{"id":613,"date":"2018-03-25T10:11:47","date_gmt":"2018-03-25T10:11:47","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=613"},"modified":"2018-03-25T10:11:47","modified_gmt":"2018-03-25T10:11:47","slug":"8-aibrean-2018-an-dara-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=613","title":{"rendered":"8 Aibre\u00e1n 2018 An Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong>8 Aibre\u00e1n 2018 An Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (B)<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <em>\u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/em><\/p>\n<p><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 4:32-35). <em>Ar aon chro\u00ed agus ar aon anam. <\/em>Is cur i l\u00e1thair id\u00e9alaithe an l\u00e9acht seo faoin luatheaglais Chr\u00edosta\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im, cur i l\u00e1thair is geal le h\u00fadar an leabhair seo, Gn\u00edomhartha na nAspal, a bhfuil sampla\u00ed eile cos\u00fail leis sa leabhar. Tugadh an eaglais \u00f3g seo mar eiseaml\u00e1ir do chomhluadar ar bith eile Cr\u00edosta\u00ed faoi mar ba choir d\u00f3 \u00e9 f\u00e9in a iompair: aontaithe i gcroi agus anam, finn\u00e9ithe d\u2019ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, le c\u00faram acu d\u00f3ibh si\u00fad ar an ngannchuid, ag roinnt a gcuid maoine lena ch\u00e9ile. Ba iad sin laethanta tosaigh na hEaglaise, go luath tar \u00e9is an ais\u00e9ir\u00ed agus teacht an Spioraid Naoimh. N\u00ed raibh tuiscint acu go f\u00f3ill ar impleachta\u00ed an chreidimh i gCr\u00edost. Bheadh siad sin le teacht tar \u00e9is don eaglais leathn\u00fa amach go dt\u00ed an domhan neamh-Ghi\u00fadach agus briseadh le Dl\u00ed Mhaois. Bheadh iliomad cr\u00e1chro\u00ed agus c\u00edoradh anama le fulaingt amach anseo ag an eaglais \u00f3g chi\u00fain shocair seo, de bharr a leanann as an gcreideamh i gCr\u00edost, Sl\u00e1naitheoir an domhain uile. Ach sa mh\u00e9id seo is \u00edomh\u00e1 \u00ed den eaglais i ngl\u00fain ar bith.<\/p>\n<p><em>Salm le Fragra <\/em>(Salm 117[118]). <em>Tugaig\u00ed bu\u00edochas don Tiarna toisc gur maith \u00e9<\/em>: <em>\u00f3ir maireann a ghr\u00e1 de sh\u00edor.<\/em><\/p>\n<p><em>&nbsp;Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Eoin 5:1-6). <em>Gach a ghintear \u00f3 Dhia s\u00e1ra\u00edonn s\u00e9 an saol. <\/em>Is fada c\u00falra na l\u00e9achta seo \u00f3n su\u00edomh socair sa luath-eaglais in Iar\u00fasail\u00e9im a bh\u00ed againn sa ch\u00e9ad l\u00e9acht. Baineann an l\u00e9acht seo le litir \u00f3 dheireadh ch\u00e9ad tosaigh na hEaglaise. Scr\u00edobhadh c\u00e9ad litir Naomh Eoin go comhluadar Cr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed scoilte go domhain maidir le creideamh i bpearsa Chr\u00edost mar Mhac D\u00e9 agus maidir le ioncholl\u00fa Chr\u00edost. Bh\u00ed m\u00fainteoir\u00ed \u00e1irithe sa phobal (ar a dtugann an litir seo \u201cainchr\u00edostanna\u201d) a sh\u00e9an an creideamh in \u00cdosa mar Mhac D\u00e9, agus d\u00e1 bharr sin a bh\u00ed imithe thar teorann an chreidimh amach. Sa litir seo, agus i l\u00e9acht an lae inniu, cuireann an t-\u00fadar dua m\u00f3r air f\u00e9in point\u00ed teagaisc a shoil\u00e9iri\u00fa, agus le b\u00e9im a leagan ar an nasc at\u00e1 idir chreideamh i nDia, Athair \u00cdosa, agus an aithne a