{"id":624,"date":"2018-05-09T08:42:32","date_gmt":"2018-05-09T08:42:32","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=624"},"modified":"2018-05-09T08:42:32","modified_gmt":"2018-05-09T08:42:32","slug":"13-bealtaine-2018-b-deascabhail-ar-dtiarna-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=624","title":{"rendered":"13 Bealtaine 2018 (B) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong>13 Bealtaine 2018 (B) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna (B)<\/strong><\/p>\n<p><strong>FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<\/strong><\/p>\n<p><strong>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong><\/p>\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n<p><strong>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna. T\u00e1 Dia l\u00e1idir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia<\/strong><\/p>\n<p><strong>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/strong><\/p>\n<p><strong>C\u00e9ad L\u00e9acht (Gn\u00edomhartha na nAspal 1:1-11).<\/strong> Agus iad faire, t\u00f3gadh suas \u00e9.An leabhar seo, Gn\u00edomhartha na nAspal, a meastar gurb \u00e9 L\u00fac\u00e1s a scr\u00edobh, t\u00e1 s\u00e9 tiomnaithe do Theofalas \u00e1irithe, nach fios c\u00e9 h\u00e9, ach a luaitear ar\u00eds ag L\u00fac\u00e1s 1:3, saothar eile at\u00e1 tiomnaithe d\u00f3. L\u00e9acht an lae inniu tugann s\u00ed achoimre ar shaothar \u00cdosa \u00f3na th\u00fas go dt\u00ed a dheascabh\u00e1il, mar a dh\u00e9anann L\u00fac\u00e1s ina shoisc\u00e9al f\u00e9in. Mheasfadh duine \u00f3n chur s\u00edos at\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s air ina shoisc\u00e9al (L\u00fac\u00e1s 24:1-49, 50-51) gur th\u00e1rla an deascabh\u00e1il ar Dhomhnach C\u00e1sca, l\u00e1 an ais\u00e9ir\u00ed f\u00e9in. Sa l\u00e9acht seo deir L\u00fac\u00e1s gur thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 aspail ar feadh dachad l\u00e1 tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed d\u00f3. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa leabhar (Gn\u00edomhartha 13:31), dar le L\u00fac\u00e1s, d\u00fairt P\u00f3l Aspal gur thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in tar \u00e9is a ais\u00e9ir\u00ed \u201car feadh m\u00f3r\u00e1n laethanta\u201d. Ag baint \u00fas\u00e1ide as traidisi\u00fan \u00e1rsa deir Naomh P\u00f3l (1 Coirintigh 15:3-8) gur thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in do Ch\u00e9afas (Peadar), don D\u00e1r\u00e9ag, do bhreis agus c\u00faig c\u00e9ad br\u00e1ithre (agus si\u00faracha) in \u00e9ineacht, do Sh\u00e9amas agus do na haspail go l\u00e9ir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad l\u00e1 sin, deir L\u00fac\u00e1s, bh\u00ed \u00cdosa ag tagairt do r\u00edocht D\u00e9, cro\u00edl\u00e1r gach a rinne agus ad\u00fairt s\u00e9 lena bheatha. Ach bh\u00ed creatlach smaointe eile seachas r\u00edocht D\u00e9 acu si\u00fad a bh\u00ed bailithe timpeall ar \u00cdosa, sin r\u00edocht Iosrael, r\u00edocht Dh\u00e1iv\u00ed, a chur ar bun ar\u00eds. B\u2019shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo. Ba \u00e9 freagra \u00cdosa n\u00e1 gurb faoi Dhia agus sti\u00fair an Spioraid Naoimh a bheadh an todhcha\u00ed &#8212; agus sa r\u00e9 nua n\u00ed bheadh r\u00edocht D\u00e9 teoranta do Iosrael. Go cr\u00edocha imig\u00e9ini\u00fala an domhain \u00e9. Tar \u00e9is deascabh\u00e1il do \u00cdosa d\u00fairt aingil leis na aspail gan bheith ag amharc suas ar neamh. Bheadh \u00cdosa leo i sl\u00ed nua, tr\u00edd an Spiorad Naomh. T\u00e1 cur s\u00edos i Ghn\u00edomhartha na nAspal ar fhor\u00e1s r\u00edocht D\u00e9 go go \u201ccr\u00edocha imig\u00e9ini\u00fala an domhain\u201d, ar dt\u00fas go cro\u00edl\u00e1r na hImpearachta sa R\u00f3imh f\u00e9in.<\/p>\n<p><strong>Salm le Freagra (Salm 46[47]). <em>Gabhann Dia in airde le g\u00e1rtha molta; gabhann s\u00e9 in airde le s\u00e9ideadh an stoic.<\/em><\/strong><\/p>\n<p><strong>Dara L\u00e9acht (Eif\u00edsigh 1:17-23). <em>Chuir s\u00e9 ina shu\u00ed ar a dheis f\u00e9in sna flaithis \u00e9.<\/em><\/strong> T\u00e1 dh\u00e1 thuiscint ar dheascab\u00e1il Chr\u00edost le f\u00e1il i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu. Sa ch\u00e9ad l\u00e9acht agus sa soisc\u00e9al (an d\u00e1 cheann \u00f3 pheann L\u00fac\u00e1is) t\u00e1 an \u201cdeascabh\u00e1il staire\u201d againn, deascabh\u00e1il mar eachtra den stair a fheictear le s\u00faile cinn. Ansin amh\u00e1in at\u00e1 an l\u00e9argas sin uirthi le f\u00e1il. Don chuid is m\u00f3 de feictear ar an deascabh\u00e1il mar r\u00fandiamhair, ionann \u00ed i sl\u00ed agus an t-ais\u00e9ir\u00ed f\u00e9in, is \u00e9 sin le r\u00e1 gl\u00f3iri\u00fa \u00cdosa go deasl\u00e1imh D\u00e9. Is mar sin at\u00e1 sa dara l\u00e9acht inniu. D\u00edreach roimh th\u00fas na l\u00e9achta seo d\u00fairt \u00fadar na litreach n\u00e1r stad s\u00e9 ach ag gabh\u00e1il bu\u00edochais le Dia ar son na heaglaise a scr\u00edobhann s\u00e9 chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann s\u00e9 leis an urn\u00e1i sa l\u00e9acht seo, imp\u00ed ar Dhia na gl\u00f3ire, ar Dhia \u00cdosa Cr\u00edost, urna\u00ed ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. N\u00ed leor tuiscint na aigne daonna inti f\u00e9in. N\u00ed fol\u00e1ir eagna agus soilsi\u00fa \u00f3 Dhia le r\u00fandiamhair na deascabh\u00e1la a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith ar an oidhreacht shaibhir at\u00e1 acu, agus an d\u00f3chas agus meanma ba ch\u00f3ir a bheith acu d\u00e1 bharr sin. Ionann Cr\u00edost ar dheasl\u00e1imh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in \u00e9ineacht leis.<\/p>\n<p>Tugann an t\u00e9acs gn\u00e9 eile den deascabh\u00e1il d\u00fainn, sin le r\u00e1 cumhacht D\u00e9 ag feidhmi\u00fa ann nuair a thug s\u00e9 \u00cdosa \u00f3 mhairbh agus ansin go neamh f\u00e9in sa deascabh\u00e1il. An chumhacht D\u00e9 sin t\u00e1 s\u00ed ag feidhmi\u00fa san Eaglais. Cr\u00edost ar dheis D\u00e9 is ardcheann na hEaglaise \u00e9. T\u00e1 ioml\u00e1ine, l\u00e1ine, ghl\u00f3ir agus chumhacht D\u00e9 i gCr\u00edost, agus \u00f3 Chr\u00edost san Eaglais. R\u00e1iteas deiridh na l\u00e9achta seo, an