{"id":621,"date":"2018-05-02T07:39:10","date_gmt":"2018-05-02T07:39:10","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=621"},"modified":"2018-05-02T07:39:10","modified_gmt":"2018-05-02T07:39:10","slug":"6-bealtaine-2018-b-seu-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=621","title":{"rendered":"6 Bealtaine 2018 (B) S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong>6 Bealtaine 2018 (B) S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)<\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n<p>B. <strong><em>An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Gr\u00e1 D\u00e9 agus creideamh i gCriost. C\u00e9 chomh \u00fas\u00e1ideach is at\u00e1 an creideamh?<\/em><\/p>\n<p>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/p>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 10: 25-26, 34-35, 44-48). <em>Doirteadh gr\u00e1sta an Spioraid Naoimh amach ar na cin\u00edocha fosta.<\/em> D\u00fairt \u00cdosa go foscailte leis an mbean Chan\u00e1nach, neamh-Ghi\u00fadach, n\u00e1r seoladh \u00e9 leis an dea-sc\u00e9al a chraobhscaoileadh l\u00e1ithreach don na cin\u00edocha neamh-Ghi\u00fadacha ach amh\u00e1in go caoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Nuair a sheol s\u00e9 an D\u00e1r\u00e9ag Aspal amach ag seanm\u00f3ireacht thug s\u00e9 ordaithe d\u00f3ibh mar seo leanas: \u201cN\u00e1 gabhaig\u00ed an b\u00f3thar chun na ngintlithe agus n\u00e1 t\u00e9ig\u00ed isteach i gcathair Sam\u00e1rach ar bith; n\u00ed hea, ach t\u00e9ig\u00ed faoi dh\u00e9in caoirigh caillte theaghlach Iosrael\u201d (Matha10:5-6). Th\u00e1inig s\u00e9 le na gealltanais a rinneadh d\u2019Iosrael, a phobal f\u00e9in, a chomhl\u00edonadh. D\u00edreach tar \u00e9is an ais\u00e9ir\u00ed f\u00f3gra\u00edodh an soisc\u00e9al do Ghi\u00fadaigh amh\u00e1in. Go minic nasctar craobhscaoileadh an chreidimh do na cin\u00edocha, na neamh-Ghi\u00fadaigh, le P\u00f3l amh\u00e1in agus lena thiont\u00fa chun Cr\u00edost. T\u00e1 ceart\u00fa ar sin le fail i l\u00e9acht an lae inniu. Th\u00e1inig an ch\u00e9im mh\u00f3r ar aghaidh d\u00e1ir\u00edre thart ar thr\u00e1th thiont\u00fa Ph\u00f3il, agus tr\u00ed Pheadar agus ghn\u00edomh\u00fa d\u00edreach an Spioraid Naoimh. Tr\u00ed inspior\u00e1id \u00f3 Dhia chuaigh Peadar go teach feidhmeanaigh phag\u00e1naigh Romh\u00e1naigh i Caesarea Maritima, l\u00e1rionad riarach\u00e1n na R\u00f3imhe i I\u00fad\u00e1ia, agus l\u00e9irigh an pag\u00e1nach sin gur mhaith leis iomp\u00fa ina Chr\u00edosta\u00ed. Thuirling an Spiorad Naomh ar a raibh de phag\u00e1naigh sa teach, amhail Cinc\u00eds Nua, a thug le fios do Pheadar nach bhfeiceann Dia chun pearsan seachas a ch\u00e9ile. N\u00edorb do Ghi\u00fadaigh amh\u00e1in an dea-sc\u00e9al. Mh\u00ednigh Peadar sin do Chr\u00edostaithe Iar\u00fasail\u00e9im n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, agus d\u2019aonta\u00edodar leis.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 97[8]). <em>D\u2019fhoilsigh an Tiarna a shl\u00e1n\u00fa do na n\u00e1isi\u00fain.<\/em><\/p>\n<p><em> Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Eoin 4:7-10). <em>Is \u00e9 Dia an Gr\u00e1. <\/em>Sa l\u00e9acht seo, mar a tharla\u00edonn go minic i Shoisceal Eoin agus i gC\u00e9ad Litir Eoin, t\u00e1 cur s\u00edos ar ghr\u00e1: gr\u00e1 D\u00e9 d\u00fainn agus \u00e1r ngr\u00e1 do Dhia agus d\u00e1 ch\u00e9ile. T\u00e1 s\u00e9 t\u00e1bhachtach na hid\u00e9ithe seo a thagann thar n-ais ar\u00eds agus ar\u00eds eile a chur le ch\u00e9ile. I dtosach b\u00e1ire l\u00e9ir\u00edtear gr\u00e1 D\u00e9 d\u00fainn in ioncholl\u00fa a Mhic \u00cdosa Cr\u00edost, agus ina