{"id":626,"date":"2018-05-14T08:00:46","date_gmt":"2018-05-14T08:00:46","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=626"},"modified":"2018-05-14T08:00:46","modified_gmt":"2018-05-14T08:00:46","slug":"20-bealtaine-2018-b-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=626","title":{"rendered":"20 Bealtaine 2018 (B) Domhnach Cinc\u00edse"},"content":{"rendered":"<p><strong>20 Bealtaine 2018 (B) Domhnach Cinc\u00edse <\/strong><\/p>\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/p>\n<p>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: <strong><em>An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh<\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><\/em><strong><em>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Gn\u00edomhartha na nAspal 2:1-11). <em>L\u00edonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. <\/em>T\u00e1 cur s\u00edos sa l\u00e9acht seo ar eachtra\u00ed a th\u00e1rla sa l\u00e1 a dtugaimid Domhnach Cinc\u00edse air. Whitsunday a thugtar air as B\u00e9arla, sin le r\u00e1 White Sunday toisc na h\u00e9ada\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 n-iompar acu si\u00fad a bh\u00ed tar \u00e9is a mbaisteadh an l\u00e1 sin. Is sa Ghr\u00e9igis a scr\u00edobhadh Gn\u00edomhartha na nAspal agus is <em>pentecostes<\/em>, \u201can caogad\u00fa,\u201d a tugadh ar an l\u00e1 ansin, is \u00e9 sin le r\u00e1 an caogad\u00fa l\u00e1 tar \u00e9is na C\u00e1sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal \u201ccaogad\u00fa\u201d n\u00e1 <em>Quinquagesima<\/em>, agus bh\u00ed sin mar theideal ar an bhf\u00e9ile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th\u00e1inig ainm na f\u00e9ile seo isteach sa Ghaeilge \u2013 sa Sean-Ghaeilge \u201ccingciges\u201d, a athraigh tr\u00ed sh\u00e9imhi\u00fa agus chailli\u00faint an \u201cg\u201d deiridh go dt\u00ed Cinc\u00eds na Nua-Ghaeilge. Ceann \u00e9 de thr\u00ed fh\u00e9ile na nGi\u00fadach an Pentecostes, an Chinc\u00eds, a bh\u00ed le ceili\u00faradh le soll\u00fantas faoi leith. An ch\u00e9ad cheann d\u00edobh n\u00e1 an Ch\u00e1isc. F\u00e9ile na Cinc\u00edse ag na Gi\u00fadaigh i dt\u00fas b\u00e1ire, is d\u00f3cha gur f\u00e9ile an fhomhair a bh\u00ed ann, agus an t-arbhar aib\u00ed. In aimsir Chr\u00edost is cos\u00fail go raibh bronntanas an Dl\u00ed \u00f3 Dhia do Mhaois \u00e1 cheili\u00faradh ann.<\/p>\n<p>Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh\u00e1il Chriost go deasl\u00e1mh an Athar (a cheili\u00faramar an Domhnach seo caite), is f\u00edrinne, r\u00fandiamhair, \u00e9 ar f\u00e9idir a l\u00e9iri\u00fa mar sin, mar r\u00fandiamhair, n\u00f3 a r\u00edomhadh mar eachtra le h-aireacht\u00e1il le c\u00e9adfa\u00ed na colainne. De r\u00e9ir shoisc\u00e9al Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn \u00cdosa an Spiorad Naomh ar na hAspail (aon aspal d\u00e9ag) Domhnach C\u00e1sca f\u00e9in, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l\u00e9acht seo inniu t\u00e1 L\u00fac\u00e1s ag cur s\u00edos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr\u00edosta\u00ed do na Gi\u00fadaigh agus don domhan m\u00f3r.