{"id":593,"date":"2018-01-31T08:19:26","date_gmt":"2018-01-31T08:19:26","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=593"},"modified":"2018-01-31T08:19:26","modified_gmt":"2018-01-31T08:19:26","slug":"4-feabhra-2018-b-cuigiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=593","title":{"rendered":"4 Feabhra 2018 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p>4 Feabhra 2018 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor<\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>F\u00f3gairt an Dea-Sc\u00e9il inniu<\/em><\/li>\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n<p><em>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/em> (I\u00f3b 7:1-4, 6-7). <em>B\u00edm do mo chr\u00e1 is do mo chiapadh go dt\u00ed comhrac lae agus o\u00edche. <\/em>Leabhar I\u00f3b n\u00ed Leabhar taobh istigh de chan\u00f3in an Bh\u00edobla amh\u00e1in \u00e9. Feictear air mar cheann de shaothair chlasaiceacha de litr\u00edocht an domhain. Mar shaothar is toradh de aigne neamhsple\u00e1ch \u00e9, n\u00e1r ghlac leis an teagasc traidisi\u00fanta gur pion\u00f3s ar an bpeaca an m\u00ed-\u00e1dh agus an tinneas, go mbeadh a leigheas le f\u00e1il tr\u00ed admh\u00e1il ciontachta pearsanta. Ba dhuine an-saibhir \u00e9 I\u00f3b, fear diaganta a raibh eagla D\u00e9 air, a chaill gach a raibh aige agus a bh\u00ed anois go dona tinn. Cuireann s\u00e9 s\u00edos i duanta \u00e9ags\u00fala ar an ainriocht ina raibh s\u00e9. Ceann \u00e1lainn d\u00edobh si\u00fad l\u00e9acht an lae inniu. Leagann an l\u00e9acht seo b\u00e9im ar staid ainnis I\u00f3b, a neamhbhuaine is at\u00e1 saol an duine abhus agus a shobhriste is at\u00e1 s\u00e9 nuair a bhuaileann anachain \u00e9, amhail is d\u00e1 mba d\u00edchiall ar fad a bh\u00ed sa saol, gan bhr\u00ed, gan d\u00f3chas. Nuair a bh\u00ed \u00fadar an leabhair seo ag scr\u00edobh, thart ar 450-400 roimh Chr\u00edost abair, n\u00ed raibh creideamh beacht ar an saol eile fos ann. Roghna\u00edtbear an l\u00e9acht seo do liot\u00fairge an lae inniu mar chodarsnacht don l\u00e9acht \u00f3n Soisc\u00e9al ina thagann \u00cdosa isteach mar bhall den chine daonna ina gcuid anr\u00f3, ag tabhairt leis leigheas agus d\u00f3chas.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 146). <em>Molaig\u00ed an Tiarna a shl\u00e1na\u00edonn lucht an chro\u00ed bhriste.<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara L\u00e9acht<\/em> (1 Corantaigh 9:16-19, 22-23).<em> Is mairg dom mura nd\u00e9anfaidh m\u00e9 an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. <\/em>Nuair a thagaimid le l\u00e9achta\u00ed liot\u00fairge an Domhnaigh a l\u00e9amh is \u00e9 an pr\u00edomh-rud a bh\u00edonn uainn n\u00e1 an teachtaireacht at\u00e1 acu d\u00fainn, fi\u00fa m\u00e1 t\u00e1 c\u00fapla v\u00e9arsa de th\u00e9acs an Bh\u00edobla f\u00e1gtha ar l\u00e1r. Leagann l\u00e9acht an lae inniu b\u00e9im ar an dtuiscint a bh\u00ed ag P\u00f3l ar an misean, an glaoch \u00f3 Dhia, a bh\u00ed aige an Soisc\u00e9al a fh\u00f3gairt, agus an dualgas a bh\u00ed air d\u00e1 bharr sin beatha de r\u00e9ir a ghairme a chaitheamh le fianaise a thabhairt don Dea-Sc\u00e9al le briathar agus le gn\u00edomh, le daoine a thahbairt don chreideamh i gCr\u00edost. Agus teachtaireach sin na l\u00e9achta tabhartha faoi deara againn, is fi\u00fa d\u00fainn an sliocht \u00e1irithe sin a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9acs sa leabhar n\u00f3 sa litir le tuiscint n\u00edos fearr a fh\u00e1il ar an leabhar n\u00f3 litir agus \u00e1it na l\u00e9achta f\u00e9in ann. Faoi mar a bh\u00ed le dara leacht an Domhnaigh seo