Eaglais arb \u00ed \u201cl\u00e1ine an t\u00e9 \u00fad a l\u00edonann gach n\u00ed go hioml\u00e1n \u00ed\u201d, is doiligh br\u00ed bheacht a bhaint as, ach cuireann s\u00e9 s\u00edos ar r\u00f3l na hEaglaise le f\u00eds agus sl\u00e1n\u00fa D\u00e9 a l\u00e9iri\u00fa don domhan m\u00f3r, agus mar r\u00fandiamhair aontaithe le Cr\u00edost ina dheascabh\u00e1il ar dheis D\u00e9, n\u00ed hamh\u00e1in sin a l\u00e9iri\u00fa ach a chur i gcr\u00edch. Ach mar is eol d\u00fainn go maith, is fada idir fhis, r\u00fandiamhair, agus \u00e1 cur i gcr\u00edch. N\u00ed m\u00f3r d\u00fainn lean\u00faint le urna\u00ed Ph\u00f3il go nd\u00e9anfaidh D\u00eda na gl\u00f3ire, Dia \u00c1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost, amhlaidh.<\/p>\n<p>Malairt Dara L\u00e9achta (Eifisigh 4:1-13). Tagtha in inmhe, ar chomhch\u00e9im le Cr\u00edost f\u00e9in agus \u00e9 i mbun a mh\u00e9ide. D\u00e9antar an leacht seo a roghn\u00fa do liotuirge an lae inniu toisc an tagairt at\u00e1 inti do dheascabh\u00e1il Chr\u00edost agus na t\u00edolactha\u00ed a thug s\u00e9 ar an eaglais tar \u00e9is deascabh\u00e1il d\u00f3. Is faoin Eaglais an l\u00e9acht go l\u00e9ir, an glaoch chun aontachta taobh istigh di agus a bheith ag dul chun cinn sa bhfoirfeacht le teacht le bheith cos\u00fail leis an duine foirfe par excellence, \u00cdosa Cr\u00edost \u00e9 f\u00e9in. Ach, ar nd\u00f3igh, n\u00ed rud teib\u00ed \u00ed an Eaglais. T\u00e1 s\u00ed, agus tagann s\u00ed le bheith, an rud is dual di tr\u00edna a cuid ball. T\u00e1 na baill aonair sin lag agus \u00e9ags\u00fail \u00f3na ch\u00e9ile. N\u00ed m\u00f3r a mheabhr\u00fa d\u00f3ibh na su\u00e1ilc\u00ed at\u00e1 riachtanach leis an fh\u00eds Chr\u00edosta\u00ed a fh\u00edoradh. Tosa\u00edonn an t\u00e9acs le gr\u00edosadh maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na fise sin, a \u00e9ileann orthu a bheith l\u00e1n d\u2019uir\u00edsle, l\u00e1chas agus d\u2019fhoighne, snaidhmthe le ch\u00e9ile leis an gcarthanacht. T\u00e1 b\u00e9im mh\u00f3r san aitheasc ar an aontacht agus ar an ts\u00edoch\u00e1in sin a nascann na baill le ch\u00e9ile. Labhra\u00edonn gach a bhfuil sa Chr\u00edosta\u00edocht faoi aontas, aon-tacht, faoin aon: aon chorp (Cr\u00edost agus an Eaglais), aon Spiorad (Naomh), aon d\u00f3chas, aon Tiarna (\u00cdosa), aon bhaisteadh, aon Dia a nascann gach aon le ch\u00e9ile (Athair at\u00e1 os cionn c\u00e1ch, ag gn\u00edomh\u00fa i gc\u00e1ch agus istigh i gc\u00e1ch uile).<\/p>\n<p>Sa dara cuid den l\u00e9acht labhra\u00edonn an t-\u00fadar ar na t\u00edolactha\u00ed a thug Cr\u00edost lena Eaglais a shaibhri\u00fa agus \u00ed a thabhairt don sprioc is dual di. Tosa\u00edonn s\u00e9 ag r\u00e1 go bhfuil a thabhartas f\u00e9in faighte ag gach duine ar leith againn de r\u00e9ir mar a riar Cr\u00edost orainn \u00e9. Sa mh\u00e9id seo t\u00e1 s\u00e9 ag caint ar na daoine aonair, nach f\u00e9idir le r\u00fandiamhair an tsl\u00e1naithe feidhmi\u00fa d\u00e1 n-uireasa. Na gr\u00e1sta\u00ed a luaitear a bheith tugtha ina dhiaidh sin, is buanna riarach\u00e1in iad, ach fileann an t-\u00fadar ar na daoine aonair n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Na buanna seo go l\u00e9ir a luann s\u00e9 t\u00e1 siad ceangailte le deascabh\u00e1il Chr\u00edost.