<\/p>\n<p>Sa l\u00e9acht \u00e1irithe seo inniu t\u00e1 dh\u00e1 radharc. Sa ch\u00e9ad cheann deirtear go raibh \u201csiad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile ar aon l\u00e1thair\u201d. Is d\u00f3cha gurb iad na hAspail, na mn\u00e1 \u00e1irithe, maraon le Muire m\u00e1thair \u00cdosa agus br\u00e1ithre \u00cdosa, at\u00e1 i gceist agus iad f\u00f3s sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nG\u00ed\u00fadach, agus iad ag gu\u00ed gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall \u00cdosa d\u00f3ibh roimh imeacht uathu d\u00f3. Athraigh c\u00farsa\u00ed go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann L\u00fac\u00e1s feidhm as \u00edomh\u00e1nna traidisi\u00fanta le seo a l\u00e9iri\u00fa: s\u00e9ide\u00e1n gaoithe m\u00f3ire agus tine. Siombal at\u00e1 an labhairt i dteangacha difri\u00fala, b\u2019fh\u00e9idir, ar an chumhacht nua chun an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt. Tabharfaidh an Spiorad deimhni\u00fa inmhe\u00e1nach d\u00f3ibh faoi Chr\u00edost agus an dualgas a leag s\u00e9 orthu.<\/p>\n<p>T\u00f3gann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. C\u00e9ad seanm\u00f3ireacht an tsoisc\u00e9il at\u00e1 ann agus bun\u00fa na hEaglaise. Don fh\u00e9ile sin bheadh Gi\u00fadaigh chr\u00e1ifeacha \u00f3 gach cearn den impireacht R\u00f3mh\u00e1nach in Iar\u00fasail\u00e9im. Tugann L\u00fac\u00e1s liosta d\u00edobh ar threo tuathail, \u00f3n oirthear siar: Pairtiaigh agus eile (\u00f3n Iar\u00e1in agus Iar\u00e1ic an lae inniu), an tuaisceart (Tuirc an lae inniu), an tIarthar, an \u00c9igipt agus c\u00f3sta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R\u00f3imh. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil L\u00fac\u00e1s ag f\u00e9achaint ar an Chinc\u00eds sin mar fhreascur ar Th\u00far Bhaib\u00e9il. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid t\u00e1 t\u00fas curtha le misean na hEaglaise don domhan m\u00f3r,<\/p>\n<p>Salm le Freagra (Salm 103[104]. <em>Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus d\u00e9an aghaidh na tal\u00fan a athnuachan.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Corantaigh 12:3-7, 12-13). <em>San aon Spiorad amh\u00e1in is ea a baisteadh isteach in aon chorp amh\u00e1in sinn go l\u00e9ir. <\/em>Cuireann t\u00e9acsanna an Tiomna Nua s\u00edos i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala ar r\u00f3l l\u00e1rnach an Spioraid Naoimh i mbeatha an duine aonair agus i mbeatha na hEaglaise ina hioml\u00e1ine. Tugtar ainmneacha \u00e9ags\u00fala ar an bpearsa dhiaga sin chomh maith, ina measc i Soisc\u00e9al Naomh Eoin an S\u00f3l\u00e1sa\u00ed, an Paracl\u00e9id, an t-abhc\u00f3ide a thugann deimhne inmhe\u00e1nach faoina gcreideamh do na f\u00edr\u00e9in i gcoinne freas\u00fara agus g\u00e9arlean\u00fana. I scr\u00edbhin\u00ed eile den Tiomna Nua tugtar air Spiorad \u00cdosa, Spiorad an Chr\u00edost ais\u00e9irithe agus ghl\u00f3irithe, a thugann t\u00edolactha\u00ed \u00e9ags\u00fala agus carasma\u00ed faoin Eaglais d\u00e1 baill. I l\u00e9acht an lae inniu tugann P\u00f3l liosta de roinnt de na t\u00edolactha\u00ed sin. Ar t\u00fas t\u00e1 t\u00edolacadh an