caite, i l\u00e9acht an lae inniu t\u00e1 P\u00f3l f\u00f3s ag pl\u00e9 le litir a fuair s\u00e9 \u00f3 na Corantaigh agus ag tabhairt freagra ar chuid de na ruda\u00ed a leanann aisti. I l\u00e9acht an Domhnaigh seo caite bh\u00ed P\u00f3l ag pl\u00e9 le tuairmi daoine sa Choraint a mheas gur fearr staonadh \u00f3 ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is ar fad, n\u00f3 fi\u00fa \u00f3n bp\u00f3sadh. Bh\u00ed ceisteanna eile ardaithe sa litir ch\u00e9anna \u00f3na Corantaigh. Maidir le bia a ofr\u00e1ileadh do \u00edola, d\u00e9ithe br\u00e9ige, sna teampaill phag\u00e1nacha, bh\u00ed cuid den chomhluadar, aicme l\u00e9annta, eilite, ag ma\u00edomh: \u201cT\u00e1 eolas againn go l\u00e9ir\u201d, s\u00f3rt liobr\u00e1laithe a raibh a fhios acu n\u00e1rbh ann do na d\u00e9ithe pag\u00e1nacha agus go bhf\u00e9adfai an bia a ofr\u00e1ileadh d\u00f3ibh a ithe, fi\u00fa sna t\u00edthe bia a ghabh leis na teampaill phag\u00e1nacha. Dar le P\u00f3l d\u2019fh\u00e9adfhadh a leith\u00e9id de chleachtadh dochar a dh\u00e9anamh do \u201cchoinsiasa\u201d bhall laga den eaglais, sin le r\u00e1 don fh\u00e9intuiscint a bh\u00ed acu d\u00edobh f\u00e9in mar Chr\u00edostaithe. Cuireann P\u00f3l an mhuintir a scr\u00edobh an litir ar a n-airdeall faoi seo. Bh\u00ed daoine sa Choraint a cheistigh, fi\u00fa, dinti\u00fair Ph\u00f3il mar aspal. Lena neamhsple\u00e1chas a chosaint, agus b\u2019fh\u00e9idir leis f\u00e9in a sheachaint \u00f3 urra\u00edocht \u00f3 bhaill shaibhre na hEaglaise sa Choraint, n\u00edor mhian le P\u00f3l aon chabhair a fh\u00e1il \u00f3n eaglais sa Choraint. Shaothraigh s\u00e9 a shl\u00ed bheatha d\u00f3 f\u00e9in; ag d\u00e9anamh puball b\u2019fh\u00e9idir, b\u00edodh go raibh a fhios aige go raibh de cheart aige mar aspal coth\u00fa \u00f3 na creidmhigh a fh\u00e1il. T\u00e1 cuid de sin go l\u00e9ir le sonr\u00fa i dara l\u00e9acht an lae inniu. Ach an pointe l\u00e1ir sa l\u00e9acht seo n\u00e1 a dheimhne is at\u00e1 P\u00f3l faoi n\u00e1d\u00far an mhisin at\u00e1 aige \u00f3 Dhia an Dea-Sc\u00e9al a fh\u00f3gairt agus an dualgas at\u00e1 leagtha air sin a dh\u00e9anamh. Chonaic s\u00e9 an Tiarna ais\u00e9rithe ar an mb\u00f3thar go dt\u00ed an Damaisc, mar a bhfuair s\u00e9 eolas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chriost (2 Corantaigh 4:6).<\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 1:29-39). <em>Leigheas s\u00e9 m\u00f3r\u00e1n a bh\u00ed tinn \u00f3 gach s\u00f3rt galair. <\/em>Is lean\u00faint l\u00e9acht an lae inniu ar an gceann a l\u00e9adh an Domhnach seo caite. An d\u00e1 cheann le ch\u00e9ile tugann siad an cur s\u00edos at\u00e1 ag Marcas ar l\u00e1 amh\u00e1in, an ch\u00e9ad l\u00e1, de mhinistreacht \u00cdosa. L\u00e9acht an Domhnaigh seo caite, leagann s\u00ed an bh\u00e9im ar theagasc \u00cdosa, teagasc a bh\u00ed tugtha le h\u00fadar\u00e1s. T\u00e1 mar chr\u00edoch le l\u00e9acht an lae inniu an bh\u00e9im a leagann \u00cdosa ar an misean at\u00e1 aige an Dea-sc\u00e9ala a fh\u00f3gairt, agus a bheith ag teagasc. I rith an ch\u00e9ad lae sin bh\u00ed \u00cdosa ag teagasc sa sionag\u00f3g, agus ag leigheas, ag leigheas mh\u00e1thair ch\u00e9ile Shiom\u00f3n (Peadar) i measc daoine eile. Sa tr\u00e1thn\u00f3na tar \u00e9is lu\u00ed gr\u00e9ine, tagann m\u00e9ad\u00fa ar a chuid saothair. Leigheasann \u00cdosa gach saghas galair. N\u00ed fol\u00e1ir nach raibh deis aige mor\u00e1n codlata a dh\u00e9anamh sa teach a bh\u00ed aige i g Cafarn\u00e1\u00fam. Ar maidin, tamall maith roimh l\u00e1, d\u2019\u00e9irigh s\u00e9 agus chuaigh s\u00e9 go dt\u00ed \u00e1it uaigneach le