bh\u00e1s do mhaithi\u00fanas \u00e1r bpeacai. Is baill iad na creidmhigh de theaghlach an Athar agus a Mhic Dhiaga. Beirtear na creidmhigh, tagann siad ar an saol, gintear iad, tr\u00ed chreideamh. Sin \u00ed an d\u00ednit, an uaisleacht, at\u00e1 acu. Sa l\u00e9acht seo n\u00ed deirtear go beacht conas a thabharfadh na f\u00edr\u00e9in gr\u00e1 d\u00e1 ch\u00e9ile. N\u00edl aon sonra\u00ed ann faoi seo, ach n\u00ed fol\u00e1ir gur cuid den chabhr\u00fa leo an bheatha Chr\u00edosta\u00ed a mhaireacht\u00e1il na haitheanta mar a tuigeadh iad sa luatheaglaise a choime\u00e1d, agus sin go l\u00e9ir bunaithe ar chreideamh i ndiagacht Chr\u00edost, Cr\u00edost mar Mhac D\u00e9. Don chomhluadar a raibh Eoin ag scr\u00edobh d\u00f3 bheadh aontacht, comhth\u00e1th\u00fa, na hEaglaise sin i gceist, gan ligint do thionchair iasachta an l\u00e1mh in uachtar a fh\u00e1il orthu, agus rudai eile nach iad.<\/p>\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 15:9-17). <em>N\u00edl gr\u00e1 ag aon duine nios m\u00f3 n\u00e1 seo go dtabharfadh duine a anam ar son a chairde.<\/em> An sliocht seo as Soisc\u00e9al Eoin t\u00e1 an teachtaireacht ch\u00e9anna aige a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r agus a bh\u00ed ag an dara l\u00e9acht inniu as Cead Litir Eoin. T\u00e1 an gr\u00e1 mar l\u00e1rth\u00e9ama aige, gr\u00e1 D\u00e9 do lucht lean\u00fana \u00cdosa agus aithne \u00cdosa fan\u00faint aontaithe leis f\u00e9in sa ghr\u00e1. D\u2019fhoilsigh \u00cdosa gr\u00e1 an Athar, gr\u00e1 an Athar don chine daonna go l\u00e9ir. Foils\u00edodh r\u00fandiamhair ghr\u00e1 an Athar do dheisceabail \u00cdosa n\u00ed mar rud d\u00f3ibh f\u00e9in ach mar fh\u00edrinne le f\u00f3gairt don domhan m\u00f3r, is \u00e9 sin le r\u00e1 tr\u00edd an Eaglais sna saolta n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ceapadh iad ag \u00cdosa agus an Athair le toradh a thabhairt, toradh a mhairfeadh. I misean na hEaglaise n\u00edl aon \u00e1it ann do ruathar aonair \u00f3 dhaoine aonair carasmatacha. N\u00ed m\u00f3r don Eaglais t\u00f3g\u00e1il ar Chr\u00edost an t-aon bhunsraith agus an teachtaireacht Chr\u00edosta\u00ed a chur i l\u00e1thair mar a oireann don aois agus don \u00f3c\u00e1id, d\u00edlis don traidisi\u00fan agus oscailte don todhcha\u00ed.<\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/strong><em>Gr\u00e1 D\u00e9 agus creideamh i gCriost. C\u00e9 chomh \u00fas\u00e1ideach is at\u00e1 an creideamh?<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>Is \u00ed \u00e9irim l\u00e9achta\u00ed an lae inniu n\u00e1 bronntanas an chreidimh, an chreidi\u00faint f\u00e9in, agus aitheanta \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail ghr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile. C\u00fapla Domhnach \u00f3 shoin l\u00e9amar i gC\u00e9ad Litir Eoin faoi dh\u00e1 aithne D\u00e9: creideamh a bheith in \u00cdosa mar Mhac D\u00e9 agus gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile. N\u00ed sonra\u00edtear impleachta\u00ed an ghr\u00e1, a bhfuil b\u00e9im chomh l\u00e1idir leagtha air i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu, ach is l\u00e9ir go leanann as taca\u00edocht a thabhairt do chreideamh i gCr\u00edost agus do chleachtadh an creidimh sin. Rinne an luatheaglais, mar is l\u00e9ir \u00f3 \u00cdosa f\u00e9in agus litreacha Ph\u00f3il, tagairt don ch\u00faram ba ch\u00f3ir a bheith d\u00f3ibh si\u00fad a raibh a gcreideamh i gCr\u00edost n\u00f3 san eaglais i mbaol. Labhra\u00edonn \u00cdosa (Matha 18:6) f\u00fathu mar \u201cdaoine beaga (miondaoine; \u201cruda\u00ed beaga\u201d) a chreideann ionam\u201d