chreidimh, is \u00e9 sin le r\u00e1 a admh\u00e1ileann gurbh \u00e9 \u201c\u00cdosa an Tiarna\u201d. Admh\u00e1il chreidimh an-luath \u00ed seo, ceann at\u00e1 tr\u00e9an le br\u00ed. Ionann \u00ed agus a admh\u00e1il go bhfuil \u00cdosa \u00e9irithe \u00f3 na mairbh, ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1imh an Athar agus go dtugann s\u00e9 bronntanas an Spioraid Naoimh ar an Eaglais. Ardbhronntanas an Spioraid Naoimh \u00e9 an creideamh. Ansin tugann P\u00f3l le fios go bhfuil r\u00f3lanna \u00e9agsula le l\u00edonadh sa chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed agus tugann an Spiorad Naomh t\u00edolactha\u00ed \u00e9ags\u00fala le sin a thabhairt chun cr\u00edche. Leagann s\u00e9 b\u00e9im ar seo, nach do leas an duine aonair amh\u00e1in iad seo, ach do leas an chomhluadair ina ioml\u00e1ine, leas na hEaglaise. Ag r\u00e1 sin d\u00f3 d\u00e9anann s\u00e9 compar\u00e1id idir an phobal Cr\u00edosta\u00ed agus an corp daonna, ina chomhl\u00e1na\u00edonn baill \u00e9ags\u00fala an choirp a ch\u00e9ile. Cuireann an baisteadh Cr\u00edosta\u00ed b\u00e9im ar an aontacht seo, ina ghlacann gach aoinne an Spiorad c\u00e9anna, nach bhfuil \u00e1it ann do dhifr\u00edochta\u00ed maidir le st\u00e1das soisialta, daor n\u00f3 saor, scl\u00e1bha\u00ed n\u00f3 cathr\u00f3ir.<\/p>\n<p><em>Malairt Dara L\u00e9achta <\/em>(Galataigh 5:16-25). <em>Toradh an Spioraid. <\/em>Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo go deas do fh\u00e9ile na Cinc\u00edse de bhr\u00ed go bhfuil s\u00ed ag cur s\u00edos ar an Spiorad Naomh sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed agus ar thoradh, n\u00f3 ar thortha\u00ed, an Spioraid Naoimh sa bheatha sin. Is fi\u00fa a mheabhr\u00fa an m\u00e9id a scr\u00edobh P\u00f3l c\u00fapla v\u00e9arsa roimh th\u00fas na l\u00e9achta seo: \u201cIs chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhr\u00e1ithre agus a shi\u00faracha. Ach n\u00e1 b\u00edodh an tsaoirse sin ina leithsc\u00e9al agaibh mar chaoi don cholainn; n\u00ed hea ach b\u00edg\u00ed ag d\u00e9anamh seirbh\u00edse (\u201cbheith mar scl\u00e1bhaithe\u201d) d\u00e1 ch\u00e9ile le teann gr\u00e1\u201d. T\u00e1 cur sios sa l\u00e9acht go l\u00e9ir ar an gcoimhlint at\u00e1 ann, taobh istigh de na creidmhigh aonair, de dh\u00e1 fh\u00f3rsa, forsa\u00ed ar a ghlaonn P\u00f3l \u201can cholainn\u201d agus \u201can Spiorad\u201d. Is \u00ed is br\u00ed le \u201ccolainn\u201d anseo n\u00e1 na hainmhianta leithleasacha, s\u00e1ile, agus d\u00e9antar an t\u00e9arma \u201ccolainn\u201d a aistri\u00fa go minic sa tsl\u00ed sin. An \u201ccholainn\u201d agus an \u201cSpiorad\u201d so chiall seo, n\u00ed dh\u00e1 ph\u00e1irt den duine aonair iad, ach ba bheaichte a r\u00e1 dh\u00e1 ainm ar dh\u00e1 threoshu\u00edomh difr\u00edula taobh istigh den phearsa ioml\u00e1n. De bharr chumhacht na \u201ccolainne\u201d, an fuinneamh chun s\u00e1ile, chun a leasa f\u00e9in amh\u00e1in, n\u00edl ar chumas an chreidmhigh beart de r\u00e9ir a dhea-mhianta a dh\u00e9anamh. Gar do dheireadh na l\u00e9achta deir P\u00f3l gurb ionann seirbh\u00eds a dh\u00e9anamh do Chr\u00edost agus na hainmhianta chun