gu\u00ed. Leis seo tugann s\u00e9 sampla don eaglais agus d\u00fainn go l\u00e9ir. Le toradh a bheith ar mhisean \u00cdosa, leis an misean Cr\u00edosta\u00ed, n\u00ed leor an tseanm\u00f3ireacht, n\u00f3 gn\u00edomhthartha na carthanachhta, amhail leigheas agus mar sin de. T\u00e1 g\u00e1 le atmaisf\u00e9ar creidimh, bheith oscaile do r\u00edocht D\u00e9, don Dia Beo at\u00e1 ag gn\u00edomh\u00fa tr\u00ed \u00cdosa, agus tr\u00edd an eaglais, le meon aigne a chotha\u00edtear le urna\u00ed chi\u00fain agus an chr\u00e1ifeacht, de r\u00e9ir shampla \u00cdosa.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: uppper-roman;\">\n<li><em> <\/em><strong><em>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>F\u00f3gairt an Dea-Sc\u00e9il inniu<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Tugann an dara l\u00e9acht agus an soisc\u00e9al chun cuimhne d\u00fainn inniu go bhfuil glaoch ann i gc\u00f3na\u00ed don Eaglais, d\u00e1 ceannair\u00ed agus do phobal D\u00e9 i gcoitinne, dea-sc\u00e9ala an tsl\u00e1naithe tr\u00ed Chr\u00edost a fh\u00f3gairt. Is glaoch, gairm agus dualgas \u00ed d\u00fainn go l\u00e9ir, \u00f3 gach aoinne ina shl\u00ed f\u00e9in agus ina staid f\u00e9in. T\u00e1 an dithneas at\u00e1 ag baint le f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il soil\u00e9ir i &nbsp;mbriathra Chr\u00edost, agus le moth\u00fa ina chuiid taistil tr\u00edd an Ghailil. Bh\u00ed s\u00e9 chomh soil\u00e9ir c\u00e9anna ag P\u00f3l. Ba \u00e9 a dhualgas \u00e9 agus ba mhairg d\u00f3 mura nd\u00e9anfadh s\u00e9 an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Mar a deir s\u00e9 f\u00e9in, ar an eachtra a tharla d\u00f3 ar an mb\u00f3thar go dt\u00ed an Damaisc chuir Dia solas ag lonradh ina chro\u00ed d\u2019fhonn solas na gl\u00f3ire diaga ar chuntan\u00f3s Chriost a chur ar a sh\u00faile d\u00f3 &#8212; agus don eaglais go l\u00e9ir ina dhiaidh. F\u00eds nua a bh\u00ed ann don r\u00e9 nua a cuireadh ar f\u00e1il tr\u00ed bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Spreag seo go l\u00e9ir Pol ina chuid seanm\u00f3ireachta agus scr\u00edbhneoireachta faoin bheatha nua i gCr\u00edost, ar ann di tr\u00ed chumhacht agus neart an Spioraid Naoimh. Bhain s\u00e9 leis an conradh nua, an cro\u00ed nua, conradh scr\u00edofa ag an Spiorad Naomh i gcro\u00edthe na gcreidmheach. Gairm a bh\u00ed ann, mar a bh\u00ed ag Iosa f\u00e9in, aithr\u00ed, athr\u00fa meoin, a dh\u00e9anamh agus creidi\u00faint i ndea-sc\u00e9ala an tsl\u00e1naithe, agus d\u00edri\u00fa, agus athdh\u00edri\u00fa, ar Chr\u00edost agus an bheatha nua a bhain leis.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar a luadh thuas, i sl\u00ed baineann an dualgas an dea-sc\u00e9ala a fh\u00f3gairt le gach creidmheach, n\u00ed hamh\u00e1in le ceannair\u00ed na hEaglaise, leis an gcl\u00e9ir agus fir agus mn\u00e1 rialta. Baineann s\u00e9 leo go l\u00e9ir, ina n-aonar n\u00f3 ag obair le ch\u00e9ile mar is g\u00e1. I sl\u00ed amh\u00e1in n\u00edl c\u00farsa\u00ed maidir le f\u00f3gairt an dea-sc\u00e9ala inniu i bhfad n\u00edos difri\u00fala thar mar a bh\u00edodar i laethanta \u00cdosa agus Ph\u00f3il. N\u00edl siad n\u00edos difri\u00fala sa mh\u00e9id gur g\u00e1 in aois ar bith mian cr\u00e1ifeach chun creidi\u00fana sa dea-sc\u00e9ala ag an t\u00e9 a chreideann, sort comhn\u00e1d\u00faracht, an n\u00e1d\u00far c\u00e9anna, idir an t\u00e9 a bheadh ag teacht chun creidimh agus an t\u00e9 at\u00e1 ag craobhscaoileadh an dea-sc\u00e9ala. Mar a d\u00fairt \u00cdosa le Gi\u00fadaigh \u00e1irithe ina r\u00e9 f\u00e9in: \u201cAch n\u00ed chreideann sibhse, mar n\u00ed