<\/p>\n<p>Tosa\u00edonn an dara roinn seo le t\u00e9acs a mheasfadh duine gur t\u00e9acs Salm 68(67):19 at\u00e1 ann. Labra\u00edonn t\u00e9acs an tsailm le duine sa dara pearsa uatha amhail is \u00e1 r\u00e1 gur ghabh s\u00e9 in airde agus gur ghlac s\u00e9 t\u00edolactha\u00ed \u00f3 dhaoine. Sa t\u00e9acs sa litir seo, t\u00f3gtar gurbh \u00e9 an duine a ghabh in airde n\u00e1 Cr\u00edost agus deirtear gur thug s\u00e9 t\u00edolactha\u00ed do dhaoine. T\u00e1 an t\u00e9acs faoi mar at\u00e1 s\u00e9 againn faoi thionchar sean-traidisiuin Gi\u00fadaigh a thog gurbh \u00e9 Maois a ghabh in airde, agus a thug anuas leis \u00f3n sliabh bronntanas an Dl\u00ed. Cuirtear i l\u00e1thair an t\u00e9acs anois faoi Chr\u00edost a th\u00e1inig anuas \u00f3 neamh, san Ioncholl\u00fa, don an domhan seo (\u201can domhan \u00edochtarach seo\u201d) agus a chuaigh in airde aris \u201cthar na flaithis\u201d nuair a gl\u00f3ir\u00edodh \u00e9 ina dheascabh\u00e1il agus eile. Chuaigh Cr\u00edost \u201cthar na flaithis uile amach chun go l\u00edonfadh s\u00e9 an chruinne cheathartha\u201d, sin le r\u00e1 an domhan ioml\u00e1n, rud a dh\u00e9anfadh s\u00e9 tr\u00edd an Eaglais agus na ministreachta\u00ed a bheadh aici leis na t\u00edolactha\u00ed a thabharfadh s\u00e9 di. D\u00e9antar iad sin a \u00e1ireamh faoi mar a bh\u00edodar sa luatheaglais agus in eaglais an \u00fadair seo, de r\u00e9ir ord a dt\u00e1bhachta: aspail, f\u00e1ithe (le tuiscint n\u00edos doimhne den r\u00fandiamhair acu), soisc\u00e9alaithe, aoir\u00ed agus m\u00fainteoir\u00ed. T\u00e1 an aidhm ch\u00e9anna agus an cusp\u00f3ir c\u00e9anna ag na t\u00edolactha\u00ed seo go l\u00e9ir, is \u00e9 sin le r\u00e1 neart\u00fa na hEaglaise, corp Chr\u00edost, ionas go sroisfeadh na creidmhigh aontacht ina gcreideamh agus in aontacht eolais ar \u00cdosa Cr\u00edost, Mac D\u00e9. Is \u00e9 is cusp\u00f3ir don dul chun cinn san eolas agus san fhoirfeacht seo don Eaglais n\u00e1 go sroisfeadh s\u00ed an fhoirfeacht f\u00e9in, a bhfuil \u00cdosa Cr\u00edost mar eiseaml\u00e1ir di. An rud a deirtear faoin Eaglais is f\u00edor \u00e9, ar nd\u00f3igh, faoi gach ball aonair san Eaglais: t\u00e1 an eaglais naofa, n\u00f3 a mhalairt, tr\u00ed bheatha a ball aonair.<\/p>\n<p><strong>Soisc\u00e9al (Marcas 16:15-20). <em>Tugadh suas ar neamh \u00e9, agus chuaigh s\u00e9 chun su\u00ed ar dheasl\u00e1imh D\u00e9.<\/em><\/strong> Glactar leis de ghn\u00e1th inniu gur chr\u00edochnaigh bunleagan Shoisc\u00e9al Marcais ag Marcas 16:8: Tar \u00e9is fogairt an aingil go raibh \u00cdosa ais\u00e9irithe, agus le sin a fh\u00f3gairt don na deisceabail, gur theith na mn\u00e1 \u00f3n tuama mar go raibh scanradh orthu, agus go bhfuil an foirceann at\u00e1 leis inniu (Marcas 16:9-20), mar l\u00e9acht an lae inniu, n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, ach an-luath agus mar chuid den chan\u00f3in. Cumadh \u00ed \u00f3 th\u00e9acsanna t\u00f3gtha \u00f3 shoisc\u00e9il ghaolmhara (Matha, L\u00fac\u00e1s), agus b\u2019fh\u00e9idir \u00f3 Ghn\u00edomhartha na nAspal. An tagairt do th\u00f3g\u00e1il nathracha ina l\u00e1mha gan dochar don t\u00e9 a th\u00f3g, seans gur thagairt d\u00e1r tharla do Ph\u00f3l (Gn\u00edomhartha 28:3-5) at\u00e1 ann seachas ord\u00fa faoi phriacail le t\u00f3gaint ag creidmhigh. Roghna\u00edtear an l\u00e9acht seo \u00f3 Mharcas, i mbliain liot\u00fairgeach seo B, bliain Mharcais, do fh\u00e9ile seo na Deascabh\u00e1la toisc go bhfuil cur s\u00edos ann ar dheascabh\u00e1il Chr\u00edost (faoi mar at\u00e1 i Gn\u00edomhartha 1:2,9), \u00e9 bheith suite ar dheasl\u00e1imh D\u00e9 agus gn\u00edomhach san Eaglais ag cabhr\u00fa leis na soisc\u00e9alaithe.<\/p>\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna. T\u00e1 Dia l\u00e1idir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia<\/em><\/strong><\/p>\n<p>T\u00e1 \u00e1bhar domhain machnaimh againn i bhF\u00e9ile seo Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna. Le P\u00f3l, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt d\u00fainn. \u00c9il\u00edonn tuiscint orainn greim a fh\u00e1il ar bhr\u00ed na f\u00e9ile seo agus na t\u00e9armai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhac\u00e1nta an m\u00e9id sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabh\u00e1il mar r\u00fandiamhair. I dtosach b\u00e1ire b\u00edodh agallamh againn len\u00e1r n-anam f\u00e9in, an teachtaireacht at\u00e1 ag an r\u00fandiamhair d\u00fainn, agus ina dhiaidh sin is f\u00e9idir linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.<\/p>\n<p><strong>1. <em>T\u00e1 Dia l\u00e1idir.<\/em><\/strong> An nath Gaeilge seo is l\u00e1r-phointe den dara l\u00e9acht as an litir chuig na hEif\u00edsigh \u00e9. Bh\u00ed cumhacht as cuimse D\u00e9 ag feidhmi\u00fa in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus ina dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar agus t\u00e1 an chumhacht ch\u00e9anna sin ag obair f\u00f3s ionainn, creidmhigh. Ba ch\u00f3ir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma d\u00fainn agus meas ar an oidhreacht chreidmh at\u00e1 againn. T\u00e1 \u00cdosa ar neamh ag idirghu\u00ed ar \u00e1r son, agus ar son na heaglaise go l\u00e9ir. Mar adeir t\u00e9acs eile den litir ch\u00e9anna (Eif\u00edsigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabh\u00e1il) thug \u00cdosa tabhartais do daoine. Is iad na tabhartais a luaitear n\u00e1 aspail, f\u00e1ithe, soisc\u00e9alaithe, aoir\u00ed agus m\u00fainteoir\u00ed. Bh\u00ed mar aidhm leis sin corp Chr\u00edost, an Eaglais, a th\u00f3g\u00e1il le go mbeimid go l\u00e9ir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith in\u00e1r naoin\u00e1in feasta d\u00e1r luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an \u00e9ags\u00falacht tabhartas sin \u00f3 Dhia san Eaglais f\u00f3s.<\/p>\n<p><strong>2. <em>Tuiscint ar th\u00e9arma\u00ed.