agus a thromch\u00fais\u00ed is a bheadh s\u00e9 scannal a thabhairt d\u00f3ibh. N\u00ed p\u00e1ist\u00ed a bh\u00ed i gceist; n\u00ed raibh leanna\u00ed i measc deisceabal \u00cdosa agus n\u00ed raibh baisteadh ann ansin. Is \u00e9 a bh\u00ed iontu n\u00e1 lucht lean\u00fana leochaileacha a bhf\u00e9adfa\u00ed a chur ar strae go h\u00e9asca. In eaglais\u00ed Ph\u00f3il bh\u00ed daoine ar a dtugann P\u00f3l \u201cdaoine l\u00e1idre\u201d agus \u201cdaoine laga\u201d orthu maidir le c\u00farsa\u00ed coinsiasa agus creidimh, agus tugann s\u00e9 rabhadh l\u00e1idir gan coinsias n\u00f3 creideamh na lag a ghort\u00fa, ach a mhalairt, iad a neart\u00fa. Tugann l\u00e9achta\u00ed Dhomhnach an Aoire Mhaith, a cheili\u00faramar c\u00fapla seachtain \u00f3 shoin, deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar theachtaireacht na l\u00e9achta\u00ed sin d\u00e1r l\u00e1 f\u00e9in. Nuair a bh\u00ed s\u00e9 ag labhairt faoi f\u00e9in mar an Aoire F\u00f3nta d\u00fairt \u00cdosa: \u201cN\u00ed thagann an gada\u00ed ach chun a bheith ag goid, ag mar\u00fa agus ag sloid. Th\u00e1inig mise le go mbeadh beatha acu agus go mbeadh s\u00e9 go fial, fairsing acu\u201d. Beatha go fial, fairsing, mar sin teachtaireacht \u00cdosa. Ach an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann cuirtear i l\u00e1thair an Chr\u00edosta\u00edocht, n\u00f3 ar a laghad an Caitliceachas, mar a mhalairt ar fad, mar fh\u00f3rsa leatromach, a \u00e9il\u00edonn saoirse uaidh le go mbeadh dul chun cinn ceart daonna againn. T\u00e1 na f\u00f3rsa\u00ed iar-Chr\u00edosta\u00ed agus frith-Chr\u00edosta\u00ed sin ag feidhmiu go tr\u00e9an in\u00e1r measc an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann na l\u00e9achta\u00ed seo cuireadh agus deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar na bunt\u00e1ist\u00ed at\u00e1 ag an teachtaireacht Chr\u00edosta\u00ed leis an bheatha fhial, fhairing, dhaonna sin, nach nglacfadh sciar maith de chult\u00far an lae inniu leis. Is teachtaireacht agus f\u00eds \u00ed a oirfeadh bheith curtha os comhair Cr\u00edostaithe an lae inniu, le go mbeadh meas acu ar a dtraidisi\u00fan, agus chomh maith c\u00e9anna os a gcomhair si\u00fad nach cuid den chreideamh iad. Freagra a bheadh ann ar an gceist a cuirtear inniu: \u201cCad is fi\u00fa cr\u00e1ifeacht, creideamh, n\u00f3 reiligi\u00fan ar bith i saol an lae inniu?\u201d Cuireadh an cheist, is d\u00f3cha, sa luatheaglais f\u00e9in, agus s\u00f3rt freagra uirthi sa ch\u00e9ad litir go Tim\u00f3id maidir le daoine a mheas gur \u00fadar saibhris \u00ed an chr\u00e1ifeacht. Dar leis an litir sin (1 Tiom\u00f3id 6:6) is m\u00f3r an t-\u00fadar saibhris \u00ed an chr\u00e1ifeacht go deimhin, an t\u00e9 a bh\u00edonn s\u00e1sta lena chuid. Scr\u00edobh Agaist\u00edn saothar faoin dteideal \u201cTairbhe an chreidimh\u201d, scr\u00edbhinn nach bhfuil bainteach le saol an lae inniu m\u00f3r\u00e1n toisc go bhfuil s\u00ed d\u00edrithe ar na fadhbanna a eascair \u00f3 \u00e9irse na Manaich\u00e9ach. Ach aon reiligi\u00fan a chreideann gur th\u00e1inig Cr\u00edost, an tAoire Maith, agus go bhfuair s\u00e9 b\u00e1s le beatha a thabhairt, agus \u00ed a thabhairt gor fial, ba ch\u00f3ir d\u00f3 bheith r\u00e9idh \u00e1iti\u00fa go l\u00e1idir ina gcoinne si\u00fad a bhfuil a mhalairt de thuairim acu. Bh\u00ed leas an duine aonair agus an chine dhaonna l\u00e1rnach do bheatha agus theagasc Chr\u00edost. Leigheas s\u00e9 na heasl\u00e1in agus thug s\u00e9 an chumhacht seo, agus a bhaineann leis, do na hAspail, agus don eaglais. N\u00edl f\u00edor-reiligi\u00fan, f\u00edor-chreideamh, ceartchreideamh, ortodocsacht, n\u00edl s\u00e9 sin coime\u00e1dach. A mhalairt ar fad. Ionann ortodocsacht, ceartchreideamh, agus smaointe cearta, agus an gn\u00edomh ceart a leanann as, faoi Dhia agus faoin Aoire F\u00f3nta.