{"id":627,"date":"2018-05-22T11:38:06","date_gmt":"2018-05-22T11:38:06","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=627"},"modified":"2018-05-22T11:38:06","modified_gmt":"2018-05-22T11:38:06","slug":"27-bealtaine-2018-solluntas-na-trionoide-ronaofa-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=627","title":{"rendered":"27 Bealtaine 2018 Soll\u00fantas na Trionoide R\u00f3naofa (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong>27 Bealtaine 2018 Soll\u00fantas na Trionoide R\u00f3naofa (B)<\/strong><br \/><strong>FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLA<\/strong><br \/><strong>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong><\/p>\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br \/><strong>B. An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae: R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide agus r\u00fandiamhair na hEaglaise<\/strong><br \/><strong>A. An B\u00edobla sa Liot\u00fairge mar threoir don bheatha (L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh)<\/strong><\/p>\n<p><strong>C\u00e9ad L\u00e9acht (Deotranaim\u00ed 4:32-34, 39-40). Is \u00e9 an Tiarna is Dia d\u00e1ir\u00edre ar neamh thuas agus ar talamh th\u00edos; n\u00edl ann ach \u00e9<\/strong>. I Leabhar Deotranaim\u00ed is cuid de aitheasc Mhaois do na hIosrael\u00edtigh sul a ngabhann siad isteach sa t\u00edr tairmngire l\u00e9acht an lae inniu. Meabhra\u00edonn s\u00e9 d\u00f3ibh faoi mar ba ch\u00f3ir d\u00f3ibh bheith d\u00edlis don fhoilsi\u00fa a fuaireadar \u00f3n Aon Fh\u00edor-Dhia i Horeb (Sinai), agus an ildiachas n\u00e1ireach ann a sheachaint maraon leis an iompar m\u00edmhor\u00e1lach a ghabh leis. Ba ch\u00f3ir d\u00f3ibh tabhairt chun cuimhne, \u00f3n dtraidisi\u00fan a bh\u00ed acu, na nithe m\u00f3ra a rinne an Tiarna d\u00f3ibh. Ba eiseann an tAon Dia amh\u00e1in ar neamh thuas, ach chomh maith leis sin ar talamh, lena phobal. Ba Dhia beo gn\u00edomhach \u00e9, a roghnaigh a phobal f\u00e9in Iosrael, a labhair leo tr\u00edna bhriathar, b\u00edodh gur Dia dofheicthe \u00e9. Thogh s\u00e9 iad le go mbeidis ina bhfinn\u00e9ithe d\u00f3 ar talamh, le maireacht\u00e1il mar a phobal agus ag coime\u00e1d a aitheanta. <br \/>Salm le Freagra (Salm 32[33]). Is m\u00e9aner don phobal a roghnaigh an Tiarna d\u00f3 f\u00e9in.<\/p>\n<p><strong>Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 8:14-17). Fuair sibh spiorad na clainne tr\u00edna glaoimid Abba n\u00f3 Athair ar Dhia.<\/strong> Roghna\u00edodh an t\u00e9acs seo do liot\u00fairge an lae inniu, Soll\u00fantas na Trion\u00f3ide R\u00f3naofa, de bhr\u00ed go l\u00e9ir\u00edonn s\u00e9 c\u00e9 chomh gafa is at\u00e1 gach ceann de thr\u00ed phearsa na Trion\u00f3ide i mbeatha gach creidmhigh aonair, gach Cr\u00edosta\u00ed aonair, agus i mbeatha an phobail Chr\u00edosta\u00ed. T\u00e1 an Trion\u00f3id Naofa, agus gach pearsa faoi leith den Trion\u00f3id, gn\u00edomhach, ag tabhairt gach creidmheach faoi leith agus an Eaglais Chr\u00edosta\u00ed chun tuisceana den d\u00ednit at\u00e1 acu agus den aontacht at\u00e1 ann eatorthu mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9. Tosa\u00edonn an t\u00e9acs le f\u00edrinne bhun\u00fasach: n\u00ed ann do fh\u00edor-bheatha Chr\u00edosta\u00ed muna bhfuil s\u00ed faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh. Tugann seilbh an Spioraid Naoimh \u00f3n bhaisteadh i leith don Chr\u00edosta\u00ed f\u00e9intuiscint agus d\u00e1sacht Chr\u00edosta\u00ed, tuiscint gur clann D\u00e9 iad agus misneach agus easpa eagla a thugann orthu a thuiscint gur Athair d\u00f3ibh Dia agus chun glaoch air mar Athair, \u201cAbba, a Athair\u201d\u2014Abba an focal Airimise ar \u201cathair\u201d, focal ar bhain \u00cdosa f\u00e9in \u00fas\u00e1id as i Geits\u00e9amaini (Marcas 14:36). Ag an Aifreann, roimh an \u00c1r nAthair deirimid gur de bharr an tsampla agus teagaisc D\u00e9 \u00e9 go bhfuil s\u00e9 de mhisneach againn glaoch ar Dhia mar \u201c\u00c1r nAthair\u201d . D\u00e9anann an Spiorad Naomh, mar sin, feasach sinn go bhfuil Dia mar athair gr\u00e1mhar againn, agus \u00cdosa Cr\u00edost, Dara Pearsa na Trion\u00f3id Naofa, againn mar bhr\u00e1thair. Mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9 is oidhr\u00ed sinn do ghealltanais uile D\u00e9 agus don r\u00edocht, agus mar bhr\u00e1ithre agus mar shi\u00faraca Chr\u00edost. T\u00e1 s\u00e9 i nd\u00e1n d\u00fainn bheith p\u00e1irteach i ngl\u00f3ir Chr\u00edost, ach ionann sin is a r\u00e1 beatha aontaithe le Cr\u00edost a chaitheamh, bheith p\u00e1irteach leis sna deacrachta\u00ed a ghabhann le fianaise a thabhairt d\u00f3 \u2013 amanta i saol at\u00e1 naimhdeach d\u00f3.