eascra\u00edonn as sin &#8212; gr\u00e1 a thabhairt don chomharsa, de bhr\u00ed gur, cos\u00fail le h\u00cdosa f\u00e9in, clann mhac agus clann inionacha sinn den Athair c\u00e9anna. Tr\u00edd an gcreideamh gur Mac D\u00e9 \u00e9 \u00cdosa (ionann \u201can Cr\u00edost\u201d sa l\u00e9acht seo agus \u201cMac De\u201d) d\u00e9antar mac n\u00f3 in\u00edon D\u00e9 de dhuine, mar at\u00e1 r\u00e1ite i Soisc\u00e9al Eoin f\u00e9in (1:12): \u201cAn uile dhuine a ghlac \u00e9, thug s\u00e9 de cheart d\u00f3ibh go nd\u00e9anfa\u00ed clann D\u00e9 d\u00edobh, d\u00f3ibh seo a chreideann ina ainm\u201d. Aon amh\u00e1in iad Dia an tAthair, Mac D\u00e9 (\u00cdosa), agus clann mhac agus clann in\u00edonacha D\u00e9 go l\u00e9ir. Ionann gr\u00e1 a thabhairt do Dhia, a dh\u00e9anann a chlann mhac agus in\u00edonacha d\u00ednn, agus gr\u00e1 a thabhairt do chlann D\u00e9 uile; leanann gr\u00e1 don chlann as ghr\u00e1 don Athair.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed rud teib\u00ed \u00e9 an gr\u00e1 seo. Ionann gr\u00e1 a thabhairt do Dhia agus glacadh le Dia faoi mar at\u00e1 s\u00e9, mar Athair, agus maireacht\u00e1il d\u00e1 r\u00e9ir. Ionann \u00e9 agus a aitheanta a chomhl\u00edonadh. I gcomhth\u00e9acs l\u00e9acht seo an lae inniu, t\u00e1 dh\u00e1 aithne ach go h\u00e1irithe in aigne ag an \u00fadar: creideamh i nDia agus ina Mhac, agus aithne an ghr\u00e1. Deir an t-\u00fadar nach tromualach a aitheanta. D\u2019fh\u00e9adfadh comhl\u00edonadh na n-aitheanta a bheith deacair sa phobal a raibh s\u00e9 ag scr\u00edobh chuige de bharr na scoilteanna a bh\u00ed ann agus an easpa caidrimh agus cairdis a lean as sin. Bh\u00ed cinnteacht de dh\u00edth \u00f3 phobal a bhi tr\u00edna ch\u00e9ile. An chinnteacht a thugtar d\u00f3ibh sa l\u00e9acht seo n\u00e1 an ceann a bh\u00ed acu nuair a ch\u00e9ad ghlac siad leis an gcreideamh. B\u2019ionann<\/p>\n<p>&nbsp;c\u00e9ad-ghn\u00edomh an chreidimh agus teagmh\u00e1il le Dia, l\u00e1ithreacht D\u00e9 agus an chumhacht a thagann as sin, agus cinnteacht an bhua, na caithr\u00e9ime, cinnteacht an chreidimh. \u201cIs \u00ed an chaithr\u00e9im a sh\u00e1ra\u00edonn an saol, \u00e1r gcreideamh\u201d. D\u00fairt \u00cdosa cheana \u00e9 lena dheisceabail, ag f\u00e1gaint sl\u00e1n acu: \u201cLabhair m\u00e9 na nithe seo libh, chun go mbeadh s\u00edoch\u00e1in agaibh ionamsa. T\u00e1 buairt agaibh sa saol, ach b\u00edobh misneach agaibh. T\u00e1 buaite agamsa ar an saol\u201d (Eoin 16:33). Ionann \u201can saol\u201d at\u00e1 i gceist anseo agus gach rud daonna agus diabhalta a sheasann in \u00e9adan \u00cdosa agus a bheart sl\u00e1naithe, i r\u00e9 Litir seo Eoin br\u00e9ag-theagasc na n-ainchr\u00edostanna, agus ansin agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed g\u00e9arlean\u00faint agus eile. An creideamh i mb\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost, bronntanas an Spioraid Naoimh, an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed agus an t-Abhc\u00f3id taobh istigh i gcoinsias an chreidmhigh, tugann sin an chinnteacht seo faoi bhua Chr\u00edost.