de mo chaoirigh sibh\u201d (Eoin 10:26). Difr\u00edocht mh\u00f3r idir laethanta \u00cdosa agus Ph\u00f3il san \u00e1bhar seo agus m\u00f3ran de lucht \u00e1r gcomhaimsire n\u00e1 nach ann don chomhn\u00e1d\u00faracht, don mhian chun creidi\u00fana, sin, go m\u00f3r m\u00f3r i measc roinnt den an aos \u00f3g. N\u00ed g\u00e1 gur naimhdeas don chreideamh, f\u00e9inriar, n\u00f3 drochthoil at\u00e1 i gceist, ach mar a chuirfeadh roinnt den aos og \u00e9: \u201cN\u00ed feidir liom ceangail, nasc a dh\u00e9anamh le domhan dofheicthe\u201d. Bh\u00ed deacrachta\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id i gc\u00f3na\u00ed leis an aondiachas, an monadiachas, an creideamh i nDia dofheicthe. Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann n\u00ed m\u00f3r don soisc\u00e9ala\u00edocht tr\u00ed ghr\u00fapa ar a laghad a choime\u00e1d san \u00e1ireamh: iad sin i gcreideamh ioml\u00e1n, iad sin in amhras maidir le creideamh agus cleachtadh Criosta\u00ed; agus iad sin gan creideamh ar bith (b\u00edodh gur mhaith le cuid acu creidiunt d\u00e1 mbeadh sin ag lu\u00ed le r\u00e9as\u00fan).<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 glaoch ag an bpobal Cr\u00edosta\u00ed go l\u00e9ir bheith gafa ina shl\u00ed f\u00e9in sa soisc\u00e9ala\u00edocht, agus uaidh seo glaoch chun bheith \u201csoisc\u00e9alaithe\u201d iad f\u00e9in, le eolas n\u00edos doimhne a chur ar a gcreideamh, lena cur ar&nbsp; a gcumas bheith r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarann orthu bonn a thabhairt leis an d\u00f3chas at\u00e1 iontu, ach sin a dh\u00e9anamh le cneastacht agus urraim (feic 1 Peadar 3:15-16).<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud l\u00e1rnach don soisc\u00e9ala\u00edocht an \u00e9isteacht. Rinne P\u00f3l a l\u00e1n de leis an eaglais &nbsp;sa Choraint agus leis an m\u00e9id a d\u00faradar leis san litir chuige. Ni m\u00f3r inniu iarracht a dh\u00e9anamh tr\u00ed \u00e9isteacht ar na f\u00e1thanna a thugann ar dhaoine droim l\u00e1imhe a thabhairt do chleachtadh an chreidimh n\u00f3 don chreideamh f\u00e9in, agus is ioma\u00ed iad sin: c\u00fathaileacht, teacht in aois (amhail creideamh i nDia d\u00f3ibh agus creideamh i Daid\u00ed na Nollag), scannail agus a thuilleadh f\u00f3s. Feictear ar an gcreideamh mar ualach ar aigne agus chorp, in ionad \u00e9 bheith mar fhaoiseamh agus l\u00f3chrann. Sa ghlaoch seo do shoisc\u00e9ala\u00edocht nua, n\u00ed m\u00f3r comhoibri\u00fa \u00f3 dhaoine \u00e9ags\u00fala \u2013 idir chleir agus tuath, diagair\u00ed idir chl\u00e9ir agus tuath, docht\u00fair\u00ed, eolaithe, saineolaithe, ag cabhr\u00fa le ch\u00e9ile le teacht i ngleic leic na fadhbanna iomad\u00fala at\u00e1 ann don chreideamh i nDia agus san Eaglais an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus maraon leis sin go l\u00e9ir n\u00ed m\u00f3r an urna\u00ed agus an machnamh Cr\u00edosta\u00ed. Sa deireadh thiar is r\u00fandiamhair \u00e9 creideamh Chr\u00edost, agus n\u00ed m\u00f3r \u00e9 a ghlacadh agus a chraobhscaoileadh mar sin i seanm\u00f3ireacht agus i dteagasc.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4 Feabhra 2018 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-593","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/593","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=593"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/593\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=593"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=593"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=593"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}