<\/p>\n<p><strong>Soisc\u00e9al (Matha 28:16-20). D\u00e9anaig\u00ed iad a bhaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agusan Spioraid Naoimh.<\/strong> Seo \u00e9 an radharc deiridh i Soisc\u00e9al Mhatha, agus sa Ghail\u00edl. Su\u00edonn soisc\u00e9al c\u00e9anna seo Mhatha t\u00fas sheanm\u00f3ireacht \u00cdosa i \u201cGail\u00edl na gCin\u00edocha\u201d (Matha 4:12-16). Sa tsli \u00f3n Suip\u00e9ar D\u00e9anach go Geits\u00e9amaini d\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail go raibh s\u00e9 le dul rompu go dt\u00ed an Ghail\u00edl tar \u00e9is \u00e9iri d\u00f3 \u00f3 mhairbh (Matha 26:32; Marcas 14:28). Tar \u00e9is an ais\u00e9iri d\u00fairt an t-aingeal ag an dtuama le M\u00e1ire Mhaigdil\u00e9ana agus leis an mn\u00e1 eile go raibh \u00cdosa \u00e9irithe \u00f3 na mairbh agus go rachadh s\u00e9 rompu go dt\u00ed an Ghailil, \u00e1it a bhfeicidis \u00e9 (Matha 28:7; Marcas 16:7; feic freisin L\u00fac\u00e1s 24:8). Cr\u00edochn\u00edonn Soisc\u00e9al Mhatha le taispe\u00e1int \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail sa Ghail\u00edl agus leis an \u00fadar\u00fa a thug s\u00e9 d\u00f3ibh deisceabail a dh\u00e9anamh de na n\u00e1isi\u00fain uile. Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo do liot\u00fairge an lae inniu, Soll\u00fantas na Trion\u00f3ide R\u00f3naofa, toisc an tagairt at\u00e1 ann na deisceabail nua a bhaisteadh in ainm na Trion\u00f3ide R\u00f3naofa, Athair, Mac agus Spiorad Naomh. An tr\u00e9idhe seo Athair, Mac agus Spiorad, ag baint leis an mbaisteadh, tugann s\u00e9 chun cuimhne an radharc ag baisteadh \u00cdosa f\u00e9in (Matha 3:3-17) mar a thagann guth \u00f3na flaithis (Athair), ag caint maidir lena Mhac Ion\u00fain (Mac) agus an Spiorad a thuirling (Matha 3:16-17; Marcas 1:9-19).<\/p>\n<p><strong>B. An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide agus r\u00fandiamhair na hEaglaise<\/strong><br \/>Ceili\u00faraimid inniu f\u00e9ile na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa n\u00f3 mar a thugtar uirthi go hoifigi\u00fail Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa. I sl\u00ed is rud teib\u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Ar \u00e9igin go gcloisimid riamh faoi dheabh\u00f3id don Tr\u00edon\u00f3id Naofa. Ach d\u00e1ir\u00edre is \u00ed an r\u00fandiamhair is m\u00f3 agus is doimhne de na r\u00fandiamhra Cr\u00edosta\u00ed \u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Th\u00f3g s\u00e9 na c\u00e9adta bliain, le earr\u00e1id\u00ed, eiriceachta\u00ed agus leis an teagasc a bheith curtha i ndroch-fhoirml\u00ed, le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml\u00ed faoin r\u00fandiamhair seo at\u00e1 againn inniu. An creideamh sa Tr\u00edon\u00f3id is creideamh \u00e9 in aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa. Mar a cuirtear an teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed (altanna 253-260), is Aon an Tr\u00edon\u00f3id. \u201cN\u00ed admhaimid tr\u00ed d\u00e9ithe ach aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa, an \u2018Tr\u00edon\u00f3id chomhshubstainteach\u2019\u201d. N\u00ed roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amh\u00e1in eatorthu, ach is Dia go hioml\u00e1n gach ceann d\u00edobh. T\u00e1 na pearsana diaga sin go hioml\u00e1n idirdhealaithe \u00f3na ch\u00e9ile.<\/p>\n<p>T\u00e1 sin go l\u00e9ir s\u00e1thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint n\u00edos fearr d\u00fainn faoi cad t\u00e1 i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t\u00e1rlu taobh istigh den chreideamh Gi\u00fadach ar an aondiachas, monadiachas, is \u00e9 sin le r\u00e1 n\u00edl ann ach an t-aon Dia amh\u00e1in. Sa Tiomna Nua, agus sa Ghi\u00fadachas chomh maith, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u201cAthair\u201d a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th\u00e1inig \u00cdosa agus d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 teacht r\u00edocht D\u00e9. Uair amh\u00e1in chuir s\u00e9 ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobail faoi, agus fao\u00edna dtuairim f\u00e9in. Thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag d\u2019fhreagair Peadar gur mheasadar gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 (Marcas; L\u00fac\u00e1s, \u201cCr\u00edost D\u00e9\u201d; Matha, \u201cCr\u00edost Mac D\u00e9 Bheo\u201d). D\u2019oscail an t-ais\u00e9ir\u00ed agus a lean \u00e9 r\u00e9 nua i gcreideamh na gCr\u00edostaithe. Ba mh\u00f3 n\u00e1 duine daonna \u00cdosa anois d\u00f3ibh. Bh\u00ed s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheis D\u00e9 mar Thiarna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an t\u00e9 a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh ch\u00e9ad thosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta bh\u00ed adhradh \u00e1 thabhairt do Chr\u00edost mar Dhia, mar is soil\u00e9ir \u00f3 chaibideal tosaigh shoisc\u00e9al Eoin: \u201cAr dt\u00fas bh\u00ed an Briathar ann &#8230; agus ba \u00e9 Dia an Briathar &#8230; Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc\u201d. Gheall \u00cdosa go gcuirfeadh s\u00e9 an Spiorad Naomh, an Paraicl\u00e9id, an tAbhc\u00f3id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr\u00fa c\u00e9ad cuireadh Cr\u00e9 Nic\u00e9 le ch\u00e9ile chun adhradh gach ceann de na tr\u00ed phearsa a l\u00e9iri\u00fa, taobh istigh den d\u00edlseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amh\u00e1in. Theip ar Athracha na hEaglaise t\u00e9arma\u00ed cu\u00ed a fh\u00e1il sa Bh\u00edobla lena gcreideamh in \u00cdosa a l\u00e9iri\u00fa agus bhaineadar \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma\u00ed reatha i bhfeals\u00fanacht na Gr\u00e9ige: \u201ccomhshubstainteach leis an Athair\u201d. T\u00e1 an Chr\u00e9 sin againn i gc\u00f3na\u00ed.<\/p>\n<p>Sin an teagasc at\u00e1 teib\u00ed go leor, agus b\u2019fh\u00e9idir do dhaoine \u00e1irithe leamh go leor chomh maith. Ach n\u00ed mar sin don r\u00fandiamhair f\u00e9in. L\u00e9iri\u00fa \u00ed sin gur fhoilsigh Dia d\u00fainn tr\u00ed \u00cdosa a bheatha inmhe\u00e1nach f\u00e9in, teist don ghr\u00e1 at\u00e1 aige d\u00fainn. Agus t\u00e1 an gr\u00e1 sin le l\u00e9amh go soil\u00e9ir i leachta\u00ed an lae inniu. T\u00e1 beatha inmhe\u00e1nach sin D\u00e9 tugtha d\u00fainn mar eiseaml\u00e1ir den bheatha Chr\u00edosta\u00ed san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa agus \u00e9 ag imp\u00ed ar a Athair roimh imeacht den saol seo d\u00f3 (Eoin 17:20-24): \u201cN\u00ed ar a son sin amh\u00e1in at\u00e1im ag gu\u00ed, ach mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna mbriathar, ionas go mba aon iad go l\u00e9ir, faoi mar at\u00e1 tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir t\u00fa uait mise &#8230; A Athair, an mhuintir a thug t\u00fa dom, is mian liom, an \u00e1it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghl\u00f3ir, an ghl\u00f3ir a thug t\u00fa dom, mar gur thug t\u00fa gr\u00e1 dom roimh chruth\u00fa an domhain\u201d. D\u00e9anann an Spiorad Naomh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an feasach sinn gur clann mhac agus clann in\u00edonacha sinn le Dia, glaoite chun maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na h-on\u00f3ra sin i r\u00fandiamh\u00e1ir na hEaglaise. N\u00ed thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r\u00fandiamhair, Corp Chr\u00edost, a bhfuil an Spiorad Naofa \u00e1 sti\u00faradh. T\u00e1 glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Trion\u00f3id Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghr\u00e1 D\u00e9, tobar na beatha.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>27 Bealtaine 2018 Soll\u00fantas na Trionoide R\u00f3naofa (B)FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MB\u00cdOBLAleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-627","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/627","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=627"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/627\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1525,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/627\/revisions\/1525"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=627"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=627"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=627"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}