<\/p>\n<p>Deir an t\u00e9acs gur th\u00e1inig \u00cdosa Cr\u00edost le huisce, le fuil agus leis an Spiorad. Siombail\u00ed l\u00e1n de bhr\u00ed uisce agus fuil. Th\u00e1inig \u00cdosa agus thug s\u00e9 fianaise le huisce ina bhaisteadh, agus le fuil ar an gcrois. Nuair a tolladh a chliath\u00e1n le sle\u00e1 th\u00e1inig fuil agus uisce amach l\u00e1ithreach, agus thug an t\u00e9 a chonnaic (Eoin Bruinne?) fianaise faoi sin (Eoin 19:4-35). Tugann siad sin fianaise do dhaonnacht Chr\u00edost. Tagann \u00cdosa le huisce ag an mbaisteadh, agus mar a gheall s\u00e9 (Eoin 16:5-15) beidh cumhacht eile ag tabhairt fianaise d\u00e1 shaothar, an Spiorad Naomh istigh i n-anamacha agus i gcoinsiasa na bhf\u00edr\u00e9an ag tabhairt cinnteacht d\u00f3ibh gur f\u00edrinne teachtaireacht Chr\u00edost agus na Eaglaise.<\/p>\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 20:19-31). <em>Ocht l\u00e1 ina dhiaidh sin th\u00e1inig \u00cdosa. <\/em>An ch\u00e9ad chuid den l\u00e9acht seo cuireann s\u00ed s\u00edos ar eachtra a tharla tr\u00e1thn\u00f3na Dhomhnach na C\u00e1sca. L\u00e9irigh an Sl\u00e1naitheoir ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in do na haspail, agus deimhn\u00edonn d\u00f3ibh go raibh s\u00e9 \u00e9irithe d\u00e1ir\u00edre ina dhaonnacht, ag taispe\u00e1int d\u00f3ibh a l\u00e1mha agus a chosa gonta. D\u2019an\u00e1iligh s\u00e9 orthu agus thug d\u00f3ibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peaca\u00ed a mhaitheamh. N\u00ed raibh an t-aspal Tom\u00e1s i l\u00e1thair an Domhnach sin agus d\u00fairt s\u00e9 nach gcreidfeadh s\u00e9 gan fianaise gurb \u00e9 an t\u00cdosa a c\u00e9asadh a bh\u00ed i gceist.<\/p>\n<p>T\u00e1 an dara heachtra againn inniu sa dara cuid den l\u00e9acht, eachtra a tharla an Domhnach tar \u00e9is na C\u00e1sca. Admha\u00edonn Tom\u00e1s creideamh n\u00ed hamh\u00e1in in \u00cdosa ais\u00e9irithe mar Thiarna, ach f\u00f3s mar Dhia: \u201cMo Thiarna agus <em>mo Dhia<\/em>\u201d. Seo \u00ed an dara h\u00e1it i Soisc\u00e9al seo Eoin ina admha\u00edtear creideamh in \u00cdosa mar Dhia, i ndiagacht Chr\u00edost. Is \u00e9 an ceann eile n\u00e1 sa bhrollach (Eoin 1:1): \u201cBh\u00ed an Briathar ann i dt\u00fas b\u00e1ire &#8230; agus ba Dhia an Briathar\u201d. C\u00fais mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra \u00cdosa ar Thom\u00e1s. N\u00ed measa as iad creidmhigh na m\u00edlte bliain n\u00edos d\u00e9ana\u00ed n\u00e1 mar a bh\u00ed Tom\u00e1s an Domhnach \u00fad: \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/p>\n<p>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae.<em> \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/em><\/p>\n<p><em>(1) \u201cIs m\u00e9anar d\u00f3ibh seo nach bhfaca agus a chreid\u201d.<\/em><\/p>\n<p>Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramad\u00f3ir in agallamh tr\u00e1th faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair s\u00e9 gurbh &nbsp;bhre\u00e1 leis d\u00e1 mbeadh buailte aige le h\u00cdosa. N\u00ed fios c\u00e9n cheist a bheadh curtha aige ar \u00cdosa n\u00e1 ar fhreagra \u00cdosa air. Cuireadh chun aithr\u00ed is d\u00f3cha! N\u00ed hionann an c\u00e1s sa mh\u00e9id a bhaineann le creidmhigh de. T\u00e9imis thar nais go dt\u00ed an seomra uachtarach sin, le h\u00cdosa agus Tom\u00e1s, a chreid i ndiagacht Chr\u00edost agus \u00e9 i l\u00e1thair. I mbriathra Chr\u00edost, is m\u00e9anar d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann ann i ngach aois, i ngach \u00e1it, go deireadh an domhain. N\u00ed beannaithe Tom\u00e1s n\u00e1 