a leasa f\u00e9in amh\u00e1in a chur chun b\u00e1is (\u201cb\u00e1s ar an gcrois\u201d; \u201cpaisin agus mianta a ch\u00e9asadh ar an gcrois\u201d). Tugann s\u00e9 liosta de ghn\u00edomartha na colainne (\u201cs\u00e1ile\u201d), mar at\u00e1 dr\u00fais, g\u00e1irsiulacht agus graostacht, eascairdeas, achrann agus formad, fearg, bru\u00edonta, clampar agus f\u00e1icsin, \u00e9ad, meisce, ragairne agus a leith\u00e9id eile. In \u00e1iteanna eile deir P\u00f3l gurbh iad si\u00fad at\u00e1 faoi threoir Spiorad D\u00e9 at\u00e1 ina gclann mhac agus ina gclann in\u00edonacha D\u00e9. Is contr\u00e1rtha ar fad iad tiortha\u00ed an Spioraid (mar a thugann P\u00f3l orthu) do ghn\u00edomhartha na colainne, na s\u00e1ile. Tugann P\u00f3l liosta de naoi gcinn de na torthai seo i l\u00e9acht seo an lae inniu. Mar a luadh thuas, roimhe seo mheabhraigh P\u00f3l do Eaglais na Gal\u00e1ite: \u201cIs chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhr\u00e1ithre agus a shi\u00faracha. Ach n\u00e1 b\u00edodh an tsaoirse sin ina leithsc\u00e9al agaibh mar chaoi don cholainn; n\u00ed hea ach b\u00edg\u00ed ag d\u00e9anamh seirbh\u00edse (\u201cbheith mar scl\u00e1bhaithe\u201d) d\u00e1 ch\u00e9ile le teann gr\u00e1\u201d. D\u00e9antar sin tr\u00ed bhronntanais, thorthai, an Spioraid Naoimh. Ba choir go mbeadh an Spiorad Naomh ag lonn\u00fa istigh sna Cr\u00edostaithe (\u201cag maireacht\u00e1il sa Spiorad\u201d) mar threoir acu sa bheatha, \u00e1 dtabhairt chun maireacht\u00e1il le tortha\u00ed an Spioraid, sa dl\u00ed a deir leo gr\u00e1 a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile.<\/p>\n<p><em>Soisc\u00e9al <\/em>(Eoin 20:19-23). <em>Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, t\u00e1imse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaig\u00ed an Spiorad Naomh. <\/em>Tharla an eachtra seo tr\u00e1thn\u00f3na Dhomhnach C\u00e1sca, an l\u00e1 f\u00e9in inar \u00e9irigh \u00cdosa \u00f3 na mairbh. D\u00edreach roimh an sliocht seo bh\u00ed cuntas ag Eoin faoi mar a theaspe\u00e1in \u00cdosa ais\u00e9irithe \u00e9 f\u00e9in do Mh\u00e1ire Mhaigdil\u00e9ana go luath maidin C\u00e1sca, \u00e1 r\u00e1 lei an sc\u00e9al sin a thabhairt d\u00e1 bhr\u00e1ithre, agus rinne M\u00e1ire sin do na deisceabail. Ansin tr\u00e1thn\u00f3na an lae sin thaispe\u00e1in \u00cdosa \u00e9 f\u00e9in d\u00e1 dheisceabail, agus iad taobh istigh de dhoirse iata, ar eagla d\u00e1 naimhde. Ag teacht tr\u00edd na doirse iata l\u00e9irigh \u00cdosa go raibh corp ais\u00e9irithe aige, ach an corp inar cuireadh chun b\u00e1is \u00e9 ar an gcrois, leis na cr\u00e9achta ina l\u00e1mha agus a cliath\u00e1n. \u00d3c\u00e1id shol\u00fanta \u00ed seo ina thugann \u00cdosa \u00fadar\u00e1s do na dheisceabail a bh\u00ed rognaithe aige lean\u00faint lena mhisean ar talamh. Bh\u00ed lean\u00fanachas le bheith ann idir an misean a bh\u00ed faighte ag \u00cdosa \u00f3na Athair agus a misean si\u00fad tugtha d\u00f3ibh ag \u00cdosa f\u00e9in. D\u2019an\u00e1laigh \u00cdosa orthu, agus t\u00e1id anois amhail a bheith baiste sa Spiorad Naomh mar bhar\u00e1ntas go bhfuil siad ag lean\u00faint le misean \u00cdosa f\u00e9in. Fuair \u00cdosa b\u00e1s ar son maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Mar a d\u00fairt s\u00e9 sna briathra at\u00e1 againn i gcoisreacan an Aifrinn: bh\u00ed a chuid fola le dortadh chun maithi\u00fanas na bpeaca\u00ed. Anois, an tr\u00e1thn\u00f3na sin Domhnach C\u00e1sca, le bronntanas an Spioraid Naoimh leanfar ar aghaidh leis an obair shl\u00e1naithe sin tr\u00edna dheisceabail agus an Eaglais.