al Eoin, sa sliocht a l\u00e9adh an Domhnach seo caite, gur chuir cuid acu ar a laghad aithne ar \u00cdosa cheana ag an Iord\u00e1in mar a raibh Eoin Baiste ag baisteadh, agus duine amh\u00e1in d\u00edobh ar a laghad ina dheisceabal ag Eoin, agus cuid eile is d\u00f3cha ina chuideachta.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Athr\u00fa meoin agus creideamh sa Soisc\u00e9al<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh phearsanta agus agallaimh do aois ar bith i Shoisc\u00e9al agus l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. Is gairm do gach aois briathra \u00cdosa faoi aithr\u00ed agus creideamh sa Soisc\u00e9al. Ionann aithr\u00ed anseo agus athr\u00fa meoin le d\u00edri\u00fa isteach ar rud eile, sa chomhth\u00e9acs seo \u00cdosa agus an Soisc\u00e9al. Bh\u00ed ar gach deisceabal, \u00f3 Shiom\u00f3n (Peadar) agus Aindrias agus eile, an t-athr\u00fa cu\u00ed sin a dh\u00e9anamh, do na c\u00e9ad deisceabail agus na Gi\u00fadaigh athr\u00fa meoin \u00f3 gach a bh\u00ed l\u00e1rnach ina dtraidisi\u00fan si\u00fad, le Maois mar l\u00e1r, go h\u00cdosa, athr\u00fa \u00f3 gach a bh\u00ed l\u00e1rnach agus n\u00e1r r\u00e9itigh leis an Soisc\u00e9al. Mar an gc\u00e9anna nuair a ghluais an Soisc\u00e9al go cult\u00far na Gr\u00e9ige le P\u00f3l agus eile, bheadh an mana c\u00e9anna ann: aithr\u00ed, athr\u00fa \u00f3 gach sa traidisi\u00fan sin n\u00e1r oir don dea-sc\u00e9al nua tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost. Agus mar an gc\u00e9anna le Peadar sa R\u00f3imh agus tr\u00edd na haoiseanns s\u00edos go dt\u00ed \u00e1r linn f\u00e9in.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus maidir linne inniu, ar uairibh n\u00ed fios d\u00fainn go beacht an aithr\u00ed, an t-athr\u00fa, is c\u00f3ir a dh\u00e9anamh. Tugann an ch\u00e9ad l\u00e9acht \u00f3n bhf\u00e1idh I\u00f3na \u00e1bhar machnaimh d\u00fainn anseo. L\u00e9ir\u00edonn &nbsp;Leabhar seo I\u00f3na gur ghabh tr\u00f3caire D\u00e9 agus a thuiscint don chine daonna, fi\u00fa do naimhde na nGi\u00fadach, i bhfad thar mar ba mhaith le muintir Iosrael n\u00f3 fi\u00fa leis an f\u00e1idh I\u00f3na glacadh leis. N\u00edor mhian le I\u00f3na teachtaiteacht seo D\u00e9 a fh\u00f3gairt do mhuintir Niniv\u00e9. Ag deireadh an leabhair d\u00fairt s\u00e9 le Dia gurb \u00e9 an f\u00e1th gur theith s\u00e9 uaidh i dtosach n\u00e1 gur mhaith ab eol d\u00f3 gurb Dia truachro\u00edch agus tr\u00f3caireach a bh\u00ed ann, mall chun feirge agus l\u00e1n de bhuanghr\u00e1. Clamhs\u00e1na\u00ed a bh\u00ed i I\u00f3na agus fearg air faoi ruda\u00ed \u00e9ags\u00fala. I bhfocail scoir an leabhair deir an Tiarna leis an f\u00e1idh I\u00f3na: \u201cNach ceart trua a bheith agamsa do Niniv\u00e9, an chathair mh\u00f3r sin ina bhfuil breis agus c\u00e9ad agus fiche m\u00edle duine nach eol d\u00f3ibh conas rogha a dh\u00e9anamh idir an mhaith agus an t-olc, gan tr\u00e1cht ar na beith\u00edgh gan \u00e1ireamh at\u00e1 ann?\u201d.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Inniu t\u00e1 an Eaglais ag iarraidh a fh\u00e1il amach conas dul in agallamh le saol agus cult\u00far an lae inniu agus an t-athr\u00fa cu\u00ed a dh\u00e9anamh le buanghr\u00e1 agus tr\u00f3caire D\u00e9 a chur i l\u00e1thair do ghl\u00fain \u00e1r linne, ach le bheith d\u00edlis don Soisc\u00e9al san am c\u00e9anna, ag tabhairt aird ar bhriathra Chr\u00edost: aithr\u00ed, athr\u00fa, agus creideamh sa Soisc\u00e9al. T\u00e1 speis faoi leith ag an bP\u00e1pa Proinsias san \u00e1bhar seo. Ba coir d\u00fainn go l\u00e9ir machnamh a dh\u00e9anamh air, agus gu\u00ed chun D\u00e9 go mbeidh toradh f\u00f3nta ar aon agallamh.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Ean\u00e1ir 21 2018 (B) Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-589","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/589","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=589"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/589\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=589"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=589"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=589"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}