iad. Tr\u00ed sh\u00faile an chreidimh t\u00e1 Cr\u00edost i l\u00e1thair faoi mar a bh\u00ed do Thom\u00e1s le s\u00faile aiceanta. T\u00e1 seo ag dul leis an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa ina achain\u00ed don Athair ag an Suip\u00e9ar Deiridh: \u201cN\u00ed ar a son-san amh\u00e1in [a lucht lean\u00fana an tr\u00e1th \u00fad] at\u00e1im ag gu\u00ed, ach, mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar\u201d (Eoin 17:20). Don luatheaglais, agus don eaglais i ngach aois, t\u00e1 \u00cdosa i ngar \u2013 n\u00edos gaire n\u00e1 an doras \u2013 ag tabhairt sol\u00e1is, misnigh agus spreagtha. Meabhra\u00edonn an ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu linn faoi mar a mhair an eaglais \u00f3g in Iar\u00fasail\u00e9im faoi shimpl\u00edocht chro\u00ed, ar aon chro\u00ed agus ar aon anam. Agus labhra\u00edonn Peadar faoi \u00cdosa ina litir do Chr\u00edostaithe a bh\u00ed ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCr\u00edost: \u201cThug sibh gr\u00e1 d\u00f3san (do \u00cdosa) c\u00e9 nach bhfaca sibh \u00e9. N\u00ed fheiceann sibh anois f\u00e9in \u00e9, ach creideann sibh ann, agus is l\u00fach\u00e1ireach sibh le h\u00e1thas iontach dolabhartha\u201d (1 Peadar 1:8). Is cuid d\u00edlis den Tiomna Nua agus den Chr\u00edostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chr\u00edost. T\u00e1 sin go l\u00e9ir curtha go deas i nd\u00e1n Gaeilge faoin chomhairle don duine \u00f3g at\u00e1 tagaithe anuas chugainn sa bh\u00e9aloideas agus i scr\u00edbhinn: \u201cA dhuine at\u00e1 i dt\u00fais do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat &#8230; N\u00e1 santaigh r\u00e1ite baois\u2019 n\u00e1 an dream go mb\u00edd acu; <em>sara dtiocfaidh iomad den aois, <strong>b\u00edodh aithne ar Chr\u00edost agat\u201d.<\/strong><\/em><\/p>\n<p><strong><em>&nbsp;<\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>(2) Fogairt Rundiamhair an Chreidimh: \u201cMo Thiarna agus na Dhia\u201d. <\/em>Sa liot\u00fairge nua, sa Leabhar Aifrinn R\u00f3mh\u00e1nach, tar \u00e9is an coisreacan tugtar cuireadh don phobal r\u00fandiamhair an chreidimh a fh\u00f3gairt. Sa Leabhar Aifrinn R\u00f3mhanach don domhan ioml\u00e1n is f\u00e9idir rogha a dh\u00e9anamh le ceann den tr\u00ed th\u00e9acs mar fhreagra at\u00e1 tugtha ann. Ar iarratas chliarlathas na hEireann ar an R\u00f3imh t\u00e1 ceann breise ann do \u00c9ire, agus do \u00c9ire amh\u00e1in. Is \u00e9 sin admh\u00e1il chreidimh Thom\u00e1is: \u201cMo Thiarna agus mo Dhia\u201d. Is feil\u00fanach go nbhfuil an admh\u00e1il chreidimh seo againn d\u2019\u00c9irinn sa liot\u00fairge nua. Sul a raibh aon leas\u00fa ar an liotuirge san Eaglais bh\u00edothas ag baint \u00fas\u00e1ide as an adhm\u00e1il sin Thom\u00e1is in \u00c9ire i ndiaidh an coisreacan. Is cuimhin liom go nd\u00fairt comhleaca\u00ed go rabhthas ag baint \u00fas\u00e1ide as f\u00f3s i na \u00e1it sna dachaid\u00ed den aois seo caite. Is admh\u00e1il chreidimh l\u00e1idir iad i l\u00e1ithreacht \u00cdosa san Naomhshacraimint, i l\u00e1thair chomh f\u00edor agus a bh\u00ed s\u00e9 le Tom\u00e1s sa seomra uachtarach sin ocht l\u00e1 tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3.