<\/p>\n<p><em>Malairt Shoisc\u00e9il <\/em>(Eoin 15:26-27; 16:12-15). <em>Spiorad na f\u00edrinne a ghluaiseann \u00f3n Athair d\u00e9anfaidh s\u00e9 fianaise orm.<\/em> An l\u00e9acht seo is sliocht \u00ed \u00f3 na comhr\u00e1ite deiridh a bh\u00ed ag \u00cdosa lena dheisceabail sul ar fh\u00e1g s\u00e9 sl\u00e1n acu. Bh\u00ed \u00cdosa le himeacht ach bh\u00ed a mhisean, a shaothar leo, le fan\u00faint. Bheadh lean\u00fanachas ann. Rud l\u00e1rnach i mbeatha agus i mbriathra \u00cdosa n\u00e1 an fh\u00edrinne. Ag teacht isteach sa saol seo d\u2019\u00cdosa, th\u00e1inig an gr\u00e1sta agus an fh\u00edrinne tr\u00edd (Eoin 1:17). Th\u00e1inig \u00cdosa chun fianaise a thabhairt don fh\u00edrinne (Eoin 5:33). Ina phearsa f\u00e9in ba \u00e9 \u201can tsl\u00ed, an fh\u00edrinne, agus an bheatha\u201d \u00e9, n\u00ed f\u00edrinne theib\u00ed, ach f\u00edrinne gurb \u00e9 \u00cdosa f\u00e9in agus a Athair \u00ed. I l\u00e1thair Phiol\u00e1it d\u00f3 d\u00fairt \u00cdosa gur rugadh \u00e9 le fianaise a thabhairt don fh\u00edrinne, focal n\u00e1r thuig Piol\u00e1it a d\u00fairt leis: \u201cCad is f\u00edrinne ann?\u201d (Eoin 18:37-38). Ionann an fh\u00edrinne d\u2019\u00cdosa agus a shoisc\u00e9al faoi r\u00edocht D\u00e9, agus faoi ghr\u00e1sta D\u00e9 le beatha r\u00e9adach a dh\u00e9anamh den fh\u00edrinne sin. Nuair a rinnedh feoil den Bhriathar san Ioncoll\u00fa bh\u00ed \u00cdosa l\u00e1n de ghr\u00e1sta agus d\u2019fh\u00edrinne (Eoin 1:14). Tar \u00e9is imeacht d\u2019\u00cdosa bheadh lean\u00fanachas ann san Eaglais tr\u00edd an Spiorad Naomh, ar a dtugann \u00cdosa sa t\u00e9acs seo an Paracl\u00e9id, focal Gr\u00e9igise a bhfuil \u00e9ags\u00falacht br\u00edonna ag gabh\u00e1il leis, mar a l\u00e9ir\u00edodh n\u00edos luaithe sa n\u00f3ta ar Shoisc\u00e9al an S\u00e9\u00fa Domhnaigh den Ch\u00e1isc. Br\u00ed amh\u00e1in diobh san n\u00e1 \u201cAbhc\u00f3ide\u201d a oireann go bre\u00e1 don chomhth\u00e9acs seo. Cosna\u00edonn abhc\u00f3id agus cuireann s\u00e9 c\u00e1s an t\u00e9 a sheol \u00e9 os comhair an phobail. Beidh an Spiorad Naomh, an tAbhc\u00f3id, ina fhinn\u00e9 d\u2019\u00cdosa i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an, agus faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh beidh na hAspail agus na creidmhigh ina bhfinn\u00e9ithe chomh maith. N\u00ed m\u00f3r d\u2019abhc\u00f3id agus do fhinn\u00e9 an c\u00e1s at\u00e1 le pl\u00e9 a thuiscint. Ba mh\u00f3r idir \u201c\u00cdosa na staire\u201d, an t\u00e9 a chonnaic na hAspail lena s\u00faile cinn ag teagasc, ag d\u00e9anamh mior\u00failti agus a fuair b\u00e1s faoi eason\u00f3ir ar an gcrois, agus \u00cdosa ais\u00e9irithe agus ar dheis an Athar. N\u00ed fh\u00e9adfadh na hAspail na r\u00fandiamhra