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N\u00ed hamh\u00e1in nach bhfuil an ortodocsacht, ceartchreideamh, coime\u00e1dach, ach go bhfuil s\u00e9 forch\u00e9imneach, r\u00e9abhl\u00f3ideach sa chiall is fearr den fhocal sin, ag tabhairt athraithe isteach faoi mar is g\u00e1.Thug \u00cdosa, an tAoire Maith, a bheatha mar ba thoil leis an Athair, ar dt\u00fas do na Gi\u00fadaigh, pobal tofa D\u00e9 f\u00e9in. In am tr\u00e1th ghluais an Eaglais, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh (agus n\u00ed gan cr\u00e1 agus cuardach croi pianmhar) thar an Gi\u00fadachas amach le bheith mar chreideamh uil\u00ed don domhan uile, gan dl\u00ed Mhaois agus a bhain leis, D\u2019fhan s\u00ed d\u00edlis d\u00e1 misean le haire a thabhairt do na boicht agus d\u00f3ibh san faoi leatrom. Thug s\u00ed seirbhis d\u2019uasal agus \u00edseal, don ghn\u00e1th-duine agus don lucht l\u00e9inn. Tugann creideamh i nDia agus in \u00cdosa a sheol Dia uaidh treoir don bheatha, agus teagasc faoin saol le teacht. Maidir le teagasc faoi ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is t\u00e1 s\u00ed c\u00e1inte go g\u00e9ar, ach t\u00e1 cuid den ch\u00e1inedh seo d\u00edrithe ar a staid ar ghn\u00edomhartha a bheadh ar ch\u00e9im \u00edseal de ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is. Baineann mor\u00e1ltacht ghn\u00e9is le gn\u00edomhartha \u00f3 \u00e9igni\u00fa ar thaobh amh\u00e1in go dt\u00ed smaoine dr\u00faiseacha, mar a dtugta\u00ed orthu tr\u00e1th, ar an dtaobh eile. N\u00ed dh\u00e9anann faill\u00ed sna gn\u00edomhartha is \u00edsle as do theachtaireacht mhor\u00e1ltacht an ghn\u00e9is ann f\u00e9in. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed dul ar aghaidh gan stop ar an \u00e1bhar seo: tairbhe an chreidimh agus sa chreidi\u00faint. Baineann s\u00e9 le h\u00e1bhar a riarann beatha ioml\u00e1n an duine aonair ags a bheatha shoisialta chomh maith. Seo an taobh dearfach den sc\u00e9al seo. Ar an dtaobh di\u00faltach de t\u00e1 a fhios againn nach bhfuil stair na Cr\u00edosta\u00edochta gan a taobh peacach, ach peaca\u00ed a thabhartar chun solais de bharr a teachtaireachta f\u00e9in, n\u00f3 ar a laghad a admh\u00e1iltear d\u00e1 bharr sin. Ach mar sin f\u00e9in is fi\u00fa machnamh domhain a dh\u00e9anamah ar shaibhreas na teachtaireachta Cr\u00edosta\u00ed, agus sin gach Domhnach ag \u00e9isteacht leis na l\u00e9achta\u00ed agus ag cur ceiste orainn f\u00e9in faoi mar at\u00e1 siad bainteach le saol suaite an lae inniu, ag machnamh ar an gcomhairle a thugann C\u00e9ad Litir Naomh Peadar d\u00fainn (1 Peadar 3:15): \u201cB\u00edg\u00ed r\u00e9idh i gc\u00f3na\u00ed le cosaint a dh\u00e9anamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt ar an d\u00f3chas at\u00e1 ionaibh; ach d\u00e9anaig\u00ed amhlaidh le cneastacht agus le hurraim\u201d.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 Bealtaine 2018 (B) S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B) Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-621","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/621","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=621"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/621\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=621"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=621"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=621"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}