<\/em><\/strong> Cuireann cuid den t\u00e9arma\u00edocht a bhaintear \u00fas\u00e1id aisti ag cur sios ar an Fh\u00e9ile seo, agus i dt\u00e9acsanna gaolmhara, as do mh\u00f3r\u00e1n daoine: mar shampla \u201ct\u00f3gadh Iosa suas ar neamh\u201d, ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1imh D\u00e9 agus a leith\u00e9id. Agus n\u00ed sa Bh\u00edobla, n\u00e1 sa diagacht, amh\u00e1in at\u00e1 sin le sonr\u00fa. Thugadh Gaeil \u201cAn Fear at\u00e1 inairde\u201d ar Dhia, agus f\u00f3s cloistear faoin \u201cthe Man above\u201d. Bh\u00ed, agus f\u00f3s t\u00e1, sort ceannairce i gcoinne a leith\u00e9id de th\u00e9arma\u00edocht a th\u00e9ann ar uairibh thar cheist t\u00e9armaiochta go tuiscint mheitifisici\u00fail agus chreidimh. Roinnt blianta \u00f3 shoin bh\u00ed com\u00f3radh chaoga bliain den leabhar iomr\u00e1iteach Honest to God (1963) le John A.T. Robinson againn. Sa leabhar seo iarrtar a leith\u00e9id de th\u00e9arma\u00edocht agus tuiscint agus \u201cDia thuas ansin\u201d, \u201cGod up there\u201d a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar \u201cbunchloch, d\u00fashraith, \u00e1r mbeith ann\u201d, \u201cthe Ground of our Being\u201d a thabhairt isteach, n\u00f3 fi\u00fa diagacht shaolta, secular theology, agus \u201ceitic oc\u00e1ide\u201d, situation ethics. N\u00ed h\u00ed seo an \u00e1it na ceisteanna seo a phl\u00e9, ach is fi\u00fa iad a ard\u00fa, agus machnamh a dh\u00e9anamh orthu i gcomhth\u00e9acs na F\u00e9ile seo. Is ionmholta iarracht a dh\u00e9anamh ar l\u00e9argais nua agus tuiscint\u00ed \u00fara ar an diagacht agus c\u00farsa\u00ed creidimh a thabhairt isteach. ach m\u00e1 t\u00e1thar le clo\u00ed le ceartchreideamh n\u00ed m\u00f3r aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Cr\u00edosta\u00edochta, agus an aondiachais, an monodiachais, \u00f3na th\u00fas sa Ghi\u00fadachas anall. Dia pearsanta at\u00e1 i gceist, n\u00ed neach teib\u00ed amhail d\u00fashraith. Neach spiorad\u00e1lta \u00e9 Dia, nach mbaineann \u00e1it ar bith, thuas, inairde, n\u00f3 eile leis. N\u00ed h\u00e9asca d\u00e1r gc\u00e9adfa\u00ed labhairt faoi, n\u00e1 faoi aon rud seachas ruda\u00ed tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn \u00fas\u00e1id a bhaint as t\u00e9arma\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, b\u00edodh go dtuigimid an laige at\u00e1 ag roinnt leo. Le urna\u00ed amh\u00e1in a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, d\u00fashraith \u00e1r mbeith ann, l\u00e1mh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar ruda\u00ed diaga agus saolta.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>13 Bealtaine 2018 (B) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna (B) FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-624","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/624","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=624"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/624\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=624"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=624"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=624"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}