sin, agus cinn eile f\u00f3s, a thuiscint ag an suip\u00e9ar deiridh, ach m\u00fainfeadh an Spiorad Naomh an uile fhirinne faoi \u00cdosa agus faoina ghl\u00f3ir d\u00f3ibh. Leagann \u00cdosa b\u00e9im ar an aontas idir \u00e9 f\u00e9in, an Spiorad, agus an Athair. An m\u00e9id a deirtear anseo faoi ghealltanas an Spioraid do na hAspail is f\u00edor \u00e9 faoin Eaglais, Corp Chr\u00edost, tr\u00edd an stair agus len\u00e1r linn f\u00e9in. Faoi ghr\u00e1sta an Spioraid Naoimh tagann an Eaglais ar thuiscint n\u00edos doimhne ar \u00cdosa, ar a ghr\u00e1 don chine daonna, agus ar mhisean na hEaglaise f\u00e9in do shaol \u00e1r linne.<\/p>\n<p><strong>B. An B\u00edobla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Spiorad Naomh, F\u00e9ini\u00falacht chine agus chreidimh<\/em><\/strong><\/p>\n<p>Crutha\u00edonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in \u00cdosa, \u00cdosa f\u00e9in agus an Athair s\u00edos tr\u00edd an stair. Tugann s\u00e9 le tuiscint d\u00f3ibh gur clann don Athair iad. Foils\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh gl\u00f3ir \u00cdosa, f\u00eds den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s\u00e9 an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf\u00e9ini\u00falacht Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n<p>T\u00e1 f\u00e9ini\u00falacht chine ann leis agus ar uairibh ionann \u00ed agus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh, nuair a bh\u00edonn an creideamh c\u00e9anna ag an cine go l\u00e9ir agus an cine faoi bhr\u00fa \u00f3n taobh amuigh. I gc\u00e1s mar sin t\u00f3gtar an creideamh mar chuid den chine agus n\u00ed bhionn aon teannas idir Eaglais agus an st\u00e1t. Is mar sin a bh\u00ed in \u00c9irinn roimh neamhsple\u00e1chas di agus i mblianta tosaigh an st\u00e1it nua. Is mar sin at\u00e1 f\u00f3s sa Ghr\u00e9ig. Baol m\u00f3r at\u00e1 ag gabh\u00e1il leis seo n\u00e1 go ligtear i ndearmad gur r\u00fandiamhair go bun\u00fasach \u00ed an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r\u00e9idh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine n\u00f3 sa tsocha\u00ed.<\/p>\n<p>In \u00c9irinn anois t\u00e1 an r\u00e9 sin thart agus n\u00ed m\u00f3r do phobal na hEaglaise abhus f\u00e9ini\u00falacht chreidimh a choth\u00fa, eolas n\u00edos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh, an tAbhc\u00f3id, Spiorad na f\u00edrinne a thabharfaidh gl\u00f3ir do Chr\u00edost tr\u00ed chreideamh beo na hEaglaise.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>20 Bealtaine 2018 (B) Domhnach Cinc\u00edse Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-626","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/626","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=626"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/626\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1519,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/626\/revisions\/1519"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=626"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=626"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=626"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}