<\/p>\n<p><em>(3) Domhnach Th\u00f3caire D\u00e9<\/em><\/p>\n<p>Inniu chomh maith Domhnach Thr\u00f3caire D\u00e9, f\u00e9ile a thionscain an P\u00e1pa Eoin P\u00f3l II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fh\u00eds a bh\u00ed ag an Si\u00far Ph\u00f3lannach Faustina Kowalska), P\u00e1pa at\u00e1 anois f\u00f3gartha ina naomh, maraon leis an bP\u00e1pa Eoin XXIII. In aitheasc don fh\u00e9ile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thr\u00ed bliana, nuair a bh\u00ed Apacailipsis Eoin \u00e1 l\u00e9amh mar dhara l\u00e9acht) d\u00fairt an P\u00e1pa: \u201c\u2018N\u00e1 b\u00edodh eagla oraibh. Is mise an T\u00fas agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na s\u00edora\u00edochta\u2019\u201d. Tugann na briathra sin cuireadh d\u00fainn \u00e1r n-amharc a thabhairt ar Chr\u00edost le bheith deimhin go bhfuil s\u00e9 in\u00e1r dteannta, ag tabhairt uchtaigh d\u00fainn. Do gach aoinne, is cuma c\u00e9 comh casta agus dr\u00e1mata an staid ina bhfuil s\u00e9, deireann Cr\u00edost Ais\u00e9irithe: \u2018N\u00e1 b\u00edodh eagla ort. Fuair m\u00e9 b\u00e1s ar an gCrois ach t\u00e1im anois beo go deo\u2019. &#8230; D\u00fairt \u00cdosa leis an tSi\u00far Faustina l\u00e1 amh\u00e1in: \u2018N\u00ed bheidh s\u00edoch\u00e1in ag an gcine daonna go deo go dt\u00ed go gcasfaidh siad chugamsa le muin\u00edn as mo thr\u00f3caire\u2019. Tr\u00f3caire D\u00e9! Seo \u00ed an bronntanas a fhaigheann an Eaglais \u00f3 Chr\u00edost ais\u00e9irithe agus a thairgeann s\u00ed don chine daonna ag breacadh seo na tr\u00ed\u00fa m\u00edlaoise\u201d.<\/p>\n<p><em>(4) Agallamh le saol an lae inniu<\/em><\/p>\n<p>Tr\u00f3caire D\u00e9! T\u00e1 an Seantiomna (go h\u00e1irithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua l\u00e1n de thagairt\u00ed d\u00ed. Ach t\u00e1 sciar \u00e1irithe gl\u00f3rach de shaol an lae inniu a mha\u00edonn gurb \u00e9 a mhalairt is f\u00edor \u2013 gur \u00e9adr\u00f3caireacht do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith r\u00e9idh lena leith\u00e9id de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht at\u00e1 ann idir theagasc Chr\u00edost agus na hEaglaise agus fheals\u00fanacht \u00e1irithe reatha. Mar an gc\u00e9anna maidir leis an t\u00e9ama \u201csaoirse\u201d. Is fada siar an cur agus c\u00faiteamh faoi seo, go dt\u00ed feals\u00fanacht na Gr\u00e9ige, traidisi\u00fan Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le h\u00cdosa ionann creideamh ann f\u00e9in agus saoirse cheart. T\u00e1 al\u00e1n inniu a aont\u00f3dh leis an bhfile a d\u00fairt: \u201cBuarach (r\u00f3pa ceangail) ar m\u2019aigne Eaglais D\u00e9\u201d. N\u00ed chun na ceisteanna seo a phl\u00e9 at\u00e1\u00edm anseo, ach iad a ard\u00fa. N\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt orthu, agus agallamh a choth\u00fa idir l\u00e9achtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>8 Aibre\u00e1n 2018 An Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (B) Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-613","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/613","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=613